Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

2:10 pm

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Rosie Allemby, Sinéad Ní Bhuachalla agus Cathal Ó Broin, as Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, roimh Shane Eakins, Conchubhair Ó Cléirigh agus Condlae Mac Corraidhín, as Coláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh, Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo agus roimh Labhaoise Ní Liatháin, Síle Ní Shuibhne agus Sinéad Ní Mhuinmheacháin as Coláiste Ghobnatan, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Contae Chorcaí.

Cuirim fáilte roimh chách anseo inniu. Is cuid de Sheachtain na Gaeilge an cruinniú seo agus is onóir dom a bheith mar Chathaoirleach air. Gabhaim buíochas leis na trí scoileanna atá anseo, na finnéithe, na múinteoirí agus na daltaí eile atá san áiléir poiblí. Tá trí ábhar ar an gclár inniu agus tig le finnéithe labhairt ar aon cheann dóibh. Is fúthu féin an rogha a dhéanamh. Táim cinnte go mbeidh díospóireacht shuimiúil agus spéisiúil againn leis na daltaí agus táim ag tnúth lena mbarúlacha a chloisteáil - barúlacha shaoránaigh óg na hÉireann, barúlacha na glúine atá ag teacht chun cinn.

Glacfaidh muid le hóráid ó gach scoil ar dtús agus leanfaidh muid ar aghaidh mar sin. I ndiaidh sin, beidh díospóireacht againn idir na daltaí agus na comhaltaí atá anseo. Tosóimid le Coláiste de hÍde, ansin Coláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh agus ansin críochnóimid le Coláiste Ghobnatan.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh labhairt anseo. Is mise Labhaoise Ní Liatháin agus táim ag freastal ar Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí. Beidh mé ag labhairt inniu mar gheall ar "Post a aimsiú in Éirinn".

Ar an gcéad dul síos, ba bhreá liom dá mbeinn ábalta liosta ollmhór a thabhairt don choiste ar na slite difriúla chun poist a aimsiú in Éirinn, postanna a gcabhródh linn éirí as an gcúlú eacnamaíochta agus a chinnteodh dídean thar ceann gach uile dhuine. Ach i ndáiríre, tá sé an-deacair poist a fháil in Éirinn agus níl siad éasca a aimsiú. Gach lá, feictear clanna i mBaile Bhúirne le tuismitheoir nó déagóir dífhostaithe agus níl aon rogha acu ach a dhul ar eisimirce go tíortha eile cosúil leis an Astráil nó Sasana. Táim cinnte go bhfuil aithne ag beagnach gach duine anseo ar dhaoine atá tar éis ár dtír a fhágáil de bharr easpa post. Tá ár gcomhlachtaí, ár siopaí agus ár mbialanna beaga i mBaile Bhúirne ag streachailt chun poist a chur ar fáil do na daoine sa cheantar.

Gan amhras, tá an t-ádh liom, mar go bhfuil post páirtaimseartha agam sa bhialann áitiúil, "An Muileann" mar fhreastalaí. Táim an-bhuíoch post a bheith agam, mar feicim daoine óga ag tabhairt amach CVanna ag lorg poist agus níl ach mí-ádh i ndán dóibh. Mar sin, bíonn ar dhaoine óga a dtír dhúchais a fhágáil chun poist a fháil agus airgead a thuilleamh. Bíonn ar na daoine óga seo airgead a fháil ar an gcéad dul síos chun dul go dtí an tír nua agus de ghnáth, is iad na tuismitheoirí a thugann an t-airgead sin dóibh. Is léir ó seo go mbíonn a lán brú ar na tuismitheoirí níos mó airgid a shábháil chun go mbeidh airgead acu le tabhairt dá bpáiste le dul ag lorg poist. Ní hamháin sin, ach ní féidir leo bheith cinnte go ngheobhaidh a bpáiste post sa tír nua.

Tá col ceathrar agam a bhfuil mar dhlúthchara agam ach níl aon rogha agam ach slán a rá leis agus barróg a thabhairt dó, mar caithfidh sé dul go Ceanada chun post a fháil. Tá mo chol ceathrar ag imeacht chuig tír eile, ag fágáil a chlann gan an dara rogha agus níl a fhios ag aon duine cé chomh fada agus a mbeidh sé imithe. De réir na staitisticí, ón bhliain 2008 go 2013, tá 177,000 daoine óga idir 15 agus 24 bliain d'aois tar éis dul ar eisimirce ó Éirinn de bharr easpa post sa tír.

I gcónaí, smaoiním siar ar an uair a thagadh an cigire chuig an scoil chun cigireachta a dhéanamh maidir leis an deontas do scéim na deich bpunt. Bhí gach duine sa scoil a bhí ina cónaí sa Ghaeltacht eaglach agus faoi bhrú an €260 sin a thuilleamh, ionas go mbeidís ábalta a rá go bhfuaireadar an t-airgead as a bheith líofa sa teanga. Bheinn breá sásta gach uair a thiocfadh an litir abhaile ag rá go raibh an t-airgead san iomlán faighte againn - an triúr iníon Uí Liatháin. Sin an fáth go bhfuil buntáiste againn sa Ghaeltacht maidir le córas na bpointí, mar go bhfaigheann muid rogha níos fearr do chúrsaí ar phointí níos ísle. Tá a fhios agam go bhfuil seo mífhéaráilte, ach táim buíoch as mar déanann sé é níos éasca dom mo shlí bheatha a bhaint amach mar mhúinteoir bunscoile. Ach cuireann seo a lán brú ar dhaltaí lasmuigh den Ghaeltacht níos mó pointí a fháil, fiú má táthar ag freastal ar scoil laistigh den cheantar Gaeltachta.

Fadhb ollmhór atá againn in Éirinn ná an córas oideachais agus an brú a bhíonn ar dhaltaí pointí a fháil. Bíonn orthu pointí a fháil chun dul chuig an ollscoil chun gur féidir leo céim a bhaint amach a dhéanfaidh sé níos éasca dóibh post a bhaint amach. Ach mar a dúirt mé cheana, tá sé an-deacair post a fháil. Mar sin, caitheann clanna cúpla míle euro chun oideachas maith a sholáthar dá bpáistí. Chomh maith le sin, bíonn orthu airgead a chaitheamh ar chostais bia, leabhar agus áit chónaithe. Ach an chun a bheith ag féachaint ar a leanbh a bheith caite siar sa chathaoir agus ina chónaí sa bhaile mar nach bhfuil aon airgid aige chun teach a leasú a chaitheann siad an t-airgead sin?

Gach lá feictear múinteoirí ag streachailt chun post a fháil agus ag rá nach bhfuil poist ar fáil dóibh. Ach i mo scoil, bhí sé an-deacair múinteoir Fraincise a fháil. Chomh maith le sin, ón taighde a rinne mé, fuair mé amach go raibh 200 post ar fáil in Éirinn do dhaoine atá ábalta Gearmáinis a labhairt. An ndeir sin linn gur chóir do níos mó duine cúrsa teanga a dhéanamh san ollscoil mar is sin an áit ina bhfuil poist ar fáil? I mo thuairim, dá mhúinfí scileanna margaíochta agus fiontraíochta do dhaoine óga atá ag freastal ar scoil, bheadh sin níos cabhraí dóibh níos faide amach ina saol, mar, i ndáiríre, níl na scileanna sin foghlamtha againn.

Sin ráite agus cé gur seans maith é gur mar sin atá an scéal timpeall na tíre, tá an t-ádh linn i mBaile Bhúirne, mar go bhfuil daoine fiontracha ag teacht suas le smaointe nua agus ag cur na smaointí sin i gcrích ag bunú a gcomhlachtaí féin agus ag cruthú fostaíochta sa cheantar. Mar shampla, bhunaigh ár mbúistéir áitiúil comhlacht ag déanamh agus ag díol putóg dhubh agus bán agus tá ár mbácús áitiúil ag díol a earraí féin i siopaí áitiúla i mBaile Bhúirne. Tá an t-ádh linn freisin de bharr go bhfuil muid inár gcónaí sa Ghaeltacht, mar go dtugann Údarás na Gaeltachta deontais do na comhlachtaí a mbunaítear i gceantair Ghaeltachta, mar shampla, Folláin, comhlacht déantús subh atá ar díol timpeall na tíre. Tugann Údarás na Gaeltachta cabhair do chomhlachtaí an comhlacht a mhéadú mar go bhfuiltear suite sa Ghaeltacht, ach tá an méid is ísle fiontar san Eoraip in Éirinn. Dá mbeidís ábalta teacht ar airgeadas, mar shampla, cáin an t-oibrí a ísliú, bheadh sé níos éasca do fhiontraithe tús a chur le comhlacht.

Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an méid is lú oibre ar fáil d'oibrithe tógála. Dá mbeadh níos mó fiontraithe timpeall na tíre, bheadh níos mó oibre ar fáil d'oibrithe tógála agus bheadh níos lú daoine gan phost in Éirinn.

Mr. Shane Eakins:

A Sheanadóirí, Teachtaí Dála agus a chairde go léir, is mise Shane Eakins agus is mór an onóir dom an deis seo a bheith agam a bheith anseo inniu ag labhairt os comhair an choiste agus ag tabhairt mo chuid tuairimí dó. Beidh mé ag labhairt inniu faoi théamh domhanda agus ag plé na ceiste - an orainne an locht?

Ar an gcéad dul síos, céard atá i gceist le téamh domhanda? Is éard atá i gceist le téamh domhanda ná an méadú taifeadta ar mheán teocht atmaisféar agus fharraigí an domhain. Na gníomhaíochtaí is mó a chruthaíonn an fhadhb seo ná dífhoraoisiú agus dó breoslaí iontaise. Cloistear an téarma an iarmhairt cheaptha teasa go minic freisin. Is éard atá i gceist leis seo ná ciseal tanaí de gháis atá thar timpeall an domhain san atmaisféar. Gabhann gáis áirithe san atmaisféar, mar shampla dé-ocsaíd charbóin, meatán agus galuisce, an fuinneamh ón ngrian. Is féidir le daoine, de bharr a gcuid gníomhaíochtaí, níos mó de na gáis cheaptha teasa a chruthú agus ar an mbealach seo faigheann an t-atmaisféar tuilleadh teasa. Dá bharr seo, ardaíonn teocht an domhain, agus tarlaíonn téamh domhanda mar thoradh air. Tá eolaithe ag rá go leanfaidh na teochtaí ag ardú má leanann muid ag méadú na méideanna de gháis cheaptha teasa a chuirimid san atmaisféar.

Mar a deir na saineolaithe, tá an teocht ag ardú agus tá an t-atmaisféar níos teo ná riamh. Cén tionchar atá ag seo? Cheana féin tá na cnapáin oighir ag leá sa Mhol Thuaidh. Tá leibhéal na farraigí ag ardú agus is scéal imníoch é sin do mhuintir na hÉireann, go háirithe na daoine atá ina gcónaí ar an gcósta. Le himeacht ama beidh oileáin agus tíortha ar an gcósta ag fáil níos lú gach bliain agus tar éis tamall beidh cuid acu faoi uisce ar fad. Gan dabht, tá eagla orm faoi seo. Cinnte, b'fhéidir nach bhfeicfimid é sin le linn m'aois, ach beidh tionchar aige ar na glúine atá le teacht. Tá muidne ag ullmhú an domhain do na daoine atá ag teacht inár ndiaidh. Beidh an-chuid fadhbanna acu má leanann muid ar aghaidh sa chaoi a bhfuil agus atá muid faoi láthair. Ní hé leibhéal na farraige ag ardú an t-aon fhadhb atá againn; tá athrú na haimsire feicthe againn cheana féin leis an mbáisteach, na tuilte, an ghaoth, na stoirmeacha agus mar sin de. Tá sé seo ag tarlú mar gheall ar an téamh domhanda. Caithfimid ár mbealaigh a athrú sula n-éireoidh rudaí i bhfad níos measa ná mar atá. Chonaic muid an méid damáiste a rinne an drochaimsir timpeall an domhain le déanaí, go háirithe in Éirinn - na mílte, fiú na milliún euro de dhamáiste. Is léir go bhfuil sé seo ag cur breis costas orainn chomh maith. Leanfaidh sé ar aghaidh agus gheobhaidh sé níos measa le himeacht aimsire.

