Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Mr. Shane ? Coinn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn teacht i láthair anseo inniu le labhairt leis. Fáiltíonn an gréasán roimh an deis seo aitheasc a thabhairt do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo. Is cumann ábhair é an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, nó an gréasán, atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus ag Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí, TPN. Feidhmíonn sé mar an eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus cuireann sé forbairt inghairme agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge. Aithníonn an gréasán an imní agus an bhuairt atá ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí mar gheall ar scrúduithe T2 Gaeilge na sraithe sóisearaí. San aitheasc seo déanfaimid plé ar roinnt de na cúiseanna taobh thiar den bhuairt shuntasach seo. Ní mór a aithint freisin go bhfuil múinteoirí i ndiaidh labhairt amach go mion minic maidir leis na fadhbanna móra a bhaineann le sonraíochtaí Gaeilge na sraithe sóisearaí ar bhonn ginearálta le tamall de bhlianta anuas chomh maith, agus creidimid go mba chóir go ndéanfaí athruithe suntasacha ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe amach anseo le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú.

Tosóidh mé le scrúduithe Gaeilge T2 na sraithe sóisearaí 2022. Seo míniú ar roinnt de na fadhbanna a bhain le scrúduithe Gaeilge T2 na sraithe sóisearaí i mbliana. Tosóidh mé leis an scéim marcála agus iomlán na marcanna don scrúdpháipéar. Bhí scéim marcála dhifriúil i bhfeidhm do scrúdpháipéir Coimisiún na Scrúduithe Stáit 2022 ón méid a bhí luaite sna páipéir shamplacha. Bhí líon na marcanna a bhí ag dul do na scileanna teanga éagsúla difriúil ón méid a bhí luaite sa bpáipéar samplach. Thug daltaí suntas dó seo ag tús an scrúdaithe agus bhí sé soiléir dóibh nach raibh scrúdpháipéar 2022 ag teacht leis an méid a bhí feicthe acu ar an bpáipéar samplach T2 ardleibhéal nó ar an bpáipéar samplach T2 gnáthleibhéal agus iad ag ullmhú don scrúdú sa seomra ranga faoi stiúir a gcuid múinteoirí.

