Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Mr. Pádraig Mac Fhlannchadha:
Go dtí seo bhíomar ag díriú ar an gcuraclam, ar chúrsaí measúnachta agus ar oideachas múinteoirí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Táimid ag díriú ar na Gaeltachtaí freisin agus conas freastal níos fearr a dhéanamh ar an oideachas sa Ghaeltacht. Tá an straitéis á chur i bhfeidhm ar bhonn céimseach agus buailimid go rialta leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an ngrúpa ardleibhéal ar a bhfuil COGG, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun an dul chun cinn a phlé. Tá dhá thuairisc ar an dul chun cinn foilsithe freisin ar shuíomh na Roinne. Tá an Roinn tiomáinte do chur i bhfeidhm na straitéise ina hiomlán de réir imeacht ama.