An orainne an locht? Bhuel i mo thuairimse cinnte tá an locht orainn. Ní féidir é sin a shéanadh agus ní cheapfainn go bhfuil aon duine ann a déarfadh a mhalairt, mar is muidne atá ina chónaí sa domhan seo agus is muidne atá freagrach as.

Ag an am céanna, ceapaim go bhfuil an réiteach againn freisin. Tá damáiste déanta cheana féin agus ní féidir an clog a chur siar. Is féidir go leor de na rudaí atá ag cur leis an téamh domhanda a stopadh. Ní gá ach na gcleachtais atá againn a athrú ar bhealach níos glaine agus níos glaise. Cé go bhfuil cuid de na rudaí seo an-simplí ar fad, tá taithí ag daoine ar na gcleachtais atá acu cheana féin agus is dócha go bhfuil sé an-deacair iad a athrú.

Cén fáth go bhfuil an locht orainn? Luaigh mé níos luaithe gur iad an díchoilltiú agus dó breoslaí iontaise na rudaí is mó atá ag cur le téamh domhanda. Is muidne atá ag déanamh na rudaí seo. Táimid ag cur go leor ceimicí agus gáis - dé-ocsáid charbóin, mar shampla - isteach san aer gach lá. Tá na gáis seo ag déanamh dochair don ozón. Dá bhrí sin, tá ciseal an ozóin ag laghdú go tapaidh. Tá na bóithre plódaithe le carranna. Tá níos mó ná carr amháin ag go leor teaghlaigh. Ní haon ionadh go bhfuil téamh domhanda ag tarlú leis an méid carranna atá ar na bóithre agus an méid ceimiceán atá ag teacht astu? Ba cheart dúinn an córas iompair phoiblí a fheabhsú agus iallach a chur ar dhaoine é a úsáid. Ba smaoineamh iontach é an Luas. Ba cheart do dhaoine a úsáideann carr agus iad ag dul ag obair síob a thabhairt do dhaoine eile atá ag dul sa treo céanna. Laghdódh sé sin fadhb an téamh domhanda agus an méid trácht ar na bóithre ag an am céanna. Tá na breoslaí eile atáimid ag dó, ar nós ola, gáis, gual agus móin, ag glacadh páirt mhór san fhadhb seo freisin. Le deich mbliana anuas, táimid ag úsáid níos mó dóibh ná mar a bhí riamh. Caithfimid gearradh síos ar channaí le CFCs freisin agus rudaí mar sin a chuireann ceimicí san atmaisféar.

Tá truailliú uisce thart orainn. Tá ceimiceáin i gcónaí ag sileadh isteach sna haibhneacha agus locha. Is cuimhin linn na fadhbanna móra a bhí i nGaillimh le blianta beaga anuas. Ní raibh éinne in ann an t-uisce a ól. Bhí orthu uisce a cheannach sna siopaí. Bíonn bruscar ag dul freisin óna monarchana isteach sna farraigí chuile lá sa tseachtain. Tá ár n-éisc, ár bhfarraigí agus ár dtimpeallacht i mbaol. Caithfidh comhlachtaí agus monarchana a bheith níos cúramaí leis an gcaoi a bhfaigheann siad réidh le bruscar agus ceimicí. An bhfuil aon réitigh eile ar na fadhbanna seo? Tá neart gur féidir linn a dhéanamh. Tá béim mhór ar athchúrsáil sa lá atá inniu ann. Ba cheart do gach éinne iarracht níos fearr a dhéanamh rudaí a athchúrsáil. Is beag rud nach féidir a athchúrsáil anois - buidéal gloine nó plaisteach, páipéir, cannaí, éadaí, cuisneoirí agus cadhnraí, srl. Tá gá le níos mó ionaid athchúrsála a chur ar fáil i ngach baile sa tír. Tá oideachas ag teastáil. Tá feachtas fógraíochta de dhíth chun daoine a chur ar an eolas. Is féidir linn gach saghas fearas leictreachas a mhúchadh muna bhfuil sé in úsáid againn, doirse a dhúnadh leis an teas a choinneáil isteach, déanamh cinnte de go bhfuil ár dtithe inslithe ar ardchaighdeáin ionas nach dtéann an fuinneamh amach na fuinneoga nó tríd an áiléar, crainn a chur agus foinsí fuinneamh in-athnuaite a úsáid níos mó más féidir.

Mar mhuintir na hÉireann, caithfimid an rogha cheart a dhéanamh anois. Má ardaítear na cánacha ar rudaí faoi leith a dhéanann dochar don atmaisféar, tosóidh daoine ag éisteacht go géar agus seans maith go mbeidh siad níos cúramaí. Sa suíomh eacnamaíochta ina bhfuilimid anois, níl airgead ag daoine le cur amú. Is cuimhin linn cad a tharla leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha. Tosóidh daoine ag smaoineamh ar an timpeallacht agus ar an téamh domhanda atá ag scriosadh ár bplainéad. Tá orainn gníomhú le chéile láithreach; mar a deir an seanfhocal, "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Tá an todhchaí anseo. Mar fhocal scoir, ceapaim go bhfuil an milleán le cur orainn. Ba cheart rud éigin fiúntach a dhéanamh anois. Caithfimid oibriú le chéile. Mar a deir an seanfhocal, ní fiú bheith ag seanchas agus an anachain déanta. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu. Tá súil agam gur bhain na comhaltaí taitneamh as mo chuid cainte.

2:20 pm

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim anois ar Shinéad Ní Bhuachalla.

Ms Sinéad Ní Bhuachalla:

Is dalta sa chúigiú bliain i gColáiste de hÍde mé. Táim anseo chun labhairt leis an gcoiste faoin scéal maidir le poist a aimsiú in Éirinn. Caitheann daltaí na hÉireann 14 bliain dá saolta sa chóras oideachas. Ó aois a ceathair nó a cúig go dtí go bhfuilimid 17 nó 18 bliain d'aois, caitheann daltaí an chuid is mó dá gcuid ama i seomra ranga. I rith an ama sin, caitheann daltaí uair i ndiaidh uaire ag foghlaim is ag éisteacht le múinteoirí. Tar éis dóibh seacht nó ocht n-uaire a chloig a chaitheamh ar scoil, bíonn orthu dul abhaile agus níos mó oibre a dhéanamh. Bíonn scrúdaithe ranga acu go rialta. Bíonn daltaí i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid torthaí. Bíonn smaointe ag gach dalta faoin mhéid atá ar intinn acu a dhéanamh nuair a fhágann siad an scoil. B'fhéidir go bhfuil sé i gceist acu bheith ina múinteoirí, ina mbanaltraí nó ina ndochtúirí?

Déanann daltaí an ardteistiméireacht sa bhliain deireanach den mheánscoil. Rinne 55,572 dalta Éireannach an ardteistiméireacht sa bhliain 2013. Caitheann daltaí lá is oíche ag staidéar do na scrúdaithe seo. Déanann an-chuid dóibh ranganna breise tar éis na scoile, agus costas ard orthu, chun iarracht a dhéanamh torthaí maithe a bhaint amach. Le dhá bhliain anuas, tháinig méadú ó 8,000 go dtí níos mó ná 13,000 ar líon na ndaltaí a thóg an scrúdú ardléibhéal sa mhata mar gheall go raibh níos mó daoine ag iarraidh leanúint ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus bhí pointí breise ón mata ag teastáil uathu. Tá na daltaí seo san ollscoil anois, ag obair go dian chun céim a bhaint amach. Caitheann daoine breis agus ceithre bliana ag staidéar chun céim a bhaint amach. Bíonn costas ard ag baint leis seo ar fad. Sa scoilbhliain 2008-09, chosain na táillí iontrála don ollscoil €850. Tá na táillí seo méadaithe go dtí €2,500 ó shin i leith, fiú gan seachas costais leabhar agus taisteal, srl., a thógaint san áireamh. Nuair a fhreastalóidh mé ar an ollscoil, cosnóidh na táillí €3,000. Tá beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin agam. Tá an ceathrar againn ag iarraidh freastal ar an ollscoil. De bharr go bhfuil na táillí ag ardú ó bhliain go bliain, tá baol ann nach mbeidh an deis seo againn. Deirtear go bhfuil oideachas saor in aisce, ach an ionann €3,000 agus rud atá saor in aisce?

Tar éis do dhaoine na céadta agus na mílte euro a chaitheamh sa chóras oideachais ar leabhair, éadaí scoile, taisteal agus táillí breise, srl., is minic nach mbíonn aon phost a bheith ar fáil dóibh faoi dheireadh. Tá daoine cáilithe, a chaith 20 bliain ag staidéar, nach bhfuil post nó airgead acu. Caithfidh siad an tír seo a fhágáil chun post a fháil, nó post níos bunúsaí a thógáil sa tír seo. Tá ardú tagtha ar rátaí eisimirce na tíre seo. Ní raibh siad chomh hard ó aimsir an Ghorta Mhóir, nuair a d'fhág daoine an tír seo chun saol níos fearr a bheith acu. Tá an ré chéanna ann arís anois, agus muintir na tíre seo ag tógáil an bháid bháin. Tá gaolta linn ar fad ag fágáil na tíre lá i ndiaidh lae ag lorg poist dóibh féin ionas go mbeidh slí mhaireachtála níos fearr acu agus a gclann. Níl go leor taithí ag daoine atá díreach tar éis teacht amach ón ollscoil. Bíonn fostóirí ag lorg fostaithe le go leor taithí. Conas a gheobhaidh daoine taithí muna bhfuil éinne sásta é a thabhairt dóibh? D'fhás an scéim náisiúnta intéirneachta JobBridge ón smaoineamh seo. Tá daoine ábalta taithí a fháil i gcomhlacht ar bith agus iad ag obair ar feadh tréimhse idir sé mhí agus ocht mí. Oibríonn na hintéirnigh gan phá ón gcomhlacht, ach tugann Jobbridge €50 dóibh ar bharr an t-airgead a thugann an Rialtas dóibh in aghaidh na seachtaine. Níl mórán airgead é seo don obair a bhíonn á dhéanamh acu. Ar a laghad, faigheann siad taithí sa dheireadh. Tá sé intuigthe do intéirnigh go mbeidh post acu faoi dheireadh, ach ní mar sin a tharlaíonn an chuid is mó den am. Fágann an comhlacht slán le hintéirneach amháin agus cuireann sé fáilte roimh cheann nua. Déanann siad é seo chun airgead a shábháil gan phá a híoc. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu.

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, tógfaimid ceisteanna ó bhaill an choiste. Iarraim ar an Teachta Mulherin ceist nó dhó a cur.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an-áthas orm bheith anseo inniu chun fáilte mhór a chur roimh na daltaí, na múinteoirí agus na tiománaithe. Tá an-bhród orm bheith ag éisteacht leis na finnéithe agus Gaeilge chomh maith agus chomh flúirseach á úsáid acu. Is rud an-tábhachtach é dúinn iarracht níos mó a dhéanamh ár dteanga náisiúnta a úsáid. Tar éis bheith ag éisteacht leis na daltaí inniu, déanfaidh mé iarracht níos mó as seo amach. Bhí mé ag foghlaim na Gaeilge fadó, ach tá mé ag obair anois agus b'fhéidir nach úsáidim an teanga chomh minic is a d'fhéadfainn. Déanfaidh mé iarracht arís. Ba mhaith liom "maith thú" agus "comhghairdeas" a rá leis na scoláirí atá romhainn. Tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh as an lá.

