Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 19 September 2013
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge
2:25 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Ba mhaith liom beagáinín a chur le sin. Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist faoi an bhfuil na Rannaí Stáit ar fad ag tacú leis an straitéis. Tá rudaí áirithe a tharlaíonn go poiblí ó thaobh dearcadh agus íomhá na Gaeilge agus bhí deis ag Airí éagsúla rudaí fé leith a dhéanamh, ach níor éirigh linn dul i bhfeidhm orthu sin a dhéanamh. Chuireamar iarratais chucu, ach níor ghlac siad leo. Rudaí simplí a bhí i gceist, ar nós an comhartha nua atá ar ghach tacsaí. Don chuid is mó, is "Taxi" atá i gceist. D'iarramar go mbeadh comhartha dhátheangach ann nó, chun go mbeadh an tír seo difriúil ó thíortha eile an domhain, go mbeadh "Tacsaí" ar ghach tacsaí. Níor ghlac an tAire Stáit, Deputy Alan Kelly, leis an moladh sin ag an am.
Moladh simplí eile a bhí againn ná go mbeadh "Uisce Éireann" amháin mar ainm ar an chomhlacht nua, ach níor ghlacadh leis an moladh sin. Tuigim go bhfuil Uisce Éireann ceangailte le seo anois agus nuair atá an comhlacht ag plé leis na meáin as Béarla, úsáidtear "Water Ireland" i gcónaí. Deis bheag, ach deis mhaith, a bhí ag an Roinn ansin tacaíocht a thabhairt don straitéis nó do spiorad na straitéise. Chuir an Seanadóir Keane ceist faoi na cúig moltaí is tábhachtaí ach mar a luaigh an tUasal Ó Cuilinn maidir leis na moltaí, níl airgead ag baint le gach moladh. Mar sin, ní dóigh liom gur féidir linn ord mar sin a chur orthu. Mar a luaigh an Seanadóir, níl costais réamhdhéanta leagtha amach agus tá sé deacair sin a dhéanamh. Sin ráite, tá rudaí gur cóir díriú orthu, ar nós an rud is bunúsaí agus muid ag caint faoi struchtúr ardleibhéal, le ionadaíocht ón bpobal agus na húdaráis le chéile, a chur ar bun. Ní chosnódh sin pingean.
Chomh maith le sin, is féidir breathnú ar rudaí ar nós cúrsaí earcaíochta.
Nuair a thosóidh earcaíocht san earnáil phoiblí arís níl aon fáth nach mbeifí ag lorg daoine le Gaeilge, go mbéadh sin mar scil aitheanta amach anseo agus go leagfaí síos go mbéadh an scil sin ag céatadán faoi leith des na daoine a bhéas fostaithe san earnáil phoiblí amach anseo, chun go gceartófaí, mar shampla, an fíric sin nach bhfuil ach 1.5% d'oifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna in ann seirbhís a chur ar fáil tré Ghaeilge. Nuair a thosóidh earcaíocht arís, dá ndéarfaí go mbeadh Gaeilge ag 30% des na daoine a thagann isteach san earnáil phoibhlí go ceann idir trí no cúig bliana, tá mé 100% cinnte go mbéadh dóthain daoine amuigh ansin leis na scileanna atá ag teastáil dos na postanna agus le scil breise na Gaeilge chomh maith. Thabharfadh sé sin teachtaireacht dearfach do scoileanna agus do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge go bhfuil tábhacht agus buntáiste ag baint le Gaeilge a bheith acu. Tá sin feicthe againn, go pointe, leis an stádas breise san Aontas Eorpach agus leis na postanna atá amuigh ansin anois.
Bhéadh i bhfad níos mó postanna dá mbeimís ag fáil réidh leis an maolú. Níl plean ar an mbord faoi láthair fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Is trua sin mar dá mba rud é gur leagamar síos go rabhamar ag iarraidh 30 duine breise mar aistritheoirí agus 30 duine breise mar dlítheangeolaithe, de réir a chéile d'fhéádfaimid fáil réidh leis an maolú. Ní déirtear sa straitéis ach go ndéanfar é seo taobh istigh de thréimhse na straitéise, is é sin 20 bliaiin, nuair a d'fhéadfaí é a dhéanamh faoi 2016.