Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 April 2015
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
Irish Language Education: Discussion
10:00 am
Ms Muireann Ní Mhóráin:
Thar ceann na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, is mian liom buíochas a chur in iúl don choiste as an gcuireadh a theacht anseo inniu. Mar chúlra ar COGG, mar a thugtar orainn, bunaíodh COGG faoi fhorálacha an Acht Oideachais 1998. Bunaíodh í i 2002. Mar sin, táimid ar an bhfód anois le 13 bliain. Tá na feidhmeanna reachtúla atá ag COGG ar bhonn comhairle. Táimid ann chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le gach a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge. Mar sin, bíonn plé faoi leith againn le scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ach anuas ar sin, tá freagrachtaí orainn a bhaineann le gach bunscoil agus gach iarbhunscoil sa tír ó thaobh teagasc na Gaeilge. Déanaimid gach iarracht oibriú i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le hábhair a bhaineann lenár bhfeidhmeanna.
Chomh maith leis sin, táimid freagrach as comhordú soláthar áiseanna teagaisc do na scoileanna. Dáiríre tháinig COGG chun cinn de bharr géarchéim a bhí sna scoileanna. Nuair a tháinig an curaclam isteach sna bunscoileanna i 1999, fágadh na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge gan aon téacsleabhair. Ní raibh ag rang a sé sna scoileanna sin ach leabhar amháin don reiligiún. Ní raibh aon leabhar eile ann a bhí oiriúnach don churaclam. Mar sin, ó shin i leith, táimid tar éis obair go dian agus go dícheallach. Anois tá soláthar iomlán leabhar ann do na bunscoileanna. Tá rogha leabhar ann. Chomh maith leis sin, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Foras na Gaeilge tar éis obair i gcomhpháirt leis an gclár Séideáin Sí a chur ar fáil le haghaidh teagasc na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Bhí dúshlán níos mó ag baint leis na hiarbhunscoileanna, de bharr réimse na n-ábhar. Déanann formhór na ndaltaí na hábhair céanna don teastas sóiseareach ach don ardteistiméireacht bíonn daltaí ag déanamh fisic, bitheolaíocht agus na hábhair go léir eile atá ar fáil. Ag an bpointe seo, tá leabhair agus áiseanna eile ar fáil do na príomhábhair. Ag leibhéal na hardteiste, tá iarrachtaí á dhéanamh againn leabhair a chur ar fáil ar líne, gan a bheith ag cló leabhair le haghaidh grúpaí réasúnta beag daltaí, ach tá sé dúshlánach.
Tá feidhm reachtúil againn chomh maith seirbhisí taca a chur ar fáil do na scoileanna agus cuirimid seirbhís eolais, go háirithe, ar fáil. Táim cinnte go gcloiseann baill go minic daoine ag rá nach bhfuil aon tacaíochtaí ann do theagasc na Gaeilge, mar shampla. Tá a lán rudaí ann. Tá réimse mór leathan rudaí ann, ach daoine a bheith ar an eolas fúthu. Cuirimid ceardlanna agus cúrsaí ar siúl agus téimid i gcomhairle leis na scoileanna.
Is í an fheidhm deireadh atá againn ná feidhm taighde. Tá feidhm reachtúil againn taighde a sheoladh ar gach aon rud a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge. Aréir, mar shampla, sheoil an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir leis an nGaeltacht, an Teachta Joe McHugh, tuarascáil taighde a rinneamar faoi na coláistí Gaeilge agus an tionchar a bhíonn acu.
Tá COGG luaite go lárnach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus deirtear go mbeidh “príomhról ag gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann”. Deirtear go gcuirfear “an fhoireann chuí ar fáil” dúinn lenár ndualgas a chomhlíonadh agus go neartófar ár ról le dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le teagasc na Gaeilge. Chomh maith leis sin, luaitear grúpa ardleibhéal. Tá an grúpa seo ar bun idir muid féin, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an obair ag dul ar aghaidh ansin maidir le cúrsaí polasaí ach go háirithe. Ó thaobh na ndúshlán a fheiceann COGG de, maidir leis an oideachas trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge, tá na forbairtí curaclam nua atá ag teacht chun cinn ag cur brú faoi leith orainn ar bhealaí éagsúla. Tá curaclam teanga bunscoile nua á fhorbairt agus tá COGG ag obair i bpáirt leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ach tá imní orainn faoi mar a fhreastalóidh sé ar gach páiste, ó na cainteoirí dúchais sna Gaeltachtaí go dtí na foghlaimeoirí is laige sa chóras scolaíochta. Beidh sé an-deacair agus an-dúshlánach ach tá aghaidh á thabhairt ar seo.E
Caithfear a chinntiú go bhfreastalaíonn sé ar gach páiste. Táimid éagsúil anseo in Éirinn nach bhfuil, dáiríre, curaclam faoi leith ann do chainteoirí dúchais. Ní dea-chleachtas é seo de réir na saineolaithe idirnáisiúnta ach is fadhb í nach bhfuiltear ag dul i ngleic leis.
