Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Tagaim leis an gcoimisinéir maidir leis an méid atá curtha aige os ár gcomhair go dtí seo - moltaí praiticiúla agus simplí. Dá mbeadh an státchóras éisteacht a thabhairt leo, ní bheadh an oiread sin gearán faoi bhráid na hoifige.

Luaigh an coimisinéir easpa foirne agus dúirt sé go mba chóir go mbeadh ochtar san oifig seachas seisear. Dá mbeadh beirt breise san oifig, cén sort togra an mbeadh an oifig in ann tabhairt faoi nó cén obair breise an bhféadfaí a dhéanamh? Cad iad na constaicí faoi láthair toisc nach bhfuil an líon foirne iomlán ag an oifig?

Maidir leis an iar-choimisinéir, mhothaigh sé frustrachas agus mothaíonn muide, comhaltaí a bhíonn ag gabháil le ceisteanna maidir le Gaeilge, frustrachas i dtaobh mheoin an státchórais. An bhfuil aon athrú soiléir le feiceáil maidir le seo sa bhliain ó thoghadh an tUasal Ó Domhnaill mar coimisinéir? An bhfuil bogadh ar bith tar éis tarlú nó an bhfuil an cás mar a shílim fós - go bhfeiceann cuid mhaith de na Ranna gur dualgas breise é seo nár mhaith leo a bheith acu?

Luaigh an coimisinéir Uisce Éireann. Nuair a cuireadh an reachtaíocht faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid, rinne muid moladh go dtiocfadh an comhlacht seo faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach rialaíodh an leasú sin as ord, chomh maith le leasuithe eile, toisc nár bhain siad le buntéama na reachtaíochta.

Measaim go mba rud maith é dá mbeadh leithéid Stubbs Gazetteagainn do comhlachtaí nach gcomhlíonann a ndualgais, ní hamháin maidir le ceist na teanga, ach maidir le ceisteanna ar bith eile atá ag ombudsman ar bith eile. Molaim é sin. An fáth go mbíonn muid ag iarraidh go dtiocfaidh na hombudsmen os ár gcomhair ná le fáil amach cad iad na prionsabail a théann trasna an bpost sin i gcoitinne.

Maidir le maoiniú, conas is féidir le maoiniú a bheith neamhspleách más é an tAire Airgeadais a dheineann an cinneadh? Conas is féidir déileáil le seo? D'fhéadfaí maoiniú a chur i bhfeidhm ar nós mar a dheintear le breithiúna, mar shampla. Is cuimhin linn an raic a bhí ann nuair a bhí daoine ag iarraidh pá na mbreithiúna a ghearradh. An cóir go mbeadh na hombudsmen faoi Oifig an Uachtaráin, b'fhéidir? An bhfuil tuairimí ann nó an bhfuil bealaí ann chun tabhairt faoi seo go simplí gan gá le athruithe móra a dhéanamh?

Gabhaim leithscéil don Teachta Kitt mar bhí air dul i bhfeighil na Dála. Sin an méid faoi láthair.