Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Mr. Peadar Mac Fhlannchadha:
Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as an deis seo labhairt ar an tuarascáil seo. Bhí miondealú ag an Uasal Ó Cúláin agus níl sé i gceist agam féin dul ag plé faoi seach chomh mion sa tuarascáil féin ach le rá go bhfáiltimid roimhe. Fáiltimid roimh aon duine a chuireann eolas cáinníochtúil ar fáil faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. D'fhéadfaí a rá gur beag eolas breise atá againn sa tuarascáil seo seachas go bhfuil ráta theip na Gaeilge ag méadú. Tá an bonn faisnéis mar an gcéanna. Mar a léirigh an chéad staidéar, léiríonn an ceann seo an phráinn a bhaineann leis an scéal seo agus nach bhfuil ach tréimhse gairid againn chun an Ghaeltacht mar atá sé fé láthair a shábháil.
Eascraíonn roinnt ceisteanna as an staidéar. An bhfuil sé indéanta an Ghaeltacht a shábháil? Cén cur chuige atá ag teastáil? Tá ceist ann maidir le toil an phobail agus leis an toil pholaitiúil. Céard atá le déanamh má táimid chun teacht aniar a bheith againn? Ó thaobh an bhfuil sé indéanta an Ghaeltacht a shábháil, sin an cheist mhór nach bhfuil a fhios ag aon duine againn fé láthair an freagra. Caithfimid a chur san áireamh go bhfuilimid ag caint faoi phróiseas a thosaigh siar roimh aimsir an Ghorta Mhóir ó thaobh creimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír. Tá pleanáil teanga aitheanta go forleathan ó thaobh tabhairt faoin fhadhb seo. Caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag mo chomhghleacaithe anseo ach go háirithe agus ag roinnt de na hollscoileanna, ach in ainneoin seo, tá sé fíor le rá go bhfuil easpa saineolas fós ann ó thaobh an cur chuige maidir le pleanáil teanga agus maidir le céard atá ag teastáil ó thaobh cabhair leis na pobail an Ghaeilge a shábháil ina gceantair fhéin. Níl aon paca eolais gur féidir linn a thabhairt don phobal ag rá A, B, C agus D a dhéanamh agus go mbeidh dul chun cinn déanta. Caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta, ach nílimid ag an bpointe sin fós. Tá sé ráite i gcúpla áit anois ach tá gá le tacaíocht 360°. Tá gá tacaíocht a bheith ar fáil i ngach uile ghné den tsochaí a bhfuil an pobal ag plé leis.
Maidir le toil an phobail, is é mo thuairim agus tuairim na heagraíochta ná gurb é toil an phobail agus an phobail Ghaeltachta ach go háirid ná go mairfidh an Ghaeilge beo ina gceantair. Bheadh an tuairim sin ag athrú ag brath ar an gcatagóir atá i gceist. Fiú lasmuigh den Ghaeltacht, léiríonn an taighde atá déanta againn féin níos túisce sa bhliain go bhfuil formhór mór an phobail i bhfábhar na Gaeilge agus ag iarraidh go mairfidh sí beo. Ó thaobh toil an phobail Gaeltachta agus na heagraíochtaí Gaeltachta atá ag plé le seo, tá brú ar an toil sin. Ní hamadáin iad pobail na Gaeltachta. Feictear dóibh-san gurb é an rud atá ag tarlú ná go bhfuil an tír ag rá leo leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin ach gan a bheith ag súil go ndéanfaidh muide rud ar bith ar a son nó go gcuirfí an Stát seirbhís ar fáil dóibh tré Ghaeilge. Ar nós mo chomhghleacaithe in Údarás na Gaeltachta, bímse ag plé le pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Níor mhothaigh mé riamh an leibhéal frustrachais agus soiniciúlachta a bhaineann leis na pobail sin fé láthair ó thaobh céard tá ag tarlú ó thaobh pleanáil teanga agus an brú a mhothaíonn siad. Tá sé suntasach ar fud na tíre.
