Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Tá an ceart ag an Teachta maidir le TEG a chomhtháthú mar rogha in go leor cúrsaí. Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag mic léinn cúrsa TEG a dhéanamh in éineacht lena gcúrsa agus teastas gairmiúil sa nGaeilge nó rud mar sin a fháil a dheimhníonn ag deireadh na céime go bhfuil inniúlacht sa teanga bainte amach acu de réir an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn a bheith cinnte gurb é B2 an caighdeán teanga a leagfar síos mar níl muid ag iarraidh go dtitfidh an caighdeán sin go B1 nó A2. Tá muid ag iarraidh an caighdeán a choinneáil ag leibhéal B2.
I gColáiste na Tríonóide agus roinnt coláistí eile, bíonn ranganna Gaeilge ar fáil mar rud breise gur féidir le daoine a dhéanamh ina gcuid ama féin. Tá sé riachtanach go mbeadh cáilíocht phroifisiúnta ghairmiúil i gceist leis seo agus go mbeadh sé ar fáil in gach ollscoil ar fud na tíre.
Tá an Teachta ag fiosrú faoi na cúrsaí is tábhachtaí. Tá sé sin an-tábhachtach, dar ndóigh. Is iad na cúrsaí is tábhachtaí, a bhfuil gá le cúrsa TEG, modúil nó ábhair a sholáthar dóibh trí mheán na Gaeilge, ná na cúrsaí is mó a bhaineann le poist san earnáil phoiblí agus sa Státchóras. Tá na heolaíochtaí sláinte agus an dlí an-tábhachtach sa gcomhthéacs seo. Tá grúpa mac léinn tar éis litreacha a sheoladh chuig a scoileanna féin ag impí go mbeidh modúil ar fáil trí mheán na Gaeilge toisc go dtuigeann siad é seo. Tá litir seolta ó mhic léinn leighis go scoil an leighis i gColáiste na Tríonóide ag éileamh go mbeidh ar a laghad modúl amháin ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé feicthe againn ón taighde sa nGaeltacht nach bhfaigheann seandaoine sa nGaeltacht a bhfuil an galar Alzheimer acu cúram trí mheán na Gaeilge. Is údar náire é sin toisc gur minic go ndéanann na seandaoine seo dearmad ar an mBéarla agus nach mbíonn Gaeilge ag na dochtúirí. Tá litir eile seolta chuig scoil an dlí ag mic léinn dlí i gColáiste na Tríonóide ar an ábhar céanna. Is iad na cúrsaí is mó a bhaineann leis an earnáil phoiblí na cinn ar cheart díriú orthu ar dtús, ach leis an sprioc é sin a leathnú amach, ar ndóigh.
No comments