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, ach tá botún déánta agam. Bhí sé de cheart agam deis a thabhairt do na cainteoirí go léir ar dtús. Dá bhrí sin, glaoim anois ar Shíle Ní Shuibhne.

Ms Síle Ní Shuibhne:

Táim anseo inniu ag caint faoi phoist a aimsiú in Éirinn. I mo thuairim, tá an Rialtas ag láimhseáil fostaíocht in Éirinn i slite atá míchothrom agus dian. Tá siad ag gearradh siar ar phoist in áiteanna beaga, cosúil le bailte beaga faoin tuath. De ghnáth i mbailte cosúil le mo bhaile féin, bíonn siopa nó dhó, tigh tábhairne, bunscoil agus meánscoil le líon beag daltaí, agus oifig an phoist. Ní bhíonn deis fostaíochta eile ag roinnt daoine seachas bheith ag obair sna háiteanna seo. Tá sé dochreidte go gceapann an Rialtas go mbeadh sé ceart daoine a chur as obair, go háirithe in áiteanna iargúlta. Táimid ag déanamh tagartha go speisialta d'fheachtas an Rialtais le blianta beaga anuas a dhírigh isteach ar dhúnadh na hoifigí phoist i gceantair beaga.

Feachtas éifeachtach ab ea é gan dabht i dtaobh sábháil airgid agus athlárú, ach cad faoi na poist atá caillte ag muintir na háite agus, níos measa fós, an fhaillí atá déanta ar sheanóirí na tíre seo. Cá rachaidh siad anois chun a bpinsean a bhailiú mura tiomáineann siad? Conas a ghluaisfidh siad timpeall. Níl ach córas iompair phoiblí fánach in áiteanna iargúlta. Os rud é go bhfuil na foirgnimh seo tréigthe anois, tá droch-thionchar ollmhór aige sin ar an bpobal áitiúil. Tuigim go bhfuil brú ar an Rialtas, ach fós níor cheart do mhuintir na hÉireann fulaingt leis an uasmhéid dífhostaíochta atá sa tír faoi láthair.

Ceapaim féin go ndéantar dearmad glan ar na scoileanna beaga timpeall na tíre. Tá mo mháthair mar phríomhoide ar scoil dhá oide faoin tuath, san áit ina bhfuilim i mo chónaí. Is scoil bheag í agus d'fhreastail mé féin uirthi. Is scoil álainn í, le háiseanna den chéad scoth agus i ndáiríre ba thrua mhór é dá mbeadh orthu í a dhúnadh síos, leis an méid iarrachta atá déanta ag gach duine sa cheantar í a choimeád oscailte. Tá meon diúltach i mo thuairim ag an Rialtas i dtaobh scoileanna beaga i gceantair éagsúla. Níl an meon seo ag déanamh aon rud chun feabhas a chur ar an scéal i dtaobh poist a aimsiú in Éirinn. Ní dóigh liom go dtuigtear nach bhfuil bunscoil eile lán Ghaeilge timpeall mo cheantar laistigh den Ghaeltacht agus dá ndúnfaí síos í bheadh ar gach leanbh óg freastal ar scoil Bhéarla lasmuigh den Ghaeltacht. Dá bharr, chaillfí ár dteanga dhúchais agus ní féidir a shéanadh go gcaillfí ár gcultúr cáiliúil ina measc. Tá súil agam go bhfeiceann an coiste go mbeadh tionchar ollmhór aige seo ar mhuintir mo cheantar agus gan dabht an-chuid daoine eile.

Caitear oideachas a lua nuair atá fostaíocht á phlé. Faoi láthair tá brú ar dhaoine óga atá ag iarraidh iad féin a ullmhú don todhchaí agus don saol mór. Tá mórán roghanna le déanamh acu, ach gan mórán dóchais i dtaobh fostaíochta de. Chomh maith leis seo, fágtar daltaí sna meánscoileanna faoi bhrú agus faoi strus uafásach faoi na roghanna a chaitear a dhéanamh i dtaobh a n-ábhair don ardteistiméireacht. Go háirithe, anois leis an ardleibhéal mata, bíonn brú ar dhaltaí tabhairt faoi chun pointí breise a fháil. Tuigim go dteastaíonn ón Rialtas caighdeán mata na tíre a ardú, ach tá méid áirithe daltaí meánscoile nach bhfuil ábalta tabhairt faoi chun ardmarcanna a fháil. Ní thuigeann an Rialtas go mbíonn drochthionchar aige seo ar thorthaí daltaí na hardteistiméireachta. Caillfidh siad amach ar áit i gcúrsaí ollscoile toisc gur theip orthu nó nach ndearnadar ardleibhéal mata a bhí mar riachtanas don chúrsa áirithe sin. Is féidir liom a rá, mar dhalta sa chúigiú bhliain sa mhéanscoil, go mbíonn go leor brú ar dhaltaí san ardteistiméireacht. Is fiú an cúrsa ardleibhéal mata ábhar go leith sa bhreis in airde ar gach rud eile. Bíonn eachtraí éagsúla eile ar siúil ag déagóirí lasmuigh den scoil chomh maith. Measaim nach dtuigeann an Rialtas go mbíonn saol lasmuigh den scoil ag déagóirí.

Tuigim go bhfuil ceann de na córais oideachais is fearr againn san Eoraip, ach is léir go bhfuil míbhuntáistí ag ár gcóras faoi láthair. Tá barrachas dóibh ann, le táillí ollscoile ina measc. De bharr an chúlú eacnamaíochta, ní bheidh daoine ábalta freastal ar an gcoláiste gan airgead. Ní chlúdóidh na deontais na costais seo agus dá bharr sin, ní bheidh daoine ag freastal ar an ollscoil ná fiú ag teacht amach le cáilíochtaí le poist a fháil ina dhiaidh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil drochthionchar ag gach rud thuas luaite agam i dtaobh poist a aimsiú in Éirinn. Tá sé ag éirí níos deacra teacht ar fhostaíocht agus fanachtt i bhfostaíocht sa tír seo. Creidim go láidir go gcaithfear athrú a dhéanamh láithreach bonn chun feabhas a chur ar chúrsaí.

É sin go léir ráite agam, níl tábhacht an dóchais caillte orm ach oiread. Ar an dea-uair, ní féidir spiorad fiontrach phobail na tíre seo a mhúchadh. Feicim é seo i dtaobh an méid daoine a rug greim ar a dtodhchaí féin agus a thapaigh an deis tosú ar an scríoblíne chun a ngnó féin a bhunú. Ní féidir a shéanadh go dtugann a leithéid spreagadh agus ardú meanman dá bpobal dúchasach agus dom féin mar dhuine óg. B'fhéidir gurb é sin an bóthar atá romham féin amach agus más é, rachaidh mé sa tóir air le cíocras. Ar deireadh thiar thall: Ní neart go cur le chéile.

2:30 pm

Mr. Conchubhair Ó Cléirigh:

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí, a mhúinteoirí, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus a chairde uile, is mise Conchúr Ó Cléirigh, agus is cúis mhór áthais dom seasamh in bhur láthair inniu, i dTeach Laighean, mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Is déagóir mise atá ag freastal ar Choláiste Naomh Mhuireadaigh agus is mór an onóir dom an deis seo a fháil, ar son na scoile, mo chuid tuairimí a nochtadh agus a roinnt libh faoin topaic seo a leanas - post a aimsiú in Éirinn. Tá ríméad orm go bhfuil ar mo chumas an deis seo a fháil agus táim chun an deis a thapú le labhairt libh. Tá súil agam go n-éistfidh sibh go cúramach lena bhfuil le roinnt agam libh.

Mar a luaigh mé libh cheana, is déagóir mé agus go ceann cúpla bliain eile beidh mé ag freastal ar ranganna i mo scoil. Mar sin, níl aon bhrú orm faoi láthair post a aimsiú. Ach é sin ráite, tuigim go bhfuil an t-ádh ormsa, agus ar mo chomhscoláirí i gColáiste Naomh Mhuireadaigh, nach bhfuilimid faoi bhrú post a aimsiú láithreach. Nuair a bheidh na scrúduithe ardteistiméireachta déanta againn agus na pointí saothraithe againn, beimid ag tabhairt aghaidh ar an gcoláiste tríú leibhéal. Tuigim go bhfuil an t-ádh dearg orm, mar nach bhfuil orm dul amach agus post a aimsiú chun airgead a shaothrú. Tá an t-ádh orm go bhfuil ar mo chumas fanacht ar scoil agus le cúnamh Dé, freastal ar an ollscoil amach anseo. Mar ní féidir a shéanadh ach go bhfuil sé fíordheacair post ar bith a aimsiú in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Léimid faoin dífhostaíocht sna nuachtáin. Cloisimid faoin easpa post sna meáin ó cheann ceann an lae. Tá aithne againn go léir ar dhaoine óga atá imithe ar an mbád bán nó ar an eitleán go tíortha i bhfad i gcéin. Ach buíochas le Dia, go dtí go mbeidh an ardteistiméireacht déanta againn agus céim ollscoile bainte amach againn, ní bheidh brú orainn post a aimsiú. Ní bheidh muid buartha faoin nganntanas post atá ag cur as don dream dífhostaithe. Creidim go láidir go gcabhraíonn an córas oideachais linn poist a aimsiú. Le cáilíochtaí oideachais ar nós scrúduithe stáit, gradaim FETAC, teastais, céimeanna agus máistreachtaí, beidh seans níos fearr againn poist a aimsiú amach anseo. Ar a laghad, nuair a bhíonn déagóirí na tíre ag freastal ar oideachas lánaimseartha, ní bhíonn brú fostaíochta orainn agus cuireann cáilíochtaí oideachais lenár gcumas post a aimsiú.

Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuireann an Rialtas ar ár gcumas agus ar chumas déagóirí i gcoitinne fanacht sa chóras oideachais. Caithfear tacú linn agus lenár dtuismitheoirí atá ag íoc táillí arda le hoideachas a chur orainn, ionas go mbeidh deiseanna againn poist a aimsiú in Éirinn. Cinnte, tá neart deiseanna oideachais agus bealaí éagsúla le cáilíochtaí a fháil in Éirinn, luaigh mé roinnt acu sin cheana féin. Bhíodh agus tá fós clú ar chóras oideachais na tíre seo. Tír na naomh agus na hollúna a thugtaí orainn. Níl a fhios agam faoi na naoimh, ach is cinnte go bhfuil níos mó déagóirí ná riamh ag iarraidh freastal ar an gcóras tríú leibhéal agus cáilíochtaí oideachais a ghnóthú, le cur ar a gcumas post a aimsiú in Éirinn. Is léir go bhfuil poist ar fáil - nach bhfuil ceanncheathrú Eorpach Google lonnaithe i mBaile Átha Cliath? Tá comhlachtaí teicneolaíochta ag bogadh go dtí an tír seo toisc go bhfuil oibrithe cáilithe ar fáil in Éirinn. Ach níl dóthain post ar fáil.

Tá glúin eile ag fágáil shlán leis an tír seo. Tá buachaillí agus cailíní óga ag fágáil shlán lena muintir, lena n-áit dúchais, lena bhfoireann pheile, lena n-oidhreacht agus lena dtraidisiún le dul thar lear le post a aimsiú. Nach bhfuil cathair Londain lán go béal le muintir na hÉireann? Nach bhfuil Sydney na hAstráile plódaithe le muintir na hÉireann? Nach fíor go bhfuil Toronto, Melbourne, Perth, Nua Eabhrach agus San Francisco lán arís le hóige na hÉireann mar nach féidir leo post a aimsiú in Éirinn? Is gearr go mbeidh Lá le Pádraig ann. Ní hamháin go mbeidh Naomh Pádraig á cheiliúradh ó cheann ceann na tíre, ach beidh na sluaite atá ar imirce ag freastal ar na himeachtaí seo ar fud an domhain. Beidh na hAirí Rialtais in éineacht leis na himircigh ar fud an domhain le bolscaireacht a dhéanamh chun fostaíocht a mhealladh go hÉirinn. Tá sé ródhéanach do m'uncail i mBeijing na Síne agus do na mílte atá imithe cheana. Tá sé ródhéanach do Janet agus Eugene Bennet atá ag fágáil talamh glas na hÉireann le bogadh chuig an Astráil. Tá a gceathrar clainne ina gcónaí san Astráil anois, agus gan iad níl saol nó sásamh i ndán dóibh sa tír seo. Go n-éirí leo.

