Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ó thaobh an PSO d'Árann, tá ceist curtha síos sa Dáil faoi arís ar an Déardaoin. Níl rudaí socraithe fós le h-úinéirí Aerfort na Minne ach tá spriocdháta ann agus sin an 15ú lá den mhí seo. Tá na feidhmeannaigh sa Roinn ag obair ar an scéal seo ar feadh trí mhí go leith agus iad i dteagmháil le h-úinéirí an aerfoirt. Tá siad fós ag obair ar an bhfadhb ach níl sé socraithe fós agus tá an conradh atá ann faoi láthair le hAer Árann le críochnú ar an lá deireanach de mhí Mheán Fómhair.

Ó thaobh Cleggan go hInishbofin agus na haerstráicí atá ann, rinne mé cinneadh leis na feidhmeannaigh sa Roinn sna Forbarcha próiseas comhairliúcháin a thosnú. Fógrófar é sin sna nuachtáin agus go h-áitiúil chun tuairimí dhaoine áitiúla agus dhaoine eile a fháil faoin rud is ceart a dhéanamh. Tá an-infheistíocht déanta ag an Stát. Cé go raibh cinneadh déanta anuraidh, agus is é seo mo thuairim pearsanta, ba cheart go mbeadh na haerstráicí sin oscailte, b'fhéidir fiú go príobháideach ar dtús, ach tá an próiseas sin tosnaithe agam anois.

Ó thaobh na hAchta de, bhí Bille réidh le foilsiú ach níor fhoilsíomar é. Tá mé chun é seo a phlé leis an Taoiseach ag an gcomhcoiste idir-rannach. Fuair mé comhairle ón gCoimisinéir Teanga agus chas mé freisin le h-ionadaithe Chonradh na Gaeilge chun é seo a phlé. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna acu leis. Tá a fhios agam go raibh fadhbanna ag an bhFreasúra leis anuraidh agus sílim go bhfuil fós. Caithfimid é sin a phlé ag an gcomhcoiste. Níl a fhios agam an bhfuil ról ag an Teachta Ó Cuív nó ag an gcomhcoiste ann chun é sin a phlé. Sin an chomhairle a bhfuair mé ó Chonradh na Gaeilge freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.