Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Ms Muireann Ní Mhóráin:
Tabharfaidh me aghaidh go gonta ar na trí cheist. Maidir le foireann COGG, is ait go gcuirtear an cheist orm inniu ach le blianta fada táimíd tar éis bheith ag streachailt gan ach foireann triúr againn. Tá mise ann mar príomh-fheidhmeannach chomh maith le riarthóir oifige agus cúntóir taighde. Tháinig an riarthóir agus an cúntóir taighde dúinn trí athlonnú nó redeployment. Ní hé gur fostaíocht iad lasmuigh de COGG. Le fíor-dhéanaí áfach agus tar éis cás an-láidir a bheith déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an Department of Public Expenditure and Reform, ceadaíodh le cúpla seachtain anuas beirt eile do COGG. Bím ag gáire agus mé ag rá go bhfuilimid ag déanamh go maith agus 66% sa bhreis á fháil againn. Is mór an cabhair a bheas iontu ach, ag an am céanna, mar atá leagtha síos sa Stráitéis 20 Bliain agus mar a fheicimse ón obair atá idir lámha againn, beidh gá againn le foireann i bhfad níos mó ná sin má táimid chun bheith in ann déileáil i gceart lenár gcuid cúraimí.
Thug Ms Ní Ghréacháin freagra maidir le Leitir Mór. Chaith mé 20 bliain i mo mhúinteoir iarbhunscoile agus thar na blianta sin an cás a dhéanfadh daltaí ná ní hé nár thaithin foghlaim na Gaeilge leo ach níor thaithin leo cad a bhí á foghlaim acu agus níor thaithin an córas measúnacht leo mar bhíonn múinteoirí ag múineadh an páipéar scrúdaithe. Sin rud a bhaineann le múinteoirí. Anuas ar sin, fadhb eile atá aitheanta ag cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna ná go mbreathann an oiread sin ar mhúinteoirí. Tá se aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil líon an-ard múinteoirí ag teagasc na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna agus ag teagasc sna bunscoileanna nach bhfuil dóthain Gaeilge acu. Mura bhfuil rud éigin ag duine, ní féidir leis nó léi é a thabhairt. Is minic a dúirt an Teachta Ó Cuív é sin. Ní féidir daoine a spreagadh le haon rud a dhéanamh mura bhfuil an duine oilte go maith san ábhar sin.
Glacann a lán daoine leis agus an ceart sin acu gur maith an rud 40%. Déarfadh formhór mhuintir na hÉireann gur cheart dúinn bheith in ann ár dteanga a labhairt. Tagann páistí amach as na scoileanna tar éis 14 bliain agus níl siad in ann comhrá Gaeilge a dhéanamh. Tá a lán cúiseanna le sin ach maidir le taighde idirnáisiúnta agus taighde atá déanta ag COGG, agus cuirfidh mé ar fáil an páipéar a scríodh, tá 40% iomarcach, go háirithe le haghaidh daltaí maithe. Ba cheart an scil sin a bheith ag leibhéal marcanna níos ísle.
Dá mba rud é go bhfágfaí é ag 40% nó 60%, tá fadhb uafásach nua againn leis an scrúdú fhéin. Níl fios agam an bhfuil mac an Teachta tosaithe fós ag ullmhú do scrúdú cainte na hardteiste. Beidh 20 sraith pictiúr le foghlaim de ghlanmheabhair aige agus 80 nóiméad d'ábhar á fhoghlaim de ghlanmheabhair atá ar fáil ar fud YouTube agus a leithéid. Glaotar "Na Sraiths" orthu. Faightear ar YouTube chomh maith daoine óga á ndó agus á gcur trí thine i ndiaidh na scrúduithe.
Faoi láthair, is féidir leat deich líne filíochta a léamh sa scrúdú cainte agus níos mó marcanna a fháil ná ceist scríofa ar an bhfilíocht. Níl an scrúdú atá ann faoi láthair bailí nó valid agus níl sé iontaofa. Ní féidir braith air mar bhealach le fáil amach cad tá ar eolas ag daoine. Tá fíor-bheagán ama ann le haghaidh gnáth-chomhrá agus, mar atá tarlaithe i scrúduithe eile, tá siad ag foghlaim stuif de ghlanmheabhair. Sin an fhadhb atá ag COGG leis an scrúdú béil.