Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 November 2021
Joint Oireachtas Committee on Education and Skills
An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé
Ms Sorcha Ní Chéilleachair:
Tabharfaidh mise mo fhreagra as Gaeilge chomh maith. Rinneadh tagairt do na pointí bónais sin. Ní hé go bhfuil an iomarca cainte faoi na pointí bónais ach ní hé sin amháin atá i gceist leis an gcomhairliúchán seo. Is é sin a bhí i gceist agam. B’fhiú labhairt faoin bhfealsúnacht a bhaineann leis na pointí bónais chomh maith. Is é sin a bhí i gceist agam, seachas a bheith ag caint faoi phointí bónais amháin.
Luadh an labhairt leis an Roinn Oideachais faoi na pointí agus faoin gcóras CAO. Níl aon rud le cur amach leis an méid a dúirt Pádraig Ó Bealaoich. Is é an rud céanna atá i gceist. Is é sin an bundeacracht leis an bpróiseas comhairliúcháin seo ar fad. Níl sé iomlán mar phróiseas comhairliúcháin. Tá próiseas comhairliúcháin ar bun faoi shonraíocht T1 agus shonraíocht T2. Níl aon spás ansin le labhairt faoi phointí bónais mar nach bhfuil aon smacht ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA, air sin. Is faoin Roinn Oideachais a bheadh sé sin, cé acu a bhí sé roghnach nó nach raibh. Níl aon spás do na ceisteanna sin ar fad nó ní féidir leis an NCCA plé leo sin. Is é sin atá siad ag rá linn ach go gcuirfidh siad ar aghaidh iad. Is ceann de na deacrachtaí móra é sin atá ag baint leis an bpróiseas seo mar nach féidir aon bhreithiúnas a thabhairt ar an bpróiseas gan an t-iomlánú sin a bheith déanta.
Ó thaobh na scoileanna Gaeltachta de, tá bánú na tuaithe ar bun sa Ghaeltacht agus tá roinnt mhaith bunscoileanna sa Ghaeltacht i mbaol. Is deacracht an-mhór é, ní hamháin sa Ghaeltacht ach i gceantair thuaithe, go ginearálta. Níl mé róchinnte cad atá i gceist mar gheall ar laghdú uimhreacha sna meánscoileanna. B’fhéidir gurb é atá i gceist ag An Teachta Conway-Walsh ná go mbeadh sé sin mar ábhar imní do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do thuismitheoirí dá gcuirfí an T1 agus T2 i bhfeidhm, mar a bhí sé ina ábhar imní i nGaelscoileanna chomh maith, go roghnódh tuismitheoirí gan na páistí a chur go dtí na scoileanna sin. B’fhéidir gurbh é sin a bhí i gceist ag an Teachta. Is cinnte go raibh sé sin luaite mar ábhar imní, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach sna Gaelscoileanna chomh maith.
No comments