Tagraím don scéim marcála agus líon na marcanna i gcás na gceisteanna éagsúla. Cé go luaitear líon na marcanna do gach ceist ag barr na ceiste, ní mór na marcanna a lua taobh le gach focheist. Ós rud é nach bhfuil gach ceist ar chomh-mharc, tá treoir de dhíth ar daltaí maidir le líon na marcanna ionas go n-éireoidh leo iad féin a chruthú go maith ar an lá. Tagraím do na scrúdpháipéir agus leagan amach na bpáipéar. Ní raibh scrúdpháipéar T2 ardleibhéal 2022 nó scrúdpháipéar T2 gnáthleibhéal ag teacht le leagan amach na bpáipéar a fuarthas ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní bhfuarthas ach páipéar samplach amháin do T2 ardleibhéal agus do T2 gnáthleibhéal. Ní leor é seo mar threoir. Chuir a leithéid mearbhall ar daltaí ós rud é nach raibh leagan amach na gceisteanna ná ábhar na gceisteanna ag teacht leis an méid a bhí á cleachtadh acu ar scoil.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an páipéar T2 gnáthleibhéal. I gcuid de na ceisteanna, níor aimsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an réimse teanga a bhí oiriúnach do na daltaí a bhí ag tabhairt faoin leibhéal seo. Bhí an teanga i gcuid de na ceisteanna ródhúshlánach do na daltaí. Bhí ceisteanna eile ann, agus ní raibh an cineál stíl ceiste sin feicthe nó cleachtaithe ag na daltaí riamh roimhe agus bhain sé seo misneach de na daltaí ar lá an scrúdaithe. Ní mór a chur san áireamh gur daltaí T2 atá i gceist anseo, agus go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtuigfidh an spriocghrúpa daltaí an tasc atá le comhlíonadh acu. Níl a leithéid de cheist ach ag cur isteach ar fholláin an dalta, rud atá ceaptha a bheith ag croílár na sraithe sóisearaí. Anuas air sin, níl ach dhá leibhéal ar fáil anois agus táimid den tuairim go ndearnadh dearmad ar na daltaí is laige a bhíodh ag tabhairt faoin mbonnleibhéal sa teastas sóisearach. Tá na daltaí seo fós inár scoileanna agus bheadh go leor deacrachtaí ag na daltaí is laige an páipéar seo a láimhseáil mar is ceart. Níl sé ar chumas na ndaltaí seo páipéar mar seo a dhéanamh ó thús go deireadh.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an páipéar T2 ardleibhéal. I gcuid de na ceisteanna, níor aimsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an réimse teanga a bhí oiriúnach do na daltaí a bhí ag tabhairt faoin leibhéal seo. Arís bhí an teanga i gcuid de na ceisteanna ródhúshlánach do na daltaí agus bhí tascanna ann nach raibh oiriúnach do dhaltaí T2. Níor cuireadh roinnt ceisteanna ar fáil a bhí indéanta ag na scoláirí seo ón méid a bhí cleachtaithe acu sa seomra ranga, bunaithe ar na páipéir shamplacha freisin. Bhí neart ceisteanna nua, cinn nach raibh ar aon dul leis na cinn a bhí ar an bpáipéar samplach, le feiceáil ar an bpáipéar T2 ardleibhéal 2022 ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Bhí neart ceisteanna ann agus ní raibh an cineál stíl ceiste sin feicthe nó cleachtaithe ag na daltaí riamh roimhe. Ní mór a chur san áireamh gur daltaí T2 atá i gceist anseo, agus go bhfuil sé de thábhacht go dtuigfidh an spriocghrúpa daltaí an tasc atá le comhlíonadh acu. Ní raibh an staid seo féaráilte ar na daltaí agus bhain sé seo misneach de na daltaí ar lá an scrúdaithe. Bhí, tá agus beidh a leithéid de staid ag cur isteach ar fholláin an dalta, rud atá ceaptha a bheith ag croílár na sraithe sóisearaí. Amach anseo, beidh faitíos ar go leor de ghnáthscoileanna T2 do staid na Gaeilge agus an mbeidh sé ar chumas go leor de na daltaí tabhairt faoi phaipéar T2 ardleibhéal má bhíonn an caighdeán chomh dúshlánach seo.

Anuas ar chuile rud eile bhí paindéim sa tír le dhá bhliain anuas agus bhí rudaí thar a bheith dúshlánach do scoláirí a bhí ag tabhairt faoin tsraith shóisearach don chéad uair le trí bliana anuas. Cuireadh an scrúdú seo ar fáil ag leibhéal a bhí ródhúshlánach dóibh agus nach gcuideoidh lena bhféinmhuinín le tabhairt faoi phaipéar ardteistiméireachta ardleibhéal amach anseo. Do go leor de na scoláirí seo, dar leis an bhfógra a rinne an tAire Oideachais le déanaí, beidh orthu tabhairt faoi phaipéar 1 sa chúigiú bliain don chéad uair freisin in 2024, rud a bhainfidh dá misneach ar eagla go mbeadh sé sin ar an gcaoi chéanna, sprioc atá ródhúshlánach dá gcumas ag an aois seo agus ag an leibhéal seo.

Ba mhaith liom amharc ar chúrsaí ama anois.

Is deacair cúrsaí ama a bhainistiú lena leithéid de pháipéar scrúdaithe nuair nach eol do na daltaí cé chomh fada is a cheart dá gcuid freagraí a bheith nó an chaoi mar a bhronnfaí na marcanna - bunaithe ar ábhar, stór focal, cruinneas nó mar sin de.

