Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 16 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé
Ms Tr?ona Geraghty:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Seanadóirí, na Teachtaí Dála agus na daoine uaisle as ucht cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Is múinteoir Gaeilge agus Fraincise mé le breis is 23 bliain. Tá mé ag múineadh i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Is údar agus comhúdar Gaeilge mé freisin. Scríobh mé an leabhar Less Stress More Successdon ardteistiméireacht, ardleibhéal agus chomhscríobh mé na leabhair Mol An Óige 1, Mol an Óige 2agus Mol an Óige 3don tsraith shóisearach nua chomh maith le Samhlaíochtagus Spreagadhdon ardteistiméireacht ar an ngnáthleibhéal agus ar an ardleibhéal le Caitríona Ní Shúilleabháin.
I mí an Mheithimh seo caite, scríobh mé agus comh-mhúinteoir liom, Máire Mhic Pháidín, litir chuig mo Theachta Dála áitiúil, an Teachta Ring, chuig an Aire Oideachais, an Teachta Foley, agus chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ansin roinn mé an litir ar an leathanach Facebook "Múinteoirí Gaeilge ag roinnt acmhainní, cabhrach, agus smaointe". Sa litir sin chuir mé in iúl mo chuid smaointe agus na cúiseanna imní a raibh orm mar gheall ar scrúdú 2022 na sraithe sóisearaí Gaeilge i scoileanna T2, agus, ar ndóigh, siollabas nó sonraíocht na sraithe sóisearaí. Gan eisceacht, tacaíonn gach múinteoir Gaeilge a rinne teagmháil liom ó shin i leith le mo chuid tuairimí.
Ar an gcéad dul síos, dar linn nach bhfuil sonraíocht na sraithe sóisearaí in oiriúint do chumas na ndaltaí. Tá an iomarca litríochta le staidéar ag daltaí agus cuireann sé seo brú millteanach orthu. Ansin, sa chéad scrúdú Gaeilge ó foilsíodh an tsonraíocht nua, i mí an Mheithimh seo caite, iarradh ar dhaltaí ceisteanna a bhí i bhfad os cionn a gcumas a fhreagairt ar an bpáipéar ardleibhéil. Sa cheist fhilíochta, mar shampla, iarradh orthu ligean orthu gur léigh siad an dán ag ócáid speisialta nó aithris filíochta. Ansin, bhí orthu cur síos a dhéanamh ar an ócáid agus an fáth a raibh téama an dáin oiriúnach don ócáid sin. Iarraim ar an gcoiste cé mhéad déagóirí a mbeadh cur amach acu ar aithris filíochta? Bheadh an cheist sin deacair do dhuine le céim sa Ghaeilge a fhreagairt.
Iarradh orthu iad féin a chur i ról carachtair ón úrscéal agus ceisteanna casta a fhreagairt agus iad sa ról sin. Is dóigh liom, ar an iomlán, go mbeadh na ceisteanna sin an-deacair dúinne a dhéanamh as Béarla. Bhí sé deacair agus do-dhéanta do roinnt daltaí na ceisteanna féin a thuiscint fiú, toisc iad a bheith chomh casta sin. Is scil faoi leith í an anailís chriticiúil nó critical analysis. Tógann sé an-chuid ama ar dhaltaí an scil sin a fhoghlaim agus a fhorbairt sa Bhéarla. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag iarraidh ar dhaltaí atá 15 bliain d'aois, nó mar sin de, é a dhéanamh sa Ghaeilge. Tugaigí faoi deara nach mbíonn a leithéid de cheist ann i dteangacha eile ar nós na Fraincise agus na Gearmáinise.
