Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:30 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Ar dtús báire, go raibh míle maith ag an tSeanadóir as a chineáltas agus as na focla cineálta sin uaidh. Tá mé thar a bheith buíoch dó. Thar aon ní eile tá mé buíoch dó gur dhúirt sé go mbeidh an coiste seo sásta dul i ngleic le cuid des na ceisteanna atá dúisithe inniu. Tá sin thar a bheith tábhachtach.

Chuir sé ceist an bhfuil cearta teanga ar fáil. Tá, ach tá siad an-teoranta. Ní féidir le cearta teanga a bheith ar fáil ó Stát chóras na tíre muna bhfuil daoine ag obair ann a bhuil Gaeilge acu. Tá polasaí nua earcaíochta ó thaobh na Gaeilge á thabhairt chun cinn, rud nach n-oibreoidh. Tá mé lán chinnte de sin. Theip ar an bpolasaí a bhí ann roimhe seo. Teipfidh níos measa ar an bpolasaí nua. Ní éireoidh leis daoine le Gaeilge a cheapadh sa chóras poiblí. Cuireann sé foireann peile i gcuimhne dom. Muna bhfuil peileadóirí le dul amach ar an bpáirc ní féidir an cluiche a imirt. Mar a dúirt José Mourinho, agus é ag caint faoi peileadóirí, "No eggs, no omelette". Tá se mar a chéile i saol na teanga. Muna bhfuil státseirbhísigh le Gaeilge, ní féidir na seirbhísí a chur ar fáil.

Tá earcadh fóirne le Gaeilge ina bhunchloch. Tá seirbhísí a chur ar fáil tré mheán na Gaeilge do phobal na Gaeltachta ina bhunchloch eile. Tá an dá rud sin lárnach má tá seans ar bith le bheith ag an teanga maireachtáil. Muna ndéanfar é sin ní féidir a bheith ag súil go mairfidh an teanga mar theanga beo phobail sa Ghaeltacht nó stadas a bheith aici mar theanga ar fud na tíre. Tá an dá rud ag braith ar a chéile agus tá an dá rud sin á chur i mbaol.

Chuir an Seanadóir ceist faoi flaitheas teanga. Tá sin thar a beith tábhachtach. Is iontach an rud é go bhfuil flaitheas eacnamaíochta le fáil ar ais ag an tír ach má táimid ag cailleadh ár bhflaitheas chultúrtha agus ár bhflaitheas teanga feictear dom gur rud an-dona é sin. I láthair na huaire braithim go bhfuilimid an-ghar do dhul i dtreo Béarla éigeantach le seirbhísí a fháil ón Stát. Beidh compulsory English ag teacht isteach in áit Gaeilge éigeantach, mar a bhí tráth den saol. Sílim, cé nach maith liom é seo a rá, go mbéadh sé níos onóraí agus níos misniúla ag an Stát a rá go bhfuil Béarla éigeantach. Bhéadh sé sin níos misniúla mar ghníomh mar bhéadh an fhírinne i gceist ansin gan an cur i gcéill go bhfuil seirbhísí Gaeilge ann. I láthair na huaire níl seirbhísí ar fáil ar ard chaighdeán do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go dtí go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ní bhainfear úsáid astu. Mar sin, tá fáinne fí a chruthú go leanúnach.

Agus mé ag éirí as an phost seo, theastaigh uaim teachtaireacht soiléir a thabhairt go bhfuilimid ag tréimhse an-lag ina bhfuil ceisteanna cinniúnacha romhainn, mar náisiún. Tá súil agam, le cabhair an chomhchoiste seo, go m'fhéidir go dtabharfar aghaidh ar chuid na ceisteanna seo.

Go raibh maith ag an Seanadóir arís as a chineáltas