Tá súil agam agus ag mo thuismitheoirí, nuair a bheidh mé ag iarraidh phoist a aimsiú in Éirinn amach anseo, go mbeidh fostaíocht cruthaithe ag na hAirí Rialtais. Guím go dtuigfidh tíortha agus comhlachtaí móra na cruinne go bhfuil Éire oscailte agus lucht oibre cáilithe ar fáil inti. B'fhéidir go ndéanfaidh mé cinneadh taisteal thar lear chun post a aimsiú. Ba mhaith liom an rogha sin a bheith agam, rogha nach bhfuil ag tromlach na ndaoine atá ag iarraidh post a aimsiú in Éirinn i 2014. Go raibh maith agaibh.

2:40 pm

Mr. Cathal Ó Broin:

Freastalaím ar Ghaelcholáiste de hÍde. Táim anseo inniu chun labhairt faoi phoist a aimsiú in Éirinn. An bhliain seo caite, nuair a bhí mé san idirbhliain, bhí orm taithí oibre a lorg. Fiú amháin agus mé sásta obair a dhéanamh saor in aisce agus gan á lorg agam ach tréimhse de sheachtain nó dhó, ní raibh fostóirí sásta glacadh liom agus taithí thábhachtach a thabhairt dom. Sheol mé ríomhphost i ndiaidh ríomhphoist, chuir mé isteach CV i ndiaidh CV, líon mé foirmeacha iarratais agus chuir mé glaonna teileafóin, ach fós níor éirigh liom. Bhí ionadh an domhain orm cé chomh deacair is a bhí sé post a fháil. Nuair a bhí mé ag lorg áite ag cabhrú i gcomhlacht deonach a dhéanann taighde don ailse, ní dheachaigh lucht an chomhlachta i dteagmháil liom go dtí an maidin a bhí orm tús a chur le mo chuid taithí oibre. Ba é "ní hea" an fhreagra a fuair mé. Bhris sé sin síos mo mheon, ach ní raibh mé chun críoch a chur le mo thóraíocht.

Céard faoi na daoine nach mbeadh ag iarraidh leanúint ar aghaidh? Cá bhfágtar na daoine sin? Bhí an t-ádh dearg orm gur tháinig mé ar áit an mhaidin sin ach geallaim daoibh nach dtarlóidh sé sin arís. Chuaigh mé amach ag lorg post páirtaimseartha i rith na scoilbhliana seo. Táim in ann a rá libh go bhfuil sé ar a laghad deich n-uaire níos deacra post conraithe a fháil. Cuireann sé sin smaoineamh i mo cheann. Tar éis dom post a lorg ag an deireadh seachtaine, is féidir liom dul ar scoil ar an Luain agus dearmad a dhéanamh air i gcomhair tamaillín ós rud é nach bhfuil teaghlach ag brath orm díon a chur thar a gcinn nó bia a chur ar a mbord. Céard faoi na daoine nach ag freastal ar scoil nó fiú amháin an choláiste? Céard fúthu siúd a bhfuil teaghlaigh ag brath orthu?

Tá béim mhór curtha ar oideachas sa tír seo. Tá brú curtha ar gach éinne ar a laghad 12 bliain a chaitheamh sa chóras oideachais. Deirtear leo go mbeidh níos mó deiseanna acu post maith a fháil. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin iomlán fíor sa lá atá inniu ann. Cuirtear é seo in iúl do dhaoine nuair atá siad críochnaithe leis an gcóras oideachais. Spreagann comhlachtaí áirithe dóchas i measc daoine trí phrintíseachta a thabhairt dóibh. Ní gá dóibh íocaíochtaí iomláin a thabhairt do na printísigh seo, cé go mbíonn siad ag obair go crua. Tugann na comhlachtaí seo le fios go bhfuil seans láidir ann go mbeidh poist ann do na daoine seo nuair atá siad go hiomlán oilte. Tá a fhios acu go gcloiseann daoine é seo ar nós "beidh post anseo duit cinnte dearfach". Dá bhrí sin, déantar an obair seo ar chostas an-íseal. De ghnáth, ní éiríonn leis an bhfostaí post a fháil nuair a bhíonn sé nó sí cáilithe. Sa saol oibre seo, is féidir leis an gcomhlacht an chéad duine eile a fhostú ar phá íseal. Tarlaíonn sé seo go minic. Ag an bpointe seo, tuigeann daoine go bhfuil seans mór ann nach n-éireoidh leo fiú má tá an t-ádh, na scileanna agus an taithí acu. Is léir dóibh gur féidir leo post a fháil i bhfad níos éasca má théann siad ar imirce.

Ní thuigeann a lán daoine an tionchar atá ag eisimirce ar theaghlaigh. Bíonn ar eisimircigh a gclann agus na daoine a bhfuil grá acu dóibh a fhágáil. Nuair a imíonn duine amháin ón teaghlach, bíonn na daoine eile brónach agus iad ag fanacht go dtiocfaidh sé nó sí ar ais. Ina theannta sin, is údar frustrachais é d'eisimircigh go bhfuil orthu saol iomláin nua a thosnú. Is gá béim a chur ar an bpointe go bhfuil daoine oilte ag fágáil na tíre. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an méid céanna daoine cáilithe fágtha sa tír. B'fhéidir gur cheart dúinn an lucht a chur ar mheon na ndaoine, seachas ar staid na tíre. Cé go raibh sé i bhfad níos éasca post a aimsiú deich mbliana ó shin, caitheann daoine leis sa bhealach chéanna sa lá atá inniu ann. Tá feabhas ag teacht ar fhostaíocht sa tír seo. Tugann sé sin dóchas dúinn go mbeidh cúrsaí fostaíochta ar ais ar a sheanléim. Tá an ráta dífhostaíochta tite ó 13.7% go dtí 12% ó thús na bliana 2013. Taispeánann sé sin go bhfuil meon na ndaoine ag athrú ó thaobh poist de. Is rud ollmhór é sin do spiorad na tíre agus don tuairim atá daoine faoin tír seo go hidirnáisiúnta.

Tá súil agam go n-athróidh meon na bhfostóirí sa todhchaí gearr-théarmach agus go mbeidh tuiscint níos fearr acu. Tá súil agam go mbeidh daoine in ann na fadhbanna a thagann le poist a aimsiú a fheiceáil ó gach taobh agus nach mbeidh siad chomh borb ó thaobh daoine a dhiúltú. Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteachta.

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim anois ar Shinéad Ní Mhuimhneacháin.

Ms Sinéad Ní Mhuimhneacháin:

Tá mé sa chúigiú bhliain i gColáiste Ghobnatan i gContae Chorcaí. Ba mhaith liom buíochas ollmhór a ghabháil leis an gcoiste as an seans teacht anseo inniu. Labhróidh mé leis an gcoiste mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le poist a aimsiú in Éirinn. Is scoil bheag lán-Ghaeilge í Coláiste Ghobnatan. Tá an scoil suite laistigh de Ghaeltacht Mhúscraí. Táim cinnte go bhfuil mo chomhscoláirí ar aon taobh liom nuair a deirim go bhfuil an t-ádh dearg linn go bhfuilimid ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Is mó iad na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge agus í a labhairt. Is í ár dteanga dhúchais í an Ghaeilge. Is iontach an rud é bheith ábalta í a labhairt agus bheith i measc cultúr na hÉireann gach lá agus mé ar scoil.

Tá cónaí orm i nGleann Fleisce, timpeall 9 km ó Ghaeltacht Mhúscraí ar an bpríomhbhóthar ó Chorcaigh go Cill Airne. Is mór an trua é go bhfuil 9 km idir Gleann Fleisce agus an scoil, i mo thuairim. Tá mé tar éis cúig bliana a chaitheamh ag taisteal go Baile Bhúirne, ar bhus a chosnaíonn níos mó ná €300 ar mo thuismitheoirí in aghaidh na bliana, ionas go mbeinn in ann freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Níl na pribhléidí céanna agam is atá ag mo chomhscoláirí a chónaíonn sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile sa todhchaí. De bharr an chórais atá i bhfeidhm faoi láthair, bheadh orm 40 pointe sa bhreis a bhaint amach san ardteistiméireacht ná mo chairde a chónaíonn sa Ghaeltacht. Bheadh orm thart ar 465 pointe CAO a bhaint amach. Dá mbeadh cónaí orm sa Ghaeltacht, ní bheadh ach 425 pointe ag teastáil uaim.

Ní hamháin sin, ach má tá an t-ádh liom agus éiríonn liom ionad ar an gcúrsa ollscoile seo a fháil, ní bheidh mé i dteideal na deiseanna deontais céanna le mo chomhscoláirí a fháil. Ba cheart go mbeadh gach éinne cothrom. Creidim go bhfreastalódh níos mó daoine ar scoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh gach éinne ag fáil na pribhléidí céanna. Mar thoradh ar seo, bheadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge agus rachadh an teanga chun cinn. Mar a deirtear, "tír gan teanga, tír gan anam". Anuas ar sin, chruthódh an feabhsú i gcaighdeán Gaeilge na tíre níos mó poist timpeall na tíre. Bheadh níos mó brú ar ghnólachtaí táirgí cosúil le leabhair a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Ní féidir é a shéanadh gur fadhb mhór í an dífhostaíocht in Éirinn. De réir eolais a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh amach ar 5 Feabhra, bhí 12.3% de dhaoine in Éirinn dífhostaithe i mí Eanáir na bliana seo. Níl cumadh ró-dona ar an bhfigiúr sin, i ndáiríre. Tá feabhas mór tagtha ar na staitisticí ó mhí Eanáir 2013, nuair a bhí 13.9% dár ndaonra dífhostaithe. Agus é sin ráite, caithfimid a admháil go bhfuil feabhas ollmhór fós le teacht sa tír seo ó thaobh fostaíochta de. Deirtear go bhfuil poist nua á gcruthú timpeall na tíre gach uile lá, ach ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Tá sé thar a bheith deacair post a fháil i mo cheantar féin. Chaith mé an samhradh seo caite agus an briseadh lár téarma atá díreach imithe ag gabháil timpeall ó áit go háit ag lorg post páirtaimseartha, ach dúradh liom nach raibh aon jab ar fáil, go háirithe toisc go bhfuilim fós faoi 18 bliain d'aois.

Ní hamháin go bhfuil sé dodhéanta d'éinne atá faoi 18 bliain d'aois post a fháil faoi láthair, ach níl fiú poist ar fáil dóibh siúd atá tar éis trí nó ceithre bliana a chaitheamh san ollscoil agus atá céim - ar a laghad - bainte amach acu. Críochnóidh mo dheirfiúr céim ceithre bliana i dteiripe urlabhra agus teanga i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí Bhealtaine seo chugainn. Mar thoradh ar an easpa airgid sa tseirbhís sláinte, bhí embargo i bhfeidhm go dtí cúpla mí ó shin. De bharr an embargo sin, níor fhostaíodh aon teiripeoir urlabhra agus teanga le cúpla bliain anuas. Cé go bhfuil an embargo curtha i leataobh anois, beidh mo dheirfiúr agus daoine eile cosúil léi i gcomórtais le daoine a cháiligh i dteiripe urlabhra agus teanga sna blianta roimhe seo. D'fhan go leor daoine cáilithe sa tír seo cé go raibh siad dífhostaithe fad is a bhí an embargo ar siúl.

