Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 January 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga
4:00 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Tá roinnt ceisteanna curtha ag an Seanadóir ansin. Bhain an chéad ceann leis an gclár poiblí a luaigh mé i m'óráid. Sílim go mbeadh tairbhe faoi leith ann dá mbeadh áit go bhféadfadh muid dul le comhlachtaí atá neamh-ghéilliúil agus nach bhfuil ag glacadh le torthaí na moltaí imscrúdaithe. Faoi láthair, cuireann muid an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus i gcásanna áirithe glaotar isteach na cathaoirligh agus na príomh oifigigh sna comhlachtaí sin chun a gcuid tuairimí a chur in iúl. Sílim go mbeadh tairbhe ag baint le clár a bheith ar fáil go poiblí ina luaitear go sonrach na comhlachtaí atá neamh-ghéilliúil, na hiarrachtaí atá ar bun acu na dualgais atá orthu a chomhlíonadh agus má tá sin ag tarlú. D'fhéadfaí iad a bhaint ón gclár poiblí ina dhiaidh sin, má tá a dualgais á gcomhlíonadh acu agus murar bhfuil, ba chóir iad a fhágáil ar an gclár poiblí. Is rud substainteach é sin ann féin do chomhlacht poiblí, go mbeadh sé luaite mar bheith neamh-ghéilliúil i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais. Ó mo thaithí a bheith ag déileáil le comhlachtaí poiblí ó thosaigh mé, ní theastaíonn uathu a bheith luaite, mar shampla sa tuarascáil bhliaintiúil atá faoi láthair i gcás na n-imscrúduithe. Sin ceann de na cúiseanna go mbíonn fonn orthu socrú neamhfhoirmiúil a dhéanamh. Sílim go mbeadh tairbhe faoi leith ag baint le leithéid an gcláir agus go mbeadh ról faoi leith ag an gcoiste maidir le sin chomh maith.
Maidir leis an gceist maoinithe agus mar sin de, bheinn den bharúil go mba ceart féachaint ar bhealaí go bhféadfadh oifigí ombudsman a mhaoiniú seachas ón máthair Roinn féin nó ó Ranna Rialtais éagsúla agus go mbainfeadh tairbhe le sin. Luaigh an t-iar Ombudsman Leanaí, Emily Logan, é seo freisin, ag tús na bliana seo caite. Dúirt sí go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais in obair mar sin, chun maoiniú oifigí ombudsman a shocrú agus a íoc ar chéim mhaoinithe a bheadh sásúil agus gur ceart don oifig sin a fháil. Cabhródh sin chun bearna eile a dhéanamh idir Ranna Rialtais agus oifigí neamhspleácha ar nós m'oifig, Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá m'oifig ag feidhmiú go hiomlán neamhspleách ar aon nós.
Maidir le fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí, faoi láthair, go minic is leor an chontúirt dóibh go nainmneofaí iad go poiblí i dtuarascáil bhliaintiúil. Sílim dá mbeadh clár poiblí ann, go mbeadh tionchar an-mhór aige sin orthu, ar nós mar a luaigh ombudsman na seirbhísís airgid, Bill Prasifka. Sílim go mbeadh tionchar níos mó ag sin. Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí ná go mbeadh cuid amháin den Stát ag gearradh fínéala ar chuid eile den Stát agus go bh'féadfadh gurb é an cáiníocóir a bheadh ag íoc an bhille ag deireadh an lae. B'fhéidir go bhféadfaí féachaint ar chlár poiblí sa gcéad dul síos agus féachaint cén tionchar a bheadh ag sin ar chúrsaí.
Táim sásta gur chuir an Seanadóir an cheist faoi scéimeanna teanga agus faoi cheist na Breataine Bige mar seo rud atá tugtha faoi deara go sonrach agam ó thosaigh mé sa phost seo mar An Coimisinéir Teanga. Tá an Bhreatain Bheag ag imeacht anois ó chóras na scéimeanna teanga. An moladh atá agam do Bhille na dTeangacha Oifigiúla ná go mbeadh ról níos mó ag rialacháin san Acht - go mbeadh níos mó rialachán maidir le dualgais a chur ar chomhlachtaí poiblí, seachas ar scéimeanna teanga. Ba chóir dom a lua go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á aontú ná mar a bhí roimhe seo agus gur aontaíodh níos mó scéimeanna teanga anuraidh, thart ar 20 nó 21 scéimeanna. Táim in amhras faoi cén éifeacht atá ag scéimeanna teanga go ginearálta i gcásanna.
Is féidir cúpla sampla a thabhairt. Mar shampla, i measc na scéimeanna a aontaíodh anuraidh, 2014, bhí scéim teanga údarás aerfort na Sionainne. Deirtear ag an tús gur ceann de na modhanna cumarsáide is mó atá acu le déileáil leis an bpobal é an suíomh idirlíon atá acu, ach nuair a théann duine tríd an scéim teanga deirtear maidir leis an suíomh idirlíon go bhfoilseoidh siad tuarascáileacha corpáideacha bliaintiúil agus mar sin de ar an suíomh - agus sin é. Tá an dualgas sin orthu ar aon nós. Go bunúsach, séard atá á rá acu ná seachas foilseacháin corporáideach an tuarascála bhliaintiúil agus mar sin de, nach mbeidh aon rud eile i nGaeilge ar an suíomh idirlíon. Tá seo ag tarlú tar éis os cionn deich mbliana den Acht Teanga a bheith againn. Tá an comhlacht seo ag rá nach mbeidh an suíomh idirlíon ar fáil i nGaeilge, tar éis a admháil gur sin an modh cumarsáide atá acu leis an bpobal.
Sampla eile in ar chuir mé suntas mór, mar gur iar-iriseoir mé, ná scéim teanga na Roinne Airgeadais. Deirtear sa scéim a aontaíodh anuraidh go méadófaí líon na bpreasráiteas a bheidh á eisiúint acu, ó 20% go 25%. Aontaím gur ardú é sin, ach deirtear chomh maith mura ndéantar é ag an am céanna, go ndéanfar é taobh istigh de 24 uair. Samhlaigh a bheith mar iriseoir agus d'eagarthóir nuachta ag rá leat go bhfuil sé ag iarraidh an scéil sin a chur amach agus go ndeireann tusa go gcaithfidh tú fanacht 24 uair go bhfaighidh to an preasráiteas mar nach bhfuil sé ar fáil fós. Tá seo ag tarlú tar éis deich mbliana de reachtaíocht teanga. An moladh a bheadh agam ná go mbeadh dualgais soiléara leagtha síos sa reachtaíocht i bhfoirm rialacháin a leagfadh dualgais áirithe ar chomhlachtaí poiblí, seachas a bheith ag brath go hiomlán ar scéimeanna teanga, le go mbeadh bealach eile, bealach níos éifeachtaí, le dul i bhfeidm ar chomhlachtaí poiblí.
Luaigh an Seanadóir comhlachtaí príobháideacha chomh maith. Sampla amháin a fheicim i m'áit fhéin i nGaillimh, áit a bhfuil leithéid "Gaillimh le Gaeilge" ann a dhéanann go leor oibre maidir le Gaeilge a chur chun cinn san earnáil phríobháideach agus i measc lucht gnó. Go minic, braitheann sé le cur ina luí ar chomhlachtaí phríobháideacha na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a bheith ag daoine atá ag obair leo agus nithe a bheith ar fáil i gGaeilge agus go gcuidíonn sé sin leo go rialta, ach tá go leor ar ár bpláta cheana féin le comhlachtaí poiblí gan díriú ar sin go sonrach.