Ag caint ar an gcluastuiscint, cloiseann na daltaí na giotaí cluastuisceana trí huaire sna teangacha iasachta nua aimseartha le deis a thabhairt dóibh na freagraí a scríobh isteach. Sa Ghaeilge, áfach, cloistear na píosaí faoi dhó. Cosúil leis na teangacha sin, is dara teanga í an Ghaeilge do na daltaí i scoileanna T2. Labhraíonn na daltaí seo Béarla sa bhaile. An freagra a fuaireamar ó oifig an Aire agus ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar an ábhar seo ná go bhfoghlaimíonn na daltaí Gaeilge sa bhunscoil, neamhchosúil leis na teangacha eile. Is cuma faoi sin, áfach. Bíonn an-chuid deacrachtaí ag daltaí na Gaeilge i ngach seomra ranga leis na canúintí éagsúla. I mo sheomra ranga féin, go rímhinic iarrann daltaí orm an giota a sheinm an tríú huair. Is ábhar é seo a phléifear lá eile ach is fiú tagairt a dhéanamh don bhearna ollmhór a bhíonn ann idir an Ghaeilge a mhúintear sa bhunscoil agus Gaeilge na sraithe sóisearaí. Is minic a bhaintear geit as daltaí le caighdeán na Gaeilge nuair a théann siad isteach sa mheánscoil.
Anuas air sin, níl aon scrúdú cainte le déanamh ag daltaí na sraithe sóisearaí. Tugtar 100% de na marcanna ar thascanna scríofa. É sin ráite, mar ba chóir dó a bheith, tugtar 40% de na marcanna ar labhairt na Gaeilge san ardteistiméireacht. Níl nasc ar bith idir an dá scrúdú. Fiú seachtain ó shin, chuala mé dalta i mo scoil ag rá go bhfuil Gaeilge na hardteistiméireachta níos éasca ná Gaeilge na sraithe sóisearaí toisc nach mbíonn an neamh-shoiléireacht chéanna i gceist i siollabas na hardteistiméireachta.
Bhí sé dodhéanta d’aon mhúinteoir Gaeilge i mbliana daltaí na tríú bliana a ullmhú do chuid de na tascanna scríofa. Tógaimis mar shampla an páipéar gnáthleibhéil. Mar a dúirt Eimear Kilrane, iarradh ar na daltaí seo ríomhphost a scríobh chuig Greta Thunberg faoi fhadhb an bhruscair ina gceantair. Tá sé an-tábhachtach go dtuigeann an coiste nach bhfuil bonnleibhéal ann a thuilleadh do na daltaí laga agus go raibh orthusan an cheist sin a fhreagairt. Arís, deirim go mbeadh an cheist sin deacair do dhalta ardteistiméireachta ag an ardleibhéal. Ag an ardleibhéal, bhí orthu cur síos ar an straoiseog nó emoji ab fhearr leo agus na fáthanna a dhéanann siad an straoiseog sin a scríobh. Chomh maith leis sin, iarradh orthu píosa a scríobh faoin athrú aeráide. Samhlaígí na ceisteanna sin a fhreagairt as Béarla ar an spota agus is daoine fásta muid. Cuireann an easpa soiléireachta agus intuarthachta a bhaineann leis an bpáipéar scrúdaithe anois strus agus imní ar dhaltaí agus ar a dtuismitheoirí. Cuimhnígí, a chairde, go bhfuil seantaithí ag cuid de na tuismitheoirí céanna ar an teastas sóisearach Gaeilge a bhí ann agus nár bhain na fadhbanna thuas leis an scrúdú sin. Táimid imithe i dtreo nua ar fad leis an scrúdú nua agus táim buartha go mbeidh dearcadh níos diúltaí i leith na Gaeilge dá bharr.
Tagraím do mhéid na gceisteanna. Ar an bpáipéar scrúdaithe Gaeilge don tsraith shóisearach Gaeilge, iarrtar ar dhaltaí ag an ardleibhéal 15 ceist a fhreagairt, agus 11 ceist ag an ngnáthleibhéal, taobh istigh de dhá uair an chloig. Roimhe seo ag an ardleibhéal, bhí dhá pháipéar Gaeilge ann. Anois, taobh istigh de pháipéar amháin a mhaireann dhá uair an chloig, tá níos mó scileanna le cruthú ag daltaí. Ní hionadh ar bith é gur tháinig daltaí amach ón scrúdú i mbliana ag caoineadh.