Tá na seirbhísí sláinte ag fulaingt de bharr easpa airgeadais na tíre. Samhlaígí conas a mhothódh sibh dá mbeadh stróc agaibh, ach ní raibh go leor theiripeoirí urlabhra agus teanga fostaithe chun córas leighis a sholáthar in am. Samhlaígí cad a tharlódh dá mbeadh othair fágtha i hallaí ospidéil na tíre seo toisc nach raibh dóthain dochtúirí, altraí nó fiú seomraí ar fáil. Ní gá a leithéid a shamhlú - is í seo an fhírinne sa tír seo. Ba cheart níos mó airgid a infheistiú sa tseirbhís sláinte. Chruthódh sé sin na mílte poist go háitiúil agus timpeall na tíre. Ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar an lá a chaitheas in Ospidéal Ollscoil Chorcaí le mo sheanathair agus é fágtha ar feadh an lae i halla fuar ar thralaí toisc nach raibh dóthain dochtúirí fostaithe san ospidéal. Tarlaíonn a leithéid inár n-ospidéil áitiúla gach lá.

Níl sé féaráilte go bhfuil daoine soineanta ag fulaingt sa tír seo. Conas a bhfuil sé ceart an íocaíocht a fhaigheann daoine dífhostaithe faoi 25 bliana d'aois atá ar an dól a ghearradh? Ní orthu atá an locht go bhfuil siad ag maireachtáil gan phost. B'fhéidir nach bhfuil siad ábalta poist a aimsiú agus nach bhfuil an t-airgead acu chun dul ar eisimirce ar thóir phoist. Tá daoine óga na tíre seo ag fulaingt de bharr botúin a rinneadh sula rabhadar fiú críochnaithe ar scoil. Measaim gur cheart don tír seo infheistíocht a dhéanamh san aos óg - is í an óige an todhchaí. Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Tá galar tar éis teacht ar roinnt mhaith dár daonra de bharr na ndeacrachtaí a bhaineann le post a aimsiú in Éirinn. Tá an méid daoine le fadhbanna sláinte intinne sa tír seo tar éis méadú go hollmhór agus go scanrúil. Níl cabhair ar fáil do dhaoine éadóchasacha. Tá sé feicthe ag gach éinne, go háirithe i mBaile Bhúirne.

Tá clanna fágtha croíbhriste de bharr an ghalair dhuibh agus daoine ag cur lámh ina mbás féin. Tá muintir na tíre seo gan phoist agus gan dóchas. Níl ar fáil acu gach lá ach litreacha ag iarraidh níos mó cánach uathu. Bhí an ceart ag Dónal Walsh nuair a dúirt sé: "Suicide is a permanent solution to a temporary problem." Caithfimid sólás agus dóchas a thabhairt do dhaonra na tíre. Caithfimid fianaise a thabhairt gur fadhb ghearrthéarmach í an dífhostaíocht. Caithfimid, mar thír, seasamh le chéile. Ba cheart infheistíocht a dhéanamh i gcruthú post agus i ndaoine óga na tíre.

Anois, táim tagtha chuig deireadh m'óráide. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom.

2:50 pm

Mr. Condlae Mac Corraidhin:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a chairde go léir, is mise Condlae Mac Corraidhín agus is mór an onóir dom a bheith in bhur láthair inniu. Beidh mé ag roinnt mo chuid tuairimí libh ar cheist atá i mo thuairim an-tábhachtach sa lá atá againn inniu, post a aimsiú in Éirinn. Ar an gcéad dul síos, tá an tír seo fós ag fulaingt de bharr cúlú eacnamaíochta, de bharr baincéirí agus tógálaithe santacha. Chuaigh Éire ó bhorradh go cliseadh taobh istigh de chúpla bliain agus tá an earnáil tógála ina phraiseach. Mar gheall ar seo, tá líon mór daoine dífhostaithe sa tír, cuid acu ar feadh tamaill an-fhada. Is féidir a rá go bhfuil damáiste uafásach déanta aige seo d'eacnamaíocht na tíre agus do na daoine.

Dar ndóigh gineann dífhostaíocht fadhbanna eile ar nós bochtaineacht agus easpa dídine. Is cúis imní é an ráta dífhostaíochta. Tá sé fós ag leibhéal an-ard. Téann daoine chuig na cathracha agus thar lear ag lorg post. Fágann siad a gclann agus a gcairde, ach ní stopann sé ansin. Na laethanta seo, breathnaíonn go leor de na bailte beaga tuaithe mar an gcéanna. Cén fáth an dtarlaíonn sin? Bhuel breathnaigh ar na sráideanna ar a raibh cúpla teach tábhairne, bialann agus cúig nó sé shiopa,. Anois tá siad dúnta agus níl ach siopa amháin oscailte. Tá an tír scriosta, go háirithe na ceantair thuaithe.

Níl dabht ar bith go bhfuil sé an-deacair post a aimsiú inniu. Bhí tráth ann nuair a bhí post páirtaimseartha ag beagnach gach déagóir nó ar a laghad post samhraidh. Bhí airgead póca acu agus bhí siad neamhspleách. Ní raibh siad ag brath ar a dtuismitheoirí, ach faraor saol eile a bhí ansin saol atá i bhfad imithe uainn. Má chuireann duine ceist in aon siopa nó comhlacht, tabharfaidh siad an freagra céanna, "Tá brón orm ach níl aon fholúntas agam." Ní féidir le daoine fásta le taithí post a fháil anois fiú. Níl an obair amuigh ann agus má tá, tá an-iomaíocht i gceist do na poist sin. Tá muidne mar dhéagóirí ag brath ar mham agus ar dhaid agus níl an t-airgead le spáráil acu. Míbhuntáiste eile a bhaineann leis ná nach bhfuil an fhreagracht sin orainn mar a bheadh dá mbeadh post againn. Is rud iontach é post a bheith ag déagóir, múineann sé an oiread rudaí dó chomh maith le freagracht, Cinnte, ní bheidh leadrán air. Tugann obair deiseanna le haghaidh caidreamh agus méadaíonn sé líonraí sóisialta an duine. Is gné thábhachtach den obair a bheith mar chuid den phobal, ní hamháin mar shaothraí ach freisin mar ranníocóir chuig an gcóras eacnamaíochta.

Chomh maith leis an gcúlú eacnamaíochta, is é an dul chun cinn sa teicneolaíocht rud eile atá ag cur le laghdú an méid post atá ar fáil. De réir mar a fhorbraítear é, tá bealaigh nua á fháil leis an méid duine a laghdú ar fhoireann. Tá ríomhairí agus teicneolaíocht go ginearálta ag éirí níos cliste. Tá a lán gnólachtaí ag streachailt agus ag déanamh a seacht ndícheall le maireachtáil na laethanta seo, ach tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil gnólachtaí ag dúnadh a ndoirse gach lá. Mura bhfuil cuideachtaí in ann a gcuid fostaithe a íoc, ní bheidh aon rogha acu ach iad a ligean chun siúl. Chomh maith leis sin, tiomáineann dífhostaíocht ard pá agus coinníollacha síos. Mar sin má tá an t-ádh ar dhuine post a fháil, seans maith nach bhfuil an pá ná na coinníollacha oibre sásúil.

Nuair a fhágann duine an scoil, níl mórán rogha aige ach dul chuig an ollscoil, mar níl seans dá laghad aige post a fháil gan aon cháilíocht nó taithí. É sin ráite, tá daoine ag teacht amach as an ollscoil le hualach mór céimeanna agus cáilíochtaí, ach níl siad in ann poist a fháil ach oiread. Tá go leor daoine eile ag filleadh ar an ollscoil le gairm bheatha nua a thriall, rud éigin eile a thabharfadh deiseanna níos fearr dóibh. Ach níl aon ráthaíocht go bhfaighidh siad post tar éis sin. Tá luach níos lú anois ar chéim a bheith agat ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Cén mhaitheas atá le céim nó máistreacht mura bhfuil duine in ann post a fháil? Mar aon leis sin, tá táillí ollscoile ag ardú an t-am ar fad. Cén chaoi ar féidir oiliúint a fháil má tá gach rud i do choinne? Faraor, uaireanta má tá go leor oideachas ag duine, ní theastaíonn ó chomhlachtaí an duine a fhostú mar bheadh orthu níos mó airgid a íoc leis ná le duine le bun cháilíocht. Tá seo uafásach. Má tá duine óg, tá sé an-deacair fáil isteach ar an dréimire oibre.

Mar an gcéanna, má chaill duine post a bhí aige le blianta, tá seans maith nach mbeidh sé in ann post a fháil sa rannóg chéanna, mar níl na poist ann níos mó. Níos mó ná riamh, tá an-jab ag daoine post a fháil inniu, go háirithe daoine óga. An rud is measa ná go bhfuil siad níos oilte ná aon cheann dá gcomhghleacaithe stairiúla. Agus in ainneoin na tréithe seo, tá líon mór acu ag dul ar imirce. D'fhág 177,000 duine idir 15 agus 24 bliana an tír seo le cúig bliana anuas. Tá brú mór orthu fostaíocht a lorg, cibé áit is féidir leo é a fháil. Ní aon ionadh go bhfuil siad ag tógáil an bháid bháin. Teastaíonn uathu a bheith ag obair agus deiseanna níos fearr a fháil mar cinnte níl siad le fáil sa tír seo a thuilleadh.

Ar ndóigh tá scéimeanna á fhorbairt le cabhrú le daoine óga taithí a fháil agus dul amach san áit oibre, mar shampla JobBridge, agus tá scéimeanna nua ag teacht chun solais freisin. Is é an aidhm atá ag cuid acu seo ná ráthaíocht a thabhairt don aos óg, trí oideachas a chur orthu nó printíseacht nó cúrsa oiliúna a thairiscint dóibh. I dtíortha eile ina bhfuil scéimeanna ráthaíochta na n-óg tugtha isteach, shíl daoine óga go bhfaighidís ráthaíocht oibre nó oiliúint i dtionscal a bhí suim acu iontu, ach ní hé sin an rud a tharla agus bhí díomá ar a lán daoine óga. Is cosúil gur réiteach foirfe é an scéim seo don suíomh ina bhfuil muid, ach an bhfuil sé réalaíoch? Bhí roinnt fadhbanna le JobBridge.

Beidh sé éigeantach dul i dteagmháil le scéimeanna saothair cosúil le JobBridge, mar tá bagairt ann go ngearrfar na híocaíochtaí leasa sóisialta. D'fhéadfadh duine óg atá ag maireachtáil ar €100 sa tseachtain, a bheith gearrtha go €75. Dóibh siúd a fhaigheann €144 in aghaidh na seachtaine, beidh sin á laghdú go €110. Ní thugann sé seo mórán roghanna do dhuine. Tá ráthaíocht dáiríre riachtanach do dhaoine óga dífhostaithe in ionad scéimeanna saothair saor in aisce.

Mar fhocal scoir, tá sé an-soiléir go bhfuil sé fíordheacair post a aimsiú in Éirinn inniu. Le cúnamh Dé, athróidh rudaí go luath agus ní bheidh ar dhaoine a dteaghlaigh agus a gcairde a fhágáil. Tá mé tagtha chuig deireadh mo chuid cainte anois agus tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as. Go raibh míle maith agaibh as ucht éisteacht liom.

Ms Rosie Allenby:

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí agus a lucht éisteachta, Rosie Allemby is ainm dom agus is dalta sa chúigiú bhliain mé i gColáiste de hÍde, Tamhlacht. Táimse chun labhairt inniu faoi phost a aimsiú in Éirinn.

Deich mbliana ó shin, bheadh scéal iomlán difriúil á insint agam faoi phost a aimsiú sa tír seo, agus scéal i bhfad níos deise a bheadh ann. Bhí tráth ann, agus ní i bhfad ó shin a bhí sé, ina raibh flúirse post ar fáil sa tír agus bhí muintir na hÉireann in ann a rogha a dhéanamh. Bhí daoine ag teacht amach as an gcóras oideachas tar éis na hardteistiméireachta agus ag dul díreach isteach i bpost maith. Bhí neart post ann do dhaltaí a bhí fós ar scoil freisin.

