Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Luaigh mé na coláistí Gaeilge agus cé chomh tábhachtach is atá sé coláistí Gaeilge a chur ar fáil do ghasúir na Gaeltachta chomh maith. D'iarr an Teachta Ó Cuív orm mar gheall ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus bhí ceist agamsa air freisin. Theastaigh uaim féachaint ar na fíricí agus chur mé ceist air faoin méid uair a luaitear cainteoirí dúchais sa straitéis, ina bhfuil béim ar fhoghlameoirí. Luaigh mé na múinteoirí breise freisin agus an moladh a dhéanann an Teachta Ó Cuív múinteoirí breise a sholáthar do scoileanna le tacú leis na bhfoghlaimeoirí. Ba mhaith liom tacú leis sin agus cur leis chomh maith: má tá múinteoirí Gaeilge curtha ar fáil do na foghlaimeoirí, ba cheart go gcuirfear múinteoirí Gaeilge ar fáil do na cainteoirí dúchais chomh maith.

Tá sé thar práinn díreach go mbeifí ag freastal ar gach páiste sa chóras oideachais seachas ar dream amháin níos mó ná dream eile.

Déanaim tagairt ar deireadh don méid a dúirt an Teachta Catherine Byrne. Chuaigh a cuid cainte agus an tslí fé mar a deineadh leatrom ar a páiste go mór i gcion orm. B'fhéidir go dtuigfeadh sí anois an leatrom atá a dhéanamh ar na páistí againne. Téann ár gcuid páistí ar scoil le cumas maith sa teangan agus críochnaíonn siad an córas scoile agus ní bhíonn an cumas chomh maith san. Tá sé seo cruthaithe. Bíonn an cumas níos measa acu sa teanga ná mar a bhí ag dul isteach sa chóras. Tá na páistí ag teacht abhaile chugainne agus níl siad in ann iad fhéin a chur in iúl ina dteanga dúchais. Is leatrom é sin agus is crá-chroí dúinne é. B'fhéidir go dtuigfeadh an Teachta ón méid caint a bhí aici féin fé mar a chuireann sé isteach orainn.