Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is mór agam an deis seo a bheith agam aitheasc a thabhairt don choiste ar an ábhar tábhachtach seo, páipéar nua T2 Gaeilge na sraithe sóisearaí. Is múinteoir Gaeilge mé, is i meánscoil DEIS atá mé ag múineadh agus is scoil T2 é. Tá mé ansin le 16 bliain agus tá taithí maith agam ag múineadh gach leibhéal de Ghaeilge, don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht.

Ó scaoileadh an páipéar samplach T2 nua in 2019, tá an oiread sin suaitheadh agus imní léirithe ag gach páirtí leasmhar. Is é sin múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí.

Ní hamháin go bhfuil díomá an domhain orainn leis an tsonraíocht nua ach, níos measa fós, mothaíonn múinteoirí go láidir go bhfuil damáiste gan chuimse á dhéanamh do shláinte theanga na Gaeilge. Mar an gcéanna le mo chomhghleacaithe anseo, creidim go mba chóir go ndéanfaí athruithe suntasacha ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe agus go ndéanfaí na hathruithe sin go práinneach. Tá mise ar aon intinn ar fad leis na pointí atá leagtha amach ag mo chomhmhúinteoirí anseo. Déanann siad uilig léiriú ar fheabhas ar na lochtanna ceannann céanna a fheicim féin sna cúrsaí seo. Tá an-tábhacht go deo go dtugtar aird nach beag ar gach aon léargas atá tugtha acu don choiste inniu.

Leis sin ráite agus chun athrá a sheachaint, ní dhéanfaidh mé fócas ach ar dhá ghné shonrach den chúrsa nua sin. Is iad an dá ghné shonrach sin ná conas a théann an tsonraíocht nua i bhfeidhm ar scoileanna DEIS; agus an t-easnamh is mó atá ann, is é sin, an easpa measúnuithe ar an Ghaeilge labhartha. Tosóidh mé le scoileanna DEIS.

Bhíodh i gcónaí éileamh ar scrúduithe bonnleibhéal do roinnt daltaí DEIS. Anois agus an bonnleibhéal imithe agus na scoláirí céanna seo ag déanamh an scrúdaithe ghnáthleibhéal, caithfear freastal ceart a dhéanamh ar chumas agus sainriachtanais na ndaltaí sin. Is rud é sin nach ndéantar anois, mar a leag mo chomhghleacaithe anseo amach. Tá an scrúdú gnáthleibhéal ródhúshlánach dóibh. I mbeagán focal, caithfidh scoláirí laga a bheith in ann éirí leo sa scrúdú seo chomh maith. Tá sé sin an-tábhachtach.

I dteannta le gnáthleibhéal, tá an t-ardleibhéal fíorthábhachtach i scoileanna DEIS. Chuige sin, impím ar an choiste arís eile aird chúramach a thabhairt ar na pointí a luadh cheana ag na múinteoirí eile. Níor mhaith liom dul tríd gach pointe arís toisc go bhfuil siad déanta, ach táimid ar aon intinn fúthu. Feictear dúinn sna scoileanna DEIS, leis na lochtanna ar fad ar an chúrsa teastas sóisearaigh nua seo, go mbuailtear go trom misneach agus muinín ár gcuid scoláirí.

Maidir le muinín, mar ab eol do na baill féin, tá a sciar féin de lagmhisneach agus de dhroch-mhuinín ag daltaí scoileanna DEIS. Ní chuidíonn an cúrsa nua seo leo sa réimse seo ar chor ar bith. Ag baint le muinín arís, téama atá iontach tábhachtach do dhéagóirí ó thaobh an dúshláin a bhaineann leis an teastas sóisearach nua seo, bíonn an costas ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht thar a n-acmhainn ar fad do theaghlaigh scoileanna DEIS. Is iad na cúrsaí seo a thugann cumas iontach agus féinmhuinín sa Ghaeilge do dhaoine óga. Mar gheall ar an chostas, ó thaobh na Gaeilge de, tá misneach agus muinín na ndaltaí DEIS buailte arís. Níl iontu ach daoine óga.

Maidir leis na moltaí atá agam chun réiteach a fháil air seo, molaim go mbeidh na páipéir scrúdaithe faoi chumas réadúil na ndaltaí ag an ghnáthleibhéal agus ag an ardleibhéal. Molaim go mbeidh na ceisteanna intuigthe agus go mbeidh topaicí praiticiúla leagtha amach ar féidir leis na daltaí díriú orthu, mar shampla, rudaí simplí mar chaitheamh aimsire, laethanta saoire, mo cheantar agus an teicneolaíocht. Ní hé sin an cás faoi láthair. Molaim go mbeidh litríocht ina cuid i bhfad níos lú den tsonraíocht agus den mheasúnú mar ní bhaineann na daltaí sult as barraíocht den litríocht. Molaim go mbeidh scrúdú ar chaighdeán labhartha na Gaeilge mar chuid shuntasach den mheasúnú, b’fhéidir 40%, maraon leis an ardteistiméireacht, nó níos airde fiú. Molaim freisin go gcuirfí maoiniú ar fáil do dhaltaí DEIS chun freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht chun cuidiú lena muinín sa Ghaeilge agus, go sonrach, lena muinín i labhairt na Gaeilge.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an dara rud gur mhaith liom a phlé. Cé go bhfuil sé pléite cheana féin, ba mhaith liom rud éigin a lua faoin easpa measúnaithe ar an Ghaeilge labhartha. Mar a luadh, is é an easpa measúnaithe ar an Ghaeilge labhartha an locht is mó gan dabht ar an tsonraíocht agus an scrúdú nua seo. Ó thaobh na ndaltaí de, bíonn mo chuid daltaí féin á gcur in iúl liom go rí-shoiléir agus go minic cé chomh tuirseach agus atá siad den ualach iomarcach litríochta ar an chúrsa. Deir siad nach bhfuil siad ag iarraidh ach a bheith ag foghlaim conas an Ghaeilge a labhairt. Tá an t-am teoranta agus tógann na ceisteanna litríochta agus na ceisteanna scríofa eile an t-uafás ama. Go dtí go ndéanfaimid, mar mhúinteoirí, ár ndícheall chun labhairt na Gaeilge a chleachtadh leo agus a mhúineadh dóibh agus tacaíocht a thabhairt dóibh ina leith, táimid uilig ag breathnú ar an scrúdú céanna gan measúnú ar bith ar an Ghaeilge labhartha. Is trua é sin. Ní dhéantar an oiread sin agus ba cheart. Léiríonn tuismitheoirí liom go minic agus go paiseanta a míshásamh féin faoin easpa measúnú ar an Ghaeilge labhartha. Cloisim sin sna cruinnithe múinteoirí-tuismitheoirí. Tá an Ghaeilge labhartha luaite mar chuid den MRB, ach tá an ghné labhartha san MRB praiticiúil suarach toisc nach n-áirítear sa ghrád deiridh an píosa labhartha. Ní thugann daltaí mórán aird air agus ní dhéantar mórán dul chun cinn ina gcuid scileanna labhartha. Tríd is tríd, is ar éigean a thagann labhairt na Gaeilge faoi mheasúnú an teastas shóisearaigh nua seo agus is scannal amach is amach é sin.

Ba mhaith liom breathnú ar an éifeacht a mbíonn ag labhairt na Gaeilge ar na ranganna. Spreagann labhairt na Gaeilge spraoi sna ranganna. Baineann daltaí a lán spraoi as cleachtadh labhartha agus bíonn atmaisféar i bhfad níos fearr sna seomraí ranga leis. Chomh tábhachtach céanna, spreagann Gaeilge labhartha suim, creideamh agus muinín sna daltaí. Mothaíonn siad toradh a gcuid iarrachtaí agus baineann siad sásamh mór as sin.

Mar is léir óna bhfuil ráite agam, is i labhairt na Gaeilge a gcreideann múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí go príomha níos mó ná gach gné eile den teanga. Níl sa tsonraíocht agus scrúdú seo ach faillí sa mhéid sin. Ar fhéachaint dúinn ar an tsonraíocht, tá sé le feiceáil go soiléir.

Tá moltaí agam arís. Gabhaim buíochas leis na baill as an éisteacht seo. Chun réiteach a fháil ar an easnamh ollmhór seo, molaim go mbeidh measúnú ceart ar chaighdeán labhartha na Gaeilge sa teastas sóisearach nua, T2, gurbh fhiú céatadán suntasach den ghrád é: 40% nó níos mó a mholfainn féin. Molaim go mbeidh topaicí áirithe praiticiúla leagtha amach sa tsonraíocht, mar shampla, mo theaghlach, mo scoil, teicneolaíocht agus rudaí praiticiúla laethúla eile. Molaim go mbeidh a fhios ag na daltaí roimh ré cén struchtúr a bheas ar na ceisteanna, go mbeidh na ceisteanna réasúnta agus réadúil agus go mbeidh daltaí laga in ann éirí leo chomh maith ann. Molaim freisin go mbeidh scrúdú labhartha difriúil ann do ghnáthleibhéal agus d’ardleibhéal, cé nach n-aontaíonn gach duine liom air seo. Tá sé sin faoi dhíospóireacht idir múinteoirí. Molaim go reáchtálfaí an córas scrúduithe labhartha seo le scrúdaitheoirí seachtracha ar bhonn cosúil leis an gceann do bhéaltrialacha ardteistiméireachta sa dóigh is nach mbeidh múinteoirí ag scrúdú a gcuid daltaí féin.

Tá an pointe deireanach seo fíorthábhachtach chun go mbeidh an scrúdú bailí. Sa seanchóras, bhí múinteoirí ag scrúdú a gcuid daltaí don teastas sóisearach agus ní raibh sé sin go maith. Mholfainn go dtraenálfaí scrúdaitheoirí chuige go caighdeán maith; go gcuirfí maoiniú ar fáil chun an córas seo a chur i bhfeidhm agus go gcruthófar scrúdú labhartha atá suimiúil agus spreagúil. B’fhéidir go dtógfadh sé inspioráid ó scrúduithe labhartha sna teangacha eile. B’fhéidir go gcuirfí fócas ar na hábhair a bhfuil an tsuim is mó ag na daltaí iontu. D’fhéadfaí measúnú a dhéanamh ar chumas na ndaltaí ceisteanna a chur chomh maith le ceisteanna a fhreagairt. Mholfainn go mbeadh an scrúdú spreagúil agus suimiúil do na daltaí. Mholfainn go smaoineofar ar bhealaí cruthaitheacha chun go mbeadh go leor scrúdaitheoirí ann. Tuigim gur deacracht é sin ó am go chéile. Gabhaim mo bhuíochas mór leis an gcomhchoiste agus cuirim mo mheas domhain in iúl dó as an deis thábhachtach seo cás na Gaeilge sa teastas sóisearach a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.