Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Is mór an onóir é a bheith anseo inniu chun plé a dhéanamh ar pháipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo. Is mise oifigeach na Gaeilge d’Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann. Feidhmíonn Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, ADIÉ, ar son dhaltaí iar-bhunscoile na tíre. Tacaíonn ADIÉ le comhairlí na ndaltaí i scoileanna tríd acmhainní agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh le daonlathas na ndaltaí a chaomhnú agus a fhorbairt. Is fóram daonlathach é ADIÉ a bhfuil sé mar aidhm aige daltaí a chur i lár an aonaigh maidir le saincheisteanna oideachais a bhaineann leo. Tuigeann ADIÉ an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge. Cuirimid acmhainní agus áiseanna ar fáil as Gaeilge do dhaltaí iar-bhunscoile na hÉireann. Ba mhaith linn go mbeadh an Ghaeilge insroichte agus in úsáid ag gach duine i gcónaí.

Aithníonn ADIÉ an obair atá ar siúl ag an Roinn Oideachais agus an Rialtas leis an nGaeilge a chaomhnú agus a spreagadh ach tuigeann ADIÉ na fadhbanna a bhíonn ag daltaí dara leibhéal maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais faoi láthair. Tá an tsraith shóisearach i bhfad níos tábhachtaí ná mar a cheaptar agus tuigeann ADIÉ an tábhacht a bhaineann leis mar scrúdú ann féin. Déantar forbairt ar scileanna scríofa, cainte agus léitheoireachta an dalta agus faigheann an dalta taithí scrúduithe, obair agus féin-bhainistiú don ardteistiméireacht agus don ghnáthshaol. Creideann ADIÉ go bhfuil géarghá le gaol idir curaclam agus scrúdú deiridh na sraithe sóisearaí Gaeilge T2 agus scrúdú na hardteistiméireachta.

Freastalaíonn níos mó ná 95% de dhaltaí dara leibhéal ar mheánscoileanna T2 agus níl formhór de na scoileanna seo lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Níl an deis chéanna ag na daltaí seo forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna léitheoireachta, éisteachta agus scríbhneoireachta taobh amuigh den seomra ranga agus atá ag na daltaí T1. Caithfear é seo a chur san áireamh sa churaclam agus i scrúdú T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí. Nuair a chríochnaíonn na daltaí seo an tsraith shóisearach agus nuair a thosaíonn siad sa chúigiú bliain, beidh siad ag foghlaim na n-ábhar céanna agus ag tabhairt faoin ardteistiméireacht chéanna is atá na daltaí a rinne an tsraith shóisearach T1. Is gá go mbeadh caighdeán Gaeilge dhaltaí T2 mar an gcéanna nó beagnach mar an gcéanna le caighdeán Gaeilge dhaltaí T1 chun tabhairt faoin scrúdú ar bhonn chothrom agus chun go mbeadh an deis chéanna acu marcanna arda a bhaint amach san ardteistiméireacht agus tairbhe iomlán a bhaint amach as an gcóras oideachais.

Tá scileanna cainte agus éisteachta an-tábhachtach nuair atá aon teanga á foghlaim. Tá mé féin anseo inniu ag caint agus ag éisteacht ach tá deis níos mó agam forbairt a dhéanamh ar mo scileanna cainte agus éisteachta ar scoil. Freastalaím ar Ghaelcholáiste T1 agus táim in ann cluas éisteachta a thabhairt ar Ghaeilge mo mhúinteoirí agus mo chomh-dhaltaí, agus ar Ghaeilge mo mhuintir nuair a théim abhaile ón scoil. Níl an deis chéanna ag formhór de dhaltaí T2. Dár le ADIÉ, ní tharlaíonn an fhorbairt seo nuair atá an iomarca béim ar an litríocht agus ar an scríobh agus nuair nach bhfuil mórán béim ar scileanna cainte, éisteachta agus labhartha sa siollabas agus scrúdú T2. Is iad scileanna cainte agus éisteachta bunús aon teanga ach ní dhéantar aon mheasúnú ar an gcaint agus ní dhéantar a lán measúnú ar scileanna éisteachta sa tsraith shóisearach. Tá scileanna éisteachta agus cainte dhaltaí T2 thar a bheith tábhachtach agus is gá go ndéantar a lán cleachtadh agus oibre chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna seo. Molann ADIÉ go mbainfí leas as an bhfráma tagartha comónta Eorpach chun é seo a bhaint amach.

“Tús maith leath na hoibre” a deir an seanfhocal ach ní raibh daltaí na sraithe sóisearaí 2022 in ann mórán cleachtadh a dhéanamh chun iad féin a ullmhú don scrúdú. Níor foilsíodh ach páipéar samplach oifigiúil amháin agus mar gheall ar shrianta Covid-19 ní raibh daltaí in ann cleachtadh a dhéanamh ar iarpháipéir scrúduithe. Ní raibh daltaí in ann iad féin a ullmhú don scrúdú. Bhí níos mó ceisteanna ar an bpáipéar samplach agus bhí níos lú marcanna ag dul don chluastuiscint. Ní raibh deis chothrom ag na daltaí seo iad féin a ullmhú don scrúdú nó marcanna arda a bhaint amach. Tuigeann ADIÉ go bhfuil an tsraith shóisearach nua agus go raibh deacrachtaí ann le Covid-19 ach is gá taighde á dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na ndaltaí tar éis na sraithe sóisearaí T2 nua ionas go mbeimid cinnte go bhfuil bunús na teanga acu agus iad ag tabhairt faoin ardteistiméireacht.

Tá ADIÉ an-bhuartha faoin méadú suntasach atá tagtha ar líon na ndíolúintí Ghaeilge agus táimid buartha go méadóidh an ráta seo leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Creideann ADIÉ má bhronntar díolúine teanga ar dhalta nár chóir go mbeadh ar a chumas tabhairt faoi aon teanga eile ach oiread. Tá ADIÉ den tuairim go laghdódh líon na ndíolúintí ón nGaeilge dá mbeadh cúrsa agus páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí bunaithe ar fhráma comónta tagartha na hEorpa.

Creideann ADIÉ go bhfuil sé riachtanach go bhfreastalaíonn an córas oideachais ar dhaltaí dara leibhéal na hÉireann uile go cothrom agus an Ghaeilge á foghlaim acu. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsa agus ar pháipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí ionas go mbeidh foghlaim na Gaeilge leanúnach agus comhsheasmhach. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom. Tá mé lánsásta forbairt a dhéanamh ar na pointí atá luaite agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.