Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cruthú Pobal Gaeltachta: Plé

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu. Gabhaim leithscéal thar ceann phobail Bhóthar Seoighe. Bhí Séamus Mac Seáin le bheith linn ach tá sé ag dul in aois agus ní raibh sé in ann a theacht, ar an drochuair.

Ba mhaith liom tús a chur le mo ráiteas tríd ardmholadh a thabhairt do mhuintir Bhóthar Seoighe. Is iadsan a leag síol na hathbheochana ó Thuaidh. Thóg siad naoi dteach thar tréimhse naoi mbliana gan pingin de mhaoiniú stáit agus rinne siad é seo i gcomhthéacs coraíocht fhíochmhar ina raibh foréigean ag dul ar siúl thart timpeall orthu. Nuair a bhunaigh siad an chéad Ghaelscoil in 1971, cuireadh bagairt príosúnachta orthu. Bíonn muid féin ag mealladh cuid mhór spreagadh as an dream seo.

Nuair a chríochnaigh siad an scéim in 1969, thosaigh na Trioblóidí ó Thuaidh. An samhradh sin, rinne siad Sráid Bombay a atógáil, in ainneoin go raibh an stát ag diúltú é sin a dhéanamh agus go raibh siad faoi ionsaí míleata oíche i ndiaidh oíche agus faoi bhagairt cúirte ó chomhairle Bhéal Feirste. Nuair a chríochnaigh siad ansin, tháinig siad ag an gceantar s’againne, ceantar Uachtar Chluanaí. An fear a bhí taobh thiar de sin ná Seán Mac Goill, a bhí mar ailtire. Dúirt sé gurb as ceantar dó a bhí ar an gceantar is boichte ó Thuaidh. Ní raibh an stát ag tabhairt tacaíochta ar bith do cheantar Bhaile Uí Mhurchú agus tháinig seisean aníos leis an moladh go dtig leis comharchumann oibrithe a thógáil sa bhaile. Thóg siad Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine agus Comharchumann Bhaile Uí Mhurchú. An t-aon rud a chuir as dó seo ná ionradh arm na Breataine sa cheantar. In 1977, dhóigh arm na Breataine an comharchumann go talamh. Cuireadh 44 Gael áitiúil as poist agus ní raibh rogha againne, nó ag Seán Mac Goill, sa tréimhse sin ach cíos a ghearradh ar arm na Breataine idir 1977 agus 2000. Chuir sé an t-airgead ar fad a tháinig i dtreo an chomhlachta ó na hiarrachtaí sin ar ais isteach i saol na Gaeilge, chun Bunscoil an tSléibhe Dhuibh a thógáil inár gceantar féin agus chun Iontaobhas na Gaelscolaíochta a bhunú in 1999. Táimid go mór faoi chomaoin ag an dream seo. Bíonn muid i gcónaí ag rá go bhfuilimid ag seasamh ar ghuaillí na bhfathach agus gur seo an dream a thugann spreagadh dúinn. Inár gceantar féin, is iarchimí poblachtacha a rinne an cinneadh an dá Ghaelscoil a thógáil agus a bhunú sa cheantar, sé sin, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú agus Gaelscoil na Móna i Loiste na Móna féin. Tá sé spéisiúil go bhfuil páistí na n-iarchimí seo ina suí thart orainn inniu agus ag obair le Glór na Móna go dtí an lá atá inniu ann.

In 2004, bunaíodh Glór na Móna mar bhaicle do dhíograiseoirí teanga, mé féin ina measc, a bhí ar an ollscoil sa tréimhse sin agus a bhí ag iarraidh cur leis an dúshraith a thóg na ceannródaithe seo romhainn. Thosaigh muid amach ag déanamh corr imeacht agus cúpla rang sa cheantar agus d’fhás an uaillmhian.

Sa bhliain 2008, fuair muid maoiniú Fhoras na Gaeilge don scéim phobal Gaeilge. Don chéad uair bhíomar ábalta oifigeach forbartha teanga a fhostú sa cheantar agus tús a chur le hinfreastruchtúir de chineál éigin a fhorbairt ann. Sa bhliain 2009, d’aithin muid go raibh an obair óige trí Ghaeilge mar bhearna ollmhór san athbheochan seo againne agus thosaigh muid ag gníomhú dá réir. Mheall muid na daoine cuí agus sa lá atá inniu ann tá ceithre cumainn óige á reachtúil againn. Tá 23 ball foirne ag obair sa togra seo, beirt acu go lánaimseartha agus táimid ag freastal ar 450 duine óg in aghaidh na seachtaine thar seacht n-oíche de sheirbhís.

Mar is eol don choiste, agus b’fhéidir go mbeimis ábalta filleadh air seo sna ceisteanna, tá an tseirbhís seo faoi bhagairt faoi láthair, mar a tharlaíonn sé, sa bhliain 2022. Táimid go fóill ag plé le hiarmhairtí na biogóideachta ó Thuaidh agus a lán de na húdaráis ó Thuaidh nár bhog isteach sa mhílaois nua nó sa todhchaí roinnte a gealladh dúinn. Mar sin féin, sílim go bhfuil socrú le teacht ar an scéal sin go luath. Fosta, ón chéad lá, d’aithin Glór na Móna gurbh é úsáid shóisialta na teanga a bhí mar bhunsprioc againn. Bíonn muid ag plé le tumúsáid na teanga. Bíonn Gearóidín Nic Cathmhaoil ag obair ar thionscadail teaghlaigh, scéim na dteaghlach agus suí is scíth, ag iarraidh spás a thabhairt dóibh siúd atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Lena chois sin, bhunaigh muid club Chumann Lúthchleas Gael in 2017, Laochra Loch Lao. Is í an bhunsprioc atá ag na Laochra Loch Lao ná infreastruchtúr sochtheangeolaíochta a thógáil ina bhfuil an Ghaeilge ceannasach mar mháthairtheanga. Bíonn muid i gcónaí ag rá - táim féin ag cailleadh na traenála anocht mar go bhfuil muid anseo don óg cumainn - má tháinig tú anuas ó ingearán ó phláinéid eile, ní bheadh ach an teanga Ghaeilge le cloisteáil ag na seisiúin.

