Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceathrar comhalta ar a laghad i láthair sa seomra coiste agus ar líne. Táim féin anseo sa seomra coiste, in éineacht leis an Teachta Catherine Ní Chonghaile. Tá an Teachta Fergus O'Dowd ar líne mar aon leis an Seanadóir Seán Kyne agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee. Is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Beidh seisiún poiblí againn inniu chun breathnú ar phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht le hionadaithe ó limistéir pleanála teanga in iarthar Bhéal Feirste, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach. Tá ionadaithe i láthair chomh maith ó na heagraíochtaí Cill Dara le Gaeilge agus Gael-Taca. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Bhfuil aon leithscéalta faighte?

Clerk to the Committee:

Níl.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh comhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana atá ag féachaint ar an gcruinniú ar theilifís an Oireachtais, nó i mbealach éigin eile.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe atá againn don seisiún seo: Micheál Ó Mainín, oifigeach pleanála teanga i mBaile Locha Riach; agus Joe Ó Dochartaigh, Niall Ó Catháin agus Aoife Ní Chasaide, oifigigh pleanála teanga thar ceann líonra Gaeilge Charn Tóchair; leas-chathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, Siobhain Grogan, agus oifigigh feidhmiúcháin Chill Dara le Gaeilge, Sarah Walsh agus Aoife de Faoite; oifigeach pleanála teanga líonra Gaeilge shráidbhaile Chluain Dolcáin, Aoife Nic Thomáis, agus príomhoifigeach oibriúcháin Áras Chrónáin, Brian Ó Gáibhín, thar cheann líonra Gaeilge Chluain Dolcáin; Seán Ó Laoi, cathaoirleach Gael-Taca i gcathair Chorcaí; oifigeach pleanála teanga iarthar Bhéal Feirste, Ciarán Mac Giolla Bhéin, stiúrthóir Ghlór na Móna, an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, agus comhordaitheoir Teaghlaigh Fís an Phobail, Sorcha Ní Chathmhaoil, atá anseo thar cheantair iarthar Bhéal Feirste; agus oifigeach pleanála teanga líonra na hInse, Tomás de Buitléir, cathaoirleach na heagraíochta an Chláir as Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin, agus rúnaí an Chláir as Gaeilge, Domhnall Ó Loingsigh.Sraith mhór de dhaoine. Tá fáilte romhaibh ar fad anseo.

Caithfimid dul tríd na rialacha agus ansin cuirfimid tús ceart leis an gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcoras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime i dTithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastail ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnuithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá Teachtaí nó Seanadaóirí ag freastail óna n-oifigí ba chóir dóibh físeán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag caint le go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileáin. Baineann an coinníoll sin le finnéithe araon agus iad ag freastail ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir do ghach éinne cinntiú go bhfuil na micreafóin múchta má tá siad ag teacht isteach go fíorúil fad is nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar ard na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Tithe an Oireachtais agus an fianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise, agus má ordaítear dóibh éirí as an fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chomhair go ndéanfaidís amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na himeachta atá á bplé ag an gcomhchoiste agus ba chóir dóibh bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinniú seo. Fiafraítear d'fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir más féidir duine nó eintiteas a cháineadh nó líomhaintí eile a dhéanamh ina n-aghaidh, nó tuairimí a roinnt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith le sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin dá bhféadfadh an ráiteas a bheith clúmhillteach do dhaoine nó d'eintiteas aithinte, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach agus tá sé rí-thábhachtach go ngéilfidís don ordú sin má eisítear é.

Anois, cuirimid tús leis an gcruinniú. Tá sraith ráitis tosaigh le roinnt linn agus leis an bpobal atá ag féachaint ar seo agus ansin beidh sraith ceisteanna. Déanfaidh mé iarracht dul tríd chomh gasta agus gur féidir liom mar tagann buntáistí as ceisteanna a bheith curtha agus freagraí nuair atá na ráitis tosaigh againn cheana féin. Ar dtús báire beidh Michéal Ó Mainín ó Bhaile Locha Riach.

Mr. Miche?l ? Main?n:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí uilig ón gcomhchoiste as an gcuireadh freastail ar an gcruinniú seo. Is mór agam an deis teacht os comhair an chomhchoiste agus molaim an obair thábachtach atá ar bun acu.

Is mise Micheál John Ellen Ó Mainín agus oibrím le Gaeilge Locha Riach mar oifigeach pleanála teanga i mBaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe. Is eagraíocht dheonach í Gaeilge Locha Riach atá ar an bhfód beagnach 25 bliain. Thosaigh mise ag obair le Gaeilge Locha Riach mar oifigeach forbartha Gaeilge i mí Lúnasa 2022 agus thosaigh mé mo phost mar oifigeach pleanála teanga i mí Lúnasa anuraidh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag na baill agus na hiarbhaill de choiste Gaeilge Locha Riach, chomh maith leis na hiaroifigigh uilig agus an t-oifigeach forbartha reatha.

Mar oifigeach pleanála teanga, is é mo phost ná plean teanga Bhaile Locha Riach a chur i bhfeidhm. Chun an sprioc sin a bhaint amach, bím ag plé leis an naíonra áitiúil, na scoileanna áitiúla, scoláireachtaí Gaeltachta, an club leabhar, ranganna Gaeilge, gnóthaí áitiúla, an pobal, eagraíochtaí Gaeilge agus comhlachtaí Stáit. Bím ag riar na hoifige ó lá go lá is ag plé le féilte áitiúla agus bím ag eagrú imeachtaí Gaeilge go síoraí. Ar nós chuile oifigeach pleanála teanga eile, tá go leor dualgas eile orm chomh maith.

De réir an Dr. John Walsh, "despite the significant institutionalisation of Irish, disjointed policy and the marginalisation of the language within central government have had an ongoing negative impact on policy implementation throughout the decades". Mar sin, chuir sé imní orm nuair a léigh mé an ráiteas a rinne Aire Stáit na Gaeltachta nua, Thomas Byrne, in agallamh le Tuairisc.ie, ina ndúirt sé go bhfuil "an fhreagracht orainn go léir" agus go "gcaithfidh daoine freagracht a thógáil iad féin", ag cur freagracht as cur chun cinn na Gaeilge ar an duine aonair seachas ar an Stát agus ag leanúint ar aghaidh leis an imeallú den teanga ón rialtas lárnach. Tá sé imníoch freisin nach bhfuil tosach feidhme tugtha d’ailt 4, 5, 12, 13, 14 nó 16 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, cé gur shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, níos mó ná dhá bhliain ó shín. Ní hamháin é sin ach níl dáta deimhnithe do thosach feidhme na n-alt ag Roinn na Gaeltachta fós.

Tá imeallú na teanga agus polasaithe scaipthe le feiceáil sa chóras oideachas chomh maith. Níl aon chóras ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun stádas oifigiúil a bhronnadh ar naíonraí mar chineál seirbhís ar leith. Chomh maith leis sin, tá an t-imeallú le feiceáil i mbeartas teanga atá ag an Roinn Oideachais faoi láthair maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus sa chaoi is gur bhain siad an liúntas a bhíodh ar fáil dóibh siúd a bhí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Déanann an t-imeallú a bhealach anuas ón rialtas lárnach go dtí na comhlachtaí poiblí, agus tá a thionchar le feiceáil ar an gcaoi a chuireann na comhlachtaí poiblí reachtaíocht i bhfeidhm. Mar shampla, cuireann an Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ceithre rang Gaeilge ar fáil idir Ghaillimh agus Ros Comáin. Bíonn trí cinn acu ar siúl i nGaeltacht Chonamara agus ceann amháin i gcathair na Gaillimhe. Níl siad ag tabhairt deis do dhaoine fásta in oirthear na Gaillimhe nó i Ros Comáin Gaeilge a fhoghlaim nó a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú agus cáilíocht a bhaint amach sa teanga. Tá comharthaíocht ag Comhairle Chontae na Gaillimhe in áiteanna i mBaile Locha Riach atá i mBéarla amháin. Ní hamháin é sin, ach sa dréachtphlean forbartha a rinne an chomhairle chontae do Bhaile Locha Riach, ní raibh an Ghaeilge luaite in aon áit sa bplean in ainneoin go bhfuil stádas reachtúil ag Baile Locha Riach mar áit ina bhfuil líonra Gaeilge agus áit ina bhfuil plean teanga i bhfeidhm. Taobh istigh de bhliain amháin, chuir mé trí ghearán isteach leis an gCoimisinéir Teanga in aghaidh Uisce Éireann mar gheall gur rinne sé cumarsáid i scríbhinn i mBéarla amháin le pobal Bhaile Locha Riach chun faisnéis a thabhairt dóibh. Rinne mé fhéin taighde ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ar fheidhmiú scéime teanga na hollscoile 2018-21 in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2020. Is léir nach raibh an ollscoil ag comhlíonadh na dualgais reachtúla is bunúsaí a bhí uirthi faoin Acht. In ainneoin gur thaispeáin an ollscoil a díograis i dtaobh na Gaeilge arís agus arís eile thar na blianta i mbeartais, scéimeanna agus straitéisí, bhí sé deacair glacadh leis go raibh an ollscoil dáiríre ina cuid cainte dearfacha faoin nGaeilge. Is í an imní atá orm ná go bhfuil sé seo ag tarlú i gcomhlachtaí poiblí eile chomh maith leis an Rialtas lárnach.

Is í fís phlean teanga Bhaile Locha Riach ná go mbeidh glúin ceannairí nua cumasacha ag teacht i bhfeighil ar phobal láidir na Gaeilge i mBaile Locha Riach agus is iad roghanna bun agus barr scéil an phleanáil teanga. Is é mo phost mar oifigeach pleanála teanga ná chun na roghanna sin a bhainistiú sa chaoi go bhfuil daoine ag roghnú na Gaeilge mar a dteanga labhartha, mar theanga oideachais a gcuid gasúir, agus mar an teanga a úsáideann siad chun a ngnó a dhéanamh le chuile sheirbhís atá ag an Rialtas.

Tá sé fíordhúshlánach é sin a dhéanamh gan thacaíocht cheart ó chuile leibhéal an Stáit.

Mr. Niall ? Cath?in:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a theacht anseo inniu. Is baill mé de choiste forbartha Charn Tóchair agus is cathaoirleach mé ar an choiste pleanála teanga. Anseo liom inniu tá Joe Ó Dochartaigh, oifigeach pleanála teanga, agus Aoife Ní Chaiside, oifigeach óige s'againne. Tá a fhios agam nach bhfuil ach cúig bomaite againn agus mar sin níl an t-am agam dul tríd an ráiteas pointe ar phointe. Déarfaidh mé cúpla rud faoin taithí s'againne mar chomhphobal tuaithe agus ansin rachaidh mé tríd mórphointí na moltaí atá déanta againn.

Is é ceantar Charn Tóchair an t-aon líonra atá lonnaithe i gceantar tuaithe agus go bhfios dúinn, níl aon cheantar tuaithe eile taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil soláthar Ghaelscolaíocht agus straitéis athbhunú teanga idir lámha aige. Táimid suite i dtuaisceart na Speiríní i ndeisceart Chontae Dhoire agus is ceantar iar-Ghaeltachta atá ann inar mhair an Ghaeilge mar theanga phobail isteach sa 20ú haois. Is ceantar tuaithe ar fad é Carn Tóchair. Níl sráidbhaile nó baile mór sa cheantar.

Bunaíodh an cumann pobail in 1992 agus an fhís a bhí againn ag an am sin ná pobal labhartha Gaeilge a athbhunú ón talamh aníos. Ag an am sin, bhí muid muiníneach go dtiocfadh linn é sin a dhéanamh taobh istigh de deich bliana nó mar sin. Ach de réir a chéile, d'aithin muid go raibh sé iontach soineanta a bheith ag smaoineamh mar sin agus gur próiseas i bhfad níos fadtéarmaí atá ann a ghlacfaidh na mblianta agus roinnt glúnta chun é a bhaint amach mar is ceart. Anois, 30 bliain níos moille, cé gur fada ó cheann scríbe muid, tá go leor bainte amach againn. Tá réimse leathan seirbhísí, imeachtaí agus clubanna againn, uilig ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá cuid mhór deiseanna de theaghlaigh, daoine óga agus daoine fásta chun an Ghaeilge a labhairt agus is rud iomlán normálta an Ghaeilge a chluinstin sa cheantar s'againn anois. Is daoine óga go príomha a chluineann tú agus sin toisc go bhfuil comhphobal óg bríomhar ag fás aníos anois leis an nGaeilge.

Is é ceantar Charn Tóchair an t-aon cheantar amháin taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeloideachas mar phríomhshruth oideachais ag leibhéil na bunscoile. Tá os cionn 180 dalta ag freastal ar an Ghaeloideachais i gcomparáid le 75 dalta sa chóras trí mheán an Bhéarla. Chomh maith leis sin, tá breis agus dosaen teaghlach ag tógáil clainne agus an Ghaeilge sa bhaile acu.

Cé gur tionscadal i bhfad níos fadtéarmaí é ná mar a shíl muid nuair a thosaigh muid amach, táimid níos muiníní ná mar a bhí muid ariamh go dtig linn an fhís sin ó 1992 a bhaint amach, agus an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail mar ghnáththeanga laethúil an chomhphobail.

Ó thaobh moltaí s'againn, thar aon phointe eile, táimid ag iarraidh a chur ina luí ar an gcomhchoiste inniu an tábhacht a bhaineann le fís uaillmhianach a bheith againn agus creidiúint gur féidir an fhís sin a bhaint amach. Creideann na grúpaí atá anseo inniu gur féidir leo an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail sna ceantair s'acu agus tá fís agus plean acu chun é sin a bhaint amach. Ach níl aon fáth nach dtiocadh linn é sin a dhéanamh fud fad na tíre dá mbeadh toil pholaitiúil, straitéis comhordaithe agus infheistíocht cheart déanta. Ach, ar an drochuair, ní shíleann muid go gcreideann formhór na bpolaiteoirí ina gcroíthe gur féidir teanga na hÉireann a chur ar ais i mbéal phobal na hÉireann. Muna gcreideann na polaiteoirí a bhfuil cumhacht acu go bhfuil sé indéanta, ní tharlóidh sé. Síleann muid go bhfuil géarghá ann le mórfheachtas a eagrú chun an cheist seo a ardú ar an gclár oibre polaitiúil. Caithfimid uilig dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí ag an leibhéil is airde, agus in achan pháirtí, chun a chur ina luí orthu gur féidir linn an fhís seo a bhaint amach agus go gcaithfidh reachtaíocht, straitéisí, polasaithe agus infheistíocht a bheith curtha ar fáil leis an fhís seo a soláthar. Níl ach seacht mbliana do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fágtha agus is fiú an deis sin a thapú chun an fhís uaillmhianach seo a fhorbairt agus a chur chun cinn. Molann muid gur chóir tús a bheith déanta gan mhoill ar an phróisis sin agus ba chóir ról lárnach a bheith ag na grúpaí anseo agus na grúpaí sa Ghaeltacht.

Ó thaobh na Gaeloideachais de, cé nach gcruthóidh sí pobal teanga aistí féin, níl aon amhras in intinn s'againn gurb é an Ghaeloideachas an bealach is fearr chun glúin de dhaoine óg atá líofa sa teanga a chruthú. Beidh siad siúd ina mbaill de phobail Ghaeilge sa cheantar s'acu as seo amach. Mar sin, beidh sé tábhachtach go mbeadh fás, forbairt agus infheistíocht déanta sa Ghaeloideachas ag achan leibhéil. Tá gá le hinfheistíocht i scoileanna reatha agus scoileanna nua, infheistíocht chaipitil agus infheistíocht in oiliúint múinteoirí agus oibrí don earnáil.

Molaimid chomh maith gréasán d'ionad teaghlaigh agus ionaid phobail a fhorbairt taobh le gach Gaelscoil sa tír - cosúil le Carn Tóchair - ionas gur féidir le pobail Ghaeilge áitiúla bheith ag forbairt thart orthu. Bheadh idir infheistíocht chaipitiúil agus infheistíocht oibríochtúil le déanamh sna hionaid seo chomh maith, sa dóigh is go mbeadh siad ábalta réimse seirbhísí a sholáthar a leithéidí cúram lae, soláthar réamhscoile, ranganna Gaeilge, cláir óige agus ealaíon, clubanna ceoil agus grúpaí drámaíochta. Thiocfadh leo chomh maith a bheith, cosúil leis an Charn, ag díriú isteach ar obair chomhphobal agus ar fhiontair shóisialta chomh maith. Molaimid fosta straitéis ar leith a bheith déanta chun gréasán seirbhísí óige a sholáthar, arís taobh le gach Gaelscoil, mar a luaigh mé, ach chomh maith leis sin, ionaid óige réigiúnacha agus náisiúnta chun gréasán comhphobal do dhaoine óga a chruthú ar fud na tíre.

Ms Siobhain Grogan:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis seo. Táimid anseo ag éisteacht leis na daoine atá chun tosaigh orainn agus ag foghlaim. Chuaigh muintir Chill Dara go Carn Tóchair ar thuras agus spreag sé muid i slí dochreidte. Tá sé iontach nuair a bhíonn deis ag daoine teacht le chéile agus na scéalta agus na smaointe a roinnt agus a chloisteáil.

Thosaíomar amach mar ghrúpa pobail in 2009 ach bunaíodh Cill Dara le Gaeilge mar chomhlacht beagnach deich mbliana ina dhiaidh mar bhíomar ag iarraidh struchtúr a chur orainn féin agus go mbeadh fostaíochta againn. Chuireamar plean teanga le chéile. Rinneamar rud nach raibh déanta sa tír roimhe sin agus go bhfios dom nár tharla ó shin i leith, is é sin, chuireamar plean teanga contae le chéile don chéad uair riamh. Tá cúig ceantar bardasach i gContae Chill Dara agus ag an bpointe sin, in 2019, nuair a seoladh ár gcéad plean teanga, ní raibh grúpa pobail ach i gceantar bardasach amháin ann, i Nás na Rí. I ndiaidh dúinn an plean sin a sheoladh, chuamar ar chamchuairt timpeall an chontae agus bhí sprioc againn an chéad uair eile a bhí plean teanga le scríobh againn, sé sin in 2024, go mbeadh ar a laghad grúpa pobail i gceantar bardasach amháin eile. Ach tar éis na camchuairte sin, d'eagraíomar meitheal amháin gach bliain. Is teacht le chéile bliantúil é seo a bhíonn ag muintir Chill Dara. Tugann sé deis do phobal na Gaeilge teacht le chéile. Pléann daoine an méid a bhí ar siúl acu sa bliain dheireanach, cad atá ar siúl acu faoi láthair agus cad atá le teacht, agus spreagann sé daoine. I mbliana, sa phlean teanga nua ar a bhfuilimid fós ag obair, tá grúpa pobail i ngach ceann den chúig ceantar bardasach. Is bua ollmhór é sin dúinn.

Ceann de na dúshláin atá againn ná go mbeadh struchtúr ar na grúpaí ar fad agus go mbeadh cumarsáid cheart eadrainn. Is ceanneagrais an chontae é Cill Dara le Gaeilge agus ceann de na rudaí atá ar bun againn ná go mbeadh féilire comónta againn ionas go mbeadh daoine in ann teacht le chéile agus go mbeadh deis acu a bheith ag smaoineamh ar cad atá ar siúl ina gceantar. Má tá siad ag tógáil clainne le Gaeilge, beidh a fhios acu cá bhfuil na hacmhainní agus na himeachtaí atá ar siúl againn.

Táimid fíorbhródúil as sin.

Rinne mé dearmad ar na sleamhnáin agus mé ag caint anseo ach léiríonn siad ár dturas leis an bplean teanga nua. In 2022, bunaíodh an coiste pleanála agus chuamar go dtí an cúig ceantar bardasach mar bhí grúpa pobail ansin. Bhí cruinnithe oscailte ar siúl againn ionas go mbeadh fáilte roimh gach duine. Bhíomar ag lorg smaointe nua agus daoine nua. Bhí cruinniú i ngach ceantar bardasach. Ansin, chuireamar dréacht le chéile agus chrochadh ar shuíomh Cill Dara le Gaeilge é. Táimid ag súil go mbeidh an seoladh oifigiúil tar éis an tsamhraidh i mbliana agus go mbeidh gach grúpa pobail i láthair. Beidh fáilte roimh dhaoine teacht chuige sin.

Tar éis an seoladh, rachaimid ar ais go dtí na ceantair bardasacha eile ionas go mbeidh daoine timpeall an chontae ar an eolas faoin méid atá ar siúl agus cad atá i gceist le pleanáil teanga. Tháinig daoine le chéile roimh don phlean a bheith scríofa. Bhí deis acu aiseolas a thabhairt agus beidh deis acu féachaint conas mar a bhíonn an rud sa deireadh ansin. Leanfaidh Meitheal Chill Dara ar aghaidh. Tugann sé deis dúinn uasdátú a dhéanamh ar an bplean agus tugann sé deis do phobal na Gaeilge féachaint ar cad atá ar siúl.

Aontaím le gach rud atá ráite go dtí seo. Nuair atá airgead poiblí i gceist le haon rud, ba chóir go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de. Sampla an-simplí ná Lá Fhéile Pádraig. Caitear a lán airgid poiblí i mBaile Átha Cliath ar an mórshiúl, agus bíonn paráidí timpeall na tíre, ach ní bhíonn mórán Gaeilge le cloisteáil, seachas má tá grúpa atá ag obair in earnáil na Gaeilge á bhrú chun tosaigh. Má tá airgead poiblí i gceist ann, ba chóir go mbeadh úsáid na Gaeilge mar chuid de na coinníollacha. Is é sin an fáth i Nás na Ríogh go mbíonn féile sráide ann. Tá na sráideanna againn ar Lá Fhéile Pádraig ansin agus is féile trí Ghaeilge amháin atá ann. Ceapaim go bhfuil sé sin an-tábhachtach. Má tá airgead poiblí á chaitheamh, is cóir gurb é ceann na coinníollacha ná go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de.

