Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Vice Chairman:
Tá ateangaireacht chomhuaineach ar fáil do chomhaltaí má tá sé ag teastáil uathu. A simultaneous interpretation service is available and, if they wish to avail of it, members should use the headsets provided. Táimid anseo inniu chun an tuarascáil nuashonrú ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011 a phlé. Cuirim i gcuimhne do gach duine a nguthán a mhúchadh anois.
Ó Údarás na Gaeltachta, cuirim fáilte roimh Mr. Steve Ó Cúláin, príomhfheidhmeannach an údaráis, Ms Anna Ní Ghallachair agus Ms Máire Ní Mhainín. Ó Chonradh na Gaeilge, cuirim fáilte roimh Mr. Julian de Spáinn agus roimh Mr. Peadar Mac Fhlannachadha, leas-rúnaí an chonartha. Cuirim fáilte roimh Sorcha Ní Chéilleachair ó Tuismitheoirí na Gaeltachta agus roimh Nóra Ní Loingsigh ó Gaelscoileanna Teoranta chomh maith. Gabhaim mo bhuíochas leo go léir as bheith i láthair anseo inniu.
Ba mhaith liom a chur ar ard na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don fhochoiste seo. Má ordaíonn an fochoiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann an finné dá tabhairt, níl an finné i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuirtear faoi bhráid an fhochoiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an fhochoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an chleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint.
Iarraim ar an Uas. Ó Cúláin a ráiteas a dhéanamh mar sheoladh.
No comments