Ó thaobh na sraithe shóisiaraigh, braithimid go bhfuil an fhadhb chéanna ann maidir le sonraíocht don Ghaeilge sa Teastas Sóisearach. Níos measa ná sin, b'fhéidir, beidh dúshlán an-mhór ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ag freastal ar na hábhair eile. Mar is eol don choiste, tá cúrsaí nua ag teacht isteach. Tá curaclam nua don Bhéarla tagtha isteach sna scoileanna don tsraith shóisearach nua ach beidh curaclam nua don eolaíocht an bhliain seo chugainn, do staidéar ghnó an bhliain ina dhiaidh sin agus do cúpla ábhar eile an bhliain ina dhiaidh sin. Fágfar na scoileanna ar ais ag an áit a thosaíomar agus sin gan téacsleabhair agus áisanna teagaisc. Mar sin, tá obair an-mhór romhainn anois chun é sin a chur i gceart. Tá imní ar COGG maidir le siollabas na hardteistiméireachta chomh maith agus léiríodh é seo go minic. Ó nuair a athraíodh an siollabas in 2012, braitheann COGG go bhfuil fadhb an-mhór leis an 40% atá á bhronnadh ar labhairt na Gaeilge agus go bhfuil ísliú ag teacht ar caighdeán na Gaeilge sna scoileanna.
Labhair Ms Ní Ghréacháin faoi sholáthair múinteoirí. Tá taighde déanta againn a léiríonn dhá rud. Tá sé an-deacair múinteoirí bunscoile le caighdeán ard Ghaeilge a earcú d'aon scoil ach go háirithe do na bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Mar a chéile, tá taighde déanta a léiríonn ó thaobh múinteoirí matamaitice, eolaíochta agus teangacha - Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis - go bhfuil géar chéim ann. Níl múinteoirí ann le cumas Gaeilge do na hiarbhunscoileanna. Tá sé seo aitheanta againn agus táimid ag déanamh iarracht aghaidh a thabhairt air trí dhaoine a spreagadh le tabhairt faoi chúrsa trí Ghaeilge i nGaillimh.
Tá dhá rud ag teastáil. Mar atá luaite sa Stráitéis 20 Bliain, is gá céim faoi leith a chur ar fáil ag leibhéal na bunscoile sna choláistí oideachais le múinteoirí a oiliúint ní hamháin le hardchaighdeán Gaeilge ach oiliúint a bheith orthu conas, mar shampla, plé le páistí gur chainteoirí dúchais iad i scoileanna beaga Gaeltachta nó scoileanna móra Gaeltachta agus ansin conas plé leis an tumoideachais agus conas páistí gan focal Ghaeilge a theagasc ó thaobh na teanga de agus na hábhair ar fad. Níl a leithéid le fáil faoi láthair.
Is é an dara rud ná go sílimid gur cheart forbairt a dhéanamh ar an gcúrsa atá ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le haghaidh oiliúint a chur ar mhúinteoirí iarbhunscoile. I nGaillimh, faoi láthair, tá srian orthu maidir le líon na n-áiteanna atá ar fáil ar an gcúrsa agus mar sin níl dóthain múinteoirí ag teacht as. I mbliana go háirithe, ní bheidh mórán múinteoirí ag teacht amach ar chor ar bith de bharr gur tháinig athrú ar an gcúrsa agus is cúrsa dhá bhliain ata ann anois.
Díreach agus aréir, deineadh fógra faoi 1916 agus an comóradh atá ann. Molaimid go dtabharfaí ar ais scoláireachtaí 1916 a cuireadh ar ceal cúpla bliain ó shin. Is scoláireachtaí iad seo a bhain le gach iarbhunscoil. Bhí béim faoi leith ar an nGaeilge ach bhain siad le daoine ar d'éirigh go hiontach maith leo sna scrúduithe. Cuireadh deireadh leo gan aon chúis agus cuireadh deireadh chomh maith leis na scoláireachtaí Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. De bharr an méid áirithe mí-bhuntáiste a bhaineann le bheith ag stracailt leis an Ardteist trí Ghaeilge, bhí scoláireachtaí ann. Tháinig córas nua isteach agus tá na scoláireachtaí ag dul ag scoileanna DEIS anois. Is maith an rud é sin. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do dhaltaí ó chúlraí faoi mhí bhuntáiste. Dar linn, tá deis anois ann aitheantas faoi leith a thabhairt dóibh siúd a éiríonn go han-mhaith leo ina gcuid scrúduithe agus iad seo atá ag fáil a n-oideachas trí Ghaeilge.
No comments