Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an-mholadh ag an Teachta maidir le creidmheas nó aitheantas faoi leith a bheith ann má dhéanann duine cúrsa TEG. Maidir leis an gcúrsa TEG é féin, má bhaineann duine an stádas amach, is cáilíocht í féin a bheidh ag duine. Go háirithe agus an earnáil phoiblí ag rá go mbeidh coinníoll Gaeilge le 20% d’fhostaíocht, tá doirse oscailte do dhaoine nach raibh roimhe, b’fhéidir. Tá sé an-mhaith mar mholadh. Bhí plean gníomhaíochta an phlean náisiúnta don earnáil phoiblí le bheith foilsithe anuraidh, ach níl sé foilsithe fós. Tá an t-am ag an Teachta teagmháil a dhéanamh leis an Roinn le cinntiú go mbeadh a leithéid de mholadh curtha san áireamh. Is an-mholadh é. Spreagann sé sin mic léinn breise. Chonaic mé i gcónaí é in DCU go raibh rudaí mar sin ar siúl ag daoine. Cé go raibh siad ag déanamh cúrsaí faoi leith, bhí siad in ann rudaí sa bhreis a dhéanamh chun an t-aitheantas sin a fháil freisin.
Is é an dara rud a luaigh an Teachta ná soláthar na gcúrsaí trí mheán na Gaeilge. Tagann sé sin ar ais go dtí an pointe a bhí déanta cúpla uair anseo go bhfuil gá le comhordú mar níl aon chomhordú ar siúl idir na hinstitiúidí ardoideachais faoi láthair. Tá bunús den chomhordú sin le feiceáil leis an Ionad Barr Feabhais. Is togra é sin idir Roinn na Gaeltachta agus na hinstitiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go mbeidh cúrsaí ar fáil chun daoine a chur amach chun na hEorpa le freastal ar na poist a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Is fianaise í sin go bhféadfaí a úsáid amach anseo. Is í an fhadhb atá leis an togra sin, áfach, ná go mbaineann sé le Roinn na Gaeltachta agus na hinstitiúidí; níl aon dream i gceannas air ná ag déanamh comhordú air mar an fáth go bhfuil siad ann. Ba chóir é sin a dhéanamh. Arís, ag tacú leis an bpointe a bhí déanta cúpla uair, is gá institiúid nó gníomhaireacht mar sin a chur ar bun a bheidh ag breathnú ina threo sin.
Tá dhá rud le déanamh freisin. Mar a dúirt an Teachta, tá taighde le déanamh ar na cineálacha cúrsaí ar chóir díriú orthu. Ní mór oibriú amach cá bhfuil spéis na mac léinn freisin. Arís, léiríonn sé seo nuair nach bhfuil grúpa áirithe i gceannas ar an rud nó ag comhordú an ruda, titeann rudaí ar leataobh. D'éirigh linn a chinntiú go raibh tagairtí don Ghaeilge agus Gaeltacht san Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022. Tá rud éigin luaite faoi thaighde san Acht agus bhíomar ag iarraidh ar an Údarás um Ard-Oideachas le tamall an taighde sin i measc daltaí dara leibhéal nó tríú leibhéal a dhéanamh maidir leis na cineálacha cúrsa gur chóir go mbeadh i gceist. Cé go bhfuil sé ag plé na ceiste sin le hOllscoil na Gaillimhe, níl aon rud tar éis tarlú fós ar an gceist. Tuigim é sin áfach; tá a lán rudaí éagsúla le déanamh aige. Arís, léiríonn sé seo an gá le hinstitiúid, gníomhaireacht nó rud éigin ann leis féin a bheidh ag breathnú ar an tríú leibhéal ina iomláine amach anseo chun an cheist sin a fhreagairt i gceart. Ní mór an coinníoll fostaíochta 20% a thógáil san áireamh, mar shampla. Is riachtanas ollmhór de chuid an Rialtais é sin. Beidh an coinníoll sin le tógáil san áireamh nuair a bhreathnófar ar na cineálacha cúrsaí a chuirfear ar fáil. Tá riachtanais éagsúla eile a bheidh le cur san áireamh freisin. Tá gá leis an gcomhordú lárnach a thosú.
No comments