Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cruthú Pobal Gaeltachta: Plé

Mr. Pádraig Ó Mianáin:

Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith i láthair inniu. Is ceantar iar-Ghaeltachta tuaithe i ndeisceart Chontae Dhoire é Carn Tóchair. Nuair a bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair in 1992, ní raibh ach cúpla duine sa cheantar a raibh Gaeilge acu. Bhí sé mar chuspóir ag an gcoiste forbartha an Ghaeilge a athbhunú mar theanga bheo, in éineacht le forbairt shóisialta, forbairt eacnamaíochta agus caomhnú na timpeallachta sa cheantar.

In 1992, bunaíodh Naíscoil Charn Tóchair, an chéad naíscoil Ghaeilge tuaithe áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhliain dár gcionn, bunaíodh Bunscoil Luraigh, an chéad Ghaelscoil tuaithe sa tír mar an gcéanna, agus bunaíodh an dara naíscoil freisin. D’ainneoin dian-streachailt na blianta tosaigh, gan aitheantas ná maoiniú oifigiúil, tháinig fás leanúnach ar líon na bpáistí ag dul tríd an ghaeloideachas sa cheantar. Le deich mbliana anuas, tá tromlach na bpáistí sa cheantar ag dul tríd an chóras gaeloideachais agus sa lá atá inniu ann, tá 35 páiste sa dá naíscoil Ghaeilge, 182 dalta sa bhunscoil Ghaeilge - le taobh 80 sa bhunscoil Bhéarla - agus 272 dalta i nGaelcholáiste Dhoire, atá in aice láimhe, a d’oscail in 2015.

Bhí gá le bonneagar sóisialta agus eacnamaíochta a chruthú le síol an ghaeloideachais a chur ag bláthú mar phobal Gaeilge. Céim ar chéim leis an ngluaiseacht teanga, thug an coiste forbartha faoi réimse cuimsitheach de thograí agus fiontair shóisialta, timpeallachta agus gnó. I measc na dtograí atá curtha i gcrích, tá scéim tithíochta pobail, ionad pobail, ionad ealaíne agus ilúsáide, siopa ceardaíochta agus leabhar, caifé, tithe saoire féinfhreastail agus dhá mhuileann gaoithe, chomh maith le tearmann dúlra pobail breis is 200 acra ina bhfuil meascán de ghnáthóga dúchasacha agus feirm chaomhantais. Tá an Ghaeilge fite fuaite leis na tograí sin go léir agus cuireann siad deiseanna fostaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí óga agus do mhuintir an cheantair i gcoitinne. Cabhraíonn siad le forbairt an aosa óig agus tacaíonn siad le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá an-bhéim fosta ar an gcumarsáid leanúnach le mórphobal an cheantair agus tá a thoradh sin le feiceáil sa mhéadú leanúnach atá ar líon rolla an ghaeloideachais.

Bhí pleanáil straitéiseach fhadtéarmach mar bhonn do ghluaiseacht athbhunaithe na Gaeilge sa cheantar ón tús. In 2008, d’fhoilsigh an coiste straitéis teanga 50 bliain. Rinneadh nuashonrú air in 2015 agus go gearr ina dhiaidh sin, tháinig scéim líonraí teanga Fhoras na Gaeilge agus chuir an coiste forbartha plean saindeartha le chéile dá iarratas. Tá Carn Tóchair anois ar cheann den chúig cheantar sa tír a bhfuil stádas líonra acu agus táimid an tnúth le tabhairt faoi fheidhmiú ár bplean teanga sna seacht mbliana amach romhainn.

Ní fhéadfaí an dul chun cinn atá déanta le hathbhunú na Gaeilge i gCarn Tóchair a bhaint amach gan tacaíocht leanúnach mhaoinithe Fhoras na Gaeilge go háirithe, agus rannóga Rialtais eile. Ní fhéadfaí clár cuimsitheach d’ardchaighdeán a riar ar bhonn leanúnach atriallach gan acmhainní foirne agus maoiniú cláir, go háirithe nuair a bhíonn éiginnteacht ag baint leis an maoiniú ó Thuaidh amanna. Is léiriú ar na torthaí gur féidir a bhaint amach le diansaothar agus maoiniú tacaíochta an méid atá curtha i gcrích i gCarn Tóchair le 30 bliain. Iarraimid go láidir go gcuirtear bunmhaoiniú agus buan-mhaoiniú ar fáil do na tionscadail, na grúpaí agus na hionaid Ghaeilge ar fud na tíre chun a chinntiú nach gcailltear an méid atá baint amach acu go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.