Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 16 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé
Ms Eimear Kilrane:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom labhairt leis ar an ábhar seo inniu. Is múinteoir mé i gColáiste Ráth Tó i gContae na Mí, le taithí de bheagnach 20 bliain ag múineadh na Gaeilge. Tá mé ag labhairt leis an gcoiste inniu thar ceann fhoireann na Gaeilge i mo scoil féin, ach freisin thar ceann múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre, atá lagmhisneach orthu ag an bpointe seo maidir leis an nGaeilge sa tsraith shóisearach. Is i scoil T2 atáim ag múineadh agus is sa chomhthéacs sin atá an taithí mhúinteoireachta agamsa. Táimid ag labhairt mar gheall ar an míshástacht, an brú agus an imní atá ar scoláirí agus múinteoirí, inár scoil féin agus i scoileanna ar fud na tíre mar gheall ar staid na Gaeilge sa tsraith shóisearach. Tá an bhuairt seo ag fás ó 2017 nuair a tháinig an tsonraíocht nua ar an bhfód agus is in olcas atá an scéal ag dul ó shin, faraor. Cuireadh ár ndaltaí faoi scrúdú go foirmeálta don chéad uair sa tsraith shóisearach ar an 9 Meitheamh 2022. Tháinig daltaí ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal araon amach as an scrúdú an lá sin agus mearbhall iomlán orthu faoi roinnt de na ceisteanna, faoi struchtúr agus foclaíocht an pháipéir agus faoin gcaighdeán mí-réalaíoch Gaeilge a bhí de dhíth ar iarrthóirí.
Bhí míshástacht iomlán sa scoil agus i scoileanna trasna na tíre leis na páipéir agus bhí roinnt daltaí go hiomlán trína chéile fúthu.
Mar mhúinteoirí Gaeilge, tá díomá an domhain orainn leis an scéal uile ag an bpointe seo. Táimid bréan de bheith ag gearán faoi na rudaí céanna, na gearáin chéanna atá déanta ag múinteoirí agus foirne Gaeilge ó 2017 agus ó 2019 ach go háirithe nuair a tháinig an scrúdú samplach amach. Tá misneach caillte againn sa chóras faraor, mar is léir nach bhfuil aon duine ag éisteacht leis na múinteoirí ar an talamh, sna scoileanna, faoi na fadhbanna agus an strus atá an tsonraíocht agus páipéir scrúdaithe cosúil leis seo ag cruthú do dhaltaí sa tríú bliain.
Ba mhaith liom achoimre a thabhairt ar na cúiseanna atá taobh thiar den strus sin, dar linn, agus ar roinnt de na moltaí atá againn ina dtaobh. Ar dtús, maidir le páipéar 1, ní raibh aon duine in ann aon treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí nó daltaí maidir le cad a bheadh ar an bpáipéar; an leagan amach a bheadh ann, an méid ceisteanna agus stíl na gceisteanna sin. Ní raibh ach páipéar samplach amháin tugtha dúinn, thar thréimhse de chúig bliana agus is rud é sin atá dochreidte ann féin. Chruthaigh an páipéar sin raic in 2019 mar bhí sé go hiomlán mí-oiriúnach, mar gheall ar an gcaighdeán, fad, ábhar, foclaíocht agus struchtúr a bhí i gceist leis.
Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh go mbeimid in ann an páipéar a thuar go hiomlán, nó nach mbeadh dúshlán ag baint leis. Chruthaigh an éiginnteacht iomlán a bhí ann timpeall ar an scrúdú strus, buairt agus brú, fiú sular shiúil na daltaí isteach sa halla scrúdaithe ar an lá. Samhlaigh a leithéid de rud a dhéanamh do dhaoine fásta, is é sin, iad a chur faoi scrúdú ach gan an t-eolas cuí a thabhairt dóibh faoin sórt measúnaithe a bheadh i gceist. Ní tharlódh sé, mar ní sheasfadh daoine fásta dá leithéid. Níl an dara rogha ag na daoine óga seo. Molaimid go mbeadh cinnteacht éigin agus treoir níos soiléire tugtha do mhúinteoirí agus daltaí na tíre maidir leis an scrúdú deiridh ionas go mbeidh siad in ann a bheith muiníneach as a bhfoghlaim agus a gcumas.
