Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 November 2021
Joint Oireachtas Committee on Education and Skills
An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé
Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceisteanna sin. Ar cheist na bpointí, maidir leis an CNCM agus an próiseas comhairliúcháin atá ag dul ar aghaidh, an tuiscint atá agamsa ná go bhfuil na teachtaireachtaí atá á dhealú ag na heagraíochtaí éagsúla ag daoine aonair tríd an bpróiseas ar an taifead ag an CNCM ach ní féidir leis an CNCM aon chinneadh a dhéanamh faoi na pointí bónais. Baineann an cinneadh sin le hardbhainistíocht na Roinne Oideachais. De réir mo thuisceana, beidh na tuairimí sin á gcur chun cinn mar chuid den tuarascáil dheireanach nuair a dhéanfar anailís ar na sonraí ar fad.
Tagraím do cheist na litríochta. Tá taithí phearsanta agam i gcomhthéacs na sraithe sóisearaí. Nuair a bhí rogha na litríochta le cur le chéile, bhí mé mar chuid de ghrúpa oibre a dhírigh air sin agus bhí sé fíor-dhúshlánach ar fad. Mar is eol do chách, ní hionann an tobar litríochta i gcomhthéacs na Gaeilge agus an tobar litríochta i gcomhthéacs an Bhéarla. Táthar ag iarraidh an óige agus déagóirí a mhealladh i dtreo na litríochta agus saothair chomhaimseartha agus saothair atá mealltach a aimsiú. D'iarr an Teachta orm cé atá freagrach. Tá clár na leabhair Gaeilge ag Foras na Gaeilge agus d'fhéadfaí cuid de na leabhair do dhéagóirí a fhoilsiú laistigh den chlár sin. Toisc go bhfuil sé chomh práinneach sin ag an bpointe seo roghanna cuí a sholáthar ag leibhéal na sraithe sóisearaí, agus fios maith againn anois go bhfuil an tsraith shinsearach ar na bacáin faoi cheann cúpla bliain, b'fhéidir go mbeadh sé ciallmhar smaoineamh ar bhonn straitéiseach agus cur chuige idir-eagraíochtúil a bheith ann. Tá cúraimí reachtúla ag COGG maidir le hacmhainní teagaisc agus foghlama.
Níl aon chlár sonrach faoi leith againne atá ag plé le déaglitríocht faoi láthair ach d'fhéadfadh féidearthachtaí a bheith ann tabhairt faoi ar bhonn idireagraíochtúil nó d'fhéadfadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta í féin é sin a dhéanamh, ach bheadh gá le maoiniú cuí agus foireann chuí a chur in áit chun a leithéid a chur chun cinn.
Maidir leis an bpointe deireanach ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, bheinn ag tacú leis an méid atá ráite ag Julian de Spáinn, go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfaí athlíonadh ar cibé cruth a bheidh ar shonraíochtaí na sraithe sóisearaí, más sonraíocht amháin atá i gceist nó cúrsa breise. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an duine atá ag críochnú na hardteistiméireachta conradh rompu agus gur féidir leo an Ghaeilge sin a úsáid. Tá go leor cainte faoi láthair maidir le spriocanna earcaíochta na hearnála poiblí agus tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an duine atá ag foghlaim na Gaeilge go bhfuil conradh ansin a thabharfadh mise isteach i bpost éigin amach anseo.
I gcomhthéacs na sonraíochtaí reatha agus an chomhairliúcháin, thug mé suntas dó gur luaigh Sorcha Ní Chéilleachair ansin go bhfuil an iomarca cainte ar phointí bónais, cé go dtuigim go bhfuil na pointí bónais mealltach do dhaoine. I gcomhthéacs na fostaíochta agus na hearcaíochta, áfach, tá sé tábhachtach mar chuid den mhúnla nua go mbeidh gnéithe a bhaineann leis an nGaeilge fheidhmeach amhail conas an Ghaeilge a úsáid sa láthair oibre nó meicníocht na teanga a úsáid nuair atáthar i mbun na hóráidíochta go poiblí ann. Tá sé tábhachtach na rudaí sin a bheadh úsáideach sa saol oibre dá mbeifí ag obair trí mheán na Gaeilge a shníomh isteach mar chuid den chruth a bheith ar an gcúrsa nua a bheidh ann don Ghaeilge.
No comments