Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

2:10 pm

Mr. Shane Eakins:

A Sheanadóirí, Teachtaí Dála agus a chairde go léir, is mise Shane Eakins agus is mór an onóir dom an deis seo a bheith agam a bheith anseo inniu ag labhairt os comhair an choiste agus ag tabhairt mo chuid tuairimí dó. Beidh mé ag labhairt inniu faoi théamh domhanda agus ag plé na ceiste - an orainne an locht?

Ar an gcéad dul síos, céard atá i gceist le téamh domhanda? Is éard atá i gceist le téamh domhanda ná an méadú taifeadta ar mheán teocht atmaisféar agus fharraigí an domhain. Na gníomhaíochtaí is mó a chruthaíonn an fhadhb seo ná dífhoraoisiú agus dó breoslaí iontaise. Cloistear an téarma an iarmhairt cheaptha teasa go minic freisin. Is éard atá i gceist leis seo ná ciseal tanaí de gháis atá thar timpeall an domhain san atmaisféar. Gabhann gáis áirithe san atmaisféar, mar shampla dé-ocsaíd charbóin, meatán agus galuisce, an fuinneamh ón ngrian. Is féidir le daoine, de bharr a gcuid gníomhaíochtaí, níos mó de na gáis cheaptha teasa a chruthú agus ar an mbealach seo faigheann an t-atmaisféar tuilleadh teasa. Dá bharr seo, ardaíonn teocht an domhain, agus tarlaíonn téamh domhanda mar thoradh air. Tá eolaithe ag rá go leanfaidh na teochtaí ag ardú má leanann muid ag méadú na méideanna de gháis cheaptha teasa a chuirimid san atmaisféar.

Mar a deir na saineolaithe, tá an teocht ag ardú agus tá an t-atmaisféar níos teo ná riamh. Cén tionchar atá ag seo? Cheana féin tá na cnapáin oighir ag leá sa Mhol Thuaidh. Tá leibhéal na farraigí ag ardú agus is scéal imníoch é sin do mhuintir na hÉireann, go háirithe na daoine atá ina gcónaí ar an gcósta. Le himeacht ama beidh oileáin agus tíortha ar an gcósta ag fáil níos lú gach bliain agus tar éis tamall beidh cuid acu faoi uisce ar fad. Gan dabht, tá eagla orm faoi seo. Cinnte, b'fhéidir nach bhfeicfimid é sin le linn m'aois, ach beidh tionchar aige ar na glúine atá le teacht. Tá muidne ag ullmhú an domhain do na daoine atá ag teacht inár ndiaidh. Beidh an-chuid fadhbanna acu má leanann muid ar aghaidh sa chaoi a bhfuil agus atá muid faoi láthair. Ní hé leibhéal na farraige ag ardú an t-aon fhadhb atá againn; tá athrú na haimsire feicthe againn cheana féin leis an mbáisteach, na tuilte, an ghaoth, na stoirmeacha agus mar sin de. Tá sé seo ag tarlú mar gheall ar an téamh domhanda. Caithfimid ár mbealaigh a athrú sula n-éireoidh rudaí i bhfad níos measa ná mar atá. Chonaic muid an méid damáiste a rinne an drochaimsir timpeall an domhain le déanaí, go háirithe in Éirinn - na mílte, fiú na milliún euro de dhamáiste. Is léir go bhfuil sé seo ag cur breis costas orainn chomh maith. Leanfaidh sé ar aghaidh agus gheobhaidh sé níos measa le himeacht aimsire.

An orainne an locht? Bhuel i mo thuairimse cinnte tá an locht orainn. Ní féidir é sin a shéanadh agus ní cheapfainn go bhfuil aon duine ann a déarfadh a mhalairt, mar is muidne atá ina chónaí sa domhan seo agus is muidne atá freagrach as.

Ag an am céanna, ceapaim go bhfuil an réiteach againn freisin. Tá damáiste déanta cheana féin agus ní féidir an clog a chur siar. Is féidir go leor de na rudaí atá ag cur leis an téamh domhanda a stopadh. Ní gá ach na gcleachtais atá againn a athrú ar bhealach níos glaine agus níos glaise. Cé go bhfuil cuid de na rudaí seo an-simplí ar fad, tá taithí ag daoine ar na gcleachtais atá acu cheana féin agus is dócha go bhfuil sé an-deacair iad a athrú.

