Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht os comhair an choiste. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht leo. Mo leithscéal - bhí mé ag cruinniú eile agus mar gheall air sin ní raibh mé in ann éisteacht leis an méid a bhí le rá acu níos luaithe sular tháinig mé isteach. Tuigim an obair fíorthábhachtach atá ar bun acu. Mar dhuine nár tógadh le Gaeilge agus a d'fhoghlaim a cuid Gaeilge ar scoil, tuigim an tábhacht a bhaineann le deiseanna a bheith ag duine taobh amuigh den chóras oideachais ionas nach ndéantar dearmad ar an nGaeilge tar éis na meánscoile. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé sin agus ar ndóigh na ciorcail comhrá a bhíonn á heagrú. Tá m'athair i dtrí ciorcail comhrá, sílim, agus ceann acu is Micheál Ó Mainín a d'eagraigh é. Tá sé mar bhall den cheann i mBeirlín freisin agus bhí siad an-gnóthach ansin le tamall anuas ar ndóigh. Tuigim an pobal a chruthaítear mar gheall ar leithéidí na gciorcal comhrá agus an obair eile atá á dhéanamh. Bíonn deis ag daoine casadh le daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus ansin bíonn sé níos éasca níos mó Gaeilge a labhairt taobh amuigh de na ciorcail sin freisin.

Ar an gcéad dul síos, cloisim an méid atá á rá ag na finnéithe maidir le maoiniú agus maidir leis an dtacaíocht fhadtéarmach sin. Is rud é sin a mbímid ag déileáil leis go minic. Muna bhfuil fís fhadtéarmach ann agus an t-airgead taobh thiar de sin, tá sé an-deacair plean fadtéarmach a bheith ann freisin. Cloisim na finnéithe ag ceistiú an bhfuil an Stát taobh thiar dó sin. Ní féidir liom féin nó mo chuid comhghleacaithe ó Shinn Féin atá anseo an cheist sin a fhreagairt ach tá tacaíocht acu uainn ar aon chaoi.

Bím ag plé le cúrsaí breisoideachais anseo sa Dáil agus mar gheall air sin tá ceist agam ina thaobh sin. Is minic a mbím ag iarraidh pleanáil a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh faoi céard gur chóir agus gur fiú a bheith ann i gcúrsaí breisoideachais. Mar gheall air sin, bím ag plé freisin leis na boird oideachais agus oiliúna. Cén chineál ról ar chóir a mbeadh acu siúd le cabhrú leis an nGaeilge taobh amuigh den chóras oideachais? B'fhéidir gur ceist é sin do Micheál Ó Mainín nó d'éinne eile atá ag iarraidh í a fhreagairt.

Tá ceist amháin eile agam freisin. Éisteoidh mé le freagraí na bhfinnéithe ach ansin beidh orm imeacht mar gheall ar chruinnithe eile atá agam. Is minic a chloisimid faoi dheacrachtaí a bhaineann le naíscoileanna agus naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Céard é tuairim na bhfinnéithe faoi sin? Cen cineál fís atá acu, céard iad na rudaí gur chóir a dhéanamh i mbealach eile agus an bhfuil aon rud eile gur mhaith leo a rá linn? Be my guest, mar a deirtear. Tosóimid le Micheál Ó Mainín agus ansin beidh fáilte roimh aon duine eile gur mhian leo teacht isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.