Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

3:20 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Bígí ag smaoineamh air sin. Tá cúpla ceist agam féin. Nuair a bhí mé ag éisteacht libh thug mé faoi ndeara, cé go raibh sibh buartha faoi cheist na fostaíochta agus ceist an imirce, mar shampla, go raibh dóchas de shaghas agaibh agus go raibh sibh dearfach ag an am gcéanna. Bhíos ag smaoineamh ansin ar an dea-shampla a fuaireamar ó dhaoine eile i stair na hÉireann maidir le dóchas. Nuair a smaoiním ar Ghaeltacht Mhúscraí, mar shampla, smaoinín ar Sheán Ó Riada agus ar an obair a dhein sé ag saothrú an cheoil Ghaelaigh agus an chultúir. Sin duine amháin a bhí in ann rud a dhéanamh. Nuair a smaoiním ar Chontae Mhuigheo smaoiním ar Monsignor Horan. Eisean a chuir aerfort Chnoc Mhuire ann agus d'éirigh go hiontach leis. Nuair a smaoiním ar Bhaile Átha Cliath smaoiním ar na hóglaigh a sheas an fód in Éirí Amach na Cásca, a bheidh á chomóradh againn i 2016. Sin dóchas.

Tá mé chun cúpla ceist a chur anois maidir leis sin. An dóigh libh gur meilt ama agus airgid a bheith ag foghlaim na Gaeilge, agus na mílte daoine óga ag imeacht as an tír nuair nach mbeidh seans acu an Ghaeilge a úsáid, nó an bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a choimeád mar shuathantas againn féin, mar spreagadh agus mar rud a bhfuilimid bródúil as? Sin ceist amháin.

Ceist eile, tá na mílte ag imeacht as an tír ach an dóigh libh, fiú amháin más rud é nach raibh post agaibh, go mbeadh sé níos fearr fanacht sa bhaile agus troid ar son na fostaíochta, agus na polaiteoirí a athrú más gá é sin a dhéanamh? B'fhéidir gur dea-shampla sibh féin de sin. An tríú cheann, an dóigh libh go bhfuil deireadh, beagnach, leis an nGaeltacht? An bhfuil sí ag fáil bháis i láthair na huaire?

An bhfuil éinne gur mhaith leis nó léi tabhairt faoi na ceisteanna sin? An meilt ama agus meilt airgid a bheith ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil aon mhaith ann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.