Bhí muintir na hÉireann ag déanamh beag is fiú de phoist níos bunúsaí, ar nós bheith ag obair in ollmhargadh nó jabanna dá leithéid sin agus bhí muintir na hEorpa ag iarraidh teacht go hÉirinn chun saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá dteaghlaigh.

Ach le teacht an chúlu eacnamaíochta 2008 d'athraigh gach uile rud. Tá ráta dífhostaíochta sa tír ag 12% san am i láthair. Lig dom é sin a chur i gcomhthéacs don choiste. I mo bhliainse scoile tá 60 dalta. Ciallaíonn an ráta sin go mbeidh níos mó ná seachtar dóibh siúd ag iarradh an dole a bhailiú. Cé go bhfuil an ráta sin i bhfad níos ísle ná mar a bhí sé i Iúil 2012, nuair a bhí ráta dochreidte de 15.1% ann, tá sé fós i bhfad níos áirde ná mar a bhí sé i 2005, nuair nach raibh sé ach 4.2%. Mar sin, don chuid is mó táimid ar fad chun bheith ag labhairt faoi na deacrachtaí atá againn, agus ag gach duine, post a aimsiú, nó beith ag insint scéil faoi cé chomh héasca is atá sé.

Ceann des na fadhbanna is mó atá ann sa lá inniu do dhaoine óga ná na deacrachtaí atá acu an taithí a fháil chun fostathóirí a shásamh. Mar gheall ar an easpa airgid agus na gearraidh siar ar fad níl comhluchtaí sásta post a thabhairt do dhaoine nach bhfuil siad in ann 100% muiníne a bheith acu iontu. Mar sin, tá oibrithe le taithí ag teastáil uathu. Ach i dtaobh daoine óga, conas atáimid chun taithí ar bith a fháil muna bhfuil éinne sásta seans agus post a thabhart dúinn. Caitheann daoine óga breis agus 18 mbliana sa chóras oideachais ach ansin ní féidir leo post a bhfuil siad cáilithe dó, nó post ar bith, a fháil mar níl taithí ceart acu agus níl éinne sásta seans a thabhairt dóibh.

Tá fadhb mhór eile ag teacht chun solais nach bhfuil chomh nua sin. Ainm fhoirmeálta air ná finíochas ach go bunúsach is é atá i gceist ná an tábhacht atá le cén duine a bhfuil aithne agat air. Tá cur amach againn go léir ar an scéal seo, an duine a fuair a phost mar go raibh aithne aige, nó aici, ar an mbainisteoir nó mar go obair duine dá mhuintir sa ghnó. Fadhb mhór í seo in Éirinn ach go háirithe. Is daoine muid a chuireann an cheist, "Cé leis thú" roimh "Céard is ainm duit".

Chomh maith leis seo, seo céard a tharlaíonn i gcomhluchtaí. Ainmníonn duine ar an taobh istigh duine do phost nua, ach fós téann an gnó tríd in próiseas agallaimh nach bhfuil ag teastáil mar níl siad ag iarraidh go mbeadh cuma míchóir nó claonta ar an ghnó. Táimid ag cur amú airgid agus ama ar an bpróiseas seo agus muna bhfuil sé sin dona go leor táimid ag tabhairt dóchais bréagaigh do dhaoine atá ag teacht chun agallamh ag iarraidh post a aimsiú ach atá, go hionraic, ag cur amú a gcuid ama. Conas atá seans ar bith ag daoine dífhostaithe post a fháil muna dtugtar cothrom na féinne dóibh? Níl mé ag rá go bhfuil sé seo ag tarlú i ngach cás ach is cinnte go bhfuil sé ag tarlú go minic.

Tá rud amháin atá ag cruthú postanna in Éirinn, áfach, agus á ndéanamh níos éasca le haimsiú. Tá comhluchtaí idirnáisiúnta ag lonnadh a bpríomh oifigí Eorpacha in Éirinn agus mar sin tá postanna á gcur ar fáil acu. Tá Éire mar cheanncheathrú Eorpach ag Google, Facebook, Twitter, Apple, PayPal, Microsoft agus an-chuid comhluchtaí móra eile.

Deirtear go bhfuil roinnt fáthanna leis seo. Bhuaigh Éire an duais Forbes trí bliana ó shin don áit is fearr chun gnó a dhéanamh san Eoraip. Chomh maith leis seo, is í Éire an t-aon tír a bhfuil Béarla mar príomh-theanga sa eurozone, an réigiún eacnamaíochta sa Aontas Eorpach ina úsáidtear an euro. Ná bíodh dul amú ar éinne, áfach. Tá Béarla breá ag muintir na Beilge agus na Gearmáine agus ag cuid mhór de mhuintir thíortha an eurozone. Is é an príomh fáth, dar le han-chuid, ná gurb í seo an tír is éasca chun gnó a chur ar bun agus ina bhfuil ráta cánach corporáide an-íseal ar fad. Is é atá i gcáin chorporáide ná gearradh ar an mbrabús a dheineann comhlucht. Tá ráta difriúil ag gach tír. Tá ráta beagnach 34% ag an Fhrainc agus 29.5% ag an Ghearmáin. An ráta cánach corporáide atá ag Éire, áfach, ná 12.5%. Agus sin á chloisteáil againn, tá sé soiléir cén fáth go bpiocanna comhluchtaí Éire mar cheanncheathrú.

Tá sé seo ag cabhrú linne chun postanna a chruthú do a lán daoine. Tá Yahoo tar éis a fhógairt go mbeidh siadsan ag lonnadh anseo chomh maith go luath agus ní mó ná sásta atá tíortha eile na hEorpa faoi. Tá Yahoo ag ath-lonnú a gcuid oibreacháin ar fad go hÉirinn ón Eilbhéis agus meastar gurb é an fáth leis seo ná ar mhaithe lena gcuid cánach a ísliú. Chuir páipéar nuachtáin Francach scéal ar chlúdach le ceannlíne adúirt go raibh Yahoo ag pleidhcíocht le cúrsaí cánach mar níl an Fhrainc sásta le haistriú Yahoo ach an oiread. Deirtear go mb'fhearr le tíortha eile na hEorpa agus leis an Aontas Eorpach go mbeadh gach tír ar chómhchéim agus nach mbeadh ráta Éireann chomh híseal i gcomparáid le ráta gach duine eile. Ach gan an buntáiste seo chaillfimís na postanna sin ar fad atá á gcruthú agus bheimís gan deis iontach.

An pointe atá á dhéanamh agam nach rud éasca é post a aimsiú sa lá inniu ach go bhfuil rudaí dearfacha ann chomh maith. Tá súil agam go raibh an pointe sin déanta go soiléir agam. Go raibh maith agaibh as cluas éisteacht a thabhairt dom.

3:00 pm

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá vótáil á ghlaoch sa Dáil anois. Mar sin tógfaidh an Seanadóir Labhrás Ó Murchú an Chathaoir.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agaibh. Níl sé éasca do dhaoine óga, nó do dhaoine nach bhfuil chomh hóg sin, teacht isteach sa timpeallacht oifigiúil seo agus an fód a sheasamh ach do dhein sibh é sin go misniúil agus go proifisiúnta. Is mian liom mo bhuíochas, mar chathaoirleach, a ghabháil libh.

Beidh daoine ag cur ceisteanna oraibh anois agus beidh seans agaibh glacadh leis na ceisteanna sin agus freagraí a thabhairt.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agaibh. Tá mé an-sásta nach bhfuil aon duine agaibh anseo as Gaillimh mar tá mé ag ceapadh go bhfuil sibh tar éis an-imní a chur ar na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as Baile Átha Cliath, as Mhuigheo agus as Corcaigh, mar tá mé ag ceapadh go bhfuil neart ábhar polaiteoirí anseo againn, daoine a bhéas breá ábalta tabhairt faoin saol amach anseo ó thaobh brú a chur a pholaiteoirí. Maith sibh.

Tá an díospóireacht an-suimiúil agus tá mé an-sásta go bhfuil sibh tagtha. Go minic, bíonn muidne ins na seomraí seo ag éisteacht le saineolaithe, mar dhea, faoi ábhair éagsúla. Tá sé sin go maith ach tá sé iontach bhur ndearcadh a fháil ar an saol mar atá sé sa lá atá inniu ann. Tá sé iontach suimiúil go raibh trí ábhar agaibh agus gur roghnaigh sibh ar fad, seachas duine amháin, cúrsaí fostaíochta. Is léiriú é sin ann féin ar an tábhacht a fheiceann sibh le fostaíocht a fháil agus oideachas maith a fháil. Tá sé sin thar barr. Is onóir dúinne sibhse a bheith anseo, ní an bealach eile thart. Tá sé iontach go bhfuil sibhse anseo ag labhairt linne, mar is le gach saoránach sa tír an Parlaimint seo agus tá sé iontach tábhachtach go mbeadh sibhse anseo ag labhairt linne inniu. Is muide atá ag fáil na honóra agus ní sibhse.

Tá ceist agam do gach duine. Ní gá do gach duine na ceisteanna a fhreagairt, ach bhí rudaí ag dul tríd m'intinn nuair a bhí mé ag éisteacht libh. Labhaoise, bhí tú ag caint faoi fhostaíocht sa nGaeltacht. Cén ról a fheiceann tú do scoileanna, ó thaobh fiontar nua tréanála? Bímid ag caint faoi bheith ag foghlaim tré fhiontraíocht ach cén chaoi a d'fhéadfadh na scoileanna é sin a dhéanamh níos fearr?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

I mo thuairimse, nílimid ag fhoghlaim go leor mar gheall ar fhiontraíocht agus níl an t-oideachas ann ins na scoileanna. Dá mbeadh ranganna san ábhar sin bhéadh níos mó suime ag daoine i staidéar a dhéanamh ar chúrsaí fiontraíochta, agus i bhfiontair agus postanna a chruthú in Éirinn.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Labhair tú faoi Údarás na Gaeltachta. An bhfuil smaointí agat ó thaobh Údarás na Gaeltachta agus ó thaobh rudaí go bhféadfadh an t-údarás a bheith ag déanamh níos fearr?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

I mo thuairim, tá sé ag déanamh go maith. Tá a lán postanna i mBaile Mhúirne de bharr Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ag tabhairt a lán cabhrach dúinn agus táimid breá sásta é a fháil.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Shane, bhí tú ag labhairt faoin chomhshaol. Bhí tú ag rá go mb'fhearr níos mó cánach a chur a rudaí, ó thaobh cúrsaí breosla agus mar sin de. An bhfuil na cánacha ar ghual agus ar bhricíní móna agus rudaí mar sin cothrom do gach duine? An bhfuil sé ag cur níos mó brú ar dhaoine atá ar ioncaim ísle ná ar na daoine a bhfuil neart airgid acu?

Mr. Shane Eakins:

Da mbeadh cáin ar bhreosla chuirfeadh sé daoine ag smaoineamh ar an tsochaí agus ar an dtimpeallacht. Ceapaim go mbeadh sé féaráilte mar táimid ag déanamh rudaí dár dtimpeallacht agus don domhan ina bhfuilimid inár gcónaí. Ceapaim go mbeadh sé féaráilte.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon suim agat san díospóireacht faoi bhaint móna? Ar chóir deireadh a chur le daoine a bheith ag baint móna, an dóigh leat? Tá cuid acu anseo.

Mr. Shane Eakins:

Is cuid dár gcultúr í an mhóin. Ag an am chéanna, tá orainn leanúint ar aghaidh sa tsochaí.

Tá orainn ár dtimpeallacht a fheabhsú agus an tsochaí a bheith níos fearr.

3:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sinéad, bhí tú ag caint faoi chúrsaí oideachais. Tá mé ag ceapadh gur labhair daoine éagsúla faoin chostas a bhaineann le céim a bhaint amach. Tá deireadh anois le deontas a bith le haghaidh duine atá ag iarraidh iar-chéim a dhéanamh. Níl aon chúnamh ar chor ar bith le fáil ó thaobh iar-chéim a dhéanamh. An bhfuil sé sin mí-fhéaráilte? An gciallaíonn sé go bhfuil an duine a bhfuil go leor airgid aige in ann iar-chéim a dhéanamh ach nach bhfuil an duine gan mórán mórán airgid ábalta? Má tá aon duine eile ag iarradh an cheist a fhreagairt beidh fáilte roimhe nó roimpi. B'fhéidir nach bhfuil sé féaráilte duine a chur ar an spota. An bhfuil tuairim ag aon duine agaibh faoi easpa deontais do mic léinn iar-chéime?

Ms Rosie Allenby:

Níl sé cóir. Má tá deontas ag teastáil agat le haghaidh an chéad chéim is cinnte go mbeidh sé ag teastáil i gcóir an chéad chéim eile. Munar féidir leat íoc as, conas ar féidir leat leanúint ar aghaidh le do chuid oideachais?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh na culchies atá anseo, is culchie mé féin agus mar sin tá cead agam é sin a rá. Is culchie an Seanadóir Keane chomh maith, cé go bhfuil curtha fúithi i mBaile Átha Cliath theas. Cén chaoi ar féidir linn athbheochain a dhéanamh ar na ceantair tuaithe? Tá sé ráite ag daoine áirid ins na Tithe seo, agus agam féin, go mb'fhéidir gurb é seo an Rialtas is measa a bhí againn ariamh ó thaobh na gceantar tuaithe. Bhí sibh ag caint faoi na hoifigí post a bheith á dhúnadh, na gardaí a bheith imithe, easpa seirbhísí sláinte agus mar sin de. Céard is féidir leis an Rialtas a dhéanamh chun na ceantair tuaithe a choinneáil beo? An bhfuil aon smaointí ag aon duine faoi sin?

Ms Síle Ní Shuibhne:

Tá cabhair le fáil ó Údarás na Gaeltachta ach b'fhéidir nach bhfuil go leor cabhrach ann. B'fhéidir nach bhfuil na hachmhainni ag an údarás chun deontais a thabhairt. Dá mbéadh tuilleadh airgid á thabhairt don údarás chabhródh sé leis na gnóthaí.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo ceist do gach duine. Cé mhéad duine agaibh a bhfuil súil aige a bheith fós in Éirinn ag obair i bpost lánaimseartha cúig bliana ó inniu? Gach duine. Ó thaobh na staitisticí, bhéadh thart ar dhá thrian agaibh anseo agus an chuid eile agaibh thar lear. Cén fáth go bhfuil sibh chomh dóchasach go mbeidh sibhse fós anseo?

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith leis an Seanadóir Keane rud éigin a rá?

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fáth go mbeidh na cainteoirí ar fad anseo i gcionn cúig bliana ná go bhfuil siad go híontach. Ba mhaith liom fíor fáilte a chur roimh gach duine anseo ó na trí scoileanna, agus go háirithe roimh na scoláirí ó Choláiste de hÍde. Bhí mé mar chathaoirleach ar an mbord i gColáiste de hÍde le deich mbliana anuas. Tá Feargal agus na múinteoirí ansin. Tá fíor fáilte romhaibh. Níl mé claonta ar chor ar bith.

Tá mé ag ceapadh gurb shin cuid de na hóráidi is fearr a chuala mé ariamh ins an seomra seo. Níl mé ach dha bliain anseo. Bhí mé ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas le 18 bliana anuas. Bhí na hóráidí agus an méid atá ráite ag gach dalta atá istigh anseo inniu uilig go hiontach. Mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh bhí trí ábhar anseo agus b'fhéidir go gcuirfidh mé an cheist seo ar an gcathaoirleach. Bhí trí ábhar ar an gclár ach ní raibh ach dhá ábhar faoi dhíospóireacht againn. Níor roghnaigh éinne an tríú ábhar, posadh chomhghnéis nó comhpháirtíocht shibhialta. B'fhéidir go dtiocfaidh sibh féin, nó daltaí eile, ar ais arís chun an t-ábhar sin a phlé. Bhí na moltaí a rinne sibh maidir le fostaíocht, dí-fhostaíocht, oideachas agus ar uile go hiontach. Tá mé ag ceapadh go mbeadh na hóráidí go léir ar an Idirlíon.

Tá an ceart ag Labhaoise maidir leis na hoibrithe cáilithe atá sa tír seo. Cén fáth go bhfuil an lucht oibre sin ann? Tá córas oideachais agus múinteoirí iontacha againn, ach níl go leor postanna ann anois. Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist oraibh an gceapann sibh go mbeidh sibh sa tír seo i gcionn cúig bliana. Tá 3,000 post breise á gcur ar fáil gach mí sa tír anois. Tá feabhas beag ag teacht. Má leanann cúrsaí ar aghaidh beidh post ag beagnach gach duine. Ar ndóigh, tá daoine a bhfuil sé ar intinn acu taisteal ar fud an domhain ach tá súil agam go mbeidh siad in ann teacht ar ais. Inné, chuir an t-Aire Post, Fiontair agus Nuálaíochta ciste forbartha €75 milliún ar fáil le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Is iad na gnóthais bheaga agus mheánmhéide ar chuireann 99% de phostanna na tíre ar fáil.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leath dosaen ceist ansin agat, a Sheanadóra.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an athrú aeráide, tá Bille ag dul tríd an Oireachtas ar an ábhar sin. Mar a dúirt tú, Shane, tá an freagracht ar gach duine. Beimid-ne agus daltaí scoile ag obair le chéile. Céard a bhéas muid in ann a dhéanamh chun cabhair a thabhairt daoibh ins na scoileanna? Bhí tú ag caint mar gheall ar athchúrsáil agus mhol tú go gcuirfear tuilleadh bancanna ar fáil. An mbeadh Seanadóirí agus Teachtai ag obair leis na scoileanna ar scéim an bhrait ghlais, mar shampla?

Mr. Shane Eakins:

Ceapaim go mbeadh sé níos fearr níos mó béime a chur ar na scoileanna glasa, agus rudaí mar sin. Chabhródh sé sin leis an timpeallacht agus lénár ndomhain.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh an-suim agam ins an cheist sin mar táimid ag obair faoi láthair ar an ábhar agus ar an mBille.

Tá ceist amháin eile agam agus b'fhéidir go mbeidh suim ag gach duine innti. Bhi gach duine ag caint faoi tháillí. Beidh táillí uisce ag teacht isteach, mar atá i ngach tír eile san Eoraip ach ceann amháin. Go minic cloisimid daoine ag rá nár mhaith leo íoc as uisce. Cén dearcadh atá agaibh ar tháillí uisce?

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le héinne an cheist sin a thógáint?

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déarfainn go mbeadh suim ag Shane san ábhar. Bhí sé ag caint mar gheall ar athrú aeráide agus uile.

Mr. Shane Eakins:

B'fhéidir gur rud maith é mar ní bheimís ag cur an oiread san uisce amú agus bheimís ag smaoineamh ar an méid uisce atáimid ag úsáid inár dtithe.

B'fhéidir go bhfuilimid ag cur uisce amú inár scoileanna chomh maith. Ag an am chéanna-----

3:20 pm

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor.

Maidir le costais ollscoile, an gceapann na mic léinn gur cheart go mbéadh gach rud saor in aisce, fiú amháin do dhaoine a bhfuil a lán airgid acu? Níl go leor airgid ann le híoc as gach duine, go háirithe mic léinn iarchéime. Níl an t-airgead ann chun oideachas a chur ar fáil saor in aisce do gach duine, go háirithe do dhaoine a bhfuil a lán airgid acu. Nárbh fhearr íoc as bunchéim do gach duine agus as iarchéim do gach duine nuair a bhéas an t-airgead níos flúirsí sa tír? An ceart íoc as milliúnaithe agus gan íoc as na daoine nach bhfuil an t-airgead acu?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Ba cheart costas de shaghas éigin a bheith ann ach tá €3,000 ró ard chun freastail ar choláiste, fiú gan leabhair a cheannach agus a leithéid. Níl airgead ag a lán clann, de bharr an chúlú eacnamaíochta. Bíonn fadhbanna acu agus bíonn orthú an tír a fhágáil agus dul ar an ollscoil i dtír éigin eile ina bhfuil na táillí ollscoile níos lú. Tá sé ceart íoc as an oideas ach níl sé féaráilte do gach duine mar níl an t-airgead acu chun oideas a thabhairt don chlann. Dá mbeadh deontais le fáil ag na clanna nach bhfuil post lánaimseartha ag na tuismitheoirí nó nach bhfuil pá iomlán á fháil acu bheadh sé níos cabhraigh agus níos éasca do na clanna sin oideachas a thabhairt dá leanaí.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad a cheapann sibh faoi iasacht a thabhairt do mic léinn agus é a íoc ar ais ag céimithe chomh luath agus atá níos mó ná €40,000 á shaothrú acu? An bhfuil tuairim ag éinne faoi pholasaí mar sin chun oideachas a thabhairt do gach duine?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Tá mo dheirfiúr ag déanamh staidéar ar an dlí san ollscoil i gCorcaigh agus tá sí ag fáil airgid chun cabhair a thabhairt don chlann. Nuair atá post faighte aici tar éis céim a baint amach tá sí chun an t-airgead a íoc ar ais. Is dóigh liom go bhfuil sé ar fheabhas. Tá an ollscoil ag tabhairt cabhrach dá clann agus nuair atá céim bainte amach aici agus post aimsithe íocfaidh sí an t-airgead ar ais.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na mic léinn, go mórmhór roimh na daltaí agus na múinteoirí as Coláiste Naomh Mhuireadaigh i m'áit dúchais féin, Béal an Átha. Ba mhaith liom ceist a chur. Táimid ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh níos suimiúla do dhaltaí scoile. Cad is féidir a dhéanamh, ag baill an Oireachtais, ag múinteoirí agus ag na scoileanna, chun an t-ábhar a dhéanamh níos suimiúla? Is léir go bhfuil suim agaibh go léir sa Ghaeilge ach tá a lán daoine ann gurb fhearr leo beith ag déanamh staidéar an an Fhraincis, ar an matamaitic nó eile. Cad atá orainn a dhéanamh?

Mr Conchubhair Ó Cléirigh:

Tá tuairim ag a lán daoine go bhfuil an Ghaeltacht leadránach agus nach mbeadh aon craic agat ansin ach tá a fhios ag gach duine go bhfuil sé ar fheabhas duit agus gur rud iontach é gach duine ag déanamh spraoi tré Ghaeilge.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí Ghaeltacht i gContae Mhuigheo ach níl Béal an Átha sa Ghaeltacht. Tá sé beagáinín níos deacra bheith ag caint Gaeilge ar an mbaile sin.

Mr Conchubhair Ó Cléirigh:

Ní bhíonn aon duine ag caint as Gaeilge i mBéal an Átha.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad a dhéanfaimid mar sin?

Mr Conchubhair Ó Cléirigh:

Níl a fhios agam.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad ag déanamh a ndícheall i dTamhlacht, áit a bhfuil an Ghaeltacht is mó ar domhain tá mé ag ceapadh. Tá a lán gaelscoileanna i dTamhlacht anois ach níl Gaeltacht ansin. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh. Tá a lán le déanamh anseo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a lán le déanamh ag an Rialtas ar dtús. Sin an chéad chéim.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílimid anseo ach le cúpla bliain.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Yes, trí bliana. Níl mé ag rá go bhfuil a lán déanta agus a lán le déanamh ach nílimid anseo ach le cúpla bliain. Táimid chun cúig pointe a phiocadh as straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun obair orthu ar dtús, chomh maith le Conradh na Gaeilge. Feiceann sibh céard a tharla ar Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite.

