Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

2:10 pm

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh labhairt anseo. Is mise Labhaoise Ní Liatháin agus táim ag freastal ar Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí. Beidh mé ag labhairt inniu mar gheall ar "Post a aimsiú in Éirinn".

Ar an gcéad dul síos, ba bhreá liom dá mbeinn ábalta liosta ollmhór a thabhairt don choiste ar na slite difriúla chun poist a aimsiú in Éirinn, postanna a gcabhródh linn éirí as an gcúlú eacnamaíochta agus a chinnteodh dídean thar ceann gach uile dhuine. Ach i ndáiríre, tá sé an-deacair poist a fháil in Éirinn agus níl siad éasca a aimsiú. Gach lá, feictear clanna i mBaile Bhúirne le tuismitheoir nó déagóir dífhostaithe agus níl aon rogha acu ach a dhul ar eisimirce go tíortha eile cosúil leis an Astráil nó Sasana. Táim cinnte go bhfuil aithne ag beagnach gach duine anseo ar dhaoine atá tar éis ár dtír a fhágáil de bharr easpa post. Tá ár gcomhlachtaí, ár siopaí agus ár mbialanna beaga i mBaile Bhúirne ag streachailt chun poist a chur ar fáil do na daoine sa cheantar.

Gan amhras, tá an t-ádh liom, mar go bhfuil post páirtaimseartha agam sa bhialann áitiúil, "An Muileann" mar fhreastalaí. Táim an-bhuíoch post a bheith agam, mar feicim daoine óga ag tabhairt amach CVanna ag lorg poist agus níl ach mí-ádh i ndán dóibh. Mar sin, bíonn ar dhaoine óga a dtír dhúchais a fhágáil chun poist a fháil agus airgead a thuilleamh. Bíonn ar na daoine óga seo airgead a fháil ar an gcéad dul síos chun dul go dtí an tír nua agus de ghnáth, is iad na tuismitheoirí a thugann an t-airgead sin dóibh. Is léir ó seo go mbíonn a lán brú ar na tuismitheoirí níos mó airgid a shábháil chun go mbeidh airgead acu le tabhairt dá bpáiste le dul ag lorg poist. Ní hamháin sin, ach ní féidir leo bheith cinnte go ngheobhaidh a bpáiste post sa tír nua.

Tá col ceathrar agam a bhfuil mar dhlúthchara agam ach níl aon rogha agam ach slán a rá leis agus barróg a thabhairt dó, mar caithfidh sé dul go Ceanada chun post a fháil. Tá mo chol ceathrar ag imeacht chuig tír eile, ag fágáil a chlann gan an dara rogha agus níl a fhios ag aon duine cé chomh fada agus a mbeidh sé imithe. De réir na staitisticí, ón bhliain 2008 go 2013, tá 177,000 daoine óga idir 15 agus 24 bliain d'aois tar éis dul ar eisimirce ó Éirinn de bharr easpa post sa tír.

I gcónaí, smaoiním siar ar an uair a thagadh an cigire chuig an scoil chun cigireachta a dhéanamh maidir leis an deontas do scéim na deich bpunt. Bhí gach duine sa scoil a bhí ina cónaí sa Ghaeltacht eaglach agus faoi bhrú an €260 sin a thuilleamh, ionas go mbeidís ábalta a rá go bhfuaireadar an t-airgead as a bheith líofa sa teanga. Bheinn breá sásta gach uair a thiocfadh an litir abhaile ag rá go raibh an t-airgead san iomlán faighte againn - an triúr iníon Uí Liatháin. Sin an fáth go bhfuil buntáiste againn sa Ghaeltacht maidir le córas na bpointí, mar go bhfaigheann muid rogha níos fearr do chúrsaí ar phointí níos ísle. Tá a fhios agam go bhfuil seo mífhéaráilte, ach táim buíoch as mar déanann sé é níos éasca dom mo shlí bheatha a bhaint amach mar mhúinteoir bunscoile. Ach cuireann seo a lán brú ar dhaltaí lasmuigh den Ghaeltacht níos mó pointí a fháil, fiú má táthar ag freastal ar scoil laistigh den cheantar Gaeltachta.

Fadhb ollmhór atá againn in Éirinn ná an córas oideachais agus an brú a bhíonn ar dhaltaí pointí a fháil. Bíonn orthu pointí a fháil chun dul chuig an ollscoil chun gur féidir leo céim a bhaint amach a dhéanfaidh sé níos éasca dóibh post a bhaint amach. Ach mar a dúirt mé cheana, tá sé an-deacair post a fháil. Mar sin, caitheann clanna cúpla míle euro chun oideachas maith a sholáthar dá bpáistí. Chomh maith le sin, bíonn orthu airgead a chaitheamh ar chostais bia, leabhar agus áit chónaithe. Ach an chun a bheith ag féachaint ar a leanbh a bheith caite siar sa chathaoir agus ina chónaí sa bhaile mar nach bhfuil aon airgid aige chun teach a leasú a chaitheann siad an t-airgead sin?

Gach lá feictear múinteoirí ag streachailt chun post a fháil agus ag rá nach bhfuil poist ar fáil dóibh. Ach i mo scoil, bhí sé an-deacair múinteoir Fraincise a fháil. Chomh maith le sin, ón taighde a rinne mé, fuair mé amach go raibh 200 post ar fáil in Éirinn do dhaoine atá ábalta Gearmáinis a labhairt. An ndeir sin linn gur chóir do níos mó duine cúrsa teanga a dhéanamh san ollscoil mar is sin an áit ina bhfuil poist ar fáil? I mo thuairim, dá mhúinfí scileanna margaíochta agus fiontraíochta do dhaoine óga atá ag freastal ar scoil, bheadh sin níos cabhraí dóibh níos faide amach ina saol, mar, i ndáiríre, níl na scileanna sin foghlamtha againn.

Sin ráite agus cé gur seans maith é gur mar sin atá an scéal timpeall na tíre, tá an t-ádh linn i mBaile Bhúirne, mar go bhfuil daoine fiontracha ag teacht suas le smaointe nua agus ag cur na smaointí sin i gcrích ag bunú a gcomhlachtaí féin agus ag cruthú fostaíochta sa cheantar. Mar shampla, bhunaigh ár mbúistéir áitiúil comhlacht ag déanamh agus ag díol putóg dhubh agus bán agus tá ár mbácús áitiúil ag díol a earraí féin i siopaí áitiúla i mBaile Bhúirne. Tá an t-ádh linn freisin de bharr go bhfuil muid inár gcónaí sa Ghaeltacht, mar go dtugann Údarás na Gaeltachta deontais do na comhlachtaí a mbunaítear i gceantair Ghaeltachta, mar shampla, Folláin, comhlacht déantús subh atá ar díol timpeall na tíre. Tugann Údarás na Gaeltachta cabhair do chomhlachtaí an comhlacht a mhéadú mar go bhfuiltear suite sa Ghaeltacht, ach tá an méid is ísle fiontar san Eoraip in Éirinn. Dá mbeidís ábalta teacht ar airgeadas, mar shampla, cáin an t-oibrí a ísliú, bheadh sé níos éasca do fhiontraithe tús a chur le comhlacht.

Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an méid is lú oibre ar fáil d'oibrithe tógála. Dá mbeadh níos mó fiontraithe timpeall na tíre, bheadh níos mó oibre ar fáil d'oibrithe tógála agus bheadh níos lú daoine gan phost in Éirinn.