Written answers
Tuesday, 4 November 2025
Department of Transport, Tourism and Sport
Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
406. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén fáth a gcuirtear moill ar iarrthóirí ar an tástáil do cheadúnais tiomána má lorgaíonn siad cigirí a bhfuil Gaeilge acu, agus cé na céimeanna atá glactha, nó á nglacadh, aige, chun a chinntiú nach mbeidh aon iarrthóir ar thastáil faoi mhíbhuntáiste toisc gur dhein sé nó sí a iarratas nó a hiarratas as Gaeilge nó gur lorg sé nó sí go stiúrfaí a thástáil nó a tástáil as Gaeilge [59549/25]
Seán Canney (Galway East, Independent)
Link to this: Individually | In context
Faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, tá freagracht reachtúil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) don Seirbhís Náisiúnta Um Thástáil Tiomána
Níl baint agam féin ná ag mo chuid oifigigh leis an tseirbhís ag leibhéal oibríochtúil.
De bharr fhreagracht an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) sa chás seo, tá ceist an Teachta curtha faoi bhráid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre le haghaidh freagra díreach. Déan teagmháil le m'oifig le do thoil mura bhfaightear freagra laistigh de dheich lá.
Go dtí go bhfaighfear an freagra seo, tuigim go bhfuil 5 thástálaí ann faoi láthair a bhfuil na scileanna riachtanacha acu chun an tástáil tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbogann na tástálaithe seo idir ionaid éagsúla chun freastal ar iarratais.
No comments