Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:
Cinnte. Luaigh mé níos luaithe go bhfuil Gaelscoileanna Teoranta aitheanta mar cheann de na cheann-eagraíochtaí. Tá sé eagraíocht ann. Is iad san Chonradh na Gaeilge, Glór na nGael, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, Gael Linn agus Gaelscoileanna Teoranta. Ceann de na mórspriocanna atá aitheanta againne ná conas comhthéacsanna sóisialta a chruthú sna pobail thar timpeall ar na scoileanna agus go ginearálta. Aithnítear mura bhfuil comhthéacsanna sóisialta ann do pháistí go bhfuil teorainn leis an méid a féidir leis an scoil lán-Ghaeilge a bhaint amach ó thaobh cumas agus spéis orgánach a chothú sa pháiste.
No comments