Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Elaine Ní Neachtain:

Maidir leis an gceist a d’ardaigh na Seanadóirí Ó Clochartaigh agus Craughwell faoi fhorbairtí iarbhunscoile Gaeilge, ba mhaith liom cúpla rud a rá ó pheirspictíocht an CNCM. Tá an próiseas comhairliúcháin ar dhréachtshonrúcháin ar siúl i láthair na huaire. Tá na forbairtí atá tagtha chun cinn sna dréachtshonrúcháin sin á phlé ag Meitheal Forbartha na Gaeilge le bliain go leith nó mar sin anuas. Tá an dréacht ar fáil ar shuíomh an CNCM faoi láthair agus tá aiseolas tábhachtach ag teacht isteach cheana féin sa bpróiseas comhairliúcháin sin. Is i spás comhairliúcháin atáimid faoi láthair ach is cinnte gur ceisteanna fíorthábhachtacha iad na ceisteanna atá ardaithe faoin sonrúchán comónta a bheith ann, conas freastal ar réimse cumais agus mar sin de. Caithfidh mé a rá go bhfuil aiseolas agus dearcaí láidre chuige sin ag teacht chun cinn sa bpróiseas. Beidh gá dúinne sa CNCM tátal a bhaint as an aiseolas uilig a thagann chun cinn ón bpróiseas comhairliúcháin agus féachaint agus pleanáil dá réir do na céad céimeanna eile ina dhiaidh sin ach sin mar atá cúrsaí faoi láthair leis na forbairtí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.