Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Baineann an dara réimse ceisteanna leis an gcomhoibriú a fhaigheann an coimisinéir ó na comhlachtaí atá cláraithe cheana agus na Ranna Stáit. Leagadh imscrúdú áirithe ón gcoimisinéir os comhair an chomhchoiste seo agus bhí éisteachtaí againn, go háirithe leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Bhraith mé go raibh drogall an-láidir go deo orthu gan géilleadh do na moltaí a bhí déanta. Bhí an-díoma orm leis an gcur chuige a bhí acu. Is léir nach raibh siad ag glacadh leis na moltaí a bhí déanta. Tá Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcuid A den chlár reachtaíochta a d'fhoilsigh an Rialtas inniu. Dá bhrí sin, glacaim leis go mbeidh an Bille sin ag teacht chugainn go luath.

Ó thaobh na haighneachtaí, bhí próiseas ar bun ag an Roinn maidir le moltaí a fháil ó thaobh an reachtaíocht nua. De réir an léamh atá agam air, bhí cuid mhaith de na moltaí ón bpobal ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Is ábhar díomá é gur tháinig an t-aon dhá aighneacht a bhí ag iarraidh an tAcht a lagú ó Ranna Stáit. Níl a fhios agam an mbeadh sé feiliúnach go ndéarfadh an coimisinéir aon rud faoi na moltaí agus na haighneachtaí a tháinig ón bpobal i rith an phróisis comhairliúcháin. Ar tháinig aon rudaí breise ón bpobal, sa bhreis ar an méid a bhí molta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, gur bhraith an coimisinéir gur fiú iad a scrúdú agus a thógáil san áireamh?

Luaigh an coimisinéir bearnaí i gcinn an Bhille. Tá sé molta aige gur cheart roinnt reachtaíocht a thógáil san áireamh ionas go dtiocfadh sé faoina scáth. Glacaim leis nach bhfuil sa mhéid atá luaite aige sa ráiteas ach cód, ar bhealach. Tá an coimisinéir ag rá linn gur mhaith an rud é na hAchtanna sin - mar shampla, an tAcht Oideachais 1998, Acht an Gharda Síochána, 1924 agus an tAcht Iompair, 1950 - a chlúdach in aon reachtaíocht nua a bheadh i gceist. Glacaim leis go bhfuil deis ann go mbeidh an coiste in ann tacú leis an moladh sin.

Dúirt an coimisinéir freisin gur mhaith an rud a bheadh ann dá mbeadh córas uathoibríoch i gceist amach anseo nuair a bhunaítear comhlacht poiblí. Mhol sé go dtiocfadh a leithéid de chomhlacht go huathoibríoch faoin reachtaíocht nua. An bhfuil deacracht idir an dá linn leis na comhlachtaí eile nach bhfuil daingnithe nó ainmnithe ag an Aire go fóill, agus comhlachtaí poiblí eile a bunaíodh ó cuireadh na bunliostaí le chéile? An bhfuil gá le meicníocht éigin chun na heagrais nua Stáit a bunaíodh ó cuireadh an chéad liosta le chéile, agus nach bhfuil san áireamh go fóill, a thógáil san áireamh?

B'fhéidir go bhfuil tuairim ag an gcoimisinéir ar cheist shonrach amháin a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas. Níl a fhios agam an bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann faoi scáth Oifig an Choimisinéara Teanga, ach tuigtear dom go bhfuil cinneadh déanta ag an údarás sin le tamaillín anuas maidir le gearán a leagadh isteach faoi úsáid na Gaeilge ar chláracha áirithe a bhí á gcraoladh. Tuigim gur aontaigh an t-údarás le leath den ghearáin, agus nár aontaigh an t-údarás leis an leath eile. Níor ghlac an t-údarás leis gur grúpa sainiúil sa tsochaí, a bhféadfaí aird faoi leith a thabhairt orthu, iad Gaeilgeoirí. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas ag an gcoimisinéir faoin ábhar seo. B'fhéidir go mbeidh sé in ann teacht ar ais chugainn faoi. An bhfuil aon tuairimí aige faoin mhéid sin?

Ba mhaith liom labhairt níos déanaí faoi ról an chomhchoiste, ábhar atá an-tábhachtach freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.