Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Actually, dhá rud fíor-sciobtha. Bhí an-imní agus mí-shástacht orainn mar gheall ar an ionadaíocht ar bhord COGG. Tháinig an bord deireanach chun críche inné, rud a chiallaíonn go bhfuil an bord laghdaithe ó 23 go 12 duine. Tuigeann an comhchoiste na himpleachtaí a bheadh ansin ó thaobh ceist ionadaíochta agus fágann sé freisin nach bhfuil aon ionadaíocht cuí ar na múinteoirí Gaeltachta.

Críochnóidh mé ar nóta dearfach. Tuigimid go bhfuil sé i gceist, fad is atá an curaclam á athordú, dhá bhliain don luath-thomoideachas a aithint agus a cheadú ag leibhéal na Roinne. Fáiltimid go mór roimhe sin.