Written answers

Tuesday, 4 November 2025

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

850. To ask the Minister for Education and Skills cén tacaíocht ar leith atá ar fáil do mheánscoileanna atá ag feidhmiú ar na hoileáin amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [59579/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuireann mo roinn réimse tacaíochtaí ar fáil d’iar-bhunscoileanna ar oileáin, mar aitheantas ar an suíomh agus an comhthéacs ar leith atá acu.

Tá maoiniú imfhálaithe breise de €15,000 in aghaidh na bliana á chur ar fáil ag mo roinn do gach ceann de na cúig iar-bhunscoil ar oileáin ó mhí Mheán Fómhair 2018.

Sa bhreis ar an leithdháileadh múinteoirí bunaithe rollúchán na scoile, faigheann iar-bhunscoileanna ar oileáin na leithdháiltí breise seo a leanas de phoist mhúinteoireachta:

  • leithdháileadh scoile oileáin - 1.5 coibhéis lánaimseartha
  • leithdháileadh dobharcheantar aonair - 0.5 coibhéis lánaimseartha
  • leithdháileadh do scoileanna lán-Ghaeilge - 1.0 coibhéis lánaimseartha.
Tá na cúig iar-bhunscoil ar oileáin páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus tá tacaíochtaí breise á bhfáil acu faoin scéim seo ó 2018 ar aghaidh chomh maith. Ina measc seo tá:
  • leithdháileadh uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge bunaithe ar rollúchán na scoile
  • deontas bliantúil €1,200 chun acmhainní teagaisc agus foghlama Gaeilge a cheannach
  • eispéiris foghlama ghairmiúla agus tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus ó Oide
  • tacaíocht ó Chigireacht na roinne
  • treoir do scoileanna agus roinnt an dea-chleachtais.
Tá ceithre cinn de na h-iar-bhunscoileanna ar oileáin ag glacadh páirte sa tionscadal ríomh-mhol, a chuireann rogha níos leithne ábhair ar fáil don Ardteistiméireacht trí mheán na Gaeilge trí fhoghlaim chumaisc. Tá acmhainní breise curtha ar fáil do na scoileanna atá rannpháirteach sa tionscadal, lena n-áirítear deontas aonuaire €5,000 do gach scoil chun trealamh teicneolaíochta a cheannach agus leithdháileadh breise uaireanta teagaisc chun ríomh-mheantóir a chur ar fáil chun tacú le scoláirí atá rannpháirteach sa tionscadal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.