Cén fáth go bhfuil an locht orainn? Luaigh mé níos luaithe gur iad an díchoilltiú agus dó breoslaí iontaise na rudaí is mó atá ag cur le téamh domhanda. Is muidne atá ag déanamh na rudaí seo. Táimid ag cur go leor ceimicí agus gáis - dé-ocsáid charbóin, mar shampla - isteach san aer gach lá. Tá na gáis seo ag déanamh dochair don ozón. Dá bhrí sin, tá ciseal an ozóin ag laghdú go tapaidh. Tá na bóithre plódaithe le carranna. Tá níos mó ná carr amháin ag go leor teaghlaigh. Ní haon ionadh go bhfuil téamh domhanda ag tarlú leis an méid carranna atá ar na bóithre agus an méid ceimiceán atá ag teacht astu? Ba cheart dúinn an córas iompair phoiblí a fheabhsú agus iallach a chur ar dhaoine é a úsáid. Ba smaoineamh iontach é an Luas. Ba cheart do dhaoine a úsáideann carr agus iad ag dul ag obair síob a thabhairt do dhaoine eile atá ag dul sa treo céanna. Laghdódh sé sin fadhb an téamh domhanda agus an méid trácht ar na bóithre ag an am céanna. Tá na breoslaí eile atáimid ag dó, ar nós ola, gáis, gual agus móin, ag glacadh páirt mhór san fhadhb seo freisin. Le deich mbliana anuas, táimid ag úsáid níos mó dóibh ná mar a bhí riamh. Caithfimid gearradh síos ar channaí le CFCs freisin agus rudaí mar sin a chuireann ceimicí san atmaisféar.

Tá truailliú uisce thart orainn. Tá ceimiceáin i gcónaí ag sileadh isteach sna haibhneacha agus locha. Is cuimhin linn na fadhbanna móra a bhí i nGaillimh le blianta beaga anuas. Ní raibh éinne in ann an t-uisce a ól. Bhí orthu uisce a cheannach sna siopaí. Bíonn bruscar ag dul freisin óna monarchana isteach sna farraigí chuile lá sa tseachtain. Tá ár n-éisc, ár bhfarraigí agus ár dtimpeallacht i mbaol. Caithfidh comhlachtaí agus monarchana a bheith níos cúramaí leis an gcaoi a bhfaigheann siad réidh le bruscar agus ceimicí. An bhfuil aon réitigh eile ar na fadhbanna seo? Tá neart gur féidir linn a dhéanamh. Tá béim mhór ar athchúrsáil sa lá atá inniu ann. Ba cheart do gach éinne iarracht níos fearr a dhéanamh rudaí a athchúrsáil. Is beag rud nach féidir a athchúrsáil anois - buidéal gloine nó plaisteach, páipéir, cannaí, éadaí, cuisneoirí agus cadhnraí, srl. Tá gá le níos mó ionaid athchúrsála a chur ar fáil i ngach baile sa tír. Tá oideachas ag teastáil. Tá feachtas fógraíochta de dhíth chun daoine a chur ar an eolas. Is féidir linn gach saghas fearas leictreachas a mhúchadh muna bhfuil sé in úsáid againn, doirse a dhúnadh leis an teas a choinneáil isteach, déanamh cinnte de go bhfuil ár dtithe inslithe ar ardchaighdeáin ionas nach dtéann an fuinneamh amach na fuinneoga nó tríd an áiléar, crainn a chur agus foinsí fuinneamh in-athnuaite a úsáid níos mó más féidir.

Mar mhuintir na hÉireann, caithfimid an rogha cheart a dhéanamh anois. Má ardaítear na cánacha ar rudaí faoi leith a dhéanann dochar don atmaisféar, tosóidh daoine ag éisteacht go géar agus seans maith go mbeidh siad níos cúramaí. Sa suíomh eacnamaíochta ina bhfuilimid anois, níl airgead ag daoine le cur amú. Is cuimhin linn cad a tharla leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha. Tosóidh daoine ag smaoineamh ar an timpeallacht agus ar an téamh domhanda atá ag scriosadh ár bplainéad. Tá orainn gníomhú le chéile láithreach; mar a deir an seanfhocal, "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Tá an todhchaí anseo. Mar fhocal scoir, ceapaim go bhfuil an milleán le cur orainn. Ba cheart rud éigin fiúntach a dhéanamh anois. Caithfimid oibriú le chéile. Mar a deir an seanfhocal, ní fiú bheith ag seanchas agus an anachain déanta. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu. Tá súil agam gur bhain na comhaltaí taitneamh as mo chuid cainte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.