Tagraím do na laethanta traenála nó junior cycle training. D’fhreastail múinteoirí ar fud na tíre ar laethanta oiliúna don tsraith shóisearach Gaeilge le blianta beaga anuas. Is í an chúis is mó ghearáin atá againn maidir leis na laethanta sin ná nár tugadh treoir ar bith dúinn ar an bpáipéar scrúdaithe, cé gurbh é sin an rud ba mhó a theastaigh uainn. Dúradh linn nach raibh baint ar bith ag áisitheoirí na gcúrsaí traenála le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus chaitheamar laethanta fada ag caint ar thorthaí foghlama agus ar mheasúnaithe rangbhunaithe. Tugaim nóta don choiste faoi seo. Ní bhíonn ceist ar cheachtar díobh sin ar an bpáipéar scrúdaithe. Fuaireamar páipéar samplach amháin ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit ón mbliain 2019. Is í sin an t-aon tuairim agus treoir a tugadh dúinn roimh an scrúdú. Conas is féidir le múinteoirí a bheith fonnmhar agus muiníneach faoi mhúineadh na Gaeilge leis an easpa treorach agus cinnteachta atá ann anois maidir leis an scrúdú Gaeilge?
Níl aon amhras ach go bhfuil cuid de na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm sa Ghaeilge sa tsraith shóisearach nua díobhálach d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna T2 ar fud na tíre. Tá sé soiléir dúinn go léir má bhíonn íomhá dhiúltach ar an nGaeilge ag an leibhéal sóisearach go mbeidh laghdú ar líon na ndaltaí a dhéanfaidh Gaeilge ag an ardleibhéal, ní hamháin don tsraith shóisearach ach san ardteistiméireacht chomh maith. Má leanann cúrsaí mar atá, feicfidh na coláistí Gaeilge laghdú sna huimhreacha a bheidh ag freastal ar na cúrsaí Gaeilge i rith an tsamhraidh gan mhoill. Tá méid na gcéimithe Gaeilge ag laghdú cheana féin agus mar is eol dúinn go léir, bíonn sé an-deacair ar phríomhoidí teacht ar mhúinteoirí Gaeilge. An dteastaíonn uainn an scéal sin a dhéanamh níos measa?
Ná déanaimis dearmad gurb iad ár ndaltaí féin na híobartaigh is mó maidir leis na cúrsaí atá luaite agam. Ar an 9 Meitheamh seo caite, tháinig cuid mhaith daltaí amach ón scrúdú Gaeilge agus iad faoi strus mór. Tá níos mó béime ná mar a bhí riamh ar an bhfolláine i scoileanna, ach fós féin tá an brú sin á chur againn ar dhaltaí. Ní chreidimid mar mhúinteoirí gurb iad na múinteoirí a sheasann i seomraí ranga Gaeilge gach aon lá a dhéanann cuid de na cinntí is tábhachtaí maidir leis an scrúdú Gaeilge. Táimid sásta faoi chuid mhaith den obair atá le déanamh againn do Ghaeilge na sraithe sóisearaí agus ní theastaíonn ó aon duine a bheith iomlán diúltach faoi. An t-aon éileamh atá againn anseo, áfach, ná go n-éistfear linn maidir lenár gcuid tuairimí agus cúiseanna imní, mar tá múinteoirí ar fud na tíre ag cur a gcuid tuairimí in iúl le fada agus an cluas bodhar á tabhairt dóibh. Ba mhaith linn mar mhúinteoirí a bheith muiníneach agus paiseanta faoinár gcuid oibre agus an grá atá againn don Ghaeilge a roinnt lenár gcuid daltaí.
No comments