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Ar son Mhuintir Chrónáin agus líonra Gaeilge shráidbhaile Chluain Dolcáin - go háirithe Aoife Nic Thomáis, oifigeach pleanála teanga, agus mé féin - gabhaim buíochas le baill an choiste. Tá mé mar chathaoirleach ar choiste líonra Gaeilge shráidbhaile Chluain Dolcáin agus tá mé mar chathaoirleach ar choiste náisiúnta na líonraí Gaeilge chomh maith. Tá Muintir Chrónáin ag feidhmiú ó 1972 - agus píosa beag roimhe sin - i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird. Tá sé cruthaithe againn thar na blianta go bhfuil muid lán ábalta spriocanna a leagan síos dúinn féin, iad a bhaint amach agus pleanáil a dhéanamh don todhchaí. Tá taithí agus cleachtadh na mblianta againn ar bhainistiú tionscadail a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus na spriocanna sin sa sprioc-cheantar. Táimid ag déileáil le scéimeanna pobal, agus scéim dhátheangachas roimhe sin, ó 2000 i leith. Bíonn pleananna oibre agus clár gníomhaíochtaí na heagraíochta á mbainistiú againn gach bliain ar an mbonn éifeachtach torthúil atá cruthaithe againn cheana i mbainistiú obair mhór Mhuintir Chrónáin thar na blianta.

Is é an sprioc-cheantar atá againn ná sráidbhaile Chluain Dolcáin ach tá sé i bhfad níos leithne ná sin. Tá an ceantair máguaird san áireamh chomh maith agus cuid mhaith d'Áth Cliath theas freisin. Is fobhaile uirbeach gnóthach é Cluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath atá suite idir Tamhlacht, Ráth Cúil, An Caisleán Nua, Leamhcán agus Gleann na Life, bailte atá ar imeall an cheantair. Tá tionchar an-mhór againn ní hamháin ar Chluain Dolcáin ach ar na ceantracha seo chomh maith. Is meascán de thithe, árasáin, ionaid siopadóireachta, ionaid ghnó, ionaid phobail agus scoileanna atá sa cheantar. Is é an sprioc atá againn leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail. Tá sé seo á dhéanamh againn trí phróiseas céimnithe a chur i bhfeidhm ar an talamh i gceantair Chluain Dolcáin, le tacaíocht agus rannpháirtíocht an phobail.

Bhunaigh muid neart ionad oideachais thar na mblianta cosúil le Scoil Chrónáin i Ráth Cúil in 1975; Naíonra Chrónáin in 1979; dhá bhunscoil lán-Ghaeilge, Gaelscoil Chluain Dolcáin in 1984 agus Gaelscoil na Camóige in 1993; agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, Coláiste Chillian, in 1981. Cheannaíomar Orchard House, atá athainmnithe go Áras Chrónáin againn agus atá mar cheannáras againn ó 1990. Is trua liom a rá agus mé i mo shuí anseo inniu go bhfuil cuid mhaith de na háiseanna oideachais seo fós i bhfoirgnimh réamhthógtha - seachas Coláiste Chillian - cé gur gheall an Rialtas thar na blianta áiseanna agus acmhainní cearta a chur ar fáil dóibh.

Tá nasc, cumarsáid agus caidreamh láidir cruthaithe againn agus muid ag forbairt cúrsaí thar na mblianta le lucht gnó áitiúil, le heagraíochtaí, leis an bpobal áitiúil, le húdaráis áitiúil, agus le rannóga Stáit. Tá Muintir Chrónáin agus an sráidbhaile Chluain Dolcáin ag plé leis an bplean teanga le os cionn 50 bliain. Thar na blianta, tá go leor dul chun cinn déanta againn ag cruthú suíomh ina bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga cumarsáide i measc an phobail. Agus mé os comhar an choiste inniu, is cúis bróid dom a rá go bhfuil cainteoirí dúchasacha á dtógáil i gCluain Dolcáin, rud a raibh mar fhís againn nuair a thosaigh Muintir Chrónáin sna 1970idí. Is de thoradh dea-chleachtas pleanáil teanga go bhfuil an éacht seo bainte amach againn. Thug Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó. hUigín, cuairt ar Áras Chrónáin mar Aire siar in 1993. Agus muid ag éisteacht leis in Áras Chrónáin a bhí díreach oscailte, dúirt sé gur ghairid go mbeadh Gaeltacht dár gcuid féin ag daoine san ardchathair. Níor cheapamar riamh go mbainfeadh muid amach an sprioc sin ach le cúpla bliain anuas, bhaineamar amach stádas líonra Gaeilge do shráidbhaile Chluain Dolcáin. Le linn an phróisis stádas líonra Gaeilge a bhaint amach, d’éirigh linn comhoibriú a dhéanamh le heagrais Stáit, saineolaithe pleanála teanga, agus grúpa pobail eile ar fud fad na hÉireann. Bhíomar lárnach i mbunú comhchoiste náisiúnta na líonraí Gaeilge, grúpa tacaíochta atá lárnach agus riachtanach i bhforbairt na pleanála teanga, ní hamháin inár gceantar féin ach sna ceantracha difriúla.

Le linn le hoibre mhóir seo ar fad thar na blianta agus an tacaíocht a chuireadh ar fáil ag an Rialtas, tuigtear agus feictear dúinn go bhfuil go leor fós le déanamh. Táimid dáiríre faoin bpleanáil teanga inár gceantar. Leanann muid dea-chleachtas na pleanála teanga agus leanann muid spriocanna. Bainimid amach spriocanna agus tugann muid faoin bpleanáil agus forbairt fadtéarmach. Tá mórcheist gam do bhaill an choiste seo inniu, agus don Rialtas i gcoitinne: an bhfuil siad dáiríre faoin bpleanáil teanga? An bhfuil siad dáiríre maidir le tacaíocht cuí agus ceart a chur ar fáil do na grúpaí pobail atá ag obair go dian ag cur i bhfeidhm pleanáil teanga inár gceantar?

Táimid fíorbhródúil mar phobal ní hamháin as an stádas líonra Gaeilge a bhaint amach, ach freisin as an gcaidreamh agus an comhoibriú atá cruthaithe againn a chuidíonn le dea-chleachtas na pleanála teanga ar fud fad an oileáin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an chuiridh stairiúil seo a thabhairt dúinn ar fad teacht anseo inniu. Is é seo mo chéad uair labhairt os comhair an chomhchoiste Gaeilge cé go bhfuil mé ag plé le cur chun cinn na Gaeilge le os cionn 20 bliain i gceantar Chluain Dolcáin. Guím gach rath ar an obair atá ar bun agaibh.

Mr. Se?n ? Laoi:

A Chathaoirligh agus a chairde na páirte, táimse ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is cathaoirleach mé ar Gael-Taca a bunaíodh in 1987. Is mór agamsa thar ceann Ghael-Taca a bheith anseo i dTeach Laighin inniu chun labhairt ar Ghael-Taca agus ar an bpleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht.

Nuair a luaitear Gael-Taca le duine de ghnáth, luann siadsan Pádraig Ó Cuanacháin, beannacht Dé leis, agus an obair cheannródaíoch a dhein sé chun an Ghaeilge a chur chun cinn cois Laoi. Luaim ní hamháin an obair a dhein sé ó thaobh Ghael-Taca de, agus é ag iarraidh an lucht gnó a ghríosadh ó thaobh margaíochta agus fógraíochta de, ach freisin an obair a dhein sé ó thaobh chur chun cinn na Gaelscolaíochta i gCorcaigh agus ó cheann ceann na tíre. Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais le déanaí nach raibh Roinn na Gaeltachta sásta maoiniú a thabhairt dúinn - dúirt an tAire Stáit ag an am, an Teachta Patrick O’Donovan, agus é ag freagairt ceisteanna ón Teachta Thomas Gould go raibh fadhb le rialachas Ghael-Taca - bhí an ghoimh orainn. Ní hamháin go raibh fearg orainn ach bhí díomá orainn leis. Ní haon saol na gcaorach é scéal Ghael-Taca le tamall anuas. Tá plean teangan chathair Chorcaí scríofa againne agus cuireadh a leithéid go dtí Foras na Gaeilge breis is dhá mhí ó shin. Táimid thar a bheith sásta gur dhein Gael-Taca a chion i gCorcaigh maidir le bheith áirithe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Thug múinteoir óg, Katie Nic Gearailt, atá ag obair sa chathair, lámh chúnta nach beag dúinn sa mhéid sin.

Bhí ceangal ag Gael-Taca leis an nGaeltacht ón gcéad lá de bharr go raibh Pádraig Ó Cuanacháin ag obair d’Údarás na Gaeltachta tráth. Dúradh faoi, in alt mar fhógra báis:

As a cultural and language development officer for Munster, this brought him into contact with native Irish speakers ranging from Ring, Co. Waterford, to Cúil Aodha, Co. Cork, and the Gaeltachts of West Kerry.

Faoi mar a scríobh an Duinníneach faoi Shán Ó Cuív - nach raibh "aon Ghaeilgeoir in Éirinn dh’oibríonn leath chomh dícheallach le Shán Ó Cuív" - bhí a leithéid amhlaidh maidir leis an gCuanachánach. Dhein sé obair na gcapall i ndáiríribh. Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chuir, mar a déarfá. Ní hamháin san ach do bhíodh baint lárnach ag Gearóid Cheaist Ó Catháin ón mBlascaod agus ó Chorcaigh le Gael-Taca. Tá Gael-Taca an-mhórtasach as an gceangal tábhachtach sin leis an nGaeltacht. An dtuigeann Roinn na Gaeltachta go bhfuil sí agus an iarAire Stáit i ndiaidh cur as go mór dúinne, d’obair agus d’oidhreacht Ghael-Taca? N’fheadar. Tá dlúthcheangal ag Corcaigh leis an nGaeltacht, ní hamháin Gaeltachtaí Chorcaí ach le gach Gaeltacht go deimhin.

Is mian liom blaiseadh a thabhairt den oidhreacht agus den obair a bhaineann le Gael-Taca. Mar shampla, ó thaobh Chorcaigh na Gaeilge de, deir an Ríordánach, Seán Ó Ríordáin, sa dán "Saoirse" "rachaidh mé síos i measc na ndaoine". Nuair a théann tú i measc na ndaoine sa chathair i gCorcaigh, chífear boscaí lán le Gaeilge agus le seanfhocail. Is rud iontach é sin agus do bhí lámh ar leith ag Gael-Taca sa chúram sin. Tá tábhacht bainteach leo agus na seanfhocail chéanna le feiscint agus le sonrú i lár an aonaigh. Ceann acu is ea "ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Is féidir linn agus pobail eile tógáil air sin. Tá aitheantas nach beag tugtha ag an Soilse Mícheál D. Ó hUigínn do Ghael-Taca. Luaim a chuairt ar 22 Port Uí Shúilleabháin i gCorcaigh mar ócáid stairiúil i saol na Gaeilge cois Laoi. Tá blaiseadh anseo as aiste agus léifidh mé an cuid is mó de:

Tugadh chun cuimhne an éacht oibre a rinne an ghníomhaí teanga, Pádraig Ó Cuanacháin, le linn na hóráide sa Chaifé Cois Laoi Dé hAoine. Tá Gael-Taca, a thionscnaigh réabhlóid teanga i gContae Chorcaí ó na 1980í ar aghaidh, cúig bliain is fiche d’aois i mbliana agus ba é buaic na bliana ceiliúrtha cuairt a Shoilse, Uachtarán na hÉireann, ar an ionad atá suite cois abhann ar Ché Uí Shúilleabháin i lár na cathrach. Ba cheart do gach saoránach iarracht bhreise a dhéanamh ar son na Gaeilge: An tUachtarán 'Ní bheadh muid anseo in aon chor murach duine amháin a chuir a chroí agus a anam isteach i nGael-Taca,' dúirt an tUachtarán ina óráid. 'Bhí Pádraig ar duine de na chéad cheannródaithe a bhunaigh Gael-Taca agus b’fhear físiúil tionscnach é a chreid go láidir go raibh bá ag lucht gnó Chorcaí don Ghaeilge agus gurbh fhiú go mór iad a ghríosadh chun í a chur chun cinn ar shlite praiticiúla go laethúil.' Bhí Pádraig agus Gael-Taca lárnach i mbunú go leor Gaelscoileanna i gcathair agus i gContae Chorcaí agus tá barra agus fás ar an ngluaiseacht sa cheantar ó shin. Bhí an caidreamh a chothaigh Pádraig leis an lucht gnó agus an tacaíocht a fuair sé lárnach sa bhforbairt sin. Thréaslaigh an tUachtarán le gach a bhfuil déanta ag Pádraig Hamilton, Cathaoirleach Ghael-Taca, Adrian Breathnach, rúnaí an choiste, agus na baill eile go léir chun an Caifé a thabhairt ar an bhfód.

Táim cinnte go bhfuil ceangal ag cuid de na comhaltaí le Corcaigh i slí amháin nó slí eile. Luaim an tAire Stáit nua Gaeltachta, an Teachta Thomas Byrne, a dúirt in alt le Tuairisc.ie go mbeadh sé "ag cur Gaeltacht Chorcaí chun cinn agus é ina Aire Stáit toisc gur fhreastail sé ar choláiste Gaeilge ar Oileán Cléire agus é ina dhéagóir". Táim cinnte go mbeidh an tAire Stáit sásta cabhrú le Coláiste na Mumhan agus le Gael-Taca amach anseo.

Bhí áitreabh áiseach againne i gcaitheamh Covid-19 agus éacht ab ea é. Bhí mí-ádh orainn ar shlí gur chailleamar an áit bhreá a bhí againne i lár an aonaigh. Mar is eol do chách, tá géarghá le hionad Gaeilge a bheith i lár na cathrach cosúil leis an gceann a bhí againne cois Laoi. Is mó ionad cosúil leis an gcultúrlann i mBéal Feirste atá ar fáil do phobal na tíre agus do phobal na Gaeilge ó cheann ceann na tíre. Bhí ceann breá againne i gCorcaigh go dtí le fíordhéanaí. I measc na ndaoine a bhíodh againne mar chuairteoirí san ionad céanna, luaim Ronán Mac Aodha Bhuí, beannacht Dé leis, páistí scoile, scríbhneoirí, peileadóirí, Jimmy Barry-Murphy agus an Soilse Mícheál D. Ó hUigínn, gan trácht ar chúpla iománaí ar an gclaí. I ndiaidh dom labhairt le pobal na Gaeilge sa chathair, sa chontae, san ollscoil agus ar líne, dúradh liomsa mar chathaoirleach ar Ghael-Taca gur cheart dúinne leanúint orainn. Nuair a tháinig sé chun solais go rabhamar gan áitreabh, chuamar i ngleic leis. Tá Gael-Taca ann i gcónaí agus nílimid chun bogadh puinn. Is mór an náire an méid a dúradh sa Dáil fúinn le déanaí. Ní rabhamar riamh i bhfiacha puinn agus ní raibh aon fhadhb le rialachas ón uair gur chuaigh coiste Ghael-Taca i ngleic leis sin. Ní raibh i gceist ach costais. Láidríodh Gael-Taca agus bhí dearcadh eile ag duine den cheathrar a chabhraigh linn. Is é sin an saol: thuas seal, thíos seal. Bhí fadhb amháin a bhain le Gael-Taca tamall siar agus measaim gur cheart béim a chur air sin. Socraíodh a leithéid agus b’shin sin.

Mar chuid den ráiteas tosaigh agam thar ceann Ghael-Taca, braithim gur cheart dúinne bheith cáiréiseach. Luaigh an t-iarAire Stáit sa Dáil go raibh an Roinn i mbun cainteanna le Foras na Gaeilge maidir le heagraíocht eile sa “geographical area” a thabhairt isteach. Táimidne ar fad dall ar na pleananna eile a bhaineann le Corcaigh na Gaeilge dar le ráiteas an Aire Stáit:

The Deputy should be aware that my officials are currently engaging with another organisation in the geographical area concerned with a view to providing services to the Irish language community therein. The Department is confident that an agreement can be reached in this regard within the short to medium term.

Níl sé seo soiléir dúinne ach tá sé doiléir go maith mar a dhéarfá. Má thagann dream eile chun na cathrach, an mbeidh orainn seasamh siar agus sinne sa bhearna bhaoil ó 1987? Ní dóigh liom é. Cad atá i gceist ag an Aire nó ag an Roinn? Nár cheart dóibh siúd a bheith ag cabhrú linn? Ba bhreá liom dá mbeadh an treoir, an tacaíocht agus an chabhair a fhaigheann dreamanna eile le fáil againne i gCorcaigh ó thaobh Gael-Taca de. Tá tábhacht nach beag bainteach le hoidhreacht Ghael-Taca. Is mian liom an méid seo a léiriú anseo: tá cairde againne, tá teacht againne ar phobal na Gaeilge sa chathair agus tá tionchar nach beag ag Gael-Taca i gcónaí. Táimid tar éis lámh chúnta a thabhairt do na cumainn Ghaeilge san ollscoil i gCorcaigh agus thugamar tacaíocht don chomórtas amhránaíochta i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn in Áras na Gaeilge sa Ghaillimh le déanaí. Bhíomar bainteach le mórshiúl Lá Fhéile Pádraig i gCorcaigh, gan trácht ar imeachtaí Gaeilge a eagrú ó cheann ceann na cathrach cosúil le ciorcail comhrá agus tráth na gceist, mar aon le himeachtaí a eagrú do leabharlann na cathrach go rialta agus ócáidí do Sheachtain na Gaeilge. Is léir go bhfuil pocán gabhair Ghael-Taca i lár an aonaigh.

Is cuntas atá san amlíne atá curtha ar fáil agam don chomhchoite ar an mhéid ar tharla ó 2016 i leith a léiríonn moilleadóireacht Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a fhágann Gael-Taca gan an tacaíocht chuí, rud a fhéadfadh bheith ina buille báis d‘aon ghluaiseacht Ghaeilge i gCorcaigh. Maireann Gael-Taca in ainneoin easpa cabhrach Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, glaochanna guthán agus litreacha gan freagairt agus neamhaird ar mhaoiniú um Gael-Taca agus ar phlean teanga chathair Chorcaí nár tugadh freagra dearfach nó diúltach dó. Is mór an scannal é seo go léir agus masla do laochra Ghael-Taca atá dílis dá gcathair agus don idéal Éire Ghaelach. Do bhíodh beirt ag obair do Ghael-Taca tráth ar bhonn lánaimseartha, duine acu ar bhonn sinsearach agus duine eile ar bhonn sóisearach. Níl uainn faoi láthair ach bainisteoir agus oifig nó seomra seachas áitreabh buan sainiúil. Sa bhliain 2021, dhein Gael-Taca iarracht ar bhlaiseadh de shaol na Gaeltachta a thabhairt do mhuintir na cathrach agus bhí dealramh leis sin agus tréimhse Covid faoi lán tseoil ann ag an am. Ní hamháin sin ach bhí an deis ag scoil amháin bualadh le Gearóid Cheaist Ó Catháin ón mBlascaod agus Barra Ó Caoimh i gcaitheamh na tréimhse sin. Is ait an rud é ach leanadh leis an gciorcal cainte i gcaitheamh Covid-19; an ciorcal is mó i gCorcaigh, b’fhéidir.

Pleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht is ainm don seisiún seo den chomhchoiste. Mar sin, tá plean teanga chathair Chorcaí scríofa ag Gael-Taca agus tá sé curtha go Foras na Gaeilge. Táimidne ag feitheamh go foighneach le dhá mhí maidir le roinnt aiseolais agus sinn ag súil le leasuithe uathu. Maidir le deacrachtaí idir 2019 agus 2024, is cóir go mbeadh aitheantas ag Corcaigh láithreach mar bhaile seribhíse Gaeltachta, nó mar líonra fiú. Ina theannta san, bíodh is go raibh deacrachtaí éagsúla sa tslí ar éirigh le Gael-Taca an bhó a chur thar abhainn sa tslí go bhfuil an cháipéis sin ag Foras na Gaeilge anois. É sin ráite, muna bhfuil maoiniú againne ó Roinn na Gaeltachta, an bhfuil ceist eile ansin maidir le Foras na Gaeilge? Tá cuireadh faighte agam thar ceann Ghael-Taca inniu ach is léir gur cheart dom an cheist a chur anois; cá bhfuil an lámh chúnta atá uainn? Dúirt an Cathaoirleach ag criunniú den choiste seo sa Ghaillimh ar an 8 Márta 2024 go bhfuil "toghcháin os ár gcomhair agus mar sin, measaim go mbeidh a lán Smarties le tabhairt amach". Tá na Smarties céanna ar iarraidh cois Laoi ach nárbh fada go mbeidh roinnt Smarties ar bhaschrann an dorais de chuid Ghael-Taca in éineacht le subh milis, le cúnamh Dé.

Chun clabhsúr a chur ar m’aitheasc, déanaim tagairt don méid a thug an tAire, an Teachta Catherine Martin, le fios do Tuairisc.ie ar an 22 Feabhra maidir le lárionad Gaeilge a bheith cois Laoi:

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhféadfaí a leithéid de thogra a fhorbairt sa chathair agus go bpléifidh sí an scéal le hoifigigh na Roinne.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le cairde na páirte thar ceann Ghael-Taca. Cuimhníonn muid ar chara an-mhór de chuid Ghael-Taca, Rónán Mac Aodha Bhuí. Dorn san aer.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhfuair mé cóip den ráiteas sin. Tá trí leathanach agam anseo, sin an méid. Níl an ráiteas tosaigh iomlán agam.

Mr. Se?n ? Laoi:

Is féidir liom ceann a thabhairt don Teachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Seán Ó Laoi. Tá na ráitis tosaigh go léir agam, ach níl ráiteas tosaigh Sheán Ó Laoi ach trí leathanach. Tá mé ag súil go bhfuil rud ginearálta ann agus ansin tá faoi rud leith i gceist anseo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé chun a rá go raibh pointí ar leith ardaithe ag Seán Ó Laoi. Más mian leis na heagrais atá luaite ag Seán Ó Laoi dul i dteagmháil linn, beidh muid breá sásta aon rud a chur ar an taifead maidir leis an méid atá ráite. B'fhéidir go mbeidh muid in ann déileáil leis sin. Mar a dúirt Seán Ó Laoi, ardaíodh roinnt de na ceisteanna sa Dáil cheana agus is féidir iad a ardú arís.

Mr. Se?n ? Laoi:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rachaidh muid ar aghaidh. Tá dhá dream eile. I ndiaidh sin, beidh ceisteanna chomh maith agus beidh deis ag aon duine de na Teachtaí ceisteanna a chur ar Sheán Ó Laoi faoi sin. Caithfidh muid a bheith cúramach nach bhfuil muid ag déanamh aon líomhaintí i gcoinne duine nó eagras ar leith gan an deis a bheith aige nó aici freagra a thabhairt.

