Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

Luadh cúrsaí tríú leibhéal. Níl mórán cúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge ar fáil faoi láthair sa chóras reatha. Sílim gur freagraíodh cúpla ceist Éamon Ó Cuív le déanaí ag léiriú an laghad cúrsa atá ar fáil trí Ghaeilge. Mar chuid de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, an 20% agus ag bogadh ar aghaidh, beidh an-bhéim le cur ar an tríú leibhéal agus an ról a bheidh le himirt ag an tríú leibhéal le cinntiú go bhfuil dochtúirí, síceolaithe, cuntasóirí agus daoine trasna an speictrim le hardchumas Gaeilge acu agus gur féidir leo na seirbhísí seo a chur ar fáil don phobal. Is rud é go gcaithfimid tabhairt faoi agus cur san áireamh. Má bhreathnaítear ar an rud a bhí Caoimhín Ó hEaghra ag rá níos luaithe maidir leis an líon Gaelscoileanna atá ann nó líon na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Geailge, níl ach leath nó níos lú de na paistí a fhreastalaíonn ar na bunscoileanna ag dul ar aghaidh go dtí an iar-bhunscoil mar nach bhfuil na spásanna ann dóibh. Nuair a théann an dream atá sa dara leibhéal ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, níl mórán spáis ar chor ar bith dóibh siúd. Níl aon chóras ceart ann faoi láthair chun a chinntiú go bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil ó thús go deireadh do dhaltaí, más é sin an rogha atá ann dóibh agus caithfear é sin a chur san áireamh. Tá plean náisiúnta le cur le chéile mar chuid de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus an 20% a bhaint amach agus bheinn ag súil le spriocanna uaillmhianacha a fheiceáil don tríú leibhéal, go háirithe. Tá seans maith ann go mbeidh orthu leigheas le Gaeilge nó cuntasaíocht le Gaeilge nó cúrsaí eile a chur ar fáil lena bhféadtar an Ghaeilge a fhoghlaim agus an scil eile a fhoghlaim freisin go leibhéal ardchumais. An rud is fearr linn ná go bhfeicfidh daoine go bhfuil tairbhe leis an teanga a bheith acu agus ardchumas a bheith acu sa teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.