B'fhéidir ceann de na cúiseanna de sin ná an toil pholaitiúil. An bhfuil an toil pholatiúil sa tír seo chun tabhairt faoi cheisteanna Gaeltachta agus an Ghaeilge a shábháil? An lom-freagra atá agam ar sin ná "Níl". Dar le Conradh na Gaeilge níl an toil pholaitiúil ann mar a sheasann rudaí fé láthair. Caithfear breathnú ar an gcur chuige ar an bpleanáil teanga go dáta. Go bunúsach, an rud a fheictear domsa agus do na pobail ná gur bronnadh an freagracht seo as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus as an bplean Gaeltachta ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, gur chaith an Roinn an freagracht ar ais ar Údarás na Gaeltachta ag rá leis an údarás é seo a dhéanamh nó go mbainfeadh an Roinn an t-airgead den údarás agus gur amhlaidh gur chaith an túdarás an rud ar aghaidh ar na pobail Ghaeltachta ag rá leo dul i mbun pleanáil teanga nó bainfear airgead dóibh.
Sin an tuiscint atá ag na pobail Ghaeltachta fud fad na tíre. Ba droch-chúis a bhí i gceist sa chás sin.
Ó thaobh an toil pholaitiúil de, tá easpa ceannaireachta sa tír ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sampla de seo ná nach bhfuil Aire Gaeltachta buan againn agus, de bharr sin, nach bhfuil guth ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge ag bord an Rialtais. Tá sé le feiceáil sa sceanach atá déanta i maoiniú Údarás na Gaeltachta agus maoiniú Fhoras na Gaeilge. Tá na figiúirí seo curtha ar fáil cheana féin sa cháipéis Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh - An Cás le haghaidh Maoinithe Bhreise a foilsíodh Conradh na Gaeilge. Ní hamháin nach bhfuil an gearradh siar i gcomhréir leis an ngearradh siar atá déanta ag aon leibhéal eile nó d'aon ghrúpa eile sa tír ach leanadh leis an ngearradh siar sin sa bhuiséad an tseachtain seo caite, ach go háirithe maidir le cúrsaí pleanáil teanga. Mar sin, táimid ag dul ar ais agus ag rá le pobal na Gaeltachta go gcaithfidh siad rudaí áirithe a dhéanamh ach níl aon tacaíocht breise á chur ar fáil ag aon leibhéal. Le bheith féaráilte, caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl le píosa anuas ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le polasaí Gaeltachta. Tá an pobal thar a bheith sásta leis an obair sin go dtí seo ach nílimid tagtha go dtí an chnámh spairne agus é sin, an mbeidh maoiniú ar fáil chun é sin a chur i bhfeidhm?
Ag bogadh ar aghaidh maidir le céard tá ag teastáil, tá cinneadh polaitiúil le déanamh ag an tír seo. An bhfuil muide mar tír ag iarraidh an Ghaeltacht a shábháil? Má tá, tá cinnte le déanamh as sin maidir le duine a chur ag bord an Rialtais chun freagracht a ghlacadh leis sin. Táimid ag éileamh go mbeadh Aire Gaeltachta le Gaeilge tiomanta don Ghaeilge ag bord an Rialtais. Feictear dúinn gur chúis leis an-chuid de na fadhbanna atá tar éis teacht ar aghaidh ná nach bhfuil guth ag pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta ag bord an Rialtais. Caithfear é sin a bheith déanta, go háirithe o thaobh feidhmiú straitéis 20 bliain an Rialtais agus, mar a deirim, cúrsaí Gaeltachta, agus an duine seo ag cinntiú go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun é seo a dhéanamh. Tá an maoiniú ag teastáil go géar ó Údarás na Gaeltachta mar atá sé ag teastáil ó Fhoras na Gaeilge mar ní mharthain an Ghaeltacht i vacuum. Baineann an Ghaeltacht leis an tír ar fad. Mar a bhí mé ag rá níos luaithe, níl pobal na Gaeltachta sásta go mbeadh rud éigin á éileamh orthu nach bhfuil an chuid eile den tír sásta tacú leis.
Fillim ar ais ar an tacaíocht 360° a bhfuil ag teastáil. B'fhiú go mbeadh na ceisteanna seo pléite ag cruinnithe den chomhchoiste seo ina iomláine freisin. Tá sé sin tábhachtach mar mothaimid agus an plé atá ar siúl againn le polaiteoirí ó thaobh chúrsaí buiséid gur beag plé i ndáiríre atá déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa Dáil faoin gceist seo. Caithfimid an rud a bhogadh chun cinn. Téim ar ais go dtí na figiúirí a luaigh an tUasal Ó Cúláin ansin. Is figiúirí scanrúla iad i gcomhthéacs thodhchaí na Gaeltachta. Bíodh sé deich bliain, 15 bliain nó 20 bliain - ní mhaithe a bheith ró-hung up ar an méid bliain - ach pé rud é, tá práinn ann. Má táimid dáiríre faoin bpráinn, tabharfaimid faoi.
No comments