Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Cuireadh ceist orm ó thaobh clárú agus rialú, agus iad a bhaint ón gclár poiblí. Is dócha go mbaineann an cheist seo - cén chaoi a n-oibreodh sé sin - leis an gcoiste go sonrach.

An rud is mó a d'fheicfinn go mbeadh tionchar aige air ná dá bhfeicfeadh comhlachtaí poiblí go bhféadfaidís a bheith cláraithe go poiblí ag Tithe an Oireachtais mar gheall go raibh siad neamh-ghéilliúil do reachtaíocht na tíre. Feictear dom go mbeadh tionchar sonrach ag sin - dá bhféadfadh leithéid an coiste seo é sin a fhoilsiú agus a chur ina luí ar na comhlachtaí poiblí sin an bealach gur féidir leo iad féin a bhaint ón liosta sin, trid a bheith géilliúil agus tríd na fionnachtain agus na moltaí atá déanta sna tuarascálacha a chur i bhfeidhm. Ó bheith ag caint le daoine, feictear dom nach dteastaíonn ó chomhlachtaí poiblí a bheith ainmnithe go hoifigiúil ó bheith neamh-ghéilliúil. Tá a bhformhór an-choinsiasach faoi na dualgais atá orthu agus táthar ag iarraidh nach mbeadh sin ag tarlú. Sílim go mbeadh tionchar an-mhór ag seo ar chúrsaí.

Maidir le tuarascálacha atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tá sé thuarascáil curtha faoi bhráid na dTithe ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga - ina measc ceann Chomhairle Contae na hIarmhí, a bhain le scéim teanga. Tá fadhb fós ag baint leis an deacracht a bhí ansin, ó thaobh measín aistriúcháin uathoibríoch a úsáid chun gealltanais maidir leis an suíomh idirlíon a bheith sa dá theanga. Tá na deacrachtaí fós ag tarlú sa gcás sin. Maidir le Oifig na nOibreacha Poiblí, cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais chomh maith. Baineann sin le rialacháin maidir le comharthaíocht ó thaobh logo de agus faoi ainm an chomhlachta a bheith mar chuid den logo nó gan a bheith mar chuid den logo.

Baineann tuarascáil eile le hIarnród Éireann. Bhain seo arís le rialacháin maidir le comharthaíocht. Bhí siadsan ag caint faoin gcostas a bhainfeadh le sin agus le haistriúchán a dhéanamh chun go mbeadh an comharthaíocht dhátheangach. Cuireadh imscrúdú maidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi bhráid Thithe an Oireachtais freisin, agus ceann a bhain le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus ceann eile leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chomh maith. Le féachaint ar seo go ginearálta, tagann sé ar ais chuige seo - go mbeadh leithéid den choiste seo nasctha leis na comhlachtaí seo a thabhairt isteach le míniú a thabhairt go poiblí faoi cén fáth nár chuir siad na moltaí agus na himscrúduithe i bhfeidhm agus é sin a nascadh le clár poiblí. D'fhéadfadh an-tionchar a bheith ag sin ar chúrsaí.

Maidir le achtacháin eile, ní ritheann aon rud liom. Arís, tagann seo ar ais don méid a bhí á mholadh agam. Má tá an tAcht láidir, táimid in áit mhaith. Má tá rialacháin leagtha síos go soiléir sa reachtaíocht, gan a bheith ag brath ar scéim teanga, agus má tá sé leagtha amach go soiléir céard iad na dualgais atá ar chomhlachtaí, oibreoidh sin. Sin an taithí atá agam. Maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus fógairtí taifeadta béil, tuigeann comhlachtaí poiblí na dualgais atá orthu. Tuigeann an pobal na cearta atá acu agus oibríonn siad sin. Más féidir iad sin a leathnú amach agus níos mó rialachán a chur i bhfeidhm do chomhlachtaí poiblí, bheadh an-tionchar ag sin ar chúrsaí go ginearálta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.