Is í an fhadhb is mó atá taobh thiar den éiginnteacht seo, mar a fheictear dúinn é, ná an tsonraíocht féin. Níl aon rud ann mar threoir ach torthaí foghlama gan sonrú. Níl ábhar, téama nó topaic ar bith luaite. Níl seánraí scríbhneoireachta ainmnithe in aon áit nó aon rud a thugann le fios do mhúinteoirí agus scoláirí cad atá le baint amach acu. Tá na torthaí foghlama róchasta, rótheibí agus róleathan agus tá i bhfad an iomarca torthaí ann. Níos tábhachtaí fós, ní leor na torthaí foghlama leo féin. D’fhéadfadh múinteoir aon topaic a dhéanamh chun na torthaí foghlama a bhaint amach ach ag an am céanna ní gá dóibh topaic ar bith a chlúdach leis na daltaí, mar nach bhfuil aon rud ainmnithe go sonrach taobh amuigh den litríocht ainmnithe.
Conas is féidir leis an measúnú a bheith chomh sonrach sin mar sin, ag lorg eolais shainiúil faoi ábhair ar leith? Mar shampla, níl rud ar bith sa tsonraíocht a deir linn gur cheart staidéar a dhéanamh ar an timpeallacht agus athrú aeráide ach ansin bhí dalta ceaptha is a bheith in ann giota a scríobh bunaithe ar agóid a bhain le hathrú aeráide. Níl aon rud a thugann le fios gur cheart do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an téarmaíocht a bhaineann leis na meáin shóisialta ach bhí orthu aiste ghairid a scríobh ar straoiseog a úsáideann siad go minic. Bheadh deacrachtaí againn féin aiste mar sin a scríobh, i nGaeilge nó i mBéarla, fiú dá mbeadh aon duine ann sásta a leithéid de sheafóid a léamh.
I ndáiríre, d’fhéadfaidís ceist a chur ar an bpáipéar ar aon topaic faoin spéir agus tá múinteoirí agus daltaí faoi bhrú ag tabhairt buile faoi thuairim faoin sórt topaice a bheidh ar an bpáipéar, nó buartha nach dtuigfidh siad na ceisteanna ar chor ar bith. Ní chruthaíonn an t-amhras seo rud ar bith ach strus agus imní ag am ina bhfuilimid in ainm is a bheith ag díriú ar fholláine na ndaltaí. Molaimid go láidir go bhfuil athbhreithniú déanta ar líon na dtorthaí foghlama, agus an fhoclaíocht atá in úsáid, nach bhfuil in oiriúint do dhaltaí ag an aois seo. Chomh maith leis sin, tá sé riachtanach go bhfuil treoir shoiléir tugtha maidir le téamaí, ábhair, topaicí agus seánraí scríbhneoireachta ar cheart do dhaltaí cleachtadh a dhéanamh orthu.
Ó thaobh caighdeáin de, tá bearna mhór idir an caighdeán atá ag daltaí den aois seo i scoileanna T2 ar fud na tíre, agus an caighdeán a bheadh de dhíth orthu chun na ceisteanna atá luaite thús a fhreagairt. Léim an caighdeán seo thar oíche in 2019 leis an bpáipéar scrúdaithe samplaí agus ní raibh páipéar 2022 pioc níos oiriúnaí. Chun an fhírinne a rá, tá an caighdeán os ár gcomhair sa rang níos laige ná riamh mar gheall ar na deacrachtaí sa tír le Covid-19 le dhá bhliain anuas, le tréimhsí dianghlasála srl.
Tá an rud céanna fíor don ghnáthleibhéal freisin gan amhras ar bith. Bíonn roinnt de na daltaí seo ag streachailt leis an nGaeilge amach is amach, deacrachtaí acu abairtí iomlána simplí a chur le chéile ar na topaicí is bunúsaí. Sin í an fhírinne. Níl bonnleibhéal ann a thuilleadh agus tá ar dhaltaí a bheadh ar an leibhéal seo cúpla bliain ó shin aghaidh a thabhairt ar an ngnáthleibhéal anois. Sa pháipéar sa samhradh, iarradh ar na daltaí seo ríomhphost a scríobh chuig Greta Thunberg, ag déanamh cur síos ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fadhb an bhruscair a réiteach ina gceantar féin. Bheadh deacrachtaí ag lucht na hardteistiméireachta leis an gceist chéanna. Níl sé oiriúnach don leibhéal seo in aon scoil in aon chor. Bhí fadhbanna eile ag an dá leibhéal le foclaíocht agus leagan amach na gceisteanna, ceisteanna a bhain le scileanna gabhchumais measctha le ceisteanna bunaithe ar scileanna ginchumais. Níor thuig roinnt mhaith daltaí cad a bhí orthu a dhéanamh agus d’fhág siad freagraí iomlána glan. Níl sé cothrom agus ní chruthaíonn sé faic ach fuath don teanga agus imní faoin ábhar sna daltaí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain. Molaimid go láidir go bhfuil athbhreithniú déanta ar seo agus caighdeán atá in oiriúint do dhaltaí ag an aois agus an cumas seo a bheith na páipéir scrúdaithe.