Mhol duine éigin, nuair a chuirtear glaoch ar Roinn Stáit gur cheart freagra a fháil i nGaeilge. Caithfimid obair dhian a dhéanamh air sin chun go mbeadh sé de cheart ag gach duine freagra a fháil i nGaeilge má cuirtear ceist i nGaeilge ar Roinn ar bith ar ábhar a bith. Bheadh sin cóir agus ceart.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis an lae inniu an mbeadh suim ag aon duine a bheith mar pholaiteoirí?

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bígí ag smaoineamh air sin. Tá cúpla ceist agam féin. Nuair a bhí mé ag éisteacht libh thug mé faoi ndeara, cé go raibh sibh buartha faoi cheist na fostaíochta agus ceist an imirce, mar shampla, go raibh dóchas de shaghas agaibh agus go raibh sibh dearfach ag an am gcéanna. Bhíos ag smaoineamh ansin ar an dea-shampla a fuaireamar ó dhaoine eile i stair na hÉireann maidir le dóchas. Nuair a smaoiním ar Ghaeltacht Mhúscraí, mar shampla, smaoinín ar Sheán Ó Riada agus ar an obair a dhein sé ag saothrú an cheoil Ghaelaigh agus an chultúir. Sin duine amháin a bhí in ann rud a dhéanamh. Nuair a smaoiním ar Chontae Mhuigheo smaoiním ar Monsignor Horan. Eisean a chuir aerfort Chnoc Mhuire ann agus d'éirigh go hiontach leis. Nuair a smaoiním ar Bhaile Átha Cliath smaoiním ar na hóglaigh a sheas an fód in Éirí Amach na Cásca, a bheidh á chomóradh againn i 2016. Sin dóchas.

Tá mé chun cúpla ceist a chur anois maidir leis sin. An dóigh libh gur meilt ama agus airgid a bheith ag foghlaim na Gaeilge, agus na mílte daoine óga ag imeacht as an tír nuair nach mbeidh seans acu an Ghaeilge a úsáid, nó an bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a choimeád mar shuathantas againn féin, mar spreagadh agus mar rud a bhfuilimid bródúil as? Sin ceist amháin.

Ceist eile, tá na mílte ag imeacht as an tír ach an dóigh libh, fiú amháin más rud é nach raibh post agaibh, go mbeadh sé níos fearr fanacht sa bhaile agus troid ar son na fostaíochta, agus na polaiteoirí a athrú más gá é sin a dhéanamh? B'fhéidir gur dea-shampla sibh féin de sin. An tríú cheann, an dóigh libh go bhfuil deireadh, beagnach, leis an nGaeltacht? An bhfuil sí ag fáil bháis i láthair na huaire?

An bhfuil éinne gur mhaith leis nó léi tabhairt faoi na ceisteanna sin? An meilt ama agus meilt airgid a bheith ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil aon mhaith ann?

3:30 pm

Ms Sinéad Ní Mhuimhneacháin:

Tá an-thábhacht ag baint leis an Ghaoluinn. Is í ár dteanga dúchais í. Cé mhéad daoine a fuair bás ar son na Gaoluinne agus ar son na tíre. Táimse ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Ní chónaím sa Ghaeltacht ach bhí mo thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh mo theanga dúchais agam agus tá mé an-bhuíoch dóibh as sin. Téim go dtí na fleadhanna ceoil, an t-oireachtas agus chuig gach rud mar sin. Téim go dtí an fleadh cheoil gach uile bhliain le m'athair. Níl an Ghaoluinn ró-mhaith ag mo thuismitheoirí ach fós dúirt siad gurb í ár dteanga dúchais í agus caithfimid í a fhoghlaim. Muna mbeadh an Ghaoluinn agam ní bheinn anseo. Ní bheadh aithne agam ar mo chairde, ní bheadh ag dul go dtí fleadhanna ceoil nó ag seinnt an veidhlín. Tá sí fíor thábhachtach agus caithfimid í a choimeád beo.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoi ceist na fostaíochta? Abair nach raibh post agaibh an gceapann sibh gurb é an t-aon rud a bheadh le déanamh nó dul ar imirce, nó an mbeadh sibh sásta fanúint sa bhaile agus iarracht a dhéanamh an stádas a athrú? Cad a cheapann sibh faoi sin? Níor smaoinigh sibh air sin. Ceart go leor.

An dóigh libh go bhfuil todhchaí ag an nGaeltacht? An bhfuil an Ghaeltacht ag fáil bháis?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Sílim go bhfuil. Níl mórán daoine ag labhairt Gaeilge sa lá atá inniu ann. I mo scoilse bíonn deis againn í a labhairt agus táim an bhuíoch as an deis sin a bheith agam. Ach má théann tú chuig an Bhreatain ní chloistear focal Gaoluinne ó na hÉireannaigh atá tar éis cur fúthu ann. Níleadar á labhairt.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus an bhfuil brón ort faoi sin?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Tá, mar tá mé an-dóchasach as mo thír dúchais. I mo thuairim, ba cheart go mbeadh gach scoil in Éirinn lán Ghaeilge, ach níleadar. Dá raghfaí go dtí an Ghearmáin tá gach scoil sa tír ag labhairt Gearmáinise go lán oifigiúil. Ach in Éirinn, is tír ghaelach muid ach tá na scoileanna ag múineadh tré Bhéarla agus níl sé ceart nó cóir. Ba bhreá liom dá dtosnódh siad ag múineadh tré Ghaeilge arís.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar thug sé misneach daoibh nuair a tháinig 7,000 nó 8,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar son na Gaeilge seachtain nó dhó ó shin? Cad a cheap sibh faoi sin?

Ms Rosie Allenby:

Bhi mé féin ansin le roinnt cairde agus bhí a lán múinteoirí ón scoil ann chomh maith. Bhí Cathal ansin freisin. Cheap mé gur rud iontach é. Thug sé a lán dóchais dom go raibh an méid sin daoine fós sásta a bheith bródúil as ár dteanga. Tá an ceart ag Labhaoise. Is í ár dteanga dúchais í. Má fheictear Spáinnigh nó daoine ó thiorthe eile in Éirinn bíonn siad ag caint ina dteangach féin í. Fiú má bhogaimid go dtí tíortha eile is í ár dteanga féin í. Thug sé a lán dóchais dom gach duine a fheiceáil ar an mháirséail.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad ina thaobh go rabhdar amach ag mairseáil, an dóigh libh? Cad a bhí ag teastáil ó na daoine a tháinig amach an lá sin.

Ms Rosie Allenby:

Ceapaim go raibh siad ag lorg níos mó aitheantais don teanga. Mar adúirt duine ansin, níl tú in ann do ghnó a dhéanamh mar ba cheart tré Ghaeilge. Téann tú chun gnó a dhéanamh as Gaeilge agus caithfidh siad teacht ar dhuine éigin chun labhairt leat. Níl tú in ann an gnó a dhéanamh díreach ansin. Tá na daoine atá in ann an Ghaeilge a labhairt ag iarraidh an aitheantais sin. Is í ár dteanga dúchais í ach ní tógtar í go dáiríre.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a chathaoirligh, agus gabhaim fáilte roimh na scoláirí, na múinteoirí agus na daoine eile atá linn, go háirithe na scoláire ó Choláiste Mhuireadaigh, m'iar scoil féin.

Tá sé suimiúil go raibh trí cheist ann agus gur roghnaigh an chuid is mó des na micléinn ceist na fostaíochta. An bhfuil tuairim ag éinne ar conas gnó a bhunú? Ar mhaith leo jab a fháil nó an bhfuil siad ag smaoineamh ar a ghnó féin a bunadh tar éis na scoile nó tar éis na hollscoile? Tá seisear scoláire anseo. An gceapann siad ar fad go mbeidh orthu dul ar imirce ón tír, b'fhéidir ar feadh cúpla bliain nó ar feadh a shaol? Cén áit a cheapann siad a bhéas siad i gcionn deich mbliana? An mbeidh siad in Éirinn nó thar lear?

Ms Labhaoise Ní Liatháin:

Ba mhaith liom a bheith i mo chónaí in Éirinn mar ba bhreá liom dá mbeinn i mo mhúinteoir bunscoile. Tá an deis sin agam mar os rud é go bhfuil mé i mo chónaí sa Ghaeltacht níl na pointí ró-ard. I ndáiríre, níl aon suim agam bheith i mo fhiontraí.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le rialtas áitiúil, beidh a lán rudaí ar siúl le linn seachtain na Gaeilge. Níl mé claonta ach beidh Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag déanamh a lán rudaí in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin agus tá rudaí ar siúl ar fúd an chontae ar fad. Bronntar duais chomh maith ar shiopadóirí a chuireann a n-ainmneacha suas i nGaeilge nó a mbíonn fógraí acu i nGaeilge. An bhfuil comhairlí contaethe ar fud na tíre ag déanamh mar an gcéanna? An bhfuil rialtais áitiúla ag déanamh a ndícheall chun an teanga a chur chun cinn.

Ms Síle Ni Shuibhne:

I gCorcaigh ní dheineann siad puinn chun an teanga a spreagadh. Tá comharthaí Gaoluinne thuas sa cheantair ach ní déantar iarracht iad a fheabhsú nó a shocru. Déarfainn go bhfuil dearmad á dhéanamh ar an nGaoluinn ach tá muintir an cheantaír fós ag iarraidh an teanga a spreagadh ins na scoileanna agus ins na gnóthaí atá timpeall.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gur ghá litir a chur chuig gach comhairle contae in Éirinn ag moladh dóibh breathnú ar na rialacha, ar na hadhmanna agus ar na rudaí atá á dhéanamh acu, ní hamháin i rith sheachtain na Gaeilge - tá gach comhairle contae ag déanamh rud éigin i rith na seachtaine seo - ach ar feadh na bliana ar fad. B'fhéidir go spreagfaí na comhairlí contaethe chun rud a dhéanamh dá dtiocfadh an moladh sin ó na daltaí atá anseo inniu.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir liom cur leis sin? Cad a cheap sibh faoin lá seo. Ar bhain sibh taitneamh as? An raibh eagla oraibh? Bhí sibh ar fheabhas. Níl aon dabht faoi sin. Ar mhaith libh aon cheist ar chur orainn-ne atá ar an dtaobh seo den seomra?

Mar sin, is dócha go gcuirfí clabhsúr ar an díospóireacht. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na daltaí, leis na scoileanna, leis na múinteoirí, leis na tuismitheoirí agus le gach éinne a chabhraigh leis an ócáid seo a reachtáil. Níl aon amhras faoi ach go bhféadfadh gach éinne a bheith mórálach as an rud a dhein sibh annseo inniu. Cheap mé féin, agus déarfainn go bhfuil sé amhlaidh do bhaill an choiste, go raibh sibh ar fheabhas agus táimid go mór faoi chomaoin agaibh gur chuir sibh an stró oraibh féin agus ullmhúchán agus machnamh a dhéanamh ar na hábhair a bhí á bplé againn. Tá súil agam nach bhfuil aon díomá oraibhse agus go mbeidh sibh ag dul abhaile agus ag rá go raibh seans agaibh anseo, don chéad uair, bhur dtuairimí a chur trasna. Buíochas ó chroí libh uilig.

Le cúnamh Dé, b'fhéidir go dtiocfaidh sibh thar n-ais ina na blianta atá romhainn agus go mbeidh sibh ag suí ins na cathaoireacha seo am éigin.

Molaim go gcuirfear an coiste ar athló. Go raibh maith agaibh arís. Go dté sibh abhaile slán agus tá súil agam go mbeidh cupán tae agaibh sula n-imeoidh sibh.

The joint committee adjourned at 3.50 p.m. until 2.15 p.m. on Wednesday, 12 March 2014.