Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

5:10 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus táim thar a bheith buíoch dó as an méid a dúirt sé. Is beag atá le cur agam leis an méid a dúirt sé. Aontaím go ndearnadh dul chun cinn agus go raibh an tAcht an-dearfa i gnéithe áirithe den saol, ach go háirithe, mar shampla, i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcúrsaí comharthaíochta, páipéarachais na n-eagaíochtaí Stáit, foilsiúcháin agus a leithéid. Tá áiteanna go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta. Ach is é croílár na faidhbe i ndeireadh an lae ná nach féidir leis an gnáth saoránach in aon áit sa tír, sa Ghaeltach san áireamh, a bheith cinnte go bhfuil an Stát in ann déileáil leis trí Ghaeilge. Is cuma an bhfuair siad an Ghaeilge ó dhúchas óna muintir sa bhaile nó ar fhoghlaim siad ag an scoil í in áit éigin eile ar fud na tíre, murar féidir leo an teanga sin a úsáid go furasta agus iad ag déileáil leis an Stát, tá fadhb bhunúsach againn.

Táimid ag druidim níos gaire ná riamh don mheon seo ar a dtugtar "compulsory English", go gcaithfidh duine Béarla a bheith aige. Mar adúirt mé níos túisce, b'fhéidir go mbeadh sé níos onóraí ag an Stát é sin a rá le daoine agus éirí as an gcur i gcéill gur féidir le duine a chuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá seo ag fáil níos deacra. Tá rudaí an-mhaith déanta de bharr Acht Teanga a bheith ag an tír seo, ach tá an t-uafás eile le déanamh. Tá súil agamsa, pé duine a thiocfas mar comharba orm, go mbeidh deis níos fearr aige go mbeidh leasuithe ciallmhara, stuama déanta ar an Acht agus go bhfaighfidh sé an tacaíocht a theastaíonn leis an obair seo a chur chun cinn. Mar adúirt mé níos túisce, má théann muid an treo go bhfuil muid ag fáil ár bhflaithiúneas eacnamaíochta ar ais, agus má chailleann muid ár bhflaithiúnas teanga agus cúltúrtha, táimid i ndroch spás amach agus amach.