Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Déanfaidh mé pointe an-ghearr. Ag teacht leis an méid a dúirt Pádraig Mac Brádaigh agus Julian de Spáinn, aontaím gur moladh iontach é. Rith sé liom go gcaithfí a chinntiú go mbeadh sé ceangailte tríd an chéim ar fad. Faoi láthair, agus ag dul siar na mblianta ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, bhí sé de rogha ag mic léinn leighis ranganna Gaeilge a dhéanamh. Cé nach ranganna TEG a bhí iontu, ba mhodúl é agus bhí creidiúintí ag dul do na ranganna sin. Ní raibh sé de rogha acu ach na ranganna sin a dhéanamh sa chéad bhliain, áfach. Mar sin, molaim go mbeadh na ranganna agus creidiúintí sin ar fáil i rith na céime go bliain na céime.
Maidir leis an gceist faoin áit is fearr leis an mbéim a chur, tá cúpla rud éagsúil ansin. Tá ceist maidir le comhordú a dhéanamh idir céimeanna ina ndéantar staidéar ar an nGaeilge mar theanga nó ábhar léinn agus céimeanna inar féidir cuid den chéim a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil béim ar leith ar an teanga, má tá ciall leis sin. Mar shampla, tá an-obair déanta ag Ollscoil na Gaillimhe. Chuir beirt i scoil an mhata, as a stuaim féin, isteach ar chiste straitéiseach a bhí ag an ollscoil chun scéim phíolótach dhá bhliana a reáchtáil a bhí dírithe ar ETIM, nó STEM, trí mheán na Gaeilge. Is é ceann de na rudaí a tháinig chun solais nuair a bhí an cheardlann sin ar siúl acu anuraidh ná an nasc agus an comhrá seo a bhí againn an tseachtain seo chaite agus sinn ag caint mar gheall ar thithíocht agus an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta agus an infheistíocht sin, beidh daoine a bhfuil ardscileanna acu ag teastáil leis na poist sin a líonadh. Ba cheart é sin a thabhairt san áireamh. Má tá muid ag iarraidh tithe a chur ar fáil do dhaoine le cur fúthu sa nGaeltacht agus cur le pobal na Gaeltachta, ní mór an oiliúint chuí a sholáthar le go mbeidh an cumas teanga ag na daoine sin chomh maith. Tá cuid mhaith de na poist sin i réimsí na hinnealtóireachta agus tionsclaíochta, réimsí nach bhfuil go traidisiúnta, b’fhéidir, nasctha leis an teanga.
Rinne mé céim sa dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is staidéar ar an dlí agus staidéar ar an nGaeilge a bhí i gceist leis sin ach níl a leithéid ann do na heolaíochta go dtí seo. Is réimse é sin ina bhfuil obair ar bun, mar a dúirt mé, go neamhspleách ag ollscoileanna áirithe ach is fiú go mór é sin a chomhordú ar bhonn náisiúnta.
No comments