Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an tAire, an Teachta Humphreys, chun teacht síos ar cuairt agus casfaidh sí leis na feidhmeannaigh sa Roinn an Luain seo chugainn. Beidh sé seo á plé againn. Aontaím leis an gCathaoirleach go bhfuil an laghdú i mbuiséad Údarás na Gaeltachta ó bhí an bhliain 2009 ann an-mhór. Laghdú ó €26 milliún go €16 milliún go €10 milliún agus ansan go €6 milliún a bhí ann, ach anois fuaireamar breis airgead caipitil. Tá an ceart ag an gCathaoirleach gur laghdú an-mhór a bhí agus atá ann. Tá sé sin ráite agam cheana agus tá sé ráite agam freisin gur cheart níos mó airgid a bheith ar fáil don údarás don obair thábhachtach atá á dhéanamh aige chun poist a chruthú agus don ról nua atá aige ó thaobh na pleananna teanga freisin.

Ó thaobh na post, i 2014, bhí 7,053 duine ag obair agus cruthaíodh 737 post nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.