Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Ms Sorcha Ní Chéilleachair:
Thagair an Seanadóir Craughwell do na cúrsaí samhraidh agus nach bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste in ann freastal ar chúrsaí mar sin. Is é an dream is mó atá faoi mhíbhuntáiste ná na gasúir Gaeltachta féin. Níl aon chúrsa samhraidh acusan le bheith ag freastal air. Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le moladh mar go gcuireann sí airgead ar fáil le campaí samhraidh a chur ar siúl.
Bímid ar cheann de na dreamanna a chuireann campaí samhraidh ar siúl do dhéagóirí na Gaeltachta. Tá déagóirí na Gaeltachta ag féachaint, samhradh i ndiaidh samhraidh, ar pháistí ag teacht isteach agus áiseanna á gcur ar fáil dóibh agus níl a oiread acu féin. Is é sin ceann de na rudaí atáimid féin ag cur chun cinn. Tá a fhios agam go bhfuil Club Óige Lurgan á dhéanamh chomh maith.
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don Straitéis 20 Bliain agus don gceist a chur an Teachta Ó Cuív orm. Ba mhaith liom ceist a chur air agus féachaint ar na fíricí. Cé mhéad atá cainteoirí dúchais luaite sa Straitéis 20 Bliain?