Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé

2:00 am

Mr. Pádraig Mac Brádaigh:

Ar an gcéad dul síos, aontaím go mór le gach rud a dúradh ansin. Caithfear a rá agus a aithint nach raibh eagrúchán ar bith ann riamh, fiú nuair a bhí soláthar níos mó agus níos mó cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Ní raibh creatlach náisiúnta ann. Ní raibh aon rud ceangailte lena chéile. Ní raibh na hollscoileanna ag obair lena chéile. Bhí sé go hiomlán ar bhonn ad hoc. Ní raibh aon rud eagraithe. Is dócha gur cheart a lua arís nach ceannródaithe muid anseo in aon chor. Rinne an Bhreatain Bheag é seo cheana féin. Níl le déanamh againn ach na céimeanna a leag sí a leanúint.

Níos luaithe i mbliana, cuireadh ceist ar an Aire ardoideachas faoin Ghaeilge in ollscoileanna. Dúirt sé mar fhreagra go gcuireann a Roinn €900,000 ar fáil d’ollscoileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Caithfidh muid an cheist a chur: cad is brí leis sin? Cad is brí leis an Ghaeilge a chur chun cinn”? Ní féidir cumann Gaelach nó grúpa mac léinn cúrsaí acadúla a chur ar fáil. I gcomparáid leis an méid sin airgid, sa Bhreatain Bheag i mbliana, tabharfar breis is £10 milliún do Coleg Cymraeg Cenedlaethol, an chreatlach náisiúnta sa Bhreatain Bheag chun cúrsaí acadúla a chur ar fáil trí mheán na Breatnaise.

Tosaíonn sé seo ar fad leis na sonraí a bhailiú. Níl na sonraí againn agus níl a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na léachtóirí le Gaeilge fiú. Chuir mé iarratas saorála faisnéise isteach chuig Coláiste na Tríonóide anuraidh le fáil amach faoi bhaill fhoirne an choláiste le Gaeilge. I bhfianaise na forála in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 faoin sprioc 20% san earnáil phoiblí, ba cheart go mbeadh a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na baill fhoirne le Gaeilge, ach ní raibh a fhios ag Coláiste na Tríonóide agus níl a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na léachtóirí le Gaeilge. Tá siad ann, áfach. Is amhlaidh go bhfuil siad ann. Is féidir le mo chomhghleacaithe labhairt giota beag níos mó faoi sin.

Tá an tsuim ag na mic léinn. Tá taighde déanta ag na haontais a léiríonn go bhfuil an tsuim ag na mic léinn tabhairt faoi mhodúil, agus cúrsaí ar fad, trí mheán na Gaeilge, ach níl na sonraí seo againn toisc nach gcuireann na hollscoileanna na ceisteanna. Tosaíonn sé ansin leis na sonraí a bhailiú.

Mar fhreagra ar an gceist faoin rud amháin a dhéanfainn, chuirfinn macasamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol ar bun in Éirinn toisc gur thaispeáin an Bhreatain Bheag gur féidir é a dhéanamh. Ba cheart dúinn é sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.