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Is tionscadal pleanála teanga é Fís an Phobail atá lonnaithe sa cheathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. Léirigh na torthaí daonáirimh is déanaí go bhfuil iarthar Bhéal Feirste i measc na gceantar is láidre labhartha Gaeilge áit ar bith in Éirinn. I gceantar s’againn, tá ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais agus - déarfá a rá, níos tábhachtaí arís - ar líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Is fiú a rá fosta gur tharla na forbairtí sin i gcomhthéacs nach bhfuil aon straitéis nó reachtaíocht teanga i bhfeidhm go fóill ó Thuaidh.

Bhí, agus tá, sé spleách ar an infreastruchtúr pobalbhunaithe, leathan a tógadh ón bhun aníos. Tá clú agus cáil ar an cheantar dá bhrí seo. Thosaigh sé seo siar sa lá le leithéidí Cumann Cluain Ard agus dar ndóigh, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich agus Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá siad ag dul i mbláth ó shín. I gceantar pleanála teanga s'againne, tá deich eagraíocht ag suí ar an choiste stiúrtha le speisialtacht i ngach réimse den phleanáil teanga, bíodh sé sin na meáin, óige, teaghlaigh nó eile. Le déanaí, mar gheall ar na céimeanna forásacha atá á nglacadh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i leith na Gaeilge i ndiaidh na mblianta fada de naimhdeas, tá sé anois ar bhord an choiste stiúrtha fosta. Is é Glór na Móna an ceanneagraíocht atá luaite leis an líonra agus leis an phlean teanga sa cheantar agus ta Fís an Phobail lonnaithe i nGael-Ionad Mhic Goill. Tá Glór na Móna ag tiomáint an phróiseas pleanála teanga sa chathair fríd an tionscadal Fís an Phobail le fís uaillmhianach, comhtháite atá tiomanta le freastal ar riachtanais lucht labhartha agus foghlamtha Gaeilge. Tá lárionad againn a thugann deis dúinn seirbhísí a sholáthar, seirbhísí teaghlaigh san áireamh agus tá seans ann go gcluinfear níos mó faoi sin ar ball beag. É sin ráite, tá sé teoranta agus srianta de bharr easpa spáis. Measaimid go gcuirfidh ár bhforbairt chaipitil úr, Croí an Carraige, go mór le hinbhuanaitheacht an infreastruchtúir teanga sa chathair ar féidir bheith ina heiseamláir spreagúil agus cumhachtach don tír i gcoitinne.

Tá an ceantar ina bhfuil muid ag feidhmiú i measc na gceantar is boichte ó Thuaidh. Léiríonn an taighde is déanaí ó NISRA in 2017 go bhfuil an chuid is mó den daonra - 76% - in iarthar Bhéal Feirste ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Tá tromlach glan na bpáistí i gceantar s'againne i dteideal béiltí saor in aisce ar scoil. Ina ainneoin sin, tá an Ghaeilge ag dul i mbláth le fada an lá. Tá an mheánscoil is mó Gaeilge sa tír lonnaithe sa cheantar, Coláiste Feirste, le nach mór 1,000 dalta ag freastal uirthi agus tá cúig bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar chomh maith. Tá na tionscadail agus grúpaí sa cheantar ag comhoibriú go dlúth agus go praiticiúil fríd an pleanáil teanga agus Fís an Phobail. Tá ionadaí ag achan eagraíocht sa cheantar ar an choiste ar bhonn téamúil agus tá beartais aontaithe le freastal ar riachtanais an phobail, beartais a d’eascair ón phlean teanga a rinne muid in 2017-18.

Is í an sprioc atá ag Fís an Phobail ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioc-cheantar sna blianta amach romhainn. Chun é sin a dhéanamh, d'aimsigh muid roinnt tosaíochtaí straitéiseacha agus dhírigh muid isteach orthu ó mhí Mheán Fómhair 2022, nuair a thosaigh an tionscadal mar is ceart, ar aghaidh. Tá na tosaíochtaí sin fréamhaithe sna beartais. Tá mé chun cúpla sampla gasta a thabhairt don choiste. Ar dtús, tá an meitheal meantóireachta ann. Is clár cumasaithe é atá dírithe ar ghníomhaithe agus daoine óga a bhfuil spéis acu oibriú san earnáil lán-Ghaeilge. Cuireann an scéim seo modúlacha praiticiúla agus teoiriciúla ar fáil. I mbliana, tá an scéim curtha ar fáil do 15 gníomhaí atá ag taisteal ó fud fad na tíre agus ritheann sé sin ó mhí Feabhra go mí an Mheithimh. Ní mór go mbíonn, agus go mbeidh, lucht saothair cumasach, tiomanta, oilte ag teacht chun tosaigh agus is é sin an cúis leis an mheitheal mheantóireachta. Tá Ollscoil na Ríona anois mar pháirtnéir ar an tionscadal seo agus í ag déanamh taighde ar thionchar na scéime fríd an research excellence framework, REF. Beidh cúrsa cruinnis Gaeilge a sholáthar againn fosta dóibh siúd atá ag obair san earnáil i gcomhar leis an ollscoil san fhómhar.

Is é an dara sampla ná Laochra Loch Lao, cumann spóirt lán-Ghaeilge sa cheantar. Is tionscadal pleanála teanga é seo go smior atá dírithe ar shóisialú na Gaeilge trí mheán an spóirt. Bhunaigh muid an cumann neamhspleách in 2017 nuair a bhí An Dream Dearg ag teacht chun tosaigh. Is dócha go raibh sé sin fréamhaithe sa tuiscint go raibh orainn, ar lámh amháin, brú a chur ar an Stát maidir le stádas oifigiúil na Gaeilge, aitheantas agus eile ach ag an am céanna, bhí dualgas orainn mar phobal spásanna a chruthú ina mbeadh an Ghaeilge mar an príomhfhuaim. Is é sin díreach an sprioc agus an táirge a thagann amach as Laochra Loch Lao. Ó 2017 ar aghaidh, tá beagnach 500 ball againn idir óg agus aosta. Tá Fís an Phobail ag tacú go straitéiseach le forbairt an tionscadail idir-ghlúine seo agus de bhrí sin, tá borradh ag teacht ar an chumann le cúpla bliain anuas.

Maidir le cúrsaí teaghlaigh, léirigh na figiúirí is déanaí ón daonáireamh, mar a luaigh mé, go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine sa cheantar atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Tá úsáid na Gaeilge sa bhaile aitheanta mar an réimse is tábhachtaí agus is dúshlánaí sa phróiseas pleanála teanga. Ina ainneoin sin agus an tábhacht a bhaineann léi, ní raibh aon acmhainní daonna faoi leith dírithe air seo sa cheantar seo. Fríd Fís an Phobail agus an plean teanga, d’éirigh linn maoiniú seachtrach a aimsiú agus comhordaitheoir teaghlaigh - Sorcha Ní Chathmhaoil, atá in aice liom - a cheapadh don chead uair sa cheantar ag tús na bliana seo. Is forbairt thar a bheith suntasach agus tábhachtach í. Ó shín, tá obair ollmhór déanta ag soláthar seirbhísí do theaghlaigh sa chathair. Chaith muid seal i gConamara ag foghlaim ónár bpáirtnéirí, Tuismitheoirí na Gaeltachta, i mí na Samhna. I mí an Mhárta na bliana seo, chuaigh muid ar thuras staidéir go dtí an Bhreatain Bheag le samplaí dea-chleachtais is fearr a fheiceáil. Tá taighde suntasach idir lámha againn uaidh sin agus beidh sé á fhoilsiú againn an mhí seo chugainn.

Tá dúshláin fós le sárú againn go háitiúil agus go náisiúnta maidir le cur chuige na pleanála teanga. Níl na hacmhainní cuí againn ár bplean teanga, faoi mar a aontaíodh leis na húdaráis, a chur i bhfeidhm. Cé gur plean seacht mbliana atá ann, tá maoiniú bliantúil againn, rud a chuireann srian ar ár gcumas pleanáil fadtéarmach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an phlean. Tá a fhios agam fosta go bhfuil obair ollmhór déanta ag Conradh na Gaeilge ag tarraingt plean infheistíochta le chéile agus thacaigh muid go dlúth leis sin. Tá moltaí sainiúla ann maidir le pleanáil teanga in Éirinn fosta. Go náisiúnta, tá obair mhór le déanamh maidir le hardú feasachta i leith an phleanáil teanga trí chéile. Ní fheictear dúinn go bhfuil tuiscint forleathan ag an aos pholaitiúil, an státchóras nó an daonra trí chéile ar thábhacht na hoibre phleanála teanga agus na deiseanna iontacha a eascraíonn aisti. Tá fís náisiúnta de dhíth orainn don teanga agus don obair phleanála teanga. Tá samplaí ar féidir linn foghlaim uathu, ní hamháin anseo go háitiúil le cuid de na samplaí a chuala muid inniu, ach go hidirnáisiúnta chomh maith. Feiceann muid na samplaí ó straitéis na Breataine Bige, Cymraeg 2050, nó i dTír na mBascach, áit a bhfuil obair dochreidte déanta ag tiontú thart i dtaobh líon na gcainteoirí. Oibríonn sé seo nuair atá straitéis, nuair atá fís agus nuair atá acmhainní ag tacú leis an straitéis agus an fhís sin. Tá obair fós le déanamh le cur chuige tacúil, oibiachtúil monatóireachta a fhorbairt a thacóidh leis na coistí pobail tomhas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cad é mar atá ag éirí linn. Tá saineolas nach beag bailithe ag na coistí seo agus ag na hoifigigh araon maidir le cur i bhfeidhm an phleanála teanga agus ní mór go bhfuil guth s'againne i gcroílár aon phróiseas nó aon chreatlach monatóireachta atá le dearadh.

Tá sé sin ag teastáil uainn. Is mian linn go mbeadh creatlach monatóireachta ann.

Ar deireadh, tá infheistíocht shuntasach de dhíth más féidir linn fís comónta dár dteanga agus dár bpobail a bhaint amach. Chuige sin, tháinig na hoifigigh pleanála teanga ó fud fad na tíre le chéile le déanaí agus bhunaigh muid an mheitheal náisiúnta pleanála teanga. Is í an fhís atá againn ná gluaiseacht shóisialta náisiúnta a thógáil ón bhun aníos a fhorbraíonn guth aontaithe do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta chun pobail inmharthana teanga a dhaingniú fud fad na tíre. Feictear dúinn gur forbairt stairiúil í an mheitheal náisiúnta pleanála teanga in athbheochan comhaimseartha na Gaeilge a thugann deis dúinn fís fadtéarmach don teanga a chur chun cinn sa tír. Tá Glór na Mona agus Fís an Phobail thar a bheith bródúil bheith lárnach sa phróiseas seo.

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Tá mé mar chathaoirleach ar An Clár as Gaeilge. Tá Tomás de Buitléir, atá mar oifigeach pleanála teanga le líonra na hInse agus Dónal Ó Loingsigh, atá mar rúnaí ar An Clár as Gaeilge, anseo i mo theannta. Gabhaim buíochas le gach comhalta ar an gcoiste agus leis an gCathaoirleach go háirithe as an gcuireadh agus an deis a thabhairt dúinn labhairt leis an gcoiste inniu.

Táimid ag labhairt ar son líonra na hInse. Tá sé ar cheann de na cúig líonra atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta. Tá plean teanga curtha le chéile againn atá aontaithe agus faofa ag Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus mar sin de. Tá muid buíoch den tacaíocht a thugann an Roinn agus Foras na Gaeilge do chur i bhfeidhm an phlean seo. Faraor, ní leor é ó thaobh cúrsaí acmhainne de, mar atá díreach luaite ag Ciarán Mac Giolla Bhéin. Cuireadh timpeall dhá trian den cuid a bhí á lorg ar fáil do na líonraí. Tá Inis mar phríomhbhaile i gContae an Chláir le daonra suas le 30,000 duine sa cheantar uirbeach atá timpeall air. Ba cheart go mbeadh Inis mar theimpléad do gach príomhbhaile contae sa tír ó thaobh fheidhmiú plean teanga de. Má thógann an coiste seo aon ní ón méid atá cloiste againn inniu faoi na samplaí iontacha ó focheantair uirbeacha ó Thuaidh agus i mBaile Átha Cliath, ceantair tuaithe, contaetha iomlána, cathair Chorcaí agus bailte beag tuaithe, is é sin go bhfuil teimpléid anseo agus gur féidir linn foghlaim uathu. Ba cheart go mbeidís maoinithe i gceart má táimid leis an bplean seo a chur i bhfeidhm fud fad na tíre. Tá an saineolas sa tseomra agus i measc na ndaoine atá ag plé leis na ceisteanna seo le 30 nó 40 bliain. Ba cheart go mbeadh Contae an Chláir agus Inis mar theimpléad do gach contae agus gach príomhbhaile contae timpeall na tíre.

San am teoranta atá ar fáil dúinn anseo inniu - tá mé ag fanacht leis na ceisteanna agus na freagraí, áit a mbíonn an saibhreas go minic - ba mhaith liom díriú ar aon ghné amháin dár bplean teanga, is é sin, beart 1.3.1 ar bhuanú an oideachais lán-Ghaeilge ó naíonra go bunoideachas go leibhéal na hiarbhunscoile sa cheantar. Maith dom as é seo a ardú. Tá cúig sheisiún naíonra ag feidhmiú in Inis, rud a chiallaíonn go bhfuil 100 dalta nó mar sin ag fáil naí-oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Níl infheistíocht aon phingin amháin á déanamh ag an Stát toisc gur naíonraí iad. Níl aon cent nó aon euro amháin sa mbreis á fháil ag na naíonraí sin toisc gur naí-oideachas lán-Ghaeilge atá i gceist. Is scannal é sin go bhfuil muid sa bhliain 2024 agus níl infheistíocht ar bith á déanamh sa naí-oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ba cheart é sin a cur ina cheart láithreach agus an earnáil sin a bhuanú, a láidriú agus a neartú. Ag dul ar aghaidh go dtí an bhunscolaíocht, tá timpeall 500 dalta sa bhunscoil lán-Ghaeilge i mBaile na hInse. Tá Gaelscoileanna againn i Maigh, i gCill Rois, i mbaile na Sionainne agus suas an bóthar i nGort Inse Guaire atá díreach laistigh de theorainn na Gaillimhe. Tá cnuasach de Ghaelscoileanna againn ansin agus iad ag feidhmiú, ag forbairt agus ag déanamh go hiontach.

Dar le suirbhé Ireland Thinks 2023, ceapann 73% den phobal ó Theas agus 53% nó mar sin den phobal ó Thuaidh gur chóir go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann oideachas bunscoile trí mheán na Ghaeilge leanúint ar aghaidh leis an iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht in 2020, gealladh go ndéanfaí líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt ach tá céatadán na ndaoine óga a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa tír, faraor, tite ó 6.3% in 2019-20 go dtí 6.1% de réir Tuairisc.ie in mí Aibreán na bliana seo.

Is mian liom díriú go tapa ar chás an Chláir. Is aonad atá i nGaelcholáiste an Chláir a bunaíodh in 1993. Bunaíodh an Gaelscoil in 1983-84, bunaíodh an t-aonad in 1993 agus bunaíodh Clár as Gaeilge in 2003. Tá muid ag ceiliúradh 20, 30 agus 40 bliain ár mbunaithe i mbliana mar eagraíochtaí, deich mbliana i ndiaidh a chéile. Nuair a bronnadh aonad seachas Ghaelcholáiste ar Chontae an Chláir chun freastal ar an gcontae uilig tar éis don choiste gairmoideachais ag an am iarratas a dhéanamh ar iarbhunscoil neamhspleách, tubaiste a bhí ann do Chontae an Chláir. Tá an t-aonad, atá ag snámh in aghaidh easa bliain i ndiaidh bliana, nasctha le Coláiste Phobal na hInse. Is é sin an máthairscoil. Scoil taobh istigh de scoil is ea an t-aonad. Níl uimhir rolla, príomhoide, fáiltiú nó bealach isteach dá chuid féin ag an aonad, nó mórán rudaí eile gur féidir cur ar fáil. Tá post freagrach ag múinteoir amháin le bheith i bhfeighil chun an Ghaelscolaíocht a bhainistiú ó lá go lá. Bronntar oide amháin sa bhreis ar an scoil Béarla chun gach rud a dhéanamh trí mheán na Gaelainne ó bhliain a haon go bliain na hardteiste in gach uile ábhar. Míorúilt a bheadh ina leithead de ghníomh agus tuigeann gach duine anseo nach féidir é a dhéanamh. Níl sainmhíniú ag an Roinn Oideachais féin ar cad is "aonad" ann. Ní féidir leis an aonad foireann atá inniúil i múineadh trí mheán na Gaelainne a earcú mar tá sé ag braith ar pholasaí earcaíochta foirne na máthar scoile agus ar aghaidh linn mar sin. Chomh maith leis an tionchar atá aige seo ar rogha ábhar, níl tumoideachas ceart ar fáil agus ní thrasnaíonn líon na ndaltaí go dtí aonad a thrasnódh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách. Cuir é sin i gcomparáid le Gaelcholáiste Luimnigh a bunaíodh sa bhliain 2006. Bhí mé féin bainteach leis. In 2006, bhí 31 dalta agus tá sé anois beagnach chomh mór le Coláiste Feirste. Tá sé ag dul i dtreo 700 dalta mar go bhfuil iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách i gceist agus leanfaidh an scoil sin ag fás. Tá sé díreach tar éis bogadh isteach i bhfoirgneamh álainn nua. Éilímid go láidir ar an gcoiste an cheist seo a ardú arís leis an Roinn Oideachais agus glacadh leis an iarratas atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir go mbunófaí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách in Inis do Chontae an Chláir chun freastal ar an gcontae uilig ina bhfuil daonra suas le 120,000 duine. Tá aonad bocht amháin ag iarraidh freastal air sin faoi láthair. Ní leor é sin.

Ba cheart go dtógfaí an Ghaeilge san áireamh nuair atá cúrsaí chomhionannais agus gach rud cosúil le normalú na Gaeilge, mar a bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint faoi ansin, agus na ceisteanna ó Thír na mBascach agus na rudaí atá le foghlaim againn i gceist. Bíonn blaiseadh beag againn de sin nuair a bhíonn muid ag caint ar Sheachtain na Gaeilge. Déantar normalú sna meáin ar úsáid na Gaeilge ar feadh seachtaine nó dhó, ach níl aon chúis nach mbeadh sé sin ar siúl ar feadh na bliana ar fad. Ba cheart dúinn an meon diúltach atá le feiceáil maidir le cúrsaí oideachais agus díolúine a chur ar leataobh, agus labhairt go dearfach ar son an dátheangachais agus ar son na Gaelainne inár dtír féin. Caithfidh sé sin teacht ón mbarr anuas chomh maith leis an mbun aníos. In áit eolas maidir le roghanna tacaíochta do chaomhnóirí a thabhairt, tugtar le fios do thuismitheoirí gur féidir díolúine a lorg nuair a bhíonn deacrachtaí nó dúshláin ag a bpáistí le labhairt na Gaeilge.

Is é seo an chéad uair, ó bunaíodh an Stát, go bhfuil pleanáil teanga á chur i bhfeidhm don Ghaeilge. Tá pleanáil teanga don Bhéarla á chur i bhfeidhm ó cuireadh Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm sa bhliain 1367. An tslí ar fad aníos, tríd na plandálacha go léir, na péindlíthe agus bunú na scoileanna náisiúnta, ba phleanáil teanga é sin. I gcónaí, bhí an lámh láidir i gceist ansin ar son an Bhéarla. Tá muid díreach tosaithe mar Stát ar an mbealach thar n-ais agus níl sé ceart an brú a chur ar an duine aonair agus ar choistí áitiúla deonacha an obair seo ar fad a dhéanamh. Is gá dúinn maoiniú ceart a bheith againn chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Fáiltím roimh muintir Chill Dara agus muintir Chorcaí anseo agus iad i dteannta na líonraí, ach is ceart na líonraí reatha a mhaoiniú i gceart agus oifigigh óige, oifigigh ealaíne agus an mórchuid tacaíochtaí atá ag teastáil chun go mbeidh na teimpléid atá á gcruthú sna ceantair uirbeacha agus tuaithe agus sna bailte móra mar thimpléid chearta do na dreamanna eile atá ár leanúint i dtreo stádais mar líonra. Guím gach rath orthu agus iad ar an mbóthar sin. Is gá go mbeidh maoiniú ann do na naoílanna, na naíonraí, na seirbhísí sláinte agus do gach rud a dhéanann an Stát, mar atá luaite cheana féin. Ní ceart aon phingin nó euro de chuid an Stáit a chaitheamh gan an cheist a chur ar cad atá i gceist le cúrsaí Gaelainne. Ní gá dúinn gach féile sa tír a athGhaelú. Is féidir linn iad a Ghaelú ceann ag an am agus an ceist a chur orthu, má tá airgead Stáit á fháil acu, cad atá á dhéanamh acu ar son na Gaelainne mar choinníoll.

Is gá d'oiliúint i bpleanáil teanga a bheith ar fáil ag gach leibhéal, ag leibhéal céime ach go háirithe, chun go mbeadh fáil ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr a bhfuil tagairt déanta dóibh cheana féin agus go mbeadh daoine óga oilte ag feidhmiú sa phobal agus iad spreagtha leis an bpobal á ngríosadh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ón gcliabhán go dtí an naíonra, go dtí an bhunscoil, go dtí an iarbhunscoil, go dtí an ollscoil agus ar aghaidh ar fud fad an saol. Tá Reachtanna Chill Chainnigh thart. Níor éirigh leo an Ghaeilge a mharú; níor éirigh leo an iomáint a mharú i gCill Chainnigh ach an oiread. Tá córas pleanála nua i gceist ó thaobh pleanáil teangan. Guím gach rath ar mo chairde go léir sna naíonraí agus ar an obair iontach atá ar siúl acu agus molaim an coiste seo as an gceist seo a ardú agus deis a thabhairt argóintí na líonraí a chloisteáil go láidir. Tá bóthar fada romhainn ach tá dóchas againn, táimid díreach ag an tús. Bhí 18 bliain den rud eile againn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin deireadh leis na cuir i láthair agus measaim go n-aontódh gach éinne go bhfuil obair na gcapall á dhéanamh agus go bhfuil a lán oibre eile le déanamh. Mo bhuíochas lenár bhfinnéithe ar fad. Ceann de na fáthanna ar thug muid an cuireadh ná chun leiriú a thabhairt don domhain laistigh anseo, mar is pobal atá anseo, chomh maith leis an domhain lasmuigh den obair agus den éacht atá á dhéanamh agus an tionchar atá ag an obair sin ar cheantair difriúla timpeall na tíre. Mo bhuíochas do na finnéithe uilig as teacht os ár gcomhair agus guím gach rath ar an obair amach anseo.

