Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 5 July 2016
Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht
Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
5:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúpla ceist agamsa don Aire Stáit freisin. Aon duine atá ag déileáil leis an earnáil seo, tá sé nó sí den tuairim go bhfuil géarchéim ann sa tír don Ghaeilge ag an móimint. Ceapann a lán daoine go bhfuil an straitéis 20 bliain i bponc iomlán. Ceann de na rudaí is mó atá faoi chúram an Aire Stáit ná Údarás na Gaeltachta. Níl a fhios agam an bhfuil aon eagraíocht Stáit tar éis titim chomh mhór infheistíochta nó buiséid a fháil ná mar atá faighte ag Údarás na Gaeltachta thar na blianta. Tá sé dochreidte. Dar le daoine in Údarás na Gaeltachta, tá fadhbanna ollmhóra ann ó thaobh an easpa muiníne atá ann san údarás, an easpa treo atá ann agus an easpa cáilmheasa atá acu siúd atá ag obair ann. Cad é an scéal le hinfheistíocht Údarás na Gaeltachta? Cé mhéad post nua atá cruthaithe ag an údarás? Tá mé ag caint faoin net figure don bhliain a chuaigh thart.