Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an gCoimisinéir agus an tUasal Ó Coisdealbha. Fáiltím freisin roimh cheapúcháin an tUasal Ó Coisdealbha. Ceapaim gurb í seo an chéad uair go bhfuil Colm ag dul os comhair choiste sa ról seo.

Tá ceisteanna i réimsí éagsúla a bhaineann leis an méid atá dhá phlé, mar táimid ag plé seo i gcomhthéacs plé atá muid ag déanamh leis na hombudsmen éagsúla agus a rólanna éagsúla. Bhí Bill Prasifka, an fear atá ag plé le cúrsaí airgeadais, os ár gcomhair tamall ó shin. Ceann de na rudaí a luaigh seisean ná, cé go raibh cumhachtaí aige le fada pionós a chur ar dhaoine a bhí neamh-ghéilliúil, is é an slat nó an bata is mó a d'oibrigh dó ná an córas "name and shame" a bhí sé in ann a úsáid, leis na comhlachtaí airgeadais, go háirithe nuair nach raibh siadsan ag déanamh mar a bhí seisean ag treorú. Bhíodar breá sásta na pionóis a íoc ach níor thaithnigh sé leo nuair a bhí sé in ann a n-ainmneacha a chur sa bpáipéar ag rá nach raibh siad ag imirt sa cluiche de réir na rialacha. Feicim go bhfuil sé luaite ag an tUasal Ó Domhnaill, ar bhealach áirithe, go m'bhféidir go mba mhaith an rud é breathnú ar chóras den cineál sin - go mbeadh deis aige ainmniú a dhéanamh ar na comhlachtaí nó na Ranna neamh-ghéilliúil nó ar na coirpigh is measa. An bhféadfadh sé tuilleadh a rá linn faoi sin?

Ar an dtaobh eile den scéal, labhair sé faoi chúrsaí maoinithe agus tá sé ag tagairt faoi seo ó thaobh bliana amháin agus neamhspleáchais de. Deir sé go bhfuil sé neamhspleách go pointe áirithe, ach go bhfuil sé ag brath ar an Rialtas do mhaoiniú na hoifige. Cá stopann an neamhspleáchas mar sin? Bhí Bill Prasifka ag rá go bhfuil córas ag an oifig aige siúd, go bhfuil levy ar siúl ó thaobh na gcomhlachtaí airgeadais agus gur sin an chaoi a ndéantar maoiniú ar an oifig sin. Chuir muid ceisteanna ar faoi sin ag fiafrú ar bhrath sé go raibh siad faoi scáth na gcomhlachtaí airgeadais dá bhrí sin, ach dúirt sé nach raibh mar go raibh an líon a bhí le fáil ar ais uathu leagtha síos i reachtaíocht agus go gcaithidís é a íoc ar nós cáin. Tuigim go gceapann daoine áirithe gur cóir go mbeadh pionóis airgid ar chuid de na Ranna agus go m'bfhéidir go mbeadh géilliúlacht níos fearr ann dá mbeadh orthu airgead a íoc don oifig. B'fhéidir gur bealach maoinithe é sin chomh maith don oifig. An dtabharfaidh an tUasal Ó Domhnaill a thuairim dúinn faoi sin?

Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige os comhair fochoiste eile anseo roimh an Nollaig. Ceann de na rudaí a luaigh sé ná go bhfuil siadsan ag imeacht ó na scéimeanna teanga, mar ceapann siad nach bhfeileann an córas sin níos mó. Deireann an tUasal Ó Domhnaill linn gur bunaíodh a oifig ar an múnla a bhí sa Bhreatain Bheag. An féidir leis níos mó a rá linn faoi na scéimeanna teanga? An bhfuil lá na scéimeanna teanga imithe agus an bhfuil sé in am againn dul i dtreo reachtaíochta níos cruinne a cuirfidh dualgais níos fearr i bhfeidhm? Rud eile a luaigh coimisinéir na Breataine Bige, agus thagair an tUasal Ó Domhnaill dó seo, ná ar chóir breathnú ar an Acht a leathnú amach chuig comhlachtaí neamhbhrabúla, eagraíochtaí dheonacha agus pobail agus comhlachtaí príobháideacha. Nuair a luaigh sé é seo, bhí sé ag rá go bhfuil sé ábalta oibriú le leithéid Tesco, mar go dtagann siadsan faoi reachtaíocht sa Bhreatain Bheag. De réir mar a thuig mé uaidh, níl and dlí prescriptive dóibh sin ach tá oifig an choimisinéara ansin in ann dul amach agus labhair le leithéid Tesco agus iad a mhealladh i dtreo níos mó Bhreatnaise a úsáid agus mar sin de.

An féidir freagra a thabhairt ar an mhéid seo ar dtús agus ba mhaith liom teacht ar ais ansin le tuilleadh ceisteanna?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.