Tá roinnt de na Teachtaí ag iarraidh roinnt ceisteanna a chur. Iarraim ar na finnéithe iad a fhreagairt chomh gonta is gur féidir os rud é go bhfuil an oiread sin daoine ann. Tá brón orm go raibh ar dhaoine bogadh timpeall. Fadhb teicniúil a bhí mar chúis leis sin. Más féidir leo siúd atá ag cur na ceisteanna iad a dhíriú ar dream nó ar dreamanna ar leith. An Teachta Connolly ar dtús báire.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus mo leithscéal go mbeidh orm an chruinniú a fhágáil go luath. Tá rud eile ar siúl agam. Beidh mé ag cur ceisteanna ach ní bheidh mé anseo le haghaidh na freagraí. Feicim Niall Ó Catháin ansin. Bhí mé suas i gCarn Tóchair faoi dhó agus i mBéal Feirste. Ní fhaca mé an méid seo Gaeilgoirí i lár seomra na Dála riamh i mo shaol. Is spreagradh iontach go bhfuil siad anseo ó cheann ceann na tíre. Smaoiním i gcónaí ar Charn Tóchair agus ar an éacht atá déanta acu agus i mBéal Feirste. Is eiseamláir iad dúinne go léir. Níl mé ag caitheamh anuas ar an obair i gCill Dara, i gContae an Chláir nó i gContae Chorcaí, ach bhí sé deacair é a chreidiúnt nuair a bhí mé ann. Mo mhíle bhuíochas leo.

Bhí seacht gcur i láthair. Tá siad go léir léite agus cloiste agam agus rachaidh mé ar ais orthu. Is deacair an rud é ceisteanna gonta a chur. Beidh tuarascáil i gceist againn. Tá na téamaí seo tagtha suas go mion minic ó thaobh na dualgais atá ar dhaoine ar an talamh atá ag obair go deonach chomh maith le daoine eile atá ag feidhmiú mar oifigigh pleanála teanga gan chinnteacht, gan a dhóthain aigid agus gan a dhóthain cabhrach. Tuigim é sin. Tá gá le fís, tá gá le straitéis agus tá gá le hachmhainní ón mbarr anuas, gan dabht. Dar leis an Rialtas tá sé sin ag tarlú. Ní chreidim sin. Tá straitéis 20 bliain ann agus tá seacht mbliain fágtha. Tá ráiteas ó 2006. Tá polasaí iontach d'oideachas sa Ghaeltacht ach táimid fós ag fanacht ar an bpolasaí do chúrsaí oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht. Is bearna ollmhór é sin. Tá brú leanúnach á chur againne. Ní réiteach é ach ar a laghad beidh an bearna sin líonta agus is bearna mhór é.

Tá ceist shonrach agam faoi aonad Gaeilge i scoil Bhéarla. Tháinig sé suas an tseachtain seo caite agus, de réir mo thuiscine, sin polasaí an Rialtas faoi láthair. Tá sé ag díriú isteach ar aonaid Gaeilge i scoileanna Bhéarla seachas freastail ar an éileamh atá léirithe go soiléir dúinn tríd na hagóidí taobh amuigh den Dáil chuile mí ag cur in iúl an t-éileamh ollmhór atá ann do tuilleadh Gaelscoileanna nó coláistí Gaeilge. Aontaím leis na bhfinnéithe go bhfuil gá le scoileanna. Maidir leis an aonad Gaeilge i gCarn Tóchair, a mhalairt a bhí i gceist ansin. Thosaigh siad, de réir mo thuisceana, le haonad Gaeilge agus anois a mhalairt iomlán atá i gceist. Tá i bhfad níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge sa scoil Bhéarla. An bhfuil mé mícheart faoi sin?

Mr. Niall ? Cath?in:

Thosaíomar amach mar scoil neamhspléach agus bhíomar ag feidhmiú mar scoil neamhspléach ar feadh seacht mbliana gan aon airgid ón Roinn. Bhí orainn airgid de luach £90,000 a thógáil in aghaidh na bliana do na múinteoirí. Ní rabhamar in ann leanúint le sin go fadtéarmach. Rinneamar é ar feadh seacht mbliana. Cheanglaíomar isteach leis an scoil Bhéarla áitiúil. Ní hé gurb é an sin an rud is fearr. Déarfainn go ndearna sé an-damáiste do chaighdeán na Gaeilge a bhí ag na daltaí, go cinnte. Níl sé leath chomh maith is a bhí an scoil a bhí againn ó thaobh líofacht, spiorad agus achan rud. Cheanglaíomar isteach ar an tuiscint go mbeadh sé ina scoil neamhspleách dá mbeadh go leor daltaí ag freastail ar an aonad, ach níor tharla sé sin. Ní dhearna siad sin agus tá siad ag diúltiú sin a dhéanamh. Táimid cineál i bpriosún taobh istigh de scoil Bhéarla le 75 dalta, áit a bhfuil aonad Gaeilge le 180 dalta ann. Níl ach triúr ag dul isteach sa scoil Bhéarla i rang P1 an bhliain seo chugainn, de réir mar a thuigim. Tá aonad níos fearr ná rud ar bith ag leibhéal na bunscoile go cinnte, ach ní shílim go dtiocfaidh leis oibriú ag leibhéal na meánscoile. Bhí aonad i gColáiste Phádraig ar feadh deich mbliain sular thosaigh muidne amach ar Ghaelcholáiste neamhspleách a bhunú. D'aithin muid gur cur amú ama iomlán a bhí ann a bheith ag brú ar aghaidh le haonad i scoil Bhéarla. Sin an fáth gur leanamar ar aghaidh leis an nGaelcholáiste, agus tá sé sin neamhspléach agus ag fás le sruth. Beidh 350 ag freastal air an bhliain seo chugainn agus-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin i nDún Geimhin, an bhfuil?

Mr. Niall ? Cath?in:

I nDún Geimhin. Bhíomar chun tosú i Machaire Rátha ach bhogamar go Dún Geimhin toisc go bhfuil sé níos lárnaí sa chontae. Sin barúil s'againne: ní aonad an bealach chun cinn. Cé go bhfuil aonad againn sa cheantar s'againne, tuigimid an difríocht idir aonad agus Gaelscoil féinseasta. Sin an fáth nach bhfuilimid báúil ar dhóigh ar bith faoi aonad ag aon leibhéal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le Cill Dara, bhí mé i Nás na Ríogh le Naomh Bríd agus chuaigh Gaeilge Chill Dara go mór i bhfeidhm orm. Tagaim as Gailimh agus tá Gaillimh le Gaeilge ansin. Sílim go bhfuil éacht déanta ag na finnéithe ansin. Déanaim comhghairdeas leo. Chaith mé deireadh seachtaine i gCill Dara agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Ba mhaith liom tuilleadh ceisteanna a chur ach tá daoine ag fanacht agus tá mise ag imeacht. Is léir go bhfuil spiorad na nGael go láidir anseo agus tá dúshláin tugtha ag na finnéithe dúinne mar choiste bearta a dhéanamh. Gabhaim buíochas leo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim anois ar an Teachta Donnchadh Ó Laoghaire.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Dá bhféadfainn seo a dhéanamh i dhá chuid, an mbeadh sé sin ceart go leor? Tá roinnt ceisteanna agam faoi Gael-Taca agus Corcaigh agus roinnt ceisteanna ginearálta. Ar an gcéad dul síos gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe go léir as ucht a bheith anseo. Plé an-shuimiúil agus an-thábhachtach atá againn go dtí seo agus b'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí na fáthanna go bhfuil sé chomh tábhachtach. Ar an gcéad dul síos, tá cur i láthair an-mhaith déanta ag Séan Ó Laoi ar stair Ghael-Taca, cé chomh feiceálach is atá Gael-Taca i gCorcaigh, agus ar an gcaidreamh maith atá ann leis an gcomhairle cathrach ar feadh i bhfad freisin, rud atá an-thábhachtach.

Chun tuiscint nó solas a chaitheamh ar an ábhar, is é mo thuiscint ná gur stop an Roinn an maoiniú go dtí Gael-Taca de bharr go raibh siad ag déanamh ceist éigin de ábhar rialacháin. Tá na finnéithe sásta go bhfuil sé sin go léir críochnaithe anois. Tá siad fós ag caint faoi rialachán. An bhfuil siad riamh tar éis aon chumarsáid a dhéanamh leis na finnéithe faoi na ceisteanna atá ann go fóill ó thaobh rialacháin de?

Mr. Se?n ? Laoi:

Níl i ndáiríre. An tuiscint a bhí agamsa ná, nuair a bheadh an fhoireann líonta isteach againn chun cur isteach ar an maoiniú, abraímis in 2023, go mbeadh an maoiniú ar fáil agus go rabhamar tar éis an rud ceart a dhéanamh. Ghlacamar sos, fuaireamar comhairle agus líonamar isteach an fhoirm. Bhíomar beagáinín déanach, mar is eol don choiste. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint maidir leis an seasamh oifigiúil a bhí ag cuid de na daoine a cuireadh le Gael-Taca, ach fuaireamar cabhair ón gcomhairle cathrach, ó Chomhairle Contae Chorcaí, ón ollscoil agus ó Ghlór na nGael. Bhíomar cuíosach dóchasach go rabhamar tar éis an fhoirm a líonadh isteach sa tslí cheart agus an maoiniú á lorg againn. Níor tháinig aon scéal agus ansin fuaireamar amach nach mbeadh aon mhaoiniú againn. Chuir sé sin as dom. Bhíos ag rá liom féin go rabhamar tar éis an obair a bhí ag teastáil a dhéanamh.

Maidir le ceist an rialachais, baineann sé si leis na seanlaethanta go bhfios dom. Tarlaíonn nithe éagsúla i ngach club agus cumann, mar is eol don choiste. Níl fhios agam cad atá ar bun ach níl éinne tar éis labhairt liomsa sa tslí cheart mar gheall air seo. Mar a dúirt an Cathaoirleach ó chianaibh, measaim gur ceart domsa bheith cáiréiseach anseo ach ní thuigim é seo. Ba cheart do dhuine éigin labhairt linn.

Tá muidne go léir anseo ar son na teangan agus an oideachais, dar liomsa. Ní dóigh liom go bhfuil aon dream eile i gCorcaigh cosúil le Gael-Taca. Mar a dúirt mo chara, an Teachta Thomas Gould, le déanaí, cén dream eile atá ann? Táim ag obair san ollscoil agus níl fhios agam cad atá ar siúl. B'fhearr liom go mbeidís macánta agus is féidir linn labhairt leo, ach táimid ag súil le scéal ceart. Ní rabhthas sásta le ríomhphost in aon chor ach sin an méid a bheadh le rá agam mar gheall air sin.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh na staire de, más buan é mo chuimhne, bhí athchóiriú déanta ar an mbord agus tá bord agus struchtúr nua ann. Na fiacha atá ann, ní fiacha atá iontu, i dtuairim an bhfinné.

Mr. Se?n ? Laoi:

Costais.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Costais a bhí ann. Dá mbeadh an maoiniú tar éis leanúint an t-am ar fad, bheadh an t-airgead sin caite ar na costais a bhí ag an eargraíocht thart ar an tréimhse sin.

Mr. Se?n ? Laoi:

Chun cur leis an méid sin, táimse ag obair san ollscoil. Tá rúnaí Ghael-Taca mar phríomhoide. Ní dóigh liom gur ceart dúinn géilleadh maidir leis seo. Tá saghas díoma orm mar gheall air sin. Mar a dúirt Brian Ó Gáibhín go raibh sé ag plé leis seo le 20 bliain. Ní rabhthas riamh anseo seachas nuair a bhíothas sa mheánscoil, ach is scéal eile é sin. Tá muidne tar éis an rud ceart a dhéanamh. Tá muid tar éis an rud a shocrú agus ba cheart go mbeadh daoine áirithe sásta cabhrú linn. Níl aon airgead á bhaint againne as an rud seo. Nílimse ar aon dul oifigeach pleanála teangan. Táim i mo chathaoirleach ar bhonn deonach. Níl aon airgead á bhaint as an rud seo. Nuair a airítear rialachas, mar is eol don choiste, bítear saghas buartha faoi seo. Bhí mo mhuintir féin ag fiafraí cad a bhí ar siúl ansin agus nár shocraíodh é sin leis an Roinn. Ba cheart go mbeadh na daoine seo sásta cabhrú linn sa tslí cheart, dar liom. Tá aithne agam orthu.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor. Is dócha gurb í seo an cheist dheireanach do mhuintir Ghael-Taca. Tá Gael-Taca beagáinín éagsúil. Níl sé iomlán éagsúil. Tá Gaillimh le Gaeilge agus eagraíocht amháin eile a fhaigheann a gcuid maoinithe díreach ón Roinn seachas trí Fhoras na Gaeilge de bharr na staire atá ann. Tá sé níos sine ná Foras na Gaeilge ar aon chur. An bhfuil aon seans gurb í sin cuid den fhealsúnacht atá ag an Roinn, go bhfuil sé ag iarraidh glanadh suas a dhéanamh go pointe áirithe? Táim ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an motivation atá i gceist. Ní bheadh sé sin ceart nó cóir ach an é nach dtaitníonn struchtúr maoinithe Ghael-Taca leis an Roinn agus go bhfuil sé ag iarraidh deireadh a chur leis sin?

Mr. Se?n ? Laoi:

B'fhéidir go bhfuil, ach ar an lámh eile, is mó rud atá ar siúl i gCorcaigh ó thaobh na Gaelainne de. Dá mbeadh Gael-Taca fé mar a bhí, fíorláidir arís, bheadh sé go hiontach. Níl aon áit againne faoi láthair. Bíonn orainn seomra a fháil in áit éigin. Má tá seomra le dearbhú againn, beidh orainn íoc as an seomra. Ach ar an lámh eile, tá fuíollach rudaí ar siúl i gCorcaigh agus bheadh sé go hiontach dá mbeadh an tacaíocht ann sa tslí cheart. Tá muid tar éis cur isteach ar an maoiniú. Níl ag teastáil uainn ach b'fhéidir seomra nó oifig agus bainisteoir le dearbh. Is é sin an méid i ndáiríre.

Tá an plean teangan scríofa agus curtha go Foras na Gaeilge. Tá muid ag súil le dea-scéala. Tá sé an-deacair orainn teacht ar éinne faoi láthair. Níl fhios agam cad ina thaobh. Tá muid dóchasach ach tá muidne chun leanúint ar aghaidh pé scéal é. Pé rud a tharlóidh i súilibh na Roinne, táimid dall ar an méid a dúirt an tAire sa Dáil agus chuir sé sin isteach orainn ar shlí.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh Ghael-Taca, tá an plean an chuimsitheach: 154 leathanach. Tá sé an suntasach. Is dóigh liom gur cóir tacú leis. Nílim ar an gcoiste ach mholfainn don choiste b'fhéidir scríobh chuig an Aire go foirmeálta agus soiléiriú a lorg maidir le cad go díreach atá i gceist ó thaobh na constaice agus na gceisteanna rialacháin. Go raibh maith ag Seán Ó Laoi as sin. Tá an obair fíorthábhachtach.

Beidh mé chomh gairid is gur féidir liom mar chuir mé cúpla ceist ansin. Bhíothas ag smaoineamh ar an méid a dúirt Dónal Ó hAiniféin, agus más pleanáil teanga a bhí á reáchtáil i gCill Chainnigh, buíochas le Dia go n-éireoidh chomh maith leis an réimse pleanála teanga seo atá le teacht is a bhí an phleanáil sin. N'fheadar an rachaidh an Roinn leis an gcur chuige a bhí ann ag an am sin. Táimid ag caint faoi cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht. Nuair a fhéachann tú ar na daonáirimh, tá go leor daoine le Gaeilge agus daoine le dea-thoil ó thaobh na Gaelainne ach is é an rud atá in easnamh ná na deiseanna cainte. Cuid mhaith den am, is iad daoine atá ag teacht as na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí agus tá an fonn orthu an Ghaeilge a úsáid ach níl na deiseanna ann. Tá go leor rudaí maithe ar siúl.

Tá dhá phríomhcheist agam do aon duine de na finnéithe. Chualamar go leor faoi na straitéisí ar an ardleibhéal agus an struchtúr, ach laistigh de aon phlean tá go leor cuspóirí sonracha agus rudaí sonracha a bhfuil na heagraíochtaí ag iarraidh a bhaint amach. Níor chualamar mórán faoi sin. Cad iad na samplaí, rudaí ar bhonn laethúil nó míosúil a bheadh na heagraíochtaí seo ag iarraidh go mbeadh ag tarlú i gCill Dara, Baile Locha Riach, Inis, Béal Feirste, Carn Tóchair agus Cluain Dolcáin? Cad iad na rudaí atá sna pleananna seo a bheadh siad ag iarraidh a fheiceáil go rialta agus na rudaí a d'fhéadfaí a chur ar bun sa phobal - na háiseanna agus deiseanna agus an saghas sin ruda?

Le piocadh suas ar an bpointe a bhí ag Dónal Ó hAiniféin ó thaobh maoinithe de, cad a bheadh mar mhaoiniú ceart? Cad atá in easnamh? Más féidir luach euro a chur air sin, bheadh sé go hiontach ach muna féidir, chomh fada is gur féidir, cad iad na háiseanna a d'fhéadfaí a chur ar fáil dá mbeadh an maoiniú sin ar fáil?

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Ó thaobh na hInse de, ba cheart go mbeadh ionad na Gaelainne ag aon líonra - ionad atá buan, oscailte agus ar fáil don phobal. Ba cheart go mbeadh raon tacaíochtaí ar fáil don líonra sin. Tógfaidh mé réimse eile mar shampla. Má táimid ag caint ar chúrsaí óige, clubanna óige agus imeachtaí óige i réimse na healaíne agus mar sin de, táimid ag caint ar oifigigh óige agus oifigigh ealaíne a bheith ar fáil chun deiseanna úsáide teanga i dtaobh cúrsaí drámaíochta, spóirt, ceoil agus gach uile rud a bhaineann leis an saol - ná fágtar aon rud as an áireamh - a thabhairt do dhaltaí agus do dhaoine óga sa bhunscoil, san iarbhunscoil agus fiú más lucht na hollscoile iad ionas go mbeidís páirteach. Tá sé ríthábhachtach na deiseanna a thabhairt don ghlúin sin a théann ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Chuige sin, faraor, is gá maoiniú. Ní féidir a bheith ag brath ormsa, ar Dhomhnall Ó Loingsigh, ar Thómas de Buitléir, ar Sheán Ó Laoi agus ar dhaoine deonacha eile chun é seo a dhéanamh oíche i ndiaidh oíche. Bhí ár gclub óige againn aréir. Beidh club óige eile oíche Dé hAoine againn.

Ní féidir a bheith ag brath ar dhaoine deonacha é sin a dhéanamh go leanúnach. Is gá suite tacaíochtaí a chur ar fáil agus ionad aitheanta a bheith ar fáil do na líonraí sin le go mbeidh deis ag dreamanna eile féachaint ar an gcéim chun cinn ansin, go gcuidíonn stádas líonra agus go mbeidh A, B, C, D, E agus F, is é sin, tacaíochtaí breise ag gach uile leibhéal, ar fáil dóibh dá mbeadh an stádas seo acu.

Táim tar éis cúrsaí óige a luath. Tá an t-uafás rudaí ag tarlú i ngach líonra. Ní fhéadfadh Ciarán Mac Giolla Bhéin ná éinne eile cur síos a dhéanamh ar an raon imeachtaí atá ar siúl gach uile lá. Éiríonn daoine atá ag obair go deonach le 20, 30 nó, i gcás cuid acu, 40 bliain an-traochta. Is gá dúinn tacaíochtaí agus acmhainní daonna breise a bheith againn, is é sin, maoiniú i bhfoirm daoine daonna a bheith ar fáil agus ag obair go dlúth san obair sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh léim isteach ansin?

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Táim ag iarraidh tochailt isteach níos doimhne sa chomhthéacs maoinithe seo a luaigh Dónal Ó hAiniféin ní ba luaithe ansin. Is é an chéad chéim, ar bhonn iontach simplí, ná an maoiniú cuí a thabhairt leis na pleananna teanga a cuireadh ar aghaidh a chur i bhfeidhm. D'aontaigh muid na pleananna teanga seo leis na húdaráis ach ní bhfuair muid an infheistíocht a bhí ag teacht leo chun iad a chur i bhfeidhm mar is ceart. Chonaic muid é seo go tréan sna limistéir phleanála teanga sa Ghaeltacht. Ní bhfuair cuid acu 50% den mhaoiniú chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Ní dóigh liom gur chomhtharlú é go bhfuil os cionn 20 oifigeach pleanála teanga sna limistéir phleanála Gaeltachta i ndiaidh imeacht ó na poist a bhí acu mar níl na huirlisí acu chun na pleananna teanga sin a chur i bhfeidhm. Sílim go bhfuil an cultúr le hathrú.

Luaigh mé níos luaithe gur chaith muid seal sa Bhreatain Bheag ag deireadh mhí an Mhárta. Ba é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an cur chuige comhtháite ina bhfuil achan duine, eagraíocht agus grúpa ag obair as lámh a chéile. Tagann sin mar gheall go dtuigtear go bhfuil an Rialtas sa Bhreatain Bheag iontach dáiríre faoi seo, go bhfuil an struchtúr maoinithe buan agus nach gá a bheith buartha faoi chiorruithe maoinithe. Sna ceantair seo againne, agus i mo cheantar féin, bíonn achan ghrúpa buartha faoi phingneacha agus faoi mhaoiniú. Cuireann sé sin isteach ar an chomhoibriú mar, má dhéanaim comhoibriú leat, tá seans ann go ndéarfaidh an t-údarás gur dúbláil é sin agus go bhfuil sé chun pionós a ghearradh. Bíonn daoine cosantach faoin gcomhoibriú agus faoi na réimsí oibre atá acu. Ní sin do leas an fhoghlaimeora nó do leas an phobail labhartha. Caithfimid an cultúr a athrú chun go mothódh daoine go bhfuil an Rialtas buan, go bhfuil an maoiniú leanúnach agus go n-osclaíonn sé sin na doirse dóibh le bheith ag comhoibriú. Níl aon treoirleabhar ann don phleanáil teanga. Níl aon chéimeanna ná slat draíochta maidir le hathbheochan nó athréimniú teanga. In amanna, caithfimid triail a bhaint as rudaí. B'fhéidir go n-éireoidh leo agus b'fhéidir nach n-éireoidh leo ach táimid ag cruthú earnála agus cur chuige anseo. Caithfidh píosa beag compoird a bheith ag na grúpaí ar an talamh le triail a bhaint as rudaí agus gan a bheith i gcónaí buartha nach n-éireoidh le rudaí agus go mbeidh a maoiniú, a bpoist agus na grúpaí féin i mbaol má ghearrtar an maoiniú. Caithfimid amharc air seo mar infheistíocht fhadtéarmach.

