Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Ms Muireann Ní Mhóráin:
Bhí ceithre ceist ann agus freagróidh mé gach ceann acu go tapaidh. Bhain an chéad cheist a chur an Seanadóir Craughwell orm le múinteoirí agus an brú atá ar mhúinteoirí sna hiarbhunscoileanna. Ní raibh 60% de na múinteoirí sna hiarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-ghaeilge sa chóras lán-Ghaeilge iad fhéin. Mar sin, ní bhfuaireadar riamh aon taithí ar pé ábhar atá á theagasc acu trí mheán na Gaeilge. Tóg mar shampla múinteoir matamaitice. Is mata trí Bhéarla a bhí acu agus níl aon tacaíochtaí ar fáil seachas cúrsa beag a eagraíonn muid fhéin leis na múinteoirí a chumasú i dteanga a n-ábhar. Anuas ar sin, bíonn an-chuid oibre breise le déanamh ag na múinteoirí maidir le ullmhúchán nótaí agus mar sin de ach bíonn sé deacair orthu mar níl greim an-mhaith ag a lán acu ar an teanga.
Maidir le ceist an Teachta Ó Cuív faoinn straitéis 20 bliain agus an méid atá ann, is dócha go mbaineann sé ar fad le heaspa fóirne. Deir sé go ndéanfadh COGG rudaí áirithe ach an fhoireann chuí a bheith acu. Cé go bhfáiltím go croíúil roimh bheirt breise a bheith agam, is gá níos mó fóirne má táimíd dáiríre le muid a chumasú le tabhairt faoi na rudaí atá sa straitéis mar a bhaineann linn.
Maidir leis an gcomh-lonnú leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, agus sin atá ann, tá i bhfad níos lú spáis againn anois. Táimid san fhoirgneamh chéanna ach maidir le bord nó buiséad nó aon rud mar sin, níl difríocht ar bith ann. Tá ar mbord féin againn. Beidh bord nua againn i gceann cúpla seachtain. Tá ár mbuiséad fhéin againn. Tá ár stádas fhéin neamhspleách againn. Sin díreach cá go mbeadh sé.
Luaidh an Teachta Ó Cuív cainteoirí dúchasacha neamh-Gaeltachta. Bíonn na deacrachtaí díreach mar a chéile acu. Is páistí óga iad a théann isteach ar scoil le togha na Gaeilge ach tagann siad amach faoin Nollaig agus droch-Gaeilge acu agus í ag éirí níos measa an t-am ar fad.
No comments