Maidir le litríocht, tá sé ráite cheana ach níl aon rud athraithe. Tá i bhfad an iomarca litríochta le déanamh ag daltaí den aois agus den chumas seo. Níl an cumas acu léamh neamhspleách a dhéanamh ar théacsanna sa bhaile. Caithfimid, mar mhúinteoirí, gach focal a léamh leo sa rang, rud a thógann i bhfad an iomarca ama sa rang, ach go háirithe nuair atá úrscéal agus dráma le léamh acu, chomh maith le gearrscéalta, dánta agus amhráin. Dúradh linn ar dtús gur cheart go mbeadh an litríocht ann mar spreagadh sa rang amháin, ach is léir ón bpáipéar 2019 agus 2022 nach leor é sin.
Tá anailís chriticiúil le déanamh ag daltaí ar na téacsanna agus níl an cumas sin ag a bhformhór, gan barraíocht ama a chaitheamh air sa rang. Chaitheamar mí iomlán nach mór agus dráma idir lámha againn, ach nuair a shiúil daltaí isteach sa scrúdú ní raibh ceist ar bith ar dhráma ar an bpáipéar. Molaimid go mbeadh gearradh siar ar an litríocht ainmnithe; rogha a bheith ann idir úrscéal agus dráma a léamh; líon na ndánta agus na n-amhrán atá le déanamh a laghdú agus gearrscannáin a bheith ann mar rogha do dhaltaí freisin. Níor cheart go mbeadh staidéar ar an litríocht ann mar chuid den chúrsa don ghnáthleibhéal ar chor ar bith, dar linn. Níl sé oiriúnach.
Is í an fhadhb is mó a fheicimid leis an measúnú ar an tsraith shóisearach i ndáiríre ná nach ndéanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar bith ar an labhairt. Tá an scrúdú béil a bhí ann, arbh fhiú 40% é, a rinne ár ndaltaí agus a thug féinmhuinín dóibh sa chaint, imithe agus anois níl a scileanna cainte á mheas mar chuid den ghrád deireanach ar chor ar bith. Tá sé fíor go ndéanann gach dalta, mar chuid den mheasúnú rangbhunaithe, MRB, an tasc cumarsáideach ach ní leor é sin. Tá áit ann, agus bhí i gcónaí, don chur i láthair ranga. Is é sin atá i gceist leis an MRB ach ní ionann sin agus scrúdú béil ceart foirmeálta a dhéanamh ar chor ar bith. Is tasc scríofa é an tasc measúnuithe a bheidh le déanamh bunaithe ar an MRB agus níl fiúntas ag baint leis. Gan scrúdú béil chirt, ní chuireann daltaí béim ar an scil sin mar tugann an córas le fios dóibh nach bhfuil sé tábhachtach go leor measúnú a dhéanamh air. Níl sé sásúil agus ní ullmhaíonn sé daltaí don ardteistiméireacht in aon chor. Is é an moladh is mó atá againn inniu ná go dtabharfar ar ais scrúdú béil don tsraith shóisearach arbh fhiú 40% den mharc deiridh.
Tá sé deacair a bheith dóchasach faoi láthair faoi chúrsaí Gaeilge sa tsraith shóisearach. Tá líon na ndaltaí inár scoil atá ag iarraidh tabhairt faoin ngnáthleibhéal in ionad an ardleibhéal sa tsraith shóisearach níos airde ná riamh, mar gheall ar an mbrú a chuireann an caighdeán míréalaíoch sa scrúdú deiridh orthu. Tá múinteoirí áirithe atá imithe ar scor go luath a ndúirt go bhfanfaidís ag múineadh cúpla bliain eile ach go ndearna na fadhbanna sa tsraith shóisearach nua an cinneadh dóibh.
Tá múinteoirí eile atá ag lorg níos mó uaireanta ag múineadh a n-ábhar eile agus níos lú ama sa Ghaeilge. Ní fhéadfaimis ar fad a bheith mícheart anseo. Tá géarchéim ann cheana féin maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge agus ní chabhróidh sé seo. Má tá misneach agus muinín caillte ag na múinteoirí agus an méid sin frustrachais orthu faoi staid na Gaeilge sa tsraith shóisearach, cén seans atá ann do na daltaí? Tá éagóir á dhéanamh ar na daltaí ag an leibhéal seo. Níl sé ceart ná cóir agus beidh tionchar diúltach fadtéarmach aige. Tá an damáiste atá déanta ag an tsonraíocht agus an measúnú seo soiléir cheana féin sna scoileanna. Tá géarghá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an tsonraíocht Ghaeilge T2, ach go háirithe ar an measúnú sa tsraith shóisearach, láithreach.
No comments