Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Maidir le cursaí foirne san oifig, ba cheart dom a rá ar dtús go bhfáiltím roimh an athrú atá tagtha ar chúrsaí foirne san oifig ó thosaigh mé. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa mhéid agus go bhfuil stiúrthóir agam ag leibhéal phríomh oifigigh sa Stát Seirbhís, don chéad uair le os cionn dhá bhliain go leith. Sin dul chun cinn ó thaobh chúrsaí foirne san oifig. Tá an struchtúr atá ann faoi leibhéal lán eagraíochta agus ba bhreá dá dtarlódh sin san am atá le teacht.

Ceann de na bealaí go bhfeicim go bhféadfadh muid dul chun cinn a dhéanamh dá dtarlódh a leithéid amach anseo ná go sonrach ó thaobh chúrsaí ghéílliúlachta de. Bheadh muid in ann níos mó faireacháin a dhéanamh ar chomhlachtaí poibliú. Tá bainisteoir ghéilliúlachta ann faoi láthair ach dá mbeadh beirt sa ról sin, bheadh deis níos mó ann faireachán níos leithne a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí. Mar a deirtear: "What gets measured gets done." Sin an taithí atá agam ó bheith ag déileáil le comhlachtaí poiblí. An mó cúrsaí géilliúlachta a dheintear, is amhlaidh is fearr é.

Chuir an Teachta ceist faoi an bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas nó in olcas go ginearálta le bliain anuas, ó thosaigh mise i Mí an Mhárta. Ó thaobh cúrsaí na hoifige féin, Oifig an Choimisinéara Teanga go sonrach, tá cúrsaí feabhsaithe sa mhéid agus go bhfuil deireadh curtha leis an bplean an oifig a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Sin ceann de na nithe ba mhó a bhí ag cur as do dhaoine maidir le moltaí a cuireadh faoi bhráid na Roinne maidir leis an Acht leasaithe. Fáiltím go mór roimh an gcinneadh sin. Cinneadh stuama a bhí ann deireadh a chur leis an gcomhnascadh agus cinntíonn an gcinneadh sin go bhfuil muid ag feidhmiú an t-am ar fad mar oifig neamhspleách reachtúil. Tá athrú freisin ar an struchtúr foirne agus tá ardú bhuiséíd againn, ó €567,000 go €670,000, ceadaithe don bhliain seo chugainn chun tacú leis an athrú ar an struchtúr foirne sin. Sin dul chun cinn ó thaobh obair na hoifige.

Ach ansin, tá an cheist ó thaobh cearta teanga an tsaoránaigh - an jab atá agam mar Choimisinéir Teanga. Tá go leor ag brath ar chéard a bheidh san Acht Teanga leasaithe agus an mbeidh dul chun cinn ansin nó nach mbeidh.

An mbeimid ag streachailt leis na fadhbanna céanna atá feicthe againn le blianta anois, ó thaobh éifeacht córas na scéimeanna teangan agus na deacrachtaí atá ag daoine a gcuid cearta a fháil? Níl aon chomóntacht transna na ndualgaisí áirithe atá ar chomhlachtaí éagsúla mar gheall nach bhfuil siad leagtha síos sna rialacháin. Braitheann sé ar céard a bheidh sa Bhille nua agus cén dul chun cinn, nó easpa dul chun cinn, a bheidh le feiceáil sa reachtaíocht sin.

Tá ceist an mhaoinithe atá á dhéanamh na hoifigí ombudsman eile níos leithne ná mo oifig féin - baineann sé leis na hoifigí eile chomh maith. Is dócha gur ceist do Thithe an Oireachtais é cén chaoi gur cheart oifigí reachtúla neamhspleácha ar nós Oifig an Choimisinéara Teanga a mhaoiniú. Sílim gur féidir bealaí eile a úsáid chun é seo a dhéanamh. Luaigh an Teachta Ó Snodaigh Oifig an Uachtaráin mar bhealach amháin. B'fhéidir go mbeadh an Roinn Airgeadais in ann lárchiste a aontú a bheadh le dáileadh ag coiste Oireachtais áirithe idir na hoifigí ombudsman éagsúla. Bheadh na hoifigí éagsúla in ann na cásanna atá acu ó thaobh an maoiniú atá ag teastáil uathu a chur i láthair ag an gcoiste sin. B'fhéidir go mbeadh sé oiriúnach déileáil leis an ábhar seo ar an gcaoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.