Tá easpa roghanna ann. Ba cheart rogha a bheith ar an scrúdpháipéar, seachas gach uile cheist a bheith éigeantach. Thabharfadh tuilleadh roghanna ar an scrúdpháipéar an deis aitheantas a thabhairt don obair ranga ar fad a bhí idir lámha ag daltaí sa dara bliain agus sa tríú bliain.

Ó thaobh cúrsaí litríochta de, tá cúrsa leathan litríochta le clúdach thar thréimhse dhá bhliain chun daltaí a ullmhú don scrúdú. Rinneadh faillí orthu nuair nach raibh ceist ann ar gach cuid den litríocht. B’fhearr roghanna a bheith ann ar lá an scrúdaithe agus ceisteanna a bheith ar an scrúdpháipéar dírithe ar gach gné den litríocht. Ar a bharr sin, creidimid gur cheart líon na dtéacsanna atá le staidéar a laghdú go suntasach.

Is léir ó na ceisteanna ar fad nach bhfuil a dhóthain feola ar na cnámha maidir le torthaí foghlama. Ní leor torthaí foghlama amháin ach oiread mar threoir do scrúdú seachtrach. Ní mór eolas a chur ar fáil ar an ábhar, na téamaí, na topaicí, agus na seánraí scríbhneoireachta. Níl sé soiléir cá bhfuil ár dtriail nó céard ba cheart dúinn a chlúdach ionas go mbeidh gach scoláire réidh le tabhairt faoi aon cheist.

Ba cheart leabhrán de pháipéir shamplacha agus scéimeanna marcála a chur ar fáil do dhaltaí ag tús an dara bliain, curtha i dtoll a chéile ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ba chóir go mbeadh aon chineál stíl ceiste a d’fhéadfadh teacht aníos ar an bpáipéar clúdaithe anseo ionas nach dtiocfadh aon cheist aniar aduaidh ar aon dalta.

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na scileanna teanga i bhfoirm scrúdú cainte oifigiúil don Ghaeilge don tsraith shóisearach. Ní mór go mbeadh céatadán de na marcanna ó scrúdú béil ag dul i dtreo an mhairc deiridh. Ní leor na scileanna seo a mheas i bhfoirm measúnú rangbhunaithe, MRB, amháin. Ní luíonn sé le réasún gan aitheantas a thabhairt do chumas labhartha na ndaltaí. Is teanga í an Ghaeilge agus mar a deir an seanfhocal, “Is beatha teanga í a labhairt”.

Maidir le hoiriúnacht an scrúdaithe seo do dhaltaí T2, d’fhág roinnt mhaith daltaí an scrúdú seo agus iad in ísle brí agus mearbhall orthu. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gcóras measúnachta spéis agus muinín sa Ghaeilge a chothú agus daoine óga a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid, seachas lagmhisneach a chur orthu agus muinín agus suim sa Ghaeilge a chreimeadh.

Ba cheart go mbeadh na treoracha sna ceisteanna intuigthe agus go mbeadh daltaí ábalta iad a láimhseáil. Ba cheart go mbeadh na tascanna suimiúil agus spreagúil agus ba cheart go mbainfidís le saol agus le suimeanna na ndaltaí, agus nach mbeadh na tascanna saorga nó áiféiseach.

Ba cheart féachaint go mion arís ar na sainriachtanais atá ag an dalta T2 ó thaobh foghlaim teanga de, agus sonraíochtaí agus measúnuithe a fhorbairt a fhreastalaíonn i gceart ar na sainriachtanais sin. Ní mór tascanna a chumadh ag leibhéal atá réadúil don spriocghrúpa daltaí seo atá ag foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. Ní mór dúinn an deis a thapú leis na fadhbanna seo uile a chur ina gceart anois. Ní mór dúinn teacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú. Ní mór éisteacht leis na buarthaí shuntasacha atá léirithe ag múinteoirí agus ag na geallsealbhóirí eile agus oibriú le chéile le hathruithe suntasacha a dhéanamh ar an gcóras reatha, le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú a chothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa muiníneacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.