Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:50 pm

Mr. Seán Ó Curreáin:

Go raibh míle maith ag an Teachta Kitt as na ceisteanna sin. Luaigh sé Oifig an Ombudsman agus an chaint ar chónascadh. Fógraíodh é seo mar chinneadh Rialtais dhá bhliain ó shin. Is dóigh liom gur dearnadh roinnt leasaithe ar an mbunsmaoineamh ó shin. D'iarr mise go bhfeicfimid an small print, mar a deirtear, agus céard go díreach a bhí i gceist. Níl sé sin ar eolas agam go dtí seo. Níl aon eolas cinnte agam faoi céard go díreach a bhéadh i gceist leis an gcónascadh nó cén bealach a d'oibreodh sé. Tá eolas áirithe teoranta agam ach go dtí go bhfeictear céard é a bhéadh ann, cén chaoi a n-oibreodh sé agus cén bealach go mbéadh buntáiste ag baint leis tá sé an-deacair agamsa aon bhreithiúnas a dhéanamh faoin tionchar a bheith aige. Dáiríre, go dtí go bhfeicfimid an fhoclaíocht atá beartaithe leis an t-Acht a leasú chun sin a bhaint amach ní féidir liomsa briethiúnas a thabhairt ar céard a tharlóidh ansin.

Luaigh an Teachta comhairlí contaetha a raibh deacracht againn leo anuraidh. Bhain sé sin le heolas, nó faisnéis, a bheith scaipthe i mBéarla amháin. Bhain sé le coir poist, no mail shots, a bhí á gcur amach. Ní dóigh liom go mbéádh costas suntasach breise le hiad a bheith i ndá theanga. Má aistrítear an téacs uair amháin go Gaeilge is féidir iad a chur amach leis an leagan Gaeilge ar thaobh amháin agus an leagan Béarla ar an dtaobh eile. I gcásanna áirithe níor smaoiníodh air agus i gcásanna eile níor bacadh len é a dhéanamh. Ní teisteanna do-sháraithe iad sin, dáiríre.

Maidir leis an Aire Stáit agus cuireadh a thabhairt dó teacht chun an choiste, is gnó don choiste é sin agus ní domsa.

Maidir leis na ceisteanna a chuir an Teachta Tóibín faoi scéimeanna teanga. Tá rí-thábhact le scéimeanna teanga má tá an t-Acht le hoibriú ach tá an córas comh lochtach i láthair na huaire nach gcreidim i mo chroí istigh gur féidir caoi a chur air agus nach féidir go n-oibreodh sé. Tá trí cheathrú des na scéimeanna a bhí daingnithe imithe in éag. Tá gealltanais fós le comhlíonadh fúthu ach, dáiríre, níor dearnadh aon athnuachan orthu. Tá cuid acu sin in éag le trí, ceithre agus cúig bliana gan athnuachan. Tá scéimeanna ann gur iarr an t-Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagraíochtaí Stáit scéimeanna teanga nua a cheapadh. Mar shampla, tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, an HSE go náisiúnta, thar a bheith tábhachtach. Tá sé gar do seacht mbliana ó shin ó iarradh orthu scéim a chur i gcrích. Dúirt mé cheana, i bhfóram éigin eile, gur dearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta níos scioptha ná sin. Ní thógann sé seacht mbliana teacht ar chomhréiteach faoi scéim teanga. Tá moill agus fadhb éigin sa chóras ansin. Tá acmhainn breise curtha ag obair air seo ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ach fós féin, i mbliana aontaíodh 13 scéim ach rachaidh 20 scéim in éag sa tréimhse céanna. Tá tuilleadh scéimeanna ag carnadh i rith an ama atá ag dul as feidhm. Tá fadhb ann. Tá an córas chomh lochtach anois go bhfuil an-amhras orm ar féidir é a leasú. Ní shílim go bhfuil muinín ag daoine níos mó ann.

Maidir le cúrsaí earcaíochta, chuir an Teachta Tóibín an cheist cén fáth nach mbítear sásta daoine le Gaeilge agus Béarla a earcadh. Ní bhéadh aon chostas breise, go háirid le daoine a thabhairt isteach as an nua sa Státseirbhís ag grád oifigeach cléireachais nó oifigeach feidhmiúcháin dá ndéarfaí sa bhfógra earcaíochta go bhfuiltear ag iarraidh daoine le scil Gaeilge agus daoine le scil Béarla. Ní bhéadh cent breise le híoc ag an Stát agus bhéadh buntáiste an-mhór. Go deimhin, bhéadh sé níos saoire. I láthair na huaire, má scríobhann tú ag Roinn Rialtais i nGaeilge go minic is gá an litir a chur amach go dtí aistritheoir gairmiúil taobh amuigh, í a aistriú go Béarla, freagra a chumadh i mBéarla, an freagra a chur amach le bheith aistrithe go Gaeilge agus an freagra sin a chur ar aghaidh. Dá mbéadh daoine le Gaeilge fostaithe sa Roinn ní theastódh sé sin a dhéanamh ar chor ar bith. Cén chúis nach ndéantar é? Feictear dom gurb shin é an third secret of Fatima sa státchóras. Níl an freagra agam.