Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Ms Sorcha Ní Chéilleachair:
Thar ceann na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an gcuireadh teacht anseo le ráiteas a dhéanamh i leith na cáipéise Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011. Ní mórán cainte a bheidh á dhéanamh agamsa inniu mar, cé go dteastaíonn díospóireacht ag an leibhéal seo, creidim go bhfuil an chaint ar fad déanta agus gur gníomh ata ag teastáil anois.
Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá ós cionn 300 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill ag úsáid na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Táimid maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus aitheanta ag Údarás na Gaeltachta faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 mar eagraíocht chomhairleoireachta pleanála teanga. Le cúnamh ón Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta, tá ionad tacaíochta pobail bunaithe ar an gCeathrú Rua againn agus é oscailte ó mhí Meán Fómhar na bliana seo. Tá stiúideo drámaíochta don aosóg oscailte againn mar chuid den ionad seo agus ionad buail isteach do theaghlaigh. Beidh réimse leathan seirbhísí á gcur ar fáil do theaghlaigh san ionad seo mar atá sonraithe i bplean trí bliana na heagraíochta atá aontaithe leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Cé go dtagann an obair ar fad a bhíonn ar bun ag an eagraíocht le moltaí an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta agus le moltaí an iniúchadh ar an gcumas dhá-theangach a foilsíodh anuraidh agus go bhfreagraíonn sé roinnt mhaith den méid atá léirsithe sa nuashonrú seo, níl aon duine fostaithe ag an eagraíocht fé láthair. Ní cheadaíonn an leibhéal ná na coinníollacha maoinithe atá tugtha dúinn é sin a dhéanamh.
Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta ar ndóigh. Mar is léir ón bhfoilseachán seo agus ón iliomad cáipéis taighde eile, tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaolainne sa phobal Gaeltachta le blianta beaga. Seans maith gur sinne, tuismitheoirí atá ag tógaint ár gclann sa Ghaeltacht, is mó a chíonn agus a thugann an t-athrú seo faoi ndeara agus a chíonn an éifeacht atá ag an athrú seo ar an teanga, ar an bpobal agus ar ár bpáistí.
Táimid ag maireachtaint leis ó lá go lá agus ar an mbonn sin, ní chuireann aon rud atá sa tuarascáil seo iontas orainn. Is pictiúr fírinneach, réadúil agus ionraic é de shaol na Gaeltachta. Cén fáth, mar sin, go mbeifí á shéanadh? Ní féidir ligint do mhórtas cine, do chur i gcéill ná do chúiseanna a bhaineann le maorlathas na Ranna Stáit dallamullóg a chur orainn. Seo mar atá cúrsaí agus sin é.
Fáiltíonn an eagraíocht roimh fhoilsiú an taighde seo agus roimh an díospóireacht ag an leibhéal seo agus bhíomar sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae inniu mar go gcreidimid go láidir gur féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga seo. Creidimid é mar go bhfuil sé ar bun againn féin agus ag éirí linn. Níl ionainn ach eagraíocht fíor-bheag ar fíor-bheagán maoinithe, gan aon fhoireann againn leis an obair seo a chur i gcrích agus, dá réir, fíor-bheagán á bhaint amach againn, ach tá sé á bhaint amach againn agus is féidir é a dhéanamh.
An fhadhb a aithint an chéad chéim agus tabhairt faoin bhfadhb sin go praiticiúil ar an talamh an dara céim. Tá sé chomh simplí leis sin. Ní a thuilleadh cainte fós faoi cháipéis eile a bhfuil na torthaí céanna inti ag teastáil anois. Tá an taighde déanta. Tá an chaint déanta. Cá bhfuil an gníomh? Deirtear go minic faoi cháipéisí taighde den tsaghas seo go bhfuilid duairc agus éadóchasach ach más duairc agus éadóchasach féin torthaí an taighde seo is duairce agus is measa fós an t-éadóchas a bhaineann leis an easpa gnímh.
Úsáideann an eagraíocht sin againne fealsúnacht agus cur chuige na tuismitheoireachta go minic inár gcuid oibre. Má tá nappy salach le hathrú, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an leanbh a bheathú. Má tá an leanbh ag gol, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an leanbh a shuaimhniú. Más rud é go bhfuil imní ar duine faoin a pháiste, go dtugann sé nó sí go dtí an dochtúir é agus go ndeir an dochtúir go bhfuil an páiste sin an-tinn ach, dá ndéanfaí cúram de agus na cógais chearta a thabhairt dó, go bhfuil seans maith go dtiocfaidh sé as, ní haon mhaith a thuilleadh cainte ag an staid sin agus ní haon mhaith an tinneas a shéanadh.
Mar a dúirt mé cheana, tá an taighde déanta agus tá an chaint déanta. Teastaítear gníomh anois agus ceannaireacht láidir.
No comments