Caithfimid amharc ar an difear agus ar na rudaí atá ag obair. Tá níos mó leis seo le bheith fréamhaithe i dtaobh taighde. Tá cultúr na hÉireann anseo maidir le lucht léann na Gaeilge. Tá i bhfad barraíocht béime ar thaighde sa teanga féin. Tá an-suim agam i bhfilíocht an 17ú haois ach ní dóigh liom go bhfuil deich PhD i bhfilíocht an 17ú haois eile de dhíth. Tá níos mó taighde le déanamh ar an sochtheangeolaíocht agus ar na rudaí atá ag obair. Tá níos mó de lucht léann á iarraidh. Caithfidh an Rialtas amharc ar na straitéisí tríú leibhéal le fáil amach an bhfuil na sruthanna ann chun deiseanna a thabhairt do níos mó de na daltaí iontacha atá ag freastal ar na coláistí fud fad na tíre taighde a dhéanamh ar na samplaí náisiúnta agus idirnáisiúnta seo agus ar na ceachtanna gur féidir a chur i bhfeidhm anseo le cuidiú linn go logánta leis an phobal s'againne a neartú.

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Tacaím le gach rud atá ráite ag chuile dhuine anseo. Tá muid ag plé le cur chun cinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ó 1964. Tá aithne ag chuile dhuine ar an ionad, Áras Chrónáin, ní hamháin go háitiúil, ach go náisiúnta. Aontaím le gach duine go bhfuil ceist an-mhór againn ó thaobh leanúnachais agus tacaíochta. Táimid ag plé le Bord na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus leis an Roinn le blianta fada anuas agus is ag ísliú atá an tacaíocht seachas ag méadú. Tá muid ag méadú. Tá muid ag pleanáil go fadtéarmach. Tugaim cuireadh oscailte don choiste seo teacht amach agus cruinniú a bheith acu in Áras Chrónáin chun go bhfeicfidh na baill céard atá ar bun againn. Tá suíomh trí-acra i lár shráidbhaile Chluain Dolcáin againn. Tá áras breá againn. Úsáideann os cionn 60 grúpa pobail ár gcuid áiseanna mar nach bhfuil a leithéid ar fáil. Ní hamháin go bhfuil na grúpaí seo ag plé le cur chun cinn na Gaeilge, is ag plé le grúpaí pobail iad, agus tá an maoiniú ag ísliú chuile bhliain. Is é sin an rud is ceistí faoi. Tá mise ag plé leis an bpróiseas seo fada siar ó bhí an Teachta Ó Cuív mar Aire, nuair a bhí muid ag caint faoi Acht na Gaeltachta, 2012, agus an stádas líonra Gaeilge. Shuigh muid féin agus lucht na hInse isteach ar na comhráite ar fad maidir le scríobh agus bunú an Achta. Ansin, caith muid seacht mbliana ag comhoibriú leis na líonraí Gaeilge agus leis na saineolaithe is fearr i bpleanáil teanga sa tír. Tá muidne anseo ag ceistiú dáiríreacht an Stáit faoin bpleanáil teanga. Bíonn buairt agus brón orm na focail seo a úsáid ach is tick-box exercise atá i gceist. Tá muid ann agus beidh muid ann i gcónaí. Táimid ag pleanáil don chéad ghlúin eile agus don chéad ghlúin eile ina dhiaidh sin ach ní fheicimid an dáiríreacht ón Stát.

Luafaidh mé rud beag amháin. Ar shuíomh ar thalamh an árais, tá Gaelscoil na Camóige i bhfoirgneamh réamhtógtha. Tá daoine atá ag obair sa scoil sin anois a bhí i rang naíonán sa scoil. Anois, tá a gcuid gasúr féin ag dul ag an scoil. Is cuimhin liom daoine ag rá go mbeidh scoil ann i mbliana in 2006 agus an rud céanna a chloisteáil in 2008, 2012, 2016, 2018 agus 2019. Ansin, tháinig Covid agus dúradh linn go mbeadh moill ar an rud ach go mbeidh sé ann gan teip in 2022. I mbliana, dúradh go raibh sé chun tosú i mí Eanáir gan teip, ach ansin bhí dúnadh síos iomlán ó thaobh cumarsáide. Bhí an Roinn agus an Rialtas ag rá go bhfuil moill air, lánstad, agus nach raibh siad sásta. Léiríonn sé sin drochmheas ar obair na ngrúpaí seo ar fad. Táimid ag tabhairt muidne mar shampla ar an rud seo ar fad. Tá sé sin ag cur moill ar ár bpleananna. Tá muid ag plé leis an Roinn mar gheall ar fhorbairt áis naíoscolaíocht nua-aimseartha a bheidh ina eiseamláir ní hamháin don tír, ach do mhórphobal na hEorpa. Táimid ag plé le hailtirí i láthair na huaire ach níl an lámh dheas ag labhairt leis an lámh chlé. Níl rannóg amháin ag labhairt le rannóg eile. Mar a dúirt muintir Chorcaí agus chuile dhuine eile, tá sé fíordheacair freagra ceart a fháil ó dhuine nó deoraí istigh sa Rialtas mar gheall air seo. Is muid atá ag déanamh na hoibre móire ar an talamh. Níl muid ag lorg pat on the back nó tada mar sin; beidh muid ann.

Le déanaí, táimid ag fáil níos mó tacaíochta ó Roinn na healaíona, nach bhfuil aon bhaint aici leis an nGaeilge, tríd an údarás áitiúil. Is é an eispéireas is fearr a bhí agam ag plé le Roinn Rialtais an Stáit le fada an lá é. Tugann sé misneach dúinn ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge. Tá iarratas curtha isteach againn le muintir Bhéal Feirste agus muintir Charna i nGaillimh faoin Creative Ireland Shared Island fund. Bheadh sé sin an-chuidiúil.

Ba mhaith liom go gcuirfeadh an coiste seo i luí ar an Rialtas nár chóir go mbeadh sé seo mar dheireadh leis an bplé. Is é seo an chéad uair riamh gur tugadh cuireadh dúinn mar eagraíocht. Is muidne an t-aon eagraíocht i mBaile Átha Cliath taobh amuigh d'eagraíochtaí Stáit. Muna léiríonn sé sin rud éigin faoin bpleanáil teanga, tá ceist eile le freagairt faoi dháiríreacht an Rialtais. Ba chóir leanúint leis an gcóras seo. Táimid dóchasach go mbeidh cruinniú eile againn. Gabhaim fíorbhuíochas leis an gcoiste as ucht é seo a eagrú. Is é seo an t-aon uair riamh gur tugadh deis dúinn labhairt. Muna bhfuil aon duine ag éisteacht, is ceist eile é sin. Gheobhaimid amach sna seachtainí amach romhainn. Is grúpaí pobail muid. Táimid nasctha le chuile rud sa saol sa sráidbhaile. Mar a luaigh mé, tá nasc againn le 60 grúpa pobail áitiúla. Is í an t-aon difríocht atá ann ná go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga chumarsáide. Mar a dúirt Dónal Ó hAiniféin, baineann sé le gach gné den saol. It is not just an Ghaeloideachas; it is the Cumann Lúthchleas Gael, the scouts, yoga agus chuile shórt beo i measc na n-óg, na seanóirí, daltaí tríú leibhéal agus meánscoile agus clanna nua. Iarraim ar na baill a seacht ndícheall a dhéanamh labhairt leis na bpáirtithe difriúla agus brú a chur ar an Rialtas labhairt linn. Is muidne na daoine a bhfuil an taithí againn ar an talamh. Tá muidne in ann ceisteanna an Rialtais a fhreagairt. Chuirfeadh muid treoir air faoin mbealach is fearr chun an bang is fearr a fháil óna chuid airgid. Má tá sé dáiríre faoin bpleanáil teanga, ba chóir go leagfadh sé amach córas tacaíochta fadtéarmach.

Ní fiú airgead a chur ar fáil ar feadh cúig bliana agus deireadh a chur leis agus ansin deireadh a chur leis an bpleanáil.

Ms Siobhain Grogan:

Rinne mé an pointe níos luaithe gur chóir go mbeadh dualgas ar éinne a fhaigheann airgead poiblí go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de sin. Luaigh Brian Ó Gáibhín grúpaí cosúil leis an CLG agus grúpaí eile. Tá sé i mbunreacht CLG go mbeadh oifigeach Gaeilge agus cultúir ag gach club. Ní bhíonn. Bíonn uaireanta, ach cad a bhíonn ar siúl acu? Bíonn roinnt clubanna iontacha ann. Níl aon dabht faoi sin. Tuigim go bhfuil sé conspóideach, ach má fhaigheann grúpaí cosúil leis an CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann nó dream ar bith cabhair ó airgead poiblí, ba chóir go mbeadh dualgais orthu ó thaobh na Gaeilge de. Níl mé a rá gur cheart go mbeadh "leithreas" scríofa ar fhógra éigin, áit éigin. Tá mé ag caint faoi choinníollacha ar leith go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach sna grúpaí seo.

Déanfaidh mé point amháin eile go tapa. Uaireanta, is cur amú airgid a bhíonn i gceist leis na coinníollacha a bhaineann leis an airgead. Mar shampla, tá beirt fostaithe againn i gCill Dara le Gaeilge. Tá Sarah Walsh anseo faoi scéim tacaíochta na Gaeilge agus tá Aoife Nic Thomáis - an tríú lá atá sí linn – anseo faoin scéim forbartha líonraí Gaeilge. Ceann de na coinníollacha a bhaineann leis an airgead ná nach bhfuil cead againn ríomhaire a cheannach ach tá cead againn cíos a íoc gach uile mí don ríomhaire. Bheadh sé i bhfad níos saoire dá mbeadh muid in ann ríomhaire a cheannach, gur leis an eagras é agus go mbeadh deireadh leis an gcíos. In ionad sin, tá cíos le híoc mí i ndiaidh míosa. Is cur amú airgid é sin. Tuigim go bhfuil rialacha ann ar fáthanna ar leith ach uaireanta, ní chabhraíonn na coinníollacha.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Déanfaidh mé point an-gasta ar fad. Sílim go bhfuil deis ann leis an tuarascáil seo fógra a dhéanamh go bhfuil an pobal anseo comhaontaithe ar chur chuige agus go dtiocfaidh leis na polaiteoirí a bhí i gceist againn maidir leis an gcur chuige é a bhogadh chun cinn. Ag teacht ón méid atá Brian Ó Gáibhín, Dónal Ó hAiniféin, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Niall Ó Catháin ag rá, tá na heagraíochta seo uilig ag fáil maoiniú tras-rannach. Tá siad uilig ag cur straitéis acmhainní agus maoinithe le chéile ach níl an Rialtas ag éisteacht nó ag glacadh freagracht. Amach anseo, tá deis ann don Rialtas freagracht a ghlacadh as na pleananna teanga seo tríd a bheith ag éisteacht linn. Má éisteann tú le Niall in Carn Tóchair nó le Brian, tá na heagraíochtaí seo ag glacadh isteach méid millteanach maoinithe as an dúiche féin, ar fud na háite, ach níl an Stát ag plé leis an rud nó ag tacú leis. Ach is é sin go díreach an rud atá ag tarlú sa Bhreatain Bheag. Ón mbarr anuas, tá an stát sa tír sin ag fáil ionchuir agus obair i bpairtnéireacht leis an phobal. Táimid dáiríre faoi seo a chur chun cinn. Is gá don Rialtas a bheith umhail agus éisteacht linn agus mar a bhí Brian ag rá, leanúint leis an gcóras seo le go dtig linn sprioc agus fís náisiúnta a chur i gcrích.

Photo of Réada CroninRéada Cronin (Kildare North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ar an gcoiste seo. Mar sin, gabhaim buíochas libh as ucht cead cainte a thabhairt dom. Cuirim fáilte roimh gach duine ach cuirim fáilte mhór roimh Siobhain Grogan, Sarah Walsh agus Aoife de Faoite ó Chill Dara. Níl a lán Gaeilge agam ach tá a lán suime agam sa Ghaeilge. An féidir leis na finnéithe níos mó a rá faoin bplean teanga do Contae Chill Dara atá le seoladh san fhómhair?

Ms Siobhain Grogan:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist sin. Luaigh mé níos luaithe gur foilsíodh an chéad phlean in 2019. B’é ár dara phlean don chontae. Beimid ag obair ar phlean do cheantar líonra Nás na Ríogh agus Sult na Sollán nuair a fhaighimid an solas glas chun tabhairt faoi sin. Tar éis an tsamhraidh, foilseoidh Contae Chill Dara plean seacht mbliana agus beidh rannóg sa phlean sin ag na pobail i ngach ceantar bardasach. Ón am a sheolamar an plean teanga in 2019, tá cúig grúpa pobal ann. Bhí Sult na Sollán ar an bhfód roimhe sin. Tá sé sin fós ann ag obair i Nás na Ríogh ach thart ar bhliain tar éis foilsiú an chéad phlean tháinig Glór an Churraigh agus Gaeilge Nuada ar an bhfód. Bíonn Glór an Churraigh ag freastal ar Bhaile Chill Dara agus Droichead Nua agus is ceantar Mhaigh Nuad atá i gceist le Gaeilge Nuada. Do Léim an Bhradáin agus Chill Droichid, tháinig Gaeilge an Bhradáin le chéile mar ghrúpa pobail. Tháinig Gaeilge Cois Bhearú, grúpa atá i mBaile Átha Í ar an bhfód anuraidh. An plean atá ann ná go mbeidh grúpa pobail ag feidhmiú i ngach áit sa chontae ionas go mbeidh na deiseanna ann. Feidhmímid mar chontae. Mar shampla, tá Teaghlaigh Chill Dara ann mar ghrúpa le cabhrú agus tacú le tuismitheoirí agus páistí ach feidhmímid mar ghrúpa don chontae. Arís, tá Gnó Chill Dara ann a fheidhmíonn mar ghrúpa don chontae. Is féidir le haon ghnó sa chontae atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn teagmháil a dhéanamh le Sarah Walsh agus cabhraíonn sí leo. Bíonn rudaí ar nós na ciorcail comhrá agus ócáidí scéalaíochta do leanaí níos áitiúla de ghnáth. Mar shampla, i Nás na Ríogh amháin, tá trí ciorcal comhrá ar siúl gach uile seachtain. Luaigh an Teachta deiseanna cainte. Is é sin an rud. D'fhás mé aníos i Nás na Ríogh. Níor chuala mé focal Gaeilge agus mé ag fás aníos ach má siúlaimse síos an bóthar anois, tá seans níos mó ann go labhródh duine i nGaeilge liom ná i mBéarla. Seo i Nás na Ríogh, i gcontae Chill Dara. Níl sé gar do Ghaeltacht ach tá aithne ag pobal na Gaeilge ar a chéile anois agus is é sin an rud. Má tá tú ag stad an bhus agus má tá strainséir ann, de ghnáth labhraíonn tú i mBéarla leo mar is é sin an default atá againn. Ach anois, toisc na deiseanna labhartha ansin, má aithníonn tú duine éigin agus deireann tú leat féin go bhfaca tú iad in áit éigin, bíonn a fhios agat go bhfuil Gaeilge aige nó aici. B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat cé hé nó hí ach bíonn a fhios agat go bhfuil Gaeilge acu.

Foilseofar an plean am éigin tar éis an tsamhraidh ach an rud atá ann ná pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile agus iad a spreagadh. Nuair a thagann muid le chéile mar seo, téimid abhaile agus muid spreagtha. Luaigh mé go ndeachaigh muid go Carn Tóchair ach bhí teagmháil againn le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus chuamar go dtí Aras Chrónáin i gCluain Dolcáin freisin. Labhair Dónal Ó hAiniféin linn blianta ó shin nuair a bhíomar ag tosnú amach mar Chill Dara le Gaeilge. Tá na naisc ann cheana féin. Níl muid mar chuid den líonra go fóill ach beimid in ann a bheith, cosúil le muintir Chorcaigh. Más féidir rud mar sin a dhéanamh i gContae Chill Dara, is féidir é a dhéanamh in áit ar bith.

Photo of Réada CroninRéada Cronin (Kildare North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tá comhairleoir amháin i gContae Chill Dara agus tá Gaeilge aige. Bhí cruinniú aréir agus bhíomar ag caint i nGaeilge bhriste. It is good to see. Tá Gaelcholáiste i Maigh Nuad atá in its third year?

Ms Siobhain Grogan:

A ceathrú bhliain.

Photo of Réada CroninRéada Cronin (Kildare North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé go maith.

Ms Siobhain Grogan:

Tá sé go maith ach arís, tá an scoil ag troid le haghaidh foirgneamh buan. Is an troid chéana é.

Photo of Thomas GouldThomas Gould (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm ach níl ach cúpla focal Gaeilge agam so I have to speak English.

First, I will start with Seán Ó Laoi in Gael-Taca. I am lucky and am very proud that both my daughters can speak as Gaeilge. My children can do something I could never do. As a parent, you always hope your children will take one extra step. My wife has a good bit of the language. I was always involved with the Gaelic Athletic Association and I had always wanted to make my home an Irish home. I was hoping that when the girls went to Gaelscoil Pheig Sayers, we would speak Irish at home and they would drag me on. Unfortunately, I embarrassed them too much and that was that.

Just to get back to the situation in Cork, my memory of Gael-Taca was going into a building in the centre of Cork city where people could speak the language. It was very open. I struggled with the language for years. I remember going to UCC to the áras to try to learn it, and there was a lady called Gobnait Kelly from Baile Bhuirne when I worked in the dairy and she would talk to me.

Someone like me would need to speak the language every day or regularly to keep it. I had a level of it but the amount I have lost over time is phenomenal. When I knew Gael-Taca, I knew it as that space. Whether you were fluent or a beginner, you could use the library or have a cup of coffee or a cup of tea. You could go in on your own or with your family. It is a great loss to Cork and to the language, culture, tradition and heritage. We will be raising the plan Gael-Taca has brought forward with the Department. I do not understand why such a comprehensive and detailed plan to promote the language in Cork city is not being delivered. The Department should be all over Gael-Taca, offering support and encouragement. I know there were a few issues but most of this happened around the time of Covid. Covid had consequences for Gael-Taca, no more than any other organisation. Mr. Ó Laoi made the point that this especially affected organisations run by volunteers, who have their own jobs and families but who are working for the love of the language and everything that goes with it. There is now an onus on the Department to give answers. It should provide funding to get Gael-Taca reopened and to put in place a plan to promote the language, heritage and culture in Cork. If the Department does not do that, it has to explain why not. It is not good enough that we do not have the information. We need openness and transparency. Do the witnesses wish to come in on that point?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déarfaidh mé arís go bhfuil deis ag an Roinn agus ag Foras na Gaeilge teacht os ár gcomhair nó scríobh chugainn, más mian leo. Tá pointí ardaithe ag Seán Ó Laoi agus is féidir leis iad a ardú arís ach tá an deis sin ag an Roinn agus ag an bhforas ach dul i dteagmháil linn nó, níos fearr, dul i dteagmháil le Gael-Taca.

Mr. Se?n ? Laoi:

Thar ceann Ghael-Taca, gabhaim buíochas leis an Teachta Gould as an gcomhairle agus tacaíocht. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Laoghaire chomh maith. I thank Deputy Gould for his help. We appreciate it. I will make a couple of simple points and then slightly turn the conversation. Luaigh Siobhain Grogan the cultural officers ón gCumann Lúthchleas Gael. Perhaps Deputy Gould might have an opinion on that because he is involved with the GAA himself. The role of a cultural officer in the GAA as regards the Irish language was mentioned a while ago. In Cork city, there is a cultural officer or oifigeach cultúrtha i ngach club, every club. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge sa chlub aitiúil. Tá a fhios ag an Teachta Ó Laoghaire toisc go bhfuil baint aige le Cumann Fionnbarra Naofa. Loads of people have Irish. Bhíomar ag caint ansin mar gheall ar an nGaelainn. Is rud iontach é seo. Tharla sé de bharr Covid. Tá a lán daoine anois sásta an Ghaelainn a labhairt. Sular thit Covid amach, bhí an Ghaelainn le cloisteáil sa seomra caidrimh san ollscoil nó i nGael-Taca ach braithim go bhfuil an Ghaelainn anois le cloisteáil i gcathair Chorcaí. B'fhéidir go bhfuil sé mar an gcéanna sna ceantair éagsúla. Bíonn a lán imeachtaí Gaeilge ann. There are loads of things happening in Cork city. An deireadh seachtaine seo caite, last weekend, there were a couple of events in the Triskel in Cork city. The city library, leabharlann na cathrach, was full. Bhí 200 duine ann. Peadar Ó Riada had his book launch in the city library. Bíonn a lán imeachtaí Gaeilge ann. Tá sé go hiontach. B'fhéidir gur cheart dom é sin a chasadh agus a rá le gach duine "bímis dóchasach". Agus mé ag caint ar chúrsaí san ollscoil, sa chathair i gCorcaigh agus sna Gaeltachtaí éagsúla, braithim féin go bhfuil saghas dóchais agam nach raibh agam. Táim ag smaoineamh ar "Amhrán Dóchais", a bhí ag Osborn Ó hAimhirgín fadó. B'fhéidir go dtiocfaidh an samhradh.

Mr. Domhnall ? Loingsigh:

Bhíomar ag rá roimh an gcruinniú gurb é seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát gur tugadh faoi phlean a fhorbairt don Ghaeilge ar bhonn tomhaiste, réamhshocraithe agus pleanáilte agus an plean sin bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus anailís atá réitithe go háitiúil ag na grúpaí a chuir na pleananna líonraí Gaeilge le chéile, ach ní dóigh liom go bhfuilimid réidh go dtí sin. Níl an Stát réidh fós mar, chun go mbeidh éifeacht agus tionchar ag na bailte líonra Gaeilge, tá gá le foireann agus daonchumhacht bhreise a chur ar fáil agus le scileanna speisialta a fhostú chun an ceangal a dhéanamh idir an fhorbairt teanga, an fhorbairt ghnó agus an fhorbairt eacnamaíochta, go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon aghaidh tugtha ar an gceist sin fós. Tá difríocht ollmhór idir forbairt teanga, forbairt eacnamaíochta agus forbairt phobail taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfear iad sin a chomhtháthú ar dtús. Is gá go mbeadh oiliúint ar leith i bpleanáil teanga á cur ar fáil ag leibhéal céime chun go mbeadh fáil ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta atá amuigh ansin agus nach bhfuil an Stát ag tabhairt aire, aghaidh ná aitheantas dó. Tá sé seo ag tarlú i dtíortha taobh amuigh den tír seo. Níl muid ag leanúint an dea-chleachtas atá amuigh ansin. Ba chóir go mbeadh na daoine sin ag feidhmiú ag gach leibhéal sa phobal, ón réamhscolaíocht go dtí an scolaíocht agus leibhéal na ndaoine fásta, is é sin, ón gcliabhán ar aghaidh. Tá sé in am don Stát dúiseacht agus an cheannaireacht atá ag teastáil - agus tá sí ag teastáil mar níl sí ann - a chur ar fáil nó ní bheidh rath ar an infheistíocht atá déanta go dtí seo. Ní leor í, ach is tús í an infheistíocht seo ach ní bheidh feidhm ná toradh uirthi muna ndéantar i gceart í.

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Le leanúint ón Teachta Gould mar gheall ar Ghael-Taca, is dea-shampla é sin den cheist mhór atá againn faoi dháiríreacht an Stát faoi phleanáil teanga. Is ceann de na coinníollacha a bhí leagtha síos ón gcéad lá maidir le stádas líonra Gaeilge a bhaint amach ná go gcaithfidh grúpa pobail nó grúpa áitiúil a bhfuil stair agus cúlra aige i gcur chun cinn na Gaeilge, an chultúir agus na hoidhreachta ina cheantar a bheith bainteach leis. Ó thosaigh mise ag plé le cúrsaí Gaeilge agus mar sin de, tá seanaithne agam ar Ghael-Taca. Chuala tú mar gheall ar Ghael-Taca i gCorcaigh. Mar a dúirt Domhnall Ó Loingsigh ansin, tá infheistíocht déanta le Gael-Taca thar na blianta agus, trí rud beag amháin, cuireadh stop iomlán leis an rud ar fad agus anois táthar ag iarraidh rud nua a thosú. Baineann sé sin leis an rud faoi dhea-chleachtas i bpleanáil teanga. Nuair a thosaíonn tú rud, caithfidh tú leanúint leis. Nuair a thosaíonn plean, níl aon deireadh leis. Tógann tú ar rudaí de réir a chéile. Iarraim ar an Teachta Gould agus ar an gcoiste dul agus labhairt. Níl an mórscéal ar eolas agam ach tá creatlach den phictiúr faighte agam. Arís, táim scratching the head agus ag cur na ceiste "cén fáth?" orm féin. Luaigh an Teachta go raibh Gael-Taca i gCorcaigh agus é ag fás aníos agus gurbh é sin an áit a raibh tú in ann dul agus an cúpla focal a úsáid agus mar sin de. Chun dul ar ais ag an gceist atá againn, tá sé iontach a bheith anseo inniu agus ba mhaith linn níos mó de seo. Tá ceist mhór gur mhaith linn freagra uirthi seachas aon rud eile a chloisteáil. An bhfuil an Stát dáiríre faoin bpleanáil teanga? Is é sin an príomhrud.

Photo of Thomas GouldThomas Gould (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I joined the board of management of Gaelscoil Pheig Sayers in early 2010. The school was on the verge of closing down. It had been left in a business park and had no playground or anything like that. It was unbelievable. The school was formed in 1986 by Brother Jack Beausang and some parents in the Farranree area, on the north side of Cork city, who wanted a Gaelscoil. They could not get funding from the Department and had to run raffles and draws. They set up the school in the Na Piarsaigh GAA Club. It was completely unofficial for two years and had no support from the Department until it finally got some.

When I got involved in 2010, we had 91 students. We were lucky to get the school into St. Finbarr's College, Farranferris. We now have 288 students. We are now getting a school after nearly 40 years. We hopefully will have a school built in two years time but we had to fight tooth and nail. As a person who does not have the language, I was doing it for my kids. My kids will never see it. One is doing her leaving certificate and one is in second year. We fought for it because their kids might go there or other kids in our community will go there. That is what the fight was for. It was for Brother Jack Beausang and other people 40 years ago. I rang the education board in Cork and asked the official - I will not give his name - if he could tell me where the plan was for the Irish language in Cork, Munster or nationally and who I needed to talk to. He said to me "If you find out whoever he or she is, let me know because I would love to meet them". I hear the witnesses discussing a vision. It is absolutely phenomenal that the Government and the Department do not have a vision for the language or a plan such as the one the witnesses are trying to bring forward. It boggles my mind. I am the party's junior spokesperson for housing and as I said in the housing committee, Deputy Ó Snodaigh has put in tremendous amendments to the new planning Bill around housing in Gaeltacht areas. There seems to be a barrier. One person asked me why Gaeltacht areas should be treated differently. If I have to explain that to someone, a person who does not come from a Gaeltacht, we are in trouble. The witnesses are right. We need a vision and we need a plan. We need financial support and forward planning, not two or three years ahead but long-term planning for organisations. I hope some day when I have the time to spend, I would love to see all schools bilingual. In Europe, people are bilingual or trilingual and speak many different languages. I see my own daughters who went into a Gaelscoil and can speak the language. Why was this? It was because they were immersed in the language. I really support what the witnesses are doing.

On the Gaelic Athletic Association, I remember Seán Óg Ó hAilpín lifting the Liam MacCarthy cup and giving the speech as Gaeilge. When my club, St. Vincent's, which is only an average-sized club, won the intermediate football championship in Cork in 2006, our captain Declan O'Connell gave a speech as Gaeilge. He is a primary school teacher. He studied history and Irish in UCC. In some ways, it was sad that we did not all fully understand what he was saying but in another way we were immensely proud. A club from Knocknaheeny, Blarney Street and Gurranabraher on the northside of Cork city had won a county championship and our captain was able to represent us with dignity. It is what the GAA is about. On Siobhain's point earlier on, the association has moved away from our core values of the language, heritage, culture and history. The GAA has an awful lot to do to get back to where we are from and where we were when it was established. From that point of view, we will do everything we can to support the organisations, whether it is in the housing committee or here. I would love to see a long-term plan for the future of the language with the support it deserves and it would be great to see Gael-Taca back open in Cork city.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht os comhair an choiste. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht leo. Mo leithscéal - bhí mé ag cruinniú eile agus mar gheall air sin ní raibh mé in ann éisteacht leis an méid a bhí le rá acu níos luaithe sular tháinig mé isteach. Tuigim an obair fíorthábhachtach atá ar bun acu. Mar dhuine nár tógadh le Gaeilge agus a d'fhoghlaim a cuid Gaeilge ar scoil, tuigim an tábhacht a bhaineann le deiseanna a bheith ag duine taobh amuigh den chóras oideachais ionas nach ndéantar dearmad ar an nGaeilge tar éis na meánscoile. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé sin agus ar ndóigh na ciorcail comhrá a bhíonn á heagrú. Tá m'athair i dtrí ciorcail comhrá, sílim, agus ceann acu is Micheál Ó Mainín a d'eagraigh é. Tá sé mar bhall den cheann i mBeirlín freisin agus bhí siad an-gnóthach ansin le tamall anuas ar ndóigh. Tuigim an pobal a chruthaítear mar gheall ar leithéidí na gciorcal comhrá agus an obair eile atá á dhéanamh. Bíonn deis ag daoine casadh le daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus ansin bíonn sé níos éasca níos mó Gaeilge a labhairt taobh amuigh de na ciorcail sin freisin.

Ar an gcéad dul síos, cloisim an méid atá á rá ag na finnéithe maidir le maoiniú agus maidir leis an dtacaíocht fhadtéarmach sin. Is rud é sin a mbímid ag déileáil leis go minic. Muna bhfuil fís fhadtéarmach ann agus an t-airgead taobh thiar de sin, tá sé an-deacair plean fadtéarmach a bheith ann freisin. Cloisim na finnéithe ag ceistiú an bhfuil an Stát taobh thiar dó sin. Ní féidir liom féin nó mo chuid comhghleacaithe ó Shinn Féin atá anseo an cheist sin a fhreagairt ach tá tacaíocht acu uainn ar aon chaoi.

Bím ag plé le cúrsaí breisoideachais anseo sa Dáil agus mar gheall air sin tá ceist agam ina thaobh sin. Is minic a mbím ag iarraidh pleanáil a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh faoi céard gur chóir agus gur fiú a bheith ann i gcúrsaí breisoideachais. Mar gheall air sin, bím ag plé freisin leis na boird oideachais agus oiliúna. Cén chineál ról ar chóir a mbeadh acu siúd le cabhrú leis an nGaeilge taobh amuigh den chóras oideachais? B'fhéidir gur ceist é sin do Micheál Ó Mainín nó d'éinne eile atá ag iarraidh í a fhreagairt.

Tá ceist amháin eile agam freisin. Éisteoidh mé le freagraí na bhfinnéithe ach ansin beidh orm imeacht mar gheall ar chruinnithe eile atá agam. Is minic a chloisimid faoi dheacrachtaí a bhaineann le naíscoileanna agus naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Céard é tuairim na bhfinnéithe faoi sin? Cen cineál fís atá acu, céard iad na rudaí gur chóir a dhéanamh i mbealach eile agus an bhfuil aon rud eile gur mhaith leo a rá linn? Be my guest, mar a deirtear. Tosóimid le Micheál Ó Mainín agus ansin beidh fáilte roimh aon duine eile gur mhian leo teacht isteach.

Mr. Miche?l ? Main?n:

Gabhaim buíochas as an gceist. Go bunúsach, tá mise ag trial seirbhísí agus chuile rud mar sin a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i mBaile Locha Riach. Mar is eol do bhaill an choiste, tá sé mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030. Anois, ní cheapfainn go mbeimid in ann an sprioc sin a bhaint amach in oirthear na Gaillimhe mar níl an bord oideachais ag cur ranganna ar fáil in aon áit. Mo leithscéal, níl sé sin fíor. Tá trí rang á gcur ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus ceann amháin i gcathair na Gaillimhe. Tá na boird oideachais ann chun cur leis an méid scileanna atá ag daoine cheana féin. Níl deis ag muintir oirthear na Gaillimhe é sin a dhéanamh. Is féidir leis an mbord oideachais ranganna a chur ar fáil do dhaoine fásta ag chuile leibhéil sa chaoi go mbeadh siad in ann cur lena gcuid scileanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, is féidir leo comhoibriú le Roinn na leanaí nó an Roinn Oideachais chun cúrsaí faoi thumoideachas na Gaeilge a chur ar fáil d'earnáil na leathbhlianta freisin. Tá mé cinnte go bhfuil éileamh ann.

I gcás Baile Locha Riach, tá éileamh ar ranganna do ghlantosaitheoirí. Tá muidne ag cur ranganna ar fáil ach táimid teoranta ó thaobh maoinithe agus chuile rud de so ní féidir linn freastal ar an líon daoine atá ar an liosta atá againn. Chomh maith leis sin, bheadh sé iontach dá mbeadh na boird sásta ranganna a chur ar fáil do theifigh atá tar éis teacht isteach sa tír. Chonaic mé ar an suíomh Idirlín atá acu nach bhfuil siad ach ag cur ranganna Béarla ar fáil. Tar éis a bheith ag caint le fear as Conamara an tseachtain seo caite atá ag obair san earnáil Gaeilge, tuigim go bhfuil teifigh tar éis teacht go Carna agus nach bhfuil ach Gaeilge agus Úcráinis ag na gasúir.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin go hálainn.

Mr. Miche?l ? Main?n:

Taispeánann sé sin go bhfuil féidearthachtaí ann.

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Tabharfaidh mé freagra air sin. Tá na grúpaí seo ar fad de facto ag déanamh an bhreisoideachais leis na rudaí ar fad atá ar siúl againn. Táim ag dul ar ais ag an gceist faoin Rialtas a bheith dáiríre agus fadtéarmach sa phleanáil. In Áras Chrónáin, thosaigh muid rud éigin tar éis an phaindéim Covid. Ní raibh na daoine a bhí ag dul in aois, na seanóirí, ag teacht ar ais. Ní raibh siad ag dul amach agus ag baint taitneamh as na háiseanna atá againn. Thosaigh muid maidin chaife le cairde. Fast-forward go dtí inniu agus bíonn idir 60 agus 70 duine ag teacht chuile Aoine. Níl aon chúlra Gaeilge ag cuid mhaith acu ach anois tá an Ghaeilge á úsáid acu go normálta. Tá siad ag úsáid frásaí beaga agus ag casadh tunes agus amhráin. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil siad ag tabhairt aire dá chéile agus mar phobal agus an Ghaeilge lárnach sa rud. Mar a dúirt Micheál Ó Mainín faoi na ranganna, táimid in ann é seo a dhéanamh mar is grúpaí pobail muid. Táimid in ann é a dhéanamh ar bhealach ina bhfuil tionchar an-sciobtha aige ar an bpobal. Tá freagra agus toradh an-sciobtha le feiceáil i measc an phobail de bharr sin. Nuair a chuir muid pleananna le chéile don Rialtas agus don Aire mar gheall ar na líonraí Gaeilge siar roimh Covid, chuir muid isteach pleananna réalaíocha agus buiséad thar a bheith réalaíoch. Faigheann muid bang for the buck, mar a dúirt Siobhain Grogan. Cuireann sé iontas orm go bhfuil cead ag a heagraíocht cíos a íoc ach nach bhfuil cead aige rud éigin a cheannach.

Mar gheall ar na scoileanna, gabhfaidh mé ar ais chuig Gaelscoil na Camóige atá ar shuíomh an árais. Gan tacaíocht ó mhuintir Áras Chrónáin, ní bheadh Gaelscoil na Camóige fós ag feidhmiú. Leis an méid cíosa atá íoctha, tógfar 20 scoil. Nílim ag magadh. Tógfar 20 scoil úr nua leis an méid sin.

Ag dul ar ais ar an gceist mar gheall ar na ranganna, dá mbeadh an maoiniú ceart curtha ar fáil do phleananna na cúig ghrúpa seo mar eiseamláir agus dea-shampla don tír, táimid dóchasach go dtiocfadh grúpaí eile inár ndiaidh ag iarraidh stádas líonra Gaeilge a bhaint amach. Is é an bhuairt agus an eagla atá orainn ná, muna bhfuiltear sásta an tacaíocht cheart a chur ar fáil do na cúig ghrúpa - an chéad chúig ghrúpa i stair na tíre atá tar éis é sin a bhaint amach agus ag iarraidh é a chur i gcrích - what is coming down the road? Is botún iomlán a bheadh ann. Táimid in ann é seo a dhéanamh. Táimid ag lorg an tacaíocht cheart agus an maoiniú ceart le fís fadtéarmach, mar a dúirt an Teachta féin. Gearradh an buiséad a chuir muid isteach don chéad phlean gnímh. Baineadh dhá thrian de, más buan mo chuimhne. Tá an Roinn ag iarraidh orainn rud éigin a dhéanamh ach ag casadh ar ais chun a rá nach bhfuil rudaí ar fáil. Cuirfidh mé deireadh leis seo because I will go on a rant but, nuair a d'iarradh orainn plean a scríobh, plean seacht mbliana a bhí ann a bheadh maoinithe le trí bhliain. Work that out. Níl mé go maith ag an mata ach is a sé trí agus trí agus is a seacht é sé agus a haon. Ní raibh aon chinnteacht ann. Bhí frustrachas againn. Thuigeamar gur phlean seacht mbliana a bhí ann ach is 70 nó 700 bliain a bheadh ann. Ar a laghad, bheifeá ag súil go mbeadh maoiniú ann don seacht mbliana seachas trí agus feicfimid ina dhiaidh sin.

Is í sin an mhórcheist againn. Cá bhfuil an dáiríreacht? Caithfear an dáiríreacht sin a léiriú dúinn.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, ní féidir linn.

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Chuala muid go leor daoine ag caint ar fhís inniu. Is rud mór atá in easnamh é sin, mar aon le cur chuige comhtháite nuair a phléitear le ceist na Gaeilge, bíodh sin ag comhairle áitiúil nó ag an Rialtas. Bíonn an claonadh ann ceisteanna Gaeilge a bhogadh amach chugainn trasna anseo. Ansin, nuair a phléitear ceisteanna eacnamaíochta, sláinte nó oideachais, ní aithnítear go bhfuil baint acu siúd leis an Ghaeilge. Feicfimid é seo go minic i dTeach Laighean. An chorruair nuair atá an Ghaeilge faoi chaibidil, bíonn na binsí folamh. Bíonn cúpla Teachta anseo agus ansiúd ag caint. Tá rud éigin bunúsach cearr maidir le ceannach isteach san fhís náisiúnta ag an leibhéal polaitiúil. An bhfuil fís ann?

Tá sampla againn de rudaí atá ag obair. Luaigh mé cúpla sampla ansin. I dTír na mBascach, tá ceantar ann darb ainm Tolosa. In 1985, bhí Bascais ar a dtoil ag 29% den phobal. Sa lá atá inniu ann, tá sí ar a dtoil ag 53% den daonra. Is áit é sin inar oibrigh rudaí. Samhlaigh dá mba rud é go raibh muid ag amharc ar Mhúscraí in iarthar Chorcaí, mar shampla, agus ar na ceachtanna gur féidir le Múscraí a fhoghlaim ón gceantar seo i dTír na mBascach. An bhfuil duine ar bith ag amharc air sin? An bhfuil sé faoi na hoifigigh phleanála teanga amharc air seo gan an tacaíocht chuí?

Luaigh muid an Bhreatain Bheag agus an straitéis atá aici, Cymraeg 2050, ina bhfuil sí ag iarraidh go mbeidh 1 milliún cainteoir Breatnaise ann. Cén fáth nach féidir linn fís uaillmhianach mar sin a bheith againn? Táimid ag caint ar thionól a bhfuil cumhachtaí teoranta aige sa Bhreatain Bheag. Is stát neamhspleách í Éire. Tá i bhfad níos mó cumhachta ag an Pharlaimint anseo i mBaile Átha Cliath ná mar atá ag an Senedd sa Bhreatain Bheag ach tá an Senedd ag úsáid an chumhacht atá aige ar bhealach i bhfad Éireann níos éifeachtaí ná mar atá muidne.

Luaigh an Teachta Gould nach raibh na deiseanna céanna aige agus go raibh sé ag iarraidh na deiseanna sin a thabhairt dá pháistí. Tagann sé sin arís le ceist an oideachais. Cén fáth nach bhfuil muid ag amharc go mbeidh 50% de pháistí na tíre seo ag fáil oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge faoi bhliain áirithe? Léiríonn gach pobalbhreith gur mhaith leis an phobal é sin. Is é an rud atá cearr ná an easpa deiseanna. Cé go bhfuil muid ag caint ar dhlínse dhifriúil anseo, tá clú ar cé chomh láidir atá an Ghaeilge sa cheantar seo againne in iarthar Bhéal Feirste, ach níl ach 7% nó 8% de na páistí ar scoil ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge in ainneoin cé chomh láidir atá sí. Sa scoil a bhfuil mé féin mar chathaoirleach uirthi, táimid ag diúltú go leor páistí bliain i ndiaidh bliana. Is daoine iad seo atá caillte go deo don earnáil Ghaeloideachas, don ghluaiseacht agus don teanga. Tá gach seans ann nach mbeidh an deis acu. Is tragóid é sin.

Más mian linn freastal ar na páistí sin, tá dualgas orainn, mar phobal, dul amach agus scoil a bhunú. Cén fáth nach bhfuil an Stát ag glacadh an dualgais sin mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag? Cén fáth nach bhfuil an Stát ag rá gur mhaith leis go mbeadh an teanga seo ar ais mar theanga labhartha phobail agus, ag bogadh siar ó shin, ag déanamh cinnte go bhfuil na hacmhainní cuí ag leibhéal an oideachais, go bhfuil fórsaí eacnamaíochta ag plé leis seo, maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht, mar shampla, agus go bhfuil na hacmhainní cuí ag na líonraí Gaeilge agus eile? Dá mbeadh an Stát dáiríre, is iad sin na cineálacha comhráite a bheadh á dhéanamh aige seachas an comhrá seo ar an imeall faoi seo, siúd agus eile agus a bheith ag tarmligean a chuid dualgas do cheantair agus do choistí deonacha gan na huirlisí cuí a thabhairt dóibh chun an obair a dhéanamh i gceart.

Mr. Tom?s de Buitl?ir:

Maidir le cúrsaí oiliúna, tá a fhios agam go bhfuil cúrsa in Ollscoil na Gaillimhe. B'fhéidir go bhfuil sé ró-acadúil. B'fhéidir go bhfuil cúrsaí dá leithéid in áiteanna eile chomh maith. Sílim go bhfuil gá le rud mar sin taobh istigh den scéim forbartha líonraí Gaeilge ionas go mbeidh an deis sin ag gach duine atá á fhostú mar oifigeach pleanála teanga.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe. Tá brón orm go bhfuil orm imeacht.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag éisteacht leis an gcuid is mó den mhéid a bhí le rá ó thuas staighre. Táim le díriú ar cheist amháin, ceist na líonraí agus céard a bhí i gceist leo. Má bhreathnaímid ar an teanga, is é an dúshlán atá againn ná múineadh na teanga sna scoileanna ar fad. Táthar ag ceapadh go bhfuil sí á múineadh go maith. Tá go leor againn a ndeachaigh chuig scoileanna a bhí ag teagasc trí Bhéarla ach inar múineadh na Gaeilge go maith. Is í an fhadhb a bhí agus atá ann agus an fhadhb a chonaic muid ná go gcaithfear nós na teanga a aistriú ón scoil go dtí an pobal. Fiú leis na Gaelscoileanna, tá teipthe orainn dul thar an gclaí sin. Cloiseann tú an oiread sin daoine a thagann isteach go Dáil Éireann agus, go tobann, tá an Ghaeilge úsáideach. Deireann siad go raibh sí acu nuair a d'fhág siad an scoil ach níl sí acu níos mó. Má bhreathnaíonn tú ar na daonáirimh ó Dheas, feiceann tú go bhfuil líon na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge líofa acu i bhfad níos airde ag 18 ná mar atá sé ag 30.

Bhíodh mise ag dul thart ag Cluain Dolcáin. Is minic a bhí mé amuigh le Brian Ó Gáibhín. Bhí mé i gCarn Tóchair agus mar sin de mar Aire agus bhí mé an-tógtha leis an obair atá ar bun i ngach aon áit. Caithfidh mé an-creidiúint a thabhairt do mhuintir iarthar Bhéal Feirste agus muintir Charn Tóchair. Go deimhin, tá cailín ag obair i m’oifig féin i láthair na huaire as Carn Tóchair. Theastaigh duine a bhí líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla le hoibriú i m’oifig mar is í an Ghaeilge an lingua franca atá againn, ach déileálaimid leis an bpobal sa teanga a roghnaíonn siadsan. Céard a bhí i gceist leis na líonraí agus céard atá imithe amú? Cén chaoi a ndeachaigh sé amú? An rud a bhí i gceist ná, má bhreathnaítear ar an rud a bhí ar bun i gCluain Dolcáin, i gCarn Tóchair, in iarthar Bhéal Feirste nó in áiteanna eile cosúil le dúiche Naithí i mBaile Átha Cliath agus mar sin de, bhí obair mhór ar bun ag na pobail ach ní raibh struchtúr tógtha timpeall orthu ag an Stát.

Chomh maith leis sin, bhí mé ag breathnú ar phobail mionlaigh sa tír seo agus i Meiriceá agus áiteanna a rachfá agus gheofá rudaí amach faoi dhaoine a chas leat. Is cuimhin liom ionas a bheith orm i Milwaukee. Bhí muid ag plé le pobal áirid agus mar Aire Coimirce Sóisialaí d’iarr mé dul chuig na ceantair bochta. Daoine nár cheap mise go raibh aon teanga acu ach Béarla, go tobann fuair mé amach go raibh Spáinnis ar a dtoil acu. Bhí pobal Spáinneach atá ag tabhairt na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus is Spáinnis a bhí acu. Níl mé ag rá nach raibh Béarla acu ach b’shin an teanga chomónta a bhí eatarthu. Bhí mé ag breathnú air seo ar fad agus ar an gcaoi go maireann teangacha taobh istigh de phobail, go mór mhór i mbailte móra nó i bpobail nach í an mórtheanga í. Níl sé ar nós croílár na Gaeltachta. Is as sin a d’fhás an smaoineamh maidir leis na líonraí.

Fadó, bhíodh daoine ag caint ar Ghaeltacht agus trialladh i mBaile Átha Cliath ar Ghaeltacht a thógáil agus chuile duine ina gcónaí ina aice le chéile. Thriail siad i mBéal Feirste é. Níl chuile duine ag iarraidh bheith ina gcónaí sa chineál teach céanna agus díreach ar an mbóthar céanna. Ní shin an chaoi a oibríonn cathracha, ach feicimid pobail Polannacha, mar shampla, sna cathracha. Bhí mise le pobal an lá faoi dheireadh agus is Urdúis ón Phacastáin a labhraíonn siad eatarthu féin. Tá Béarla den scoth acu, ar ndóigh, ach nuair a bhíonn siad ag caint eatarthu féin, is í sin a bhíonn acu. Tá go leor pobal atá ag maireachtáil mar sin. Ní hamháin sin, ach tá siad ag déanamh rud nach bhfuil muid ag déanamh. Tá siad ag tabhairt na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Céard a bhí i gceist? An rud a bhí i gceist ná stádas líonra a bheith agat ionas go mbeadh comhpháirtíocht i gceist leis an bpobal agus an Stát. Bheadh an oiread baint ag an Stát leis an margadh - téann sé seo ar ais ag rud a bhí Brian Ó Gáibhín ag rá ar ball - agus a bheadh ag an bpobal. Chaithfeadh an pobal a chruthú go raibh pobal beo, bríomhar Gaeilge ann mar bhunchloch ach chaithfeadh an Stát ansin cinnte a dhéanamh de go raibh na hacmhainní aige ansin le naíolann a bhunú. An t-am is mó go bhfoghlaimíonn gasúir aon teanga nó ó náid go dhá bhliain d’aois. Éinne a bhreathnaíonn ar ghasúir ag fás aníos, thuigfeadh siad mar a shealbhaíonn gasúir teanga sna blianta sin. Ní fheiceann gasúir fadhb ar bith le dhá nó trí theanga a fhoghlaim ag an am céanna. Dá mhéid is a théimid in aois, is deacra dúinn teanga nua a fhoghlaim. Tagraím de naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil agus go mbeadh siad sin i chuile cheann de na pobail a thabharfaí stádas líonra dó. Mura mbeadh sé ann, chaithfí an Stát é a chur ann.

An rud a bhí i gceist freisin ná go gcaithfeadh an pobal a bheith sásta iarchúram scoile a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh grúpaí tuismitheoirí, clubanna óige and clubanna spóirt aige. Bhí mé an-tógtha ariamh leis an obair atá ar bun ag Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath agus tá a leithéidí sin i mBéal Feirste freisin. Is eiseamláir iad sin don rud a bhí i gceist againn. Ba chóir clubanna squash nó aon chlub eile go bhféadfaí a eagrú a chur ar fáil. Is cuimhin liom féin fada an lá ó shin gur chuir mé club snámha ar bun do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath. Mar sin, d’fhéadfadh an pobal – daoine fásta agus óga - taobh amuigh den scoil, a bheith le cairde agus ghnáthrudaí a dhéanamh a dhéanann chuile dhuine, seachas a bheith ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge. Bheadh siad ag déanamh gnáthrudaí agus an Ghaeilge ar bun acu.

Ní raibh an Teachta Ó Muineacháin anseo ag an am sílim ach bhí an Cathaoirleach agus mé féin ann in 2012 nuair a tháinig Acht na Gaeltachta i bhfeidhm. Chonaic muid ag an am go raibh an rud a bhí in Acht na Gaeltachta, 2012, lag, gan bhrí agus gan aon infheistíocht Stáit. Tá mé cinnte go gcuimhníonn an Cathaoirleach air seo. Dúradh go mbeadh Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála den Bhille déanta in aon mhaidin amháin agus nach bhféadfaí aon rud a athrú. Trí chantal, d’éirigh linn gur ina luí ar chuile Theachta Dála sa bhFreasúra – cuid acu nach raibh focal Gaeilge acu – siúl amach as an Dáil agus gan páirt a ghlacadh sa díospóireacht so bhí an tAire fágtha ag argóint leis féin. Bhímid chomh coipí sin faoi mar ba léir nach raibh fís, plean, maoiniú nó rud ar bith ag teacht leis an Bille.

Rud amháin a d’fhág mé as an áireamh agus rud a bhí lárnach don phlean seo ná gur theastaigh uainn go mbeadh lárionad Gaeilge – tá ceann i gCluain Dolcáin ag dul i bhfad siar roimhe seo – do phobal ina mbeadh áit cruinnithe, áit caife agus áit buaileadh isteach ann. Tá scéimeanna ar nós an clár seirbhísí pobal a bhféadfaí a úsáid le n-íoc as an bhfoirgneamh le go mbeadh áit ag Gaeilgeoirí casadh le chéile. Ní ag caint faoin nGaeilge a mbeadh siad ach ag déanamh cibé rud a dhéanann daoine trí chaidreamh. Is é sin a bhí i gceist. Bheadh spéis agam fáil amach an b’shin atá ag na líonraí. Dá ndéanfadh mé liosta amach de na rudaí atá ráite agam anseo - go mór mhór ó Dheas; tiocfaidh mé go dtí an Tuaisceart i gceann soicind – cé mhéid de na rudaí sin atá ag chuile líonra sa tír? Dá ndéanfadh mé liosta, an mbeadh naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil, cúram iarscoile, grúpa tuismitheoirí, clubanna óige, clubanna spóirt agus lár-ionad acu? Is rudaí bunúsacha iad sin agus tá mé cinnte go bhfuil rudaí dearmadta agam. Bhí sé i gceist go mbeadh liosta de rudaí a chaitheadh a bheith ag líonra laistigh, abair, de chúig bliana, le go bhaineadh agus go gcoinneodh sé stádas. Chaitheadh an Stát an infheistíocht chaipitil a dhéanamh. Chaitheadh an pobal an infheistíocht deonach nó infheistíocht ó thaobh dearcaidh a dhéanamh agus a dhéanamh cinnte dá bhfaighidís na rudaí seo ar fad go bhfanfaí leas astu. B’shin an margadh a bhí le bheith ann. Dá mbeadh a leithéid de chur chuige ann, a bheadh i bhfad níos láidre ná mar atá anois, an gcuideodh sé go mór le rudaí? Bheadh spéis agam é sin a fháil amach. An mbainfí an sprioc amach an Ghaeilge a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile mar ghnáththeanga taobh amuigh den scoil agus go mbeadh sé ag gasúir ón gcliabháin go dtí chomh fada agus is féidir? An dara rud ná an cheart dúinn bheith ag dul i ndiaidh cur chuige níos críochnúla agus níos iomláine ná an cur chuige atá ann i láthair na huaire?

Maidir leis an Tuaisceart, tá fadhb leis an bhforas agus tá sé pléite anseo go minic. Tá cothromas idir an t-airgead agus mar sin táimid srianta leis an méid acmhainní atá ó Thuaidh, sé sin, má chuirimid airgead trí an bhforas. Ach leis an Ulster Scots agus leis an nGaeilge, cuireadh airgead díreach isteach ón Rialtas anseo i rudaí ó Thuaidh. Níor baineadh leas as an bhforas mar is foras Thuaidh-Theas é sin. Rinne muid é ar son na teanga agus ar son ár bpobail. Chuireamar airgead ar fáil i Meiriceá agus ar fud an domhain – Bonn agus go leor áiteacha eile – so níl aon fhadhb dhlíthiúil ann. Caithfimid breathnú air sin agus a bheith níos gníomhaí tríd an shared island fund nó ciste éigin. Tá na cistí ann agus tá siad cruthaithe ag Rialtas na hÉireann. Leis an shared island fund, is féidir rud ar bith a dhéanamh má theastaíonn uait. Maidir leis an Deisceart, aon rud nach bhfuil d'acmhainn ag an bhforas a dhéanamh, is féidir leis an Rialtas é a dhéanamh go héasca. Ní aon fhadhb ag an Rialtas agus bhí moltaí istigh sa straitéis ar cén chaoi a bhféadfaí é a dhéanamh gan anró.

Tá brón orm ach cheap mé go mbeadh sé b’fhéidir úsáideach dá mhíneodh mé cé as a tháinig sé seo, céard a bhí ceaptha a bheith ann, agus ansin go ndéarfadh na finnéithe cé mhéid de sin atá ann agus go leagfaí amach rud i bhfad níos cinntí go gcuideodh sé leis an gcéad líonra eile a thiocfaidh an bealach agus leis na líonraí seo le héileamh a dhéanamh na bearnaí ar fad atá ann a líonadh.

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Maidir le cúrsaí sa Chlár, tá a mhéar leagtha ag an Teachta ar dhá mhórcheist atá ag dó na geirbe orainn. Ceann amháin ná ceist na bunscolaíochta. Tá iarratas déanta le trí nó ceathair de bhlianta atá istigh i mullach na Roinn Oideachais fós, é ag úsáid na ceiste maidir leis an gcomhairliúchán don pholasaí lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar leithscéal gan freagra a thabhairt. Tá an t-iarratas déanta ag an bpatrún agus é suite istigh sa Roinn. Níl sé sin sách maith. Ba cheart go mbeadh an Roinn Oideachais ag teacht amach chugainn mar líonra agus é ag iarraidh orainn conas gur féidir leis iarbhunscoil neamhspleách a sholáthar don líonra lán-Ghaeilge i gcontae an Chláir. Ba cheart é sin a dhéanamh. Maidir le hionad na Gaeilge-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil stádas líonra ag an ngrúpa?

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Tá, agus tá aonad-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An smaoineamh a bhí ann ná nach bhféadfaí stádas a thabhairt go ndéarfadh an Roinn. Ní bheadh na rudaí seo agat ach go gcaithfí iad a thabhairt duit. Má bhí ceantar sách maith le stádas líonra a fháil, ba cheart, ipso facto, mar pholasaí Rialtais, go mbeadh an scoil curtha ar fáil d'aon áit mar sin.

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Chun an stair a léiriú, theip ar formhór mór na n-aonad a bunaíodh sna 1990idí. Mhair na cinn cosúil le Gaelcholáiste an Chláir, atá mar aonad, toisc daoine dochreidte, tiomanta, díograiseacha, a bheith ag obair inti agus ag cur na teangan chun cinn agus toisc an tacaíocht dochreidte a fuair sí ón mbunscoil lán-Ghaeilge áitiúil. Is gá dúinn an ceann sin a réiteach.

Maidir leis an gceist faoi ionad Gaeilge, tá plé leanúnach ar siúl idir muid féin, an chomhairle contae agus Roinn na Gaeltachta maidir le hionad lán-Ghaeilge a bhunú in Inis agus tá súil againn go mbeidh an tacaíocht ann chuige sin. Tá dul chun cinn áirithe ag tarlú ansin. Is é sin an dá phríomhbhéarna atá le líonadh.

Maidir leis an gceist idirnáisiúnta, ba cheart go mbeadh an Stát seo ag nascadh líonraí le bailte i dTír na mBascach, sa Bhreatain Bheag agus in áiteanna eile ina bhfuil mionteangacha á labhairt. Bhí 81 dalta ón Fhrainc againn an tseachtain seo in Inis agus iad ar fad sásta beagáinín Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt mar bhímid ag plé le mionteangacha. Tá maoiniú ann ón Eoraip faoi scéim Erasmus+ ach caithfimid a bheith cruthaitheach faoi sin chun pobail Ghaeltachta, agus líonraí agus mar sin de, a nascadh leis na pobail seo mar tá go leor le foghlaim againn. Thugas féin rang go dtí Zeberio i dTír na mBascach agus bhí go leor le foghlaim againn uathu maidir le cur chun cinn agus normalú na teangan atá déanta acu sa stáit sin, atá comhtháite, pleanáilte, bunaithe céim ar chéim agus tomhaiste. Tá go leor le foghlaim ag an Stáit seo faoi sin. Molaim an coincheap maidir leis na líonraí ach fágadh muid ar an ngannchuid. Chuireamar plean le chéile agus praghas ar an bplean sin, agus tugadh leath an mhéid airgid dúinn chun an plean sin a chur i bhfeidhm. Ní raibh sé sin sách maith.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Tá an Teachta tar éis pointe iontach tábhachtach a ardú ansin. Sílim go bhfuil an memo sin ó 2012 a léigh sé amach caillte. Sílim nach bhfuil sé ar fáil dúinn. Tagann sé sin chuig croí na gceiste a bhí á phlé ag Brian Ó Gáibhín ar ball. Nuair a tháinig an scéim chuig an cúig líonra in 2015, fuair muid airgead fá choinne plean teanga a scríobh in 2017, ach níor tháinig maoiniú tríd go dtí 2022. Faoin am gur tháinig an maoiniú tríd, is leath an mhéid airgid a lorg muid in 2017 a fuair muid in 2022. Work that one out. Is é sin an méid a tharla san am sin. Chun an chroícheist anseo a bhogadh chun tosaigh, mura bhfuil an maoiniú agus na hacmhainní cuí ag na líonraí reatha, tuige in ainm Dé an bhfuil éinne ag caint ar mhaoiniú a thabhairt do líonraí eile muna bhfuil an maoiniú cuí á thabhairt ag na líonraí atá ann. Ceann de na rudaí eile a rinne an scéal seo níos casta, in 2021, nuair a d'fhógair Foras na Gaeilge an scéim pobal Gaeilge úr, d'athraigh siad an t-ainm ar an rud chuig "scéim forbartha líonraí Gaeilge". Mar sin, tá scéim do líonraí againn agus tá scéim forbartha líonraí Gaeilge againn. Chiallaigh sin go raibh 28 grúpa ar fud fad na hÉireann uilig ag rá go raibh siad ag iarraidh stádas mar líonra agus daoine sinsearacha sna húdaráis ag rá leo go dtiocfaidh leo é sin a dhéanamh mar nár léigh siad an memo sin ó 2012. Sílim gurb é seo an áit-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In 2012? Is a bhfad roimh 2012 a bhí sé.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Is é sin an rud atá mé ag rá. Ag an phointe seo, tá deis againn - tríd an chóras agus an tuarascáil seo - an fógra sin a chur amach go sonrach. Ba chóir go mbeadh maoiniú cuí á thabhairt don cúig líonra reatha mar dea-chleachtas agus mar dea-shampla. Ansin, nuair atá sé sin déanta agus na líonraí tógtha, thig linn bheith ag smaointiú ar an scéim seo a leathnú amach. Ba chóir an t-ainm a athrú ar an scéim eile chuig scéim pobal Gaeilge mar is scéim iomlán difriúil é sin atá ag plé le mianta iomlán difriúla. Is gá é seo a shoiléiriú. Níl sé seo soiléir d'aon duine. Tá an cúig eagraíocht agus ceantar iontach soiléir faoi. Táimid ag plé leis an rud ach níl éinne ag éisteacht linn. Tá deis againn anois pilleadh ar an gcomhrá tríd an tuarascáil a chuirfear i gcrích anseo.

Mr. Se?n ? Laoi:

Measaim gur cheart dom é seo a rá. Ar shíl, tá dea-scéal agam do chuid de na cainteoirí. Mar a dúirt Brian Ó Gáibhín, is iontach an rud é a bheith anseo ach táimse tar éis dul chuig cúpla ócáid a bhí ag Glór na nGael ag an Oireachtas i mBaile Átha Luain agus mheasas go raibh sé go hiontach. Ní raibh aon aithne cheart agam ar mhuintir an Chláir. Táimid i gCorcaigh agus bhí orm dul go dtí gréasánaíocht - seachas ióga - de chuid Glór na nGael chun buaileadh le daoine as Contae an Chláir, agus muintir Luimnigh chomh maith. Mar a dúirt an Dr. Mac Ionnrachtaigh ansin, tá cúpla pobal eile ann. Tá sé an-tábhachtach tagairt a dhéanamh do mhuintir Luimnigh - pé rud faoin iomáint - agus do mhuintir Phort Láirge, ní hamháin sna Gaeltachtaí ach i nDún Garbháin agus a leithéid. Go bunúsach, is ceart moladh a thabhairt do Ghlór na nGael, ó thaobh Gael-Taca de pé scéal é, as an deis a thabhairt dúinn buaileadh le daoine. Ní raibh Gael-Taca mar líonra, is baolach, ach táimid in ainm is a bheith mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Tá sé tábhachtach chun go mbeadh an deis againn buaileadh le daoine. Is ceart é sin a chur in iúl.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An pointe atá agamsa ná go bhfuil an-luach ar Chorn Sam Mhic Uidhir a thabhairt abhaile. Cén fáth go bhfuil sé deacair é a dhéanamh? Má shroicheann tú barr an chnoic, is mór is fiú é. An rud a bhí i gceist leis na líonraí ná go mbeadh pobail láidir ann a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus iad seo bunaithe go láidir. Bhí sé ceaptha a bheith deacair don phobal ach bhí sé ceaptha go mbeadh an brabach iontach don phobal dá gcuirfeadh siad chuige. Bheadh sé soiléir ar a dtaobh siúd den mhargadh go mbeadh go leor buntáistí ann ó thaobh an Ghaelscoil a fháil agus naíonra, naíolann, maoiniú, foirgnimh agus chuile shórt. An faitíos atá ormsa ná go bhfuil na líonraí seo chomh héasca agus chomh scaoilte agus nach bhfuil tada leagtha síos dáiríre. Is braig é ó Aire a bheith ag dul thart ag fógairt líonra nua Gaeilge agus gur sin é ach nach n-athraíonn aon rud go fíorbhunúsach ar an talamh ó thaobh seachadta na teanga. Is é sin an faitíos atá orm agus bheadh an-spéis agam, dá mbeadh Brian Ó Gáibhín in ann - mar tá sé ag plé leis seo le fada an lá - cur síos a dhéanamh ar cé chomh gar nó chomh fada is atá siad, ó thaobh tacaíochta Stáit de, don rud atá leagtha amach agamsa. Cén toradh atá air ó thaobh seachadta na Gaeilge sa bpobal?

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Tá áthas orm gur éirigh leis an Teachta teacht chuig an gcruinniú inniu mar tá mé ag plé leis an rud seo leis chomh fada sin siar. Maidir leis na rudaí atá leagtha síos ag an Teachta ansin, is é sin an tuiscint a bhí againn ar fad sna líonraí atá ag suí thar timpeall ar an mbord seo. Cé nach raibh lárionad i roinnt áiteanna agus mar sin de, bhí an pobal agus cuid mhaith de na rudaí eile ann agus bhí muid ar an tuiscint go raibh an Stáit sásta teacht i gcabhair go han-sciobtha agus pé bearnaí a bhí ann a líonadh.

Ó thaobh líonra shráidbhaile Chluain Dolcáin de, d'fhéadfadh mise éirí as mo phost maidin amárach mar tá an stádas agus gach rud a bhain leis an líonra bainte amach againn. Tá cainteoirí dúchasacha anois i gCluain Dolcáin agus beidh siad ann go deo na ndeor. Tá na háiseanna ann. Tá ionad againn. Táimid ag déanamh staidéar féidearthachta i láthair na huaire. Bhíomar ag caint leis na hailtirí an tseachtain seo caite mar gheall ar áis naíscolaíocht le naíolann agus chuile shórt. Bhí an naíonra againn ann. An deacracht is mó atá againn, mar atá ráite ag na grúpaí eile, ná go ndéarfadh chuile duine beo leat sa sráidbhaile gurb é an naíscoil is fearr, is cuma cén teanga, sa sráidbhaile ná Naíonra Chrónáin in Áras Chrónáin. An t-aon rud ná go bhfuil sé fíordheacair áit a fháil ann. Tá daoine ann agus tá pobal ann. Dúirt mé níos luaithe go raibh os cionn 60 grúpa pobail ag úsáid áiseanna an árais mar nach bhfuil aon áiseanna eile sa cheantar do phobal teacht le chéile. Is de bharr go bhfuil siad ag teacht chugainn go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos láidre. Tá gach rud atá ráite ag an Teachta indéanta, má leagtar amach an t-infreastruchtúr agus an pobal agus mar sin de, agus an tacaíocht a thabhairt.

Le do cheist a fhreagairt, an bhfuil an tacaíocht ceart á fháil? Níl. Bun agus barr an scéil. Mar a luaigh mé leis na leaids agus mé ag magadh níos luaithe taobh amuigh den chruinniú seo, táim ag ceapadh go bhfuilimid chun caipín na healaíne a chur orainn féin, mar tá sé i bhfad níos éasca agus i bhfad níos tairbheach bheith ag plé leis na healaíona seachas le cúrsaí Gaeilge. Cuirimid isteach iarratas chuile bliain ar eTenders - bíonn 20 nó 30 leathanach i gceist - ag lorg pinginí suaracha. Ansin deirtear linn nach bhfuil siad cinnte faoi seo nó faoi siúd. Tuigim cúrsaí buiséid, tuigim cúrsaí maoiniú agus tuigim an dúshlán atá ag Foras na Gaeilge. Ach mar a luaigh an Dr. Mac Ionnrachtaigh níos luaithe, tá muid thar a bheith buartha ní hamháin faoi dháiríreacht an Stát, ach freisin faoi dháiríreacht rannóga Stáit agus maorlathas an Stáit, i leith na Gaeilge. Chuala mé ráfla go bhfuil an-seans ann go mbeidh stádas líonra Gaeilge ag grúpa pobal eile amuigh ansin - grúpa nua a bunaíodh deich mbliana ó shin, b'fhéidir - taobh istigh de dhá bhliain. Is gá stop a chur le rudaí agus dul ar ais.

Tá mé buíoch don deis teacht anseo inniu ach caithfear rudaí áirithe a mhíniú do na daoine i bhForas na Gaeilge. B'fhéidir nach rabhadar ann ag am nuair a bhíomar ag déileáil leis an tubaiste. Is cuimhin liom bheith ag suí i gCearnóg Mhuirfean leis an Teachta Ó Cuív, le Dónal Ó hAiniféin agus le hÉamon Ó hArgáin in 2010, nó b'fhéidir 2008, agus ag caint mar gheall ar Acht na Gaeltachta a bheith ag teacht suas. Nuair a tháinig an tAcht amach, bhíomar ar fad ag ceistiú an é sin an rud a bhíomar tar éis bheith ag caint faoi mar bhí sé thar a bheith scaoilte.

Thar na blianta, d'éirigh liom labhairt i slí thar a bheith PC faoi chúrsaí pobail agus cúsaí maoiniú. Is í an buncheist atá againn ná seo: an bhfuil an Stát dáríre? Tá mise den tuairim go bhfuil léarscáil ar an mballa in oifig éigin agus tá pionnaí á gcur isteach ann - ceann ansin agus ceann anseo - rud atá maslach dúinne. Úsáidim an focal "maslach" mar go bhfuilimid dáiríre faoi. Cheannaigh an pobal Orchard House. Níor bhronn an Stát Orchard House ar phobal Chluain Dolcáin. Chuadar amach agus bhailíodar airgid nuair nach raibh airgid ar fáil ag deireadh na 1980idí nuair a bhí chuile duine ag dul ar báid. Chuir muid an tÁras ann. Chuir muid na scoileanna ann. Tá Gaelscoil na Camóige ar shuíomh an árais. Táimid ag coinneáil an cíos ag €2,000, ráta atá ag déanamh dochar d'fhorbairt Mhuintir Chrónáin agus Áras Chrónáin. Tuigimid má ardaíonn muid an cíos ar an scoil go mbeidh brú ar na tuismitheoirí. Níl an rud comh hard sin. Is cuimhin liom nuair a dúirt an Roinn le hÉamon gur cheart dó bheith ag plé leis an mbeart Gaeilge: "fair play, maith an fear, away leat".

Má tá an Stát dáríre faoi, táimid lán-sásta é a thabhairt thar an líne, gan teip. Tá Corn Sam Mhic Uidhir buaite ag gach éinne anseo ó thaobh earnáil na Gaeilge de fadó. Táimid ann mar go creidimid ann, mar phobal, agus beimid ann. Má theipeann ar Fhoras na Gaeilge maidin amárach, beimid fós ann. Beidh dúshláin romhainn, beidh deacrachtaí againn ach beimid fós ann. Má táthar dáiríre faoin gceist seo, tá sé nuts go bhfuilimid ag suí anseo inniu gan Aire na Gaeilge linn. Iarraim ar an gcoiste seo labhairt leis an Aire agus leis an Rialtas agus iarraidh orthu meas a léiriú orainn, ár gceisteanna a fhreagairt agus plean a thabhairt dúinn a thaispeánann go bhfuil siad dáiríre faoin nGaeilge a chaomhnú. Is féidir na smokescreens agus na stats go léir a chaitheamh amach- is féidir liomsa é sin a dhéanamh maidin amárach - ach nuair a bhreathnaímid síos ar an talamh is léir nach bhfuil an tacaíocht cuí ar fáil agus sin bun agus barr an scéil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé deis a thabhairt do Aindrias Moynihan nó beidh sé ag gearán liom.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Pointe amháin deiridh. Bhí píosa eile ag baint le seo ar fad agus cuireadh ar lár é. Is fadhb do chuile Aire í go bhfeidhmíonn na Ranna Rialtais ar nós nach bhfuil aon bhaint acu lena chéile. Tuigeann chuile duine atá sa Rialtas é sin. Is minic mar Aire go mbíodh orm dhá nó trí Roinn a thabhairt isteach agus bhíos i gcónaí ag iarraidh orthu an dtuigeadar nach bhfuil ann ach Rialtas amháin sa tír? B'fhéidir go bhfuil 15 Ranna Stáit ann, ach níl ach Rialtas amháin againn. Mura bhfuil said sásta tacú le chéile, níor chóir go mbeadh páirteach sa Rialtas.

An struchtúr a bhí le bheith ann le teacht timpeall ar an bhfadhb sin - mar shampla, tá Roinn na Gaeltachta, an Roinn oideachas agus an Roinn Airgeadais againn - ná coiste Rialtais a bheith ann. Bhí an Taoiseach le bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste straitéise, ní ar mhaithe le hornáidíocht ná ar mhaithe le onóir a thabhairt don Taoiseach, ach mar gheall gurb é an Taoiseach an t-aon duine atá in ann na cloigne a bhualadh le chéile agus a rá, "déanaigí é sin; stopaigí ag argóint eadraibh féin." Chonaic mé é sin ag tarlúint. Sin an fáth go raibh sé sin istigh sa straitéis, ach caitheadh é i dtraipisí. Tá an fhoirmle ann, dar liomsa, ach níor cuireadh i bhfeidhm é. Bhí leath-iarracht ann é a chur i bhfeidhm, ar nós go leor rudaí eile a bhaineann leis an nGaeilge. Mar a dúirt Brian Ó Gáibhín, b'fhearr leis bheith ag plé leis na healaíne ná bheith ag plé leis an Ghaeilge. Rud eile a bhí ceaptha a bheith ann ná Aire sinsearach. Is ag an Aire sinsearach a bhfuil céad ghlaoch ar airgid na Roinne.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé an comhrá i dtreo eile ar fad, b'fhéidir. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair. Bhí deis agam roinnt acu a chloisteáil níos luaithe agus is léir go bhfuil an-chuid bainte amach sna pobail éagsúla. Tá sé deacair fiú é a thomhais - tá sé ollmhór mar luach. Tá scata Corn Sam Mhic Uidhir tuilte acu, agus b'fhéidir Corn Liam Mhic Cárthaigh nó dhó anuas air sin. Tá stádas níos airde i gcónaí ag Liam i gCorcaigh.

Teastaíonn uaim díriú isteach ar dhá ábhar faoi leith. Ní mhaireann na pobail Ghaeltachta go neamhspléach. Tá siad ag braith go mór ar na pobail lasmuigh, na bailte seirbhíse agus na hoifigigh pleanála Gaelainne le bheith ag freastal orthu. Táim ag iarraidh smaoineamh faoi conas rudaí a bhrú ar aghaidh ó thaobh na bailte seirbhíse, agus conas freastal orthu sin. Mar a d'iarr duine éigin níos luaithe, cén ceacht atá ann i gcomhair pobal Mhúscraí? Cad iad na moltaí atá ag na finnéithe i gcomhair pobal Mhúscraí agus na Gaeltachtaí eile? Conas gur féidir linn rudaí a bhrú ar aghaidh sna bailte seirbhíse agus rudaí a thabhairt chun cinn iontu? An bhfuil tuairimí ag na finnéithe faoi conas na pobail sin a chothú agus píosa den rud atá déanta acu a dhéanamh sna bailte seirbhíse? An bhfuil moltaí faoi leith acu faoi conas na bailte seirbhíse a thabhairt chun cinn? An dtagann na hoifigigh pleanála teanga chuig na finnéithe chun foghlaim uathu, nó an bhfuil teagmháil ag na finnéithe leis na bailte seirbhíse? Sin an chéad ábhar - baineann an ceann eile le scoileanna - agua iarraim ar na finnéithe a dtuairimí a roinnt air sin ar dtús.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard é an dara cheist?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an dara cheist le scoileanna. Lasmuigh den Ghaeltacht, tá na heagraíochtaí san earnáil ag braith ar Ghaelscoileanna agus ar aonaid. An bhfuil dearcadh faoi leith ag pobal na Gaelainne faoi sheasamh na haonaid? An bhfuil idirdhealú i measc pobal na Gaelainne idir na Gaelscoileanna agus na haonaid? Má tá tuairimí ag na finnéithe faoin méid sin, bheadh suim agam iad a chloisteáil.

Mr. Se?n ? Laoi:

Is dócha gur ceart dom "An Tuairín Dubh", ceoldráma a bhaineann le Béal Átha an Ghaorthaidh, a lua. Is rud iontach é sin, ach b'fhéidir nach bhfuil sé feicthe ag daoine áirithe. Tá sé ar YouTube. D'éirigh go hiontach le Seán Óg Ó Duinnín agus a chairde é sina chur ar stáitse. Líonadh an halla i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Ní amháin sin ach thugadar é go dtí Corcaigh. Ní cuimhin liomsa go ndearnadh sin i gCorcaigh riamh. Bhí sé go hiontach.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé thar barr.

Mr. Se?n ? Laoi:

B'fhéidir gur sampla é sin do dhaoine. Tuigim go raibh féile drámaíochta ar an bhFeothanach ag an deireadh seachtaine agus bhí dráma as Corcaigh ann ó Cois Laoi productions, nó aisteoirí Chorcaí. Measaim go raibh an pobal ar fad i mBéal Átha an Ghaorthaidh sáite sa cheoldráma "An Tuairín Dubh". Tá ceangal an-láidir idir Béal Átha an Ghaorthaidh, Corcaigh agus Maigh Chromtha, srl. Ní hamháin go mbeadh duine ag cuimhneamh ar Chúil Aodha i gcomhthéacs cúrsaí drámaíochta - is sampla eile é sin de réigiún atá rathúil ó thaobh drámaíocht de. Tá sé i gceist acu ceoldráma eile, "Gobnait", a chur ar stáitse.

B'fhéidir gur ceart an cheoldrámaíocht a lua le daoine eile. Tuigim go mbíonn a leithéid ar siúl sna Gaelcholáistí. De ghnáth, bíonn rudaí i mBéarla saghas aistrithe, go bhfios dom. Go bunúsach, is rud amháin é sin. Measaim gur ceart aitheantas a thabhairt don iarracht sin.

Maidir le scoileanna, agus mé ag obair in ionad na Gaeilge labhartha san ollscoil i gCorcaigh tá ceangal agam le roinn na Gaelainne san ollscoil. Tá a fhios agam go mb'fhéidir go bhfuil maoiniú nó airgead ar fáil. Tá a fhios agam go raibh dea-scéal ann do cheantar an Teachta Thomas Gould le déanaí. Tá an togra Barr na gCnoc ann. Tá Gaelcholáiste Mhic Shuibhne ann. Ní hamháin go bhfuil an Mhainistir Thuaidh ann ach tá Gaelcholáiste eile anois ar an taobh ó thuaidh den chathair. Is rud iontach é sin. Tá a lán Gaelcholáistí i gCorcaigh, ina measc Coláiste Daibhéid, Coláiste an Phiarsaigh agus Coláiste Choilm. Go bunúsach, is saghas sampla é sin. Tá dea-scéal ann, go bhfios dom, do Charraig Uí Leighin chomh maith. Tá campas an-mhór acu i gCarraig Uí Leidhin, atá ar imeall na cathrach anois.

Measaim gur na samplaí sin a lua leis na daoine atá anseo. B'fhéidir gur ceart dóibh labhairt le daoine i gCarraig Uí Leighin agus i gCorcaigh; le COGG agus le muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh, áit ina bhfuil Seán Óg Ó Duinnín ina phríomhoide; agus b'fhéidir le lucht Barr na gCnoc le fiafraí conas a tharla a leithéid. Measaim gur dea-scéal é sin. Bímis dóchasach, pé rud faoi Chorn Liam Mhic Cárthaigh ag teacht go Corcaigh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Seán Ó Laoi. Cloisfimid ó Chiarán Mac Giolla Bhéin

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Labhróidh mé go gasta ar an gceist maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta a luaigh an Teachta Moynihan. Dar ndóigh, tá saineolas nach beag ag na hoifigigh, ina measc léithéidí Barbara Ní Chathail atá ag plé leis na bailte seirbhíse. Is fiú a rá go rabhamar le chéile faoi choimirce Údarás na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo caite. Tháinig idir oifigigh líonra ó na limistéir phleanála sa Ghaeltacht agus na bailte seirbhíse Gaeltachta le chéile. Le b'fhéidir bliain anuas, tá obair ollmhór déanta againn i gCiarraí.

Luaigh mé seo ní ba luaithe ach bhíomar ag iarraidh meitheal náisiúnta pleanála teanga a bhunú a ghlacann na sciaranna éagsúla den phleanáil teanga, bíodh sin san iarGhaeltacht in oirthear na tíre, go dtí na Gaeltachtaí agus na bailte seirbhíse. Bhíomar ag iarraidh rud éigin a aithníonn go bhfuil difríochtaí agus éagsúlacht ann maidir leis na dushláin atá os ár gcomhair. Más rud é go bhfuiltear i gCorca Dhuibhne nó in iarthar Bhéal Feirste, is cinnte go bhfuil difríochtaí ann. Ach tá fís chomónta againn dár bpobal agus don teanga agus is é sin an ghrian a bhfuilimid i nGaeilge ag dul thart uirthi, an fhís chomónta seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbíonn teagmháil eadraibh?

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Bíonn. Táimid uilig ag nascadh isteach le chéile go rialta agus ag malartú eolais agus eile. Tá súil againn fríd an mheitheal náisiúnta pleanála teanga go mbeidh cineál grúpa ionadaíochta. Tá ionadaithe ann ón limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht, ó na líonraí, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus go deimhin ón scéim forbartha líonraí Gaeilge chomh maith. Táimid ag iarraidh grúpa ionadaíochta ionas gur féidir linn abhcóideacht a dhéanamh ar bhonn náisiúnta ar na pobail áitiúla atá ag obair ar son na Gaeilge.

Nuair a bhí mé i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo caite, bhí mise ag stopadh sa Daingean, áit a bhfuil ina bhaile seirbhíse Gaeltachta. Bhain sé siar mé cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge, nó "an Ghaelainn" mar a deir siad féin, sa cheantar sin. Bhí go leor siopaí, tithe tabhairne agus go leor rudaí eile agus bhí an Ghaeilge iontach láidir. Is dócha gur toradh é ar an obair ollmhór atá déanta ag Dúchas an Daingin, Tobar Dhuibhne agus eile sa cheantar sin.

Mr. Joe ? Dochartaigh:

Sílim go raibh Ciarán Mac Giolla Bhéin ábalta na nótaí s'agam a fheiceáil.

Mr. Ciar?n Mac Giolla Bh?in:

Is Joe Ó Dochartaigh a dhéanfaidh scéim do na tithe tabhairne, dála an scéil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ansin? Tá cúpla nóiméad fágtha againn.

Mr. Brian ? G?ibh?n:

Ba mhaith liom cur leis an méid a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin. Is iad na grúpaí iad féin a mhol agus a bhunaigh an mheitheal náisiúnta seo. Ní hé an Rialtas nó Foras na Gaeilge a rinne é. Is iad na grúpaí féin a rinne é mar go bhfuil siad chomh dáiríre faoi agus go bhfeiceann siad gur fiú dúinn labhairt le chéile.

Rud atá foghlamtha againn le linn an phróisis seo ar fad ná an tábhacht a bhaineann le comhoibriú. Ní bheadh muid in ann leanúint ar aghaidh gan an comhoibriú. Dá mbeadh muid ag brath ar acmhainní Stáit agus a leithéid le tacú linn, ní bheadh muid ag oscailt an dorais roinnt mhaith den am mar go mbeadh muid dímhaoin. Ach de réir na tacaíochta agus gach rud atá ar fáil againn dá chéile, táimid sásta treabhadh ar aghaidh toisc go bhfeicimid fiúntacht sa tacaíocht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agaibh ar fad. Tá Niall Ó Catháin ag iarraidh teacht isteach. Éilíodh orm ceist a chur air ní ba luaithe ach níltear ag iarraidh go gcuirtear an cheist anois so ní chuirfidh mé é. Cloisfimid uaidh anois.

Mr. Niall ? Cath?in:

Maidir le scoileanna agus aonaid - táim ag caint faoin taithí ó Thuaidh, i ndáiríre , sílm go bhfuil sé dodhéanta soláthar dara leibhéal a thabhairt do dhaltaí trí mheán na Gaeilge in aonaid atá taobh istigh de timpeallacht iomlán Béarla. B'fhéidir go bhfuil sruth ann nó aonad ach tá sé dodhéanta i ndáiríre. Níl sé cothrom ar an pháiste ach an oiread. Bíonn an chuid is mó de na páistí gan Ghaeilge sa bhaile. Táthar ag iarraidh oideachais a sholáthar trí mheán na Gaeilge do na daltaí seo, nach labhraíonn Gaeilge lasmuigh den scoil. Sna haonaid, is minic nach labhraíonn siad mórán Gaeilge taobh istigh den scoil. Níl réimse foclaíochta nó an líofacht acu leis an oideachas ceart a fháil trí mheán na Gaeilge. Is é sin an fáth nach ndéanann an chuid is mó de na haonaid ó Thuaidh ach cúpla ábhar trí Ghaeilge go dtí an tríú bliain ar ollscoil. Sílim go bhfuil an ceart acu. Déanann siad na hábhair acadúla agus na scrúduithe uilig trí mheán an Bhéarla mar níl siad ábalta iad a dhéanamh trí Ghaeilge, de bharr nach bhfuil Gaeilge ag achan dhuine sa bhaile le tacú le hobair na haonaid. An fhadhb atá ann anois ó Thuaidh leis na haonaid uilig ná go bhfuil bac ann toisc go bhfuil aonad ag an dara leibhéal sa mhórcheantar. Amharcann an Roinn Oideachais air agus measann sí go bhfuil sé sórtáilte sa cheantar sin so ní ghlacann sí le moladh forbartha le scoil fhéinseasta teacht chun cinn. Is í sin an fhadhb. Cruthaíonn siad constaic nó bac do na scoileanna féinseasta. Sin an rud a tharlaíonn ó Thuaidh. Níl a fhios agam más amhlaidh é ó Dheas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an deireadh ráite. Níl fiú deis agam na ceisteanna agus na freagraí ar fad a thabhairt do na finnéithe.

An fáth gur tharraing muid na finnéithe anseo inniu ná chun aitheantas a thabhairt daoibh ar fad. Tá a fhios againne atá báúil don Ghaeilge, mar dhíograiseoirí Gaeilge nó mar ghníomhaí ó thaobh na Gaeilge de an obair ar fad atá á dhéanamh agaibh. Fáth eile ná chun deis a thabhairt do na finnéithe labhairt leis an bpobal anseo agus i gcoitinne, ach aitheantas atá i gceist againn ach go háirithe. Is í seo an dara Dáil ina bhfuil sainchoiste don Ghaeilge ag feidhmiú. Tá an coiste seo ag déanamh iarracht camchuairt a dhéanamh mar chuid de. Táimid tar éis freastal ar a lán ceantair Gaeltachta go dtí seo. Ach chomh maith leis sin, táimid ag iarraidh cé chomh hilghníomhach is atá daoine ó thaobh na Gaeilge de a léiriú. Ní hé seo an deireadh. Is é seo an tús agus beidh muid i dteangmháil leis na finnéithe ar fad. Má smaoiníonn na finnéithe ar aon rud maidir leis an gceist seo, is féidir leo nóta breise a chur.

An tseachtain seo chugainn táimid ag bualadh leo siúd atá ag déanamh an phleanáil teanga laistigh den Ghaeltacht chomh maith céanna. Tá sé i gceist againn ár dtuairimí agus tuairimí na bhfinnéithe a roinnt leis na hAirí, an Rialtas agus an Dáil amach anseo. Tá sé i gceist againn go mbeidh tuairisc ag teacht tar éis na hoibre seo. Mar tá a lán tuairiscí scríofa agus roinnte againn leis an Rialtas ar feadh tamall. Tá a lán moltaí déanta. Caithfimid tosú a dhéanamh ticeáil ar na boscaí ar fad le féachaint cad iad na cinn atá comhlíonta. Glacaim féin leis go bhfuil fíorbheagán acu comhlíonta ag an stad seo. Tá píosa ama againn sula gcuirfimid deireadh leis an gcuid seo. Beidh cruinniú againn an tseachtain seo chugainn.

Tógfaidh mise an deis seo mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe ar fad as a smaointe, a dtuairimí agus an obair ar fad atá á déanamh acu agus tá súil againn go leanfaidís léi. Tá buíochas ag dul do Mhicheál Ó Mainín, Joe Ó Dochartaigh, Niall Ó Catháin, Aoife Ní Chaiside, Siobhain Grogan, Sarah Walsh, Aoife de Faoite, Brian Ó Gáibhín, Seán Ó Laoi, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Feargal Mac Ionnrachtaigh, Sorcha Ní Chathmhaoil, Tomás de Buitléir, Dónal Ó hAiniféin agus Domhnall Ó Loinsigh.

Go raibh míle maith agaibh.

Beidh an chéad cruinniú eile againn an tseachtain seo chugainn i seisiún poiblí ar 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine i seomra coiste a 4, nuair a phléfear an t-ábhar pleanáil teanga lastigh den Ghaeltacht leis na hoifigigh pleanála teanga ó Dhún na nGall theas, iarthar chathair na Gaillimhe, an tEachréidh, Oileán Chléire, Dúiche Sheoigheach, Tuar Mhic Éadaigh, na Déise, Ráth Chairn, Baile Ghib agus Ciarraí theas. Beidh seisiún fada eile againn an tseachtain seo chugainn. Leis sin ar fad ráite, tá an cruinniú seo ar athló go dtí 1.30 p.m., an Céadaoin seo chugainn, an 8 Bealtaine.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.31 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine 2024.