Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Mr. Steve Ó Cúláin:
Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo inniu le plé a dhéanamh ar an nuashonrú ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go dtí 2011 a foilsíodh i mí na Bealtaine seo caite. Tabharfaidh mé léargas don fhochoiste ar an gcomhthéacs nó ar an gcúlra as ar eascair an tuarascáil taighde.
Díríodh aird i dtuarascáil choimisiún na Gaeltachta i 2002 ar an easpa taighde a bhí ar fáil maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus moladh suirbhé cuimsitheach teangeolaíoch a dhéanamh. Aithníodh an riachtanas a bhain le faisnéis theangeolaíoch a chur ar fáil don Stát mar chuid de phróiseas athbhreithnithe ar stádas na Gaeltachta. Maidir leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a dheineadh sa bhliain 2007, i 2004 bhronn an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conradh taighde ar acadamh na hollscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an institiúid náisiúnta um anailís réigiúnach agus spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. B'é an phríomhaidhm a bhí leis an gconradh taighde ná anailís agus faisnéis a chur ar fáil a thugadh léargas chomh cruinn agus ab fhéidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Baineadh leas as trí fhoinse staitistiúla go príomha don taighde agus iadsan daonáireamh na hÉireann 1911–2002, scéim labhairt na Gaeilge de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus suirbhé cainníochtúil ar dhearcadh, chumas agus iompar teanga daoine óga.
Anuas ar an obair staitistiúil tugadh faoi na nithe seo a leanas: taighde cáilíochtúil i measc tuismitheoirí Gaeltachta, taighde ar na hiarratais phleanála sna ceantair Ghaeltachta thar tréimhse cúig bliana roimhe sin, taighde ar iompar teanga gnólachtaí Gaeltachta, sraith grúpaí fócais ar théamaí éagsúla sna ceantair Ghaeltachta ba láidre, sraith cruinnithe poiblí sna ceantair ar léirigh a gcuid sonraí san anailís fhaisnéisiúil go raibh siad níos leochailí ó thaobh úsáid na Gaeilge de, agus taighde cartlainne ar an machnamh agus ar an bplé ba chionsiocair le bunú Roinn na Gaeltachta i 1956.
Nocht torthaí an staidéir bagairtí soiléire d’inmharthanacht na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Thug an fhaisnéis léargas ar staid éigeandála teanga sa Ghaeltacht. Dar leis an staidéar, b'é 67% an tairseach cinniúnach maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Roinneadh an Ghaeltacht i gcatagóirí A, B agus C ag brath ar an gcéatadán de chainteoirí laethúla Gaeilge. I gcatagóir A bhí os cionn 67% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 24 toghroinn ceantair i gceist anseo. Sna toghranna sin bhí seasmhacht áirithe sna haoisghrúpaí ar fad, seachas iompar teanga na n-óg. I gcatagóir B bhí idir 44% agus 66% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 20 toghroinn ceantair i gceist anseo. Sna toghranna sin bhí Gaeilge le sonrú fós iontu ach bhí an Béarla in uachtar. I gcatagóir C bhí faoi bhun 44% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 111 toghroinn ceantair i gceist anseo agus i measc na n-aoisghrúpaí scoile den chuid is mó a bhí an Ghaeilge á labhairt.
Léiríodh san staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go raibh Gaeilge fós ina teanga phobail, ach faoi bhagairt an iompaithe teanga, i gcatagóir A, ach go raibh pobail Gaeilge bunaithe ar ghréasáin i gcatagóir B agus i gcatagóir C. B'é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga ná nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht.
I measc na moltaí a rinneadh san staidéar cuimsitheach teangeolaíoch bhí moltaí a bhain leis an gcóras oideachais sa Ghaeltacht. Moladh go mbunófaí seirbhísí tacaíochta teaghlaigh i ngach ceantar Gaeltachta agus go ndéanfaí leasuithe ar scéim labhairt na Gaeilge. Bhí moltaí i leith seirbhísí don óige sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí leasuithe ar struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta. Moladh go ndéanfaí forbairt ar acmhainní daonna le daoine a chumasú i réimse oibre na pleanála teanga agus go ndéanfaí athleagan amach ar chuid de na toghranna Gaeltachta chomh maith.
Dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i 2006 agus fógraíodh go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge le chéile bunaithe ar na cuspóirí a leagadh amach sa ráiteas. Bhí tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 nuair a foilsíodh í i mí na Nollag 2010. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge a chur chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Leag an straitéis síos an creat-pholasaí ar a bunaíodh Acht na Gaeltachta 2012.
Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht agus iadsan sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, beidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíochta mar a bhí go dtí seo. Tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Tugann an tAcht feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tá 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta aitheanta. Go dáta tá fógra oifigiúil déanta i gcás 18 limistéar pleanála teanga a chuireann tús oifigiúil leis an bpróiseas le plean teanga a ullmhú agus conarthaí sínithe le ceanneagraíochtaí i gcás 13 limistéar de na limistéir sin.
Tá bunús reachtúil leis na pleananna teanga a aontófar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Le cinntiú go mbeadh bunús eolaíoch leis an taighde ar a mbunófar pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga, chinn Údarás na Gaeltachta conradh a bhronnadh ar údair an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch le hathnuachan a dhéanamh ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhain leis an staidéar a foilsíodh i 2007. B'é a bhí i gceist ná na torthaí ar na ceisteanna teanga sa daonáireamh a bhain leis an nGaeltacht do na tréimhsí 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhaineann le scéim labhairt na Gaeilge do na tréimhsí céanna a thabhairt suas chun dáta. Ba aidhm don taighde é bonn comhaimseartha staitistiúil a bheith ar fáil maidir le cúinsí sochtheangeolaíochta na Gaeltachta, athruithe i bpróifíl teanga na gceantar éagsúla ó 2002 a bhí mar bhonn staitistiúil an staidéir cuimsitheach teangeolaíoch a léiriú agus bonn faisnéise a bheith ar fáil do na pobail le pleananna teanga a ullmhú. Is fiú a mheabhrú nárbh ionann scóip an taighde seo agus an buntaighde a foilsíodh i 2007. Bronnadh an conradh i mí Bealtaine 2013 agus foilsíodh an tuarascáil taighde i mí Bealtaine 2015.
Léiríodh sa nuashonrú go bhfuil an creimeadh atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim amach ag ráta níos tapúla ná mar a bhí á thuar sa staidéar de 2007. De réir na treochta reatha atá á nochtadh san fhaisnéis nuashonraithe, ní bheidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga cheannasach phobail in aon limistéir de chuid na Gaeltachta faoi cheann roinnt bheag blianta gan pleanáil teanga éifeachtach. Is é sin pleanáil chomhtháite. As na 155 toghroinn atá sa Ghaeltacht léiríonn an taighde nua go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir A ó 24 go dtí 21, méadú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir B ó 20 go dtí 26 agus laghdú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir C ó 111 go dtí 108.
De réir an taighde ar phatrúin labhartha na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta, níl fágtha sa tír ach aon cheantar láidir Gaeltachta amháin mar atá Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe. Maítear sa tuarascáil nach bhfuil an Ghaeltacht, mar atá sí, inmharthana, más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht agus gurb ionann an patrún labhartha teanga sa Ghaeltacht. Is é sin an Ghaeilge seasmhach i measc an aoisghrúpa is sine amháin agus réamhspléachadh ar an mbás teanga.
Fágann sé sin dúshláin. Aithníonn Údarás na Gaeltachta go dtugann an fhaisnéis atá sa tuarascáil léargas ar na dúshláin mhóra atá ann do phobal na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Stáit araon. Léiríonn staitisticí an daonáirimh, a ndéantar cur síos orthu sa tuarascáil, an cúngú atá tagtha ar labhairt na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go háirithe sna ceantair is láidre Gaeltachta.
Ón bplé atá ag Údarás na Gaeltachta le pobal na Gaeltachta atá i mbun pleananna teanga a réiteach mar chuid den phróiseas pleanála teanga, tá siad fuinniúil i mbun oibre i ndul i ngleic leis na dúshláin atá rompu lena dtodhchaí mar phobal teanga a chinntiú. In ainneoin a dhuairce na faisnéise, feictear dóibh go bhfuil todhchaí i ndán dóibh mar phobal agus fonn orthu aghaidh a thabhairt ar cheisteanna crua faoin iompar teanga atá i réim i measc a bpobail féin. Is fiú suntas a thabhairt chomh maith go léiríonn an nuashonrú gluaiseacht áirithe i líon na dtoghrann ag bogadh ó chatagóir C go catagóir B. Seo toradh, b’fhéidir, ar fhoilsiú na chéad tuarascála i 2007 agus a spreag gníomh.