Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

3:05 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an triúr cainteoir tar éis tagairt a dhéanamh den mhéid a tharla le TG Lurgan, a bhí ar "The Late Late Show". Tá ceachtanna le foghlaim as na coláistí samhraidh Gaeilge. Nuair a fhaigheann páistí tumadh sa teanga, úsáideann siad an teanga i slí taitneamhach. Is léir dóibh go bhfuil an Ghaeilge praticiúil mar theanga. Tá a leithéid molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhíomar an-shásta an moladh sin a fheiceáil sa straitéis mar go raibh sé curtha chun cinn againn. Má léann muid an moladh atá ann sa phlean forfheidhmithe ó thaobh cad atá le déanamh leis an páirt-tumoideachas sna scoileanna, is léir dúinn nach dtarlóidh mórán sa gearrthréimhse nó sa meánthréimhse.

Caithfimid rud praiticiúil a dhéanamh ionas gur féidir linn dul síos an bóthár céanna atá na coláístí samhraidh ag dul sna cathracha agus lasmuigh de na Gaeltachtaí. Caithfimid aithint go bhfuil gá tús a chur nó cúrsa píolótach a chur ar bun an bhliain seo chugainn, gan teip, ar an pháirt den straitéis a bhaineann le tumoideachas, ionas go mbeidh muid ag múineadh ábhar - ceol, corpoideachais, ealaíon agus drámaíocht - trí Ghaeilge i roinnt scoileanna. Ansin, d'fhéadfadh muid sin a fhás, de réir a chéile, i ngach scoil. Mar sin, bheadh muid ag cabhrú le gach scoil de réir a chéile chun páistí a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid.

Caithfear cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir leis an oideachas. Ní féidir linn breathnú ar an straitéis agus a rá go bhfuil an moladh sin ann do na bunscoileanna. Ní féidir a sheacaint go gcaithfidh muid rud éigin i dtaobh oiliúint múinteoirí. Tá sé molta sa straitéis go mbeidh tréimhse níos faide ag ábhar múinteoirí sa Ghaeltacht. Cuireadh seachtain leis an tréimhse sin, ach cuireadh bliain leis an tréimhse traenála d'ábhar múinteoirí san iomlán. I ndáiríre mar sin, níor cuireadh aon am breise don Ghaeilge d'ábhar múinteoirí. Is gá sin a aithint agus is gá cur leis. Is gá freisin an deontas a thabhairt thar nais dóibh chun go mbeadh siad in ann íoc as an tréimhse sin, mar is dlúthchuid den chúrsa traenála é. Ba chóir freisin go mbeadh siad ag foghlaim conas na hábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge ionas go mbeidh siad in ann dull isteach sna bunscoileanna agus tabhairt faoi ábhair eile a mhúineadh trí Gaeilge.

Maidir leis an dara leibhéal -----