Fosta, tá muid an-ardallach go bhfuilimid ag feidhmiú i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta. Táimid i gceantar atá ag fulaingt de bharr iarmhairtí cogaidh ó Thuaidh. Tá fadhbanna ollmhóra againn i dtaobh sláinte meabhrach sa cheantar agus amharcann muid ar an obair a dhéanann muid mar obair acmhainneach agus obair chumhachtaithe pobail trí chéile. Tá dhá fhéile a bhíonn muid ag reáchtáil in aghaidh na bliana, Féile na gClóigíní Gorma i mí na Bealtaine, atá ag plé le Sláinte is Folláine, agus Féile na Carraige i mí Dheireadh Fómhair, atá ag plé le polaitíocht, páirteachas, agus pobal. Is í Gearóidín Nic Cathmhaoil a bhíonn ag plé leis sin.

In 2016, d’éirigh linn maoiniú caipitil a fháil chun Gael-Ionad Mhic Goill a thógáil agus d'ainmnigh muid an foirgneamh i ndiaidh Seán Mac Goill, an fear ar labhair mé faoi níos luaithe. Fuair muid £400,000 de mhaoiniú. Thar thréimhse chúig bliana, bhíomar ag obair ar an togra seo agus faoin am gur chríochnaigh muid é, bhí an spás i bhfad róbheag. Táimid ag plé leis sin ó shin agus muid faoi bhrú ollmhór spáis. I mbliana, bhíomar in ann Orla Nic Oirc a fhostú mar oifigeach forbartha gnó. Tá sí ag cuidiú lenár bpleananna úra chun céim a dó den tógáil seo a fhorbairt. Táimid ina dhiaidh £50,000 a chur i dtreo botháin gearrthréimhseach a chur ann mar gheall ar líon na ndaoine óga atá ag freastal ar an gcumann óige. Fosta, i mí Eanáir na bliana, fuair muid scéal ón gcrannchur náisiúnta go bhfuair muid £400,000 thar thréimhse cheithre bliana chun togra a dhéanamh do pháistí a bhfuil uathachas orthu agus do pháistí le riachtanais bhreise fhoghlama. Is dóigh liom gurb é sin an chéad uair go raibh clár nuálach den chineál seo maoinithe ag na seirbhísí seo ó Thuaidh.

Bhí Glór na Móna lárnach i líonra Gaeilge iarthar Bhéal Feirste agus roghnaíodh muid mar cheanneagraíocht chun riar a dhéanamh ar an scéim sin in iarthar na cathrach, agus táimid iontach bródúil as an deis é sin a dhéanamh. Is í an sprioc atá againn ná mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioc-cheantar sa tréimhse atá amach romhainn. Déanfar todhchaí na teanga a chinntiú tríd bhuanú agus neartú ar na forbairtí rathúla thart orainn, atá rud beag casta in iarthar na cathrach sa chaoi is go bhfuil cuid mhór ag dul ar aghaidh. Tá an plean seo a scríobhadh in 2018 ag iarraidh an cur chuige comhtháite, comhpháirteach sin a bhuanú agus a neartú chun an méid is mó a bhaint as.

Taobh istigh de thrí mhíle chearnaithe, an méid atá á phlé againn in iarthar na cathrach, tá cúig bhunscoil lán-Ghaeilge agus sé naíscoil; an Ghaelcholáiste is mó in Éirinn, Coláiste Feirste le 900 dalta; trí chumann óige faoi stiúir ag Glór na Móna; dhá eagraíocht phobail atá maoinithe ag an scéim phobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge in Ionad Uibh Éachach agus Glór na Móna; dhá chúram lae rathúil mar atá Ionad Uibh Éachach agus Teach Mhamó; lárionad cultúrtha agus ealaíne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich; raidió pobail lánaimseartha le Raidió Fáilte; lárionad foghlama Gaeilge le Cumann Chluain Árd; comhlacht traenála agus gairmoideachais darb ainm GaelChúrsaí; agus áisíneacht forbartha Gaeilge atá lonnaithe in Áras na bhFál ar Bhóthar na bhFál. Ina measc tá Forbairt Feirste, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge. Sin í an cineál sprice atá againn chun iarracht a dhéanamh é sin a thabhairt le chéile. Tá Glór na Móna bródúil as a bheith lárnach sa phróiseas seo. Tá an togra caipitil fadtréimhseach atá beartaithe againn, Croí na Carraige, ag iarraidh foirgneamh saintógtha óige, teaghlaigh, agus oidhreachta a thógáil sa cheantar a chuimsíonn scéal na staire seo agus a mhúnlaíonn an t-am atá i láthair agus na bunspriocanna atá againn a bhogadh chun cinn.

Táimid an-sásta gur thug an coiste cuireadh dúinn a bheith anseo inniu agus táimid ar bís go bhfuaireamar an deis an t-ardán seo a roinnt lenár gcomrádaithe ó Charn Tóchair a bhíonn ag obair linn go dlúth sa chineál seo oibre. Tá dhá líonra pleanála teanga againn ó Thuaidh, mar atá ag an Charn Tóchair agus iarthar na cathrach, agus táimid ag iarraidh oibriú le chéile go dlúth san am atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.