Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is ceist an-leathan í sin ach déanfaidh mé iarracht a bheith gonta i mo fhreagra.
Is é ceann de na rudaí is mó atá in easnamh agus atá ag teacht trí na cainteanna ar fad a bhí ann ar maidin ná an t-easnamh seo atá ann maidir le córas comhtháite ceangailte ó thús go deireadh. Níl a fhios againn cén sprioc atá sa réamhoideachas, sa bhunscoil, sa mheánscoil nó sa tríú leibhéal. Nuair nach bhfuil siad ceangailte, tá fáinne fí atá briste ar gach leibhéal. Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí atá á lua ná an gá seo le polasaí a cheanglaíonn gach rud, bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach.
Is é an rud aisteach faoi seo ná, sa chlár Rialtais deireanach, gealladh go gcuirfí polasaí comhtháite le chéile don Ghaeilge ón réamhoideachas suas go dtí an tríú leibhéal, ach ní dhearnadh sin. Ní dhearnadh aon iarracht é a thosú. Níl an sprioc sin san áireamh sa chlár Rialtais reatha anois. Tá rud éigin sa chlár Rialtais reatha atá ag caint faoina bheith ag obair i dtreo an fhráma tagartha comónta Eorpach a thabhairt isteach, ach níl aon ghrúpa saineolach curtha ar bun fós le feidhmiú air sin. Tuigeann muid ar fad go bhfuil 2030 ag teacht go luath agus beidh an sprioc 20% a bhaineann leis an earnáil phoiblí le teacht i bhfeidhm go luath.
Le freagra a thabhairt ar an gceist faoin rud amháin a mholfainn, is é an moladh is mó atá agam ná an polasaí comhtháite sin, ó thús go deireadh, a thosú agus a fhorbairt anois. Tá plean tugtha d’Airí éagsúla, an tAire oideachais reatha agus an t-iarAire ardoideachais san áireamh. Ní raibh seans agam bualadh leis an Aire ardoideachais reatha fós, ach tá na pleananna seo acu le roinnt blianta anuas atá forbartha ag saineolaithe ar conas go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh. Tá muid fós ag fanacht ar an ngrúpa saineolach seo le bheith curtha ar bun. Is é an rud is mó go bhféadfadh an Rialtas déanamh ar maidin ná an grúpa saineolach a chur ar bun leis an gclár nó an polasaí comhtháite, bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach, a fhorbairt láithreach bonn, gan a thuilleadh moille.
Tá an Bhreatain Bheag imithe síos an bóthar seo freisin. Tá sí tar éis reachtaíocht a chur tríd maidir le hoideachas Breatnaise le déanaí. Tá sí ag iarraidh go mbeidh gach uile dhalta a thagann amach as an gcóras sa Bhreatain Bheag inniúil sa Bhreatnais mar chainteoir neamhspleách. Tá uaillmhian ag baint leis an ráiteas sin, fiú. Táthar ag rá ag gach leibhéal go bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh sé sin ag tarlú. Níl an uaillmhian sin againn. Ní bhíonn rudaí ceangailte le chéile. Má bhreathnaítear ar an mbealach a bhfeidhmíonn an NCCA maidir le curaclaim, mar shampla, bíonn sé ag breathnú orthu mar silos. In ionad gach rud a thabhairt le chéile, bíonn dream amháin ag plé leis an mbunscoil, dream eile ag plé leis an meánscoil, dream iomlán éagsúil ag plé leis an tríú leibhéal - is iad an lucht tríú leibhéal féin a thugann aire dó sin - agus dream eile don réamhoideachas freisin. Is é sin ceann de na rudaí is féidir leis an Rialtas a dhéanamh ar maidin. D’fhéadfadh sé an grúpa saineolach sin a chur ar bun agus bheadh comóntacht, dréimire agus bealach éigin dúinn ar fad chun cabhrú leis na páistí seo a bhfuil díolúine acu, mar a luaigh Ashling Kate Wall. Bheadh na páistí sin in ann an scrúdú béil a dhéanamh don ardteist. Bheadh muid ag freastal ar na daltaí sin a thagann isteach sa tír, in ionad a bheith ag rá leo nach mbaineann an teanga leo, cé go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh siad mar chuid de shochaí na hÉireann. Tá sé sin scannalach mar mheon agus mar chóras. Tá bealach timpeall air sin.
Bheadh sé ag freagairt do pholasaí Rialtais sa bhealach go mbeidh sé ag freastal don sprioc 20% sin d’earnáil phoiblí amach anseo go mbeadh daoine inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus go mbeadh na hoifigigh sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Baineann sé leis na rudaí sin ar fad. Thiocfaidís leis an bpolasaí cuimsitheach seo ó thús go deireadh. Is é an rud atá ag teastáil ná an grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn gan a thuilleadh moille. Just déan é agus